European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/1231

20.6.2025

CINNEADH Uimh. 1/2025 ÓN gCOISTE SPEISIALAITHE UM IASCACH ARNA BHUNÚ LE hAIRTEAGAL 8(1)(Q) DEN CHOMHAONTÚ TRÁDÁLA AGUS COMHAIR IDIR AN tAONTAS EORPACH AGUS AN COMHPHOBAL EORPACH DO FHUINNEAMH ADAMHACH, DE PHÁIRT, AGUS RÍOCHT AONTAITHE NA BREATAINE MÓIRE AGUS THUAISCEART ÉIREANN, DEN PHÁIRT EILE

an 19 Meitheamh 2025

a mhéid a bhaineann leis na socruithe maidir leis an leibhéal agus na coinníollacha rochtana arna ndeonú ag gach Páirtí do shoithí an Pháirtí eile chun iascaireacht a dhéanamh ina uiscí ón 1 Iúil 2026 go dtí an 30 Meitheamh 2038 [2025/1231]

TÁ AN COISTE SPEISIALAITHE UM IASCACH,

Ag féachaint don Chomhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile (‘an Comhaontú’), agus go háirithe Airteagal 508(2)(d) de agus don chinneadh ón gComhairle Comhpháirtíochta dar dáta 18 Meitheamh 2025 lena léirítear an tAirteagal sin,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Maidir leis an tréimhse choigeartúcháin dá bhforáiltear in Iarscríbhinn 38 a ghabhann leis an gComhaontú, ar lena linn a thugann gach Páirtí rochtain iomlán ar a uiscí do shoithí an Pháirtí eile chun iascaireacht a dhéanamh, tiocfaidh deireadh léi an 30 Meitheamh 2026.

(2)

I gcomhréir le hAirteagal 500(1) den Chomhaontú, a mbeidh feidhm aige tar éis an 30 Meitheamh 2026, tá gach Páirtí le rochtain a thabhairt do shoithí an Pháirtí eile ar iascaireacht ina uiscí sna folimistéir ábhartha ICES le haghaidh na bliana ábhartha ar leibhéal agus ar choinníollacha arna gcinneadh sna comhairliúcháin bhliantúla, ar choinníoll gur comhaontaíodh TACanna.

(3)

Comhaontaíonn na Páirtithe socruithe a leagan amach maidir leis an leibhéal agus na coinníollacha rochtana ón 1 Iúil 2026 go dtí an 30 Meitheamh 2038, atá le meas mar an leibhéal agus na coinníollacha rochtana arna gcinneadh chun críocha Airteagal 500(1), (4) agus (5) den Chomhaontú chun rochtain ilbhliantúil a sholáthar ar uiscí a chéile chun iascaireacht a dhéanamh le linn na tréimhse sin, lena n-áirítear i gcás TACanna sealadacha arna socrú de bhun Airteagal 499 den Chomhaontú.

(4)

Ní dhéanann an Cinneadh seo difear do scaireanna na bPáirtithe faoi seach a leagtar amach in Iarscríbhinní 35 agus 36 le haghaidh 2026 ar aghaidh ná d’fhorálacha Iarscríbhinn 37 a ghabhann leis an gComhaontú.

(5)

I gComhthuiscint an 19 Bealtaine 2025, thug an Coimisiún Eorpach agus an Ríocht Aontaithe dá n-aire an comhaontú polaitiúil as a n-eascraíonn rochtain chómhalartach iomlán ar uiscí iascaireachta go dtí an 30 Meitheamh 2038,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leagtar amach sa Chinneadh seo na socruithe maidir leis an leibhéal agus na coinníollacha rochtana a dheonaíonn gach Páirtí do shoithí an Pháirtí eile chun iascaireacht a dhéanamh ina uiscí, ar socruithe iad atá le meas mar an leibhéal agus na coinníollacha rochtana arna gcinneadh chun críocha Airteagal 500(1), (4) agus (5) den Chomhaontú. Ar mhaithe le cinnteacht níos fearr, ní dhéanann an Cinneadh seo difear d’Airteagal 500(2) den Chomhaontú.

Airteagal 2

1.   Ar choinníoll gur comhaontaíodh TACanna, deonóidh gach Páirtí an méid seo a leanas do shoithí an Pháirtí eile:

(a)

rochtain iomlán ar na stoic éisc a liostaítear in Iarscríbhinn 35 agus i dtáblaí A, B agus F d’Iarscríbhinn 36 a ghabhann leis an gComhaontú in EEZ a chéile agus in uiscí na bPáirtithe idir 6 agus 12 mhuirmhíle ó na bonnlínte i ranna ICES 4c agus 7d-g ar leibhéal atá ar comhréir go réasúnta le scaireanna na bPáirtithe faoi seach de na TACanna;

(b)

rochtain iomlán ar na stoic neamhchuóta in EEZ a chéile agus in uiscí na bPáirtithe idir 6 agus 12 mhuirmhíle ó na bonnlínte i ranna ICES 4c agus 7d-g ar leibhéal arb ionann é ar a laghad agus an meántonnáiste a rinne an Páirtí sin a iascach in uiscí an Pháirtí eile le linn na tréimhse 2012-2016.

Chun críocha phointí (a) agus (b), tá feidhm ag rochtain iomlán ar éisc idir 6 agus 12 mhuirmhíle ó na bonnlínte i ranna ICES 4c agus 7d-g maidir le soithí cáilitheacha a mhéid a bhí rochtain ag soithí cáilitheacha gach Páirtí ar na huiscí sin an 31 Nollaig 2020. Beidh an bhrí chéanna le ‘soitheach cáilitheach’ agus atá le ‘soitheach cáilitheach’ in Airteagal 500(4) arna sainmhíniú chun críocha Airteagal 500(4)(c).

2.   Deonófar an rochtain a leagtar amach i bpointe (a) de mhír 1 freisin i gcás ina mbeidh stoc a liostaítear in Iarscríbhinn 35 nó i dtáblaí A agus B d’Iarscríbhinn 36 gan TAC comhaontaithe go fóill an 20 Nollaig in aon bhliain ar leith agus i gcás ina mbeidh TAC sealadach socraithe ag gach Páirtí de bhun Airteagal 499 den Chomhaontú. Beidh feidhm ag an méid sin, mutatis mutandis, maidir leis an rochtain a leagtar amach i bpointe (b) de mhír 1 ar stoic neamhchuóta.

3.   Ní áireofar gealltanais airgeadais ná aistrithe cuótaí idir na Páirtithe sna socruithe a leagtar amach i míreanna 1 agus 2.

Airteagal 3

Féadfaidh na Páirtithe, ar chúiseanna trédhearcachta, na socruithe a leagtar amach in Airteagal 2 a ionchorprú i dTaifid Scríofa na gcomhairliúchán bliantúil iascaigh dá dtagraítear in Airteagal 498(6) den Chomhaontú.

Airteagal 4

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Beidh feidhm aige ón 1 Iúil 2026. Scoirfidh sé d’fheidhm a bheith aige an 30 Meitheamh 2038 mura nglacfaidh an Coiste Speisialaithe um Iascach cinneadh síneadh a chur leis.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil agus i Londain, an 19 Meitheamh 2025.

Thar ceann an Choiste Speisialaithe um Iascach

Na Comhchathaoirligh

Eva María CARBALLEIRA FERNANDEZ

Mike DOWELL


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/1231/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)