|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/1227 |
20.6.2025 |
RIALACHÁN (AE) 2025/1227 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 17 Meitheamh 2025
maidir le modhnú a dhéanamh ar na dleachtanna custaim is infheidhme i dtaca le hallmhairí earraí áirithe de thionscnamh Chónaidhm na Rúise nó Phoblacht na Bealarúise nó a onnmhairítear uathu
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(2) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Bhí allmhairí an Aontais de leasacháin úiré-bhunaithe agus nítrigine-bhunaithe ó Chónaidhm na Rúise in 2023 suntasach, ag 3,6 milliún tona, agus tháinig méadú suntasach orthu in 2024 i gcomparáid le 2023. Tá leibhéal allmhairí earraí talmhaíochta an Aontais ó Chónaidhm na Rúise a chumhdaítear leis an Rialachán seo (‘na hearraí talmhaíochta lena mbaineann’) réasúnta íseal i gcás fhormhór na n-earraí sin, ach d’fhéadfadh méadú suntasach teacht air dá leanfadh na dálaí trádála reatha ar aghaidh. |
|
(2) |
Le hallmhairí an Aontais de leasacháin a chumhdaítear leis an Rialachán seo (‘na leasacháin lena mbaineann’), léirítear staid spleáchais eacnamaíoch ar Chónaidhm na Rúise faoi láthair. Thairis sin, d’fhéadfadh allmhairiú na n-earraí talmhaíochta lena mbaineann spleáchas eacnamaíoch comhchosúil agus breise a chruthú ar Chónaidhm na Rúise, ar cheart é a chosc agus a laghdú sna himthosca reatha chun margadh an Aontais a chosaint agus chun slándáil bia an Aontais a chosaint. |
|
(3) |
Is é atá i gcomhdhleachtanna custaim erga onmnes an Aontais taraifí an náisiúin barrfhabhair a chuirtear i bhfeidhm faoi láthair maidir le hallmhairiú na n-earraí talmhaíochta lena mbaineann agus na leasachán lena mbaineann (‘na hearraí lena mbaineann’). Tá éagsúlacht mhór idir na taraifí sin faoi láthair. Ag brath ar na hearraí lena mbaineann, socraítear taraifí áirithe ag nialas nó socraítear iad ag leibhéal an-íseal, agus tá taraifí eile chomh hard sin nach ndéantar aon trádáil. |
|
(4) |
Dá leanfaí de na hearraí lena mbaineann a allmhairiú ó Chónaidhm na Rúise faoi na coinníollacha reatha, d’fhéadfadh an tAontas a bheith i mbaol gníomhaíochtaí comhéigneacha ó Chónaidhm na Rúise. Go háirithe, d’fhéadfadh méadú féideartha ar allmhairiú na n-earraí lena mbaineann ó Chónaidhm na Rúise cur isteach ar mhargadh an Aontais agus tionchar diúltach a imirt ar tháirgeoirí an Aontais. Is gá, dá bhrí sin, bearta taraife iomchuí a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar spleáchas eacnamaíoch reatha agus féideartha an Aontais ar allmhairiú na n-earraí lena mbaineann ó Chónaidhm na Rúise. Ba cheart é sin a dhéanamh trí dheireadh a chur leis an staid reatha ina dtagann na hearraí lena mbaineann isteach i margadh an Aontais ar théarmaí atá chomh fabhrach céanna leis na téarmaí a chuirtear i bhfeidhm maidir le hearraí de thionscnaimh eile dá dtugtar cóir an náisiúin barrfhabhair. |
|
(5) |
Faoi láthair, tá méadú ag teacht cheana féin ar allmhairiú na leasachán lena mbaineann ó Chónaidhm na Rúise agus d’fhéadfadh méadú breise tapa teacht orthu má atreoraítear táirgeadh breise na Rúise i dtreo an Aontais. Chuirfeadh allmhairí méadaithe féideartha den sórt sin ó Chónaidhm na Rúise isteach ar mhargadh an Aontais le haghaidh na leasachán lena mbaineann agus dhéanfadh siad dochar do tháirgeoirí leasacháin nítrigine an Aontais, a bhfuil deacrachtaí acu cheana féin dul in iomaíocht le hallmhairí ó Chónaidhm na Rúise toisc go bhfuil praghsanna gáis san Aontas fós ard. Tá marthanacht fhadtéarmach thionscal leasacháin nítrigine an Aontais ríthábhachtach do shlándáil bia an Aontais toisc go bhfuil na leasacháin lena mbaineann de dhíth ar earnáil talmhaíochta an Aontais chun bia a tháirgeadh. Dá bhrí sin, tá sé ríthábhachtach aghaidh a thabhairt ar an spleáchas ar allmhairiú na leasachán lena mbaineann ó Chónaidhm na Rúise, a bhfuil méadú ag teacht air, agus inmharthanacht thionscal uathrialach leasacháin nítrigine an Aontais a chaomhnú chun slándáil bia an Aontais a áirithiú agus a choinneáil ar bun. Chun spleáchas amach anseo ar allmhairiú earraí talmhaíochta ó Chónaidhm na Rúise a chosc, is gá freisin na leibhéil taraife do na hearraí talmhaíochta lena mbaineann a choigeartú. |
|
(6) |
Ba cheart bearta taraife a dhéanamh i ndáil le Poblacht na Bealarúise freisin chun cosc a chur ar atreorú allmhairí féideartha chuig an Aontas ó Chónaidhm na Rúise trí Phoblacht na Bealarúise, i bhfianaise dhlúthnasc polaitiúil agus eacnamaíoch Phoblacht na Bealarúise le Cónaidhm na Rúise. D’fhéadfadh atreorú allmhairí féideartha den sórt sin tarlú dá bhfanfadh taraifí an Aontais ar allmhairiú na n-earraí lena mbaineann ó Phoblacht na Bealarúise chuig an Aontas gan athrú. Dá bhrí sin, allmhairiú na n-earraí lena mbaineann ar de thionscnamh Chónaidhm na Rúise agus Phoblacht na Bealarúise iad nó a onnmhairítear, go díreach nó go hindíreach, uathu, ba cheart é a bheith faoi réir dleachtanna custaim níos airde ná allmhairí ó thríú tíortha eile. |
|
(7) |
Ina theannta sin, níor cheart d’allmhairí ó Chónaidhm na Rúise ná ó Phoblacht na Bealarúise tairbhe a bhaint as aon taraifí níos ísle faoi tharaifí-chuótaí an Aontais ar bhonn chóir an náisiúin barrfhabhair. Dá bhrí sin, na rátaí laghdaithe a leagtar amach i dtaraif-chuótaí an Aontais le haghaidh na n-earraí a liostaítear sna hIarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán seo, níor cheart feidhm a bheith acu maidir le hearraí de thionscnamh Chónaidhm na Rúise nó Phoblacht na Bealarúise nó a onnmhairítear, go díreach nó go hindíreach, uathu isteach san Aontas. |
|
(8) |
Ní mheastar go mbeidh tionchar diúltach ag an méadú atá beartaithe ar dhleachtanna custaim ar shlándáil dhomhanda bia toisc nach bhfuil feidhm ag an méadú ar tharaifí ach maidir le hallmhairí isteach san Aontas agus ní dhéanann sé difear do na hearraí lena mbaineann mura bhfuil siad ach ar idirthuras trí chríoch an Aontais chuig tríú tíortha cinn scríbe deiridh. Os a choinne sin, d’fhéadfaí onnmhairiú na n-earraí lena mbaineann chuig tríú tíortha agus infhaighteacht soláthairtí sna tríú tíortha sin a mhéadú mar thoradh ar an méadú ar dhleachtanna an Aontais ar allmhairí atá beartaithe. |
|
(9) |
Ag an am céanna, tá ról suntasach ag leasacháin maidir le slándáil bia agus maidir le cobhsaíocht airgeadais feirmeoirí san Aontas. Is gá, dá bhrí sin, rochtain intuartha agus leordhóthanach ar leasacháin a áirithiú, ar leibhéil praghsanna inacmhainne d’fheirmeoirí san Aontas, rud ba cheart a bheith ina rannchuidiú le cobhsú na margaí talmhaíochta. Le linn idirthréimhse, leis an mbeart atá beartaithe, spreagfaí dlús a chur le táirgeadh san Aontas agus d’fhéadfaí foinsí malartacha soláthair ó chomhpháirtithe idirnáisiúnta eile a threisiú, rud a d’íoslaghdódh an riosca go dtiocfadh méadú suntasach ar phraghsanna leasachán d’fheirmeoirí san Aontas. Chuige sin, ba cheart don Choimisiún dlúthfhaireachán a dhéanamh ar éabhlóid na bpraghsanna leasacháin ar mhargadh an Aontais. Má thagann méadú suntasach ar phraghsanna leasacháin, ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar an gcás agus gach gníomhaíocht iomchuí a dhéanamh chun an méadú sin ar phraghasanna a leigheas. |
|
(10) |
Tá an méadú atá beartaithe ar dhleachtanna custaim comhsheasmhach le gníomhaíocht sheachtrach an Aontais i réimsí eile, mar a leagtar amach in Airteagal 21(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE). Tá meath mór tagtha ar staid an chaidrimh idir an tAontas agus Cónaidhm na Rúise le blianta beaga anuas agus go háirithe ó 2022 i leith. Is é is cúis leis an meath sin ar an gcaidreamh neamhaird fhollasach Chónaidhm na Rúise ar an dlí idirnáisiúnta agus, go háirithe, a cogadh foghach gan chúis gan údar i gcoinne na hÚcráine. Ó mhí Iúil 2014 i leith, tá bearta sriantacha á bhforchur de réir a chéile ag an Aontas ar thrádáil le Cónaidhm na Rúise mar fhreagairt ar ghníomhaíochtaí Chónaidhm na Rúise i gcoinne na hÚcráine. |
|
(11) |
Tá Cónaidhm na Rúise ina ball den Eagraíocht Dhomhanda Trádála (‘EDT’). Mar sin féin, ceadaítear don Aontas faoi láthair, de bhua na n-eisceachtaí a bhfuil feidhm acu faoin gComhaontú lena mbunaítear an Eagraíocht Dhomhanda Trádála (‘Comhaontú EDT’), agus go háirithe Airteagal XXI de Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Trádáil 1994 (eisceachtaí slándála), neamhaird a thabhairt ar an oibleagáid cóir an náisiúin barrfhabhair a thabhairt d’earraí a allmhairítear ó Chónaidhm na Rúise, agus ní chuirtear cosc air dleachtanna ar allmhairí a fhorchur atá níos airde ná na dleachtanna atá i sceideal ceangaltas taraife an Aontais ar thrádáil in earraí, i gcás ina measann an tAontas go bhfuil gá le bearta den sórt sin chun leasanna bunúsacha slándála an Aontais a chosaint. |
|
(12) |
Tá meath tagtha ar an gcaidreamh idir an tAontas agus Poblacht na Bealarúise freisin le blianta beaga anuas mar gheall ar neamhaird Phoblacht na Bealarúise ar an dlí idirnáisiúnta, lena n-áirítear ar shaoirsí bunúsacha agus ar chearta an duine, agus mar gheall ar a tacaíocht do chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine. Ó bhí mí Dheireadh Fómhair 2020 ann, tá bearta sriantacha á bhforchur de réir a chéile ag an Aontas ar Phoblacht na Bealarúise. |
|
(13) |
Níl Poblacht na Bealarúise ina ball de EDT. Dá bhrí sin, níl sé d’oibleagáid ar an Aontas, de bhua Chomhaontú EDT, cóir an náisiúin barrfhabhair agus cóir eile a thabhairt d’earraí ó Phoblacht na Bealarúise i gcomhréir leis an gComhaontú sin. Ina theannta sin, leis na comhaontuithe trádála idir an tAontas agus Poblacht na Bealarúise atá ann cheana, ceadaítear gníomhaíochtaí a bhfuil údar leo ar bhonn clásail eisceachta is infheidhme, go háirithe eisceachtaí slándála. |
|
(14) |
Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme a mhéid a bhaineann le socruithe a leagan síos chun faireachán a dhéanamh ar mhéideanna allmhairí, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. (2) |
|
(15) |
I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, is gá agus is iomchuí rialacha a leagan síos lena méadaítear taraifí ar na hearraí lena mbaineann le héifeacht láithreach, ar an gcéad dul síos chun an bunchuspóir a bhaint amach, is é sin a áirithiú nach gcuirfidh na hearraí lena mbaineann ar de thionscnamh Chónaidhm na Rúise agus Phoblacht na Bealarúise iad nó a onnmhairítear, go díreach nó go hindíreach, uathu isteach ar mhargadh an Aontais do na hearraí lena mbaineann agus, ar an dara dul síos, chun an Comhbheartas Tráchtála a chur chun feidhme agus chun líon na n-earraí lena mbaineann a allmhairíonn an tAontas ó Chónaidhm na Rúise agus ó Phoblacht na Bealarúise a laghdú mar fhreagairt ar ábhair imní go bhféadfadh allmhairí den sórt sin tionchar diúltach a imirt ar mhargadh inmheánach an Aontais agus dochar a dhéanamh do shlándáil bia an Aontais Ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí atá á saothrú a ghnóthú, i gcomhréir le hAirteagal 5(4) den Chonradh ar an Aontas Eorpach. |
|
(16) |
Chun spleáchas eacnamaíoch breise an Aontais ar allmhairiú na n-earraí lena mbaineann ó Chónaidhm na Rúise agus ó Phoblacht na Bealarúise a chosc, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
1. Earraí a aicmítear faoi na cóid Ainmníochta Comhcheangailte (AC) a liostaítear in Iarscríbhinn I a allmhairítear isteach san Aontas agus ar de thionscnamh Chónaidhm na Rúise nó Phoblacht na Bealarúise iad nó a onnmhairítear, go díreach nó go hindíreach, uathu, beidh siad faoi réir dleacht chustaim bhreise 50 % ad valorem a bhfuil feidhm le bheith aici sa bhreis ar an ráta Comhtharaife Custaim is infheidhme. Earraí den sórt sin ar de thionscnamh Chónaidhm na Rúise nó Phoblacht na Bealarúise iad nó a onnmhairítear, go díreach nó go hindíreach, uathu, ní bheidh siad incháilithe le haghaidh dleachtanna níos ísle ar allmhairí i gcás cainníochtaí teoranta (taraif-chuótaí) i gcás ina bhfuil feidhm ag na dleachtanna sin de bhun oibleagáidí an Aontais faoi Chomhaontú EDT nó i gcás ina n-osclaíonn an tAontas taraif-chuótaí ar bhonn eile.
2. Earraí a aicmítear faoi na cóid AC a liostaítear in Iarscríbhinn II a allmhairítear isteach san Aontas agus ar de thionscnamh Chónaidhm na Rúise nó Phoblacht na Bealarúise iad nó a onnmhairítear, go díreach nó go hindíreach, uathu, beidh siad faoi réir dleacht chustaim mar a leanas:
|
(a) |
maidir leis na hearraí a thagann faoi chód AC 3102:
|
|
(b) |
maidir leis na hearraí a thagann faoi chóid AC 3105 20, 3105 30, 3105 40, 3105 51, 3105 59 agus 3105 90:
|
3. D’ainneoin mhír 2, má shroicheann méideanna carnacha allmhairí na n-earraí a liostaítear i bpointí (a) agus (b) den mhír sin na tairseacha seo a leanas, forchuirfidh an Coimisiún, laistigh de 21 lá, dleacht ar an leibhéal a leagtar amach i bpointe (a)(iv) nó pointe (b)(iv), faoi seach, den mhír sin, i gcás allmhairí atá fágtha de na hearraí sin le linn na tréimhse áirithe:
|
(a) |
2,7 milliún tona ón 1 Iúil 2025 go dtí an 30 Meitheamh 2026; |
|
(b) |
1,8 milliún tona ón 1 Iúil 2026 go dtí an 30 Meitheamh 2027; |
|
(c) |
0,9 milliún tona ón 1 Iúil 2027 go dtí an 30 Meitheamh 2028. |
4. Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos na socruithe chun faireachán a dhéanamh ar na méideanna allmhairí a leagtar amach i mír 3 den Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 34(2).
Airteagal 2
1. Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar phraghsanna na n-earraí a liostaítear in Iarscríbhinn II atá infheidhme san Aontas go ceann tréimhse 4 bliana ón 21 Meitheamh 2025.
2. I gcás inar mó go mór leibhéil praghsanna na n-earraí a liostaítear in Iarscríbhinn II ná leibhéil praghsanna 2024 le linn na tréimhse dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an gcás agus déanfaidh sé gach gníomhaíocht iomchuí chun méadú den sórt sin ar phraghasanna a leigheas. Féadfar a áireamh le gníomhaíochtaí den sórt sin, i gcás inarb iomchuí, togra le haghaidh taraifí a chur ar fionraí go sealadach i gcás na n-earraí sin a allmhairítear ó thíortha seachas Cónaidhm na Rúise agus Poblacht na Bealarúise agus ar de thionscnamh tíortha seachas Cónaidhm na Rúise nó Poblacht na Bealarúise iad.
Airteagal 3
1. Déanfaidh an Coiste um an gCód Custaim a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
2. I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
Airteagal 4
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
I ndáil leis na hearraí a liostaítear in Iarscríbhinn I, beidh feidhm ag an Rialachán seo ón 20 Iúil 2025.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh in Strasbourg, an 17 Meitheamh 2025.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
R. METSOLA
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
A. SZŁAPKA
(1) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 22 Bealtaine 2025 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 12 Meitheamh 2025.
(2) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2011/182/oj).
(3) Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/952/oj).
IARSCRÍBHINN I
LIOSTA NA N-EARRAÍ DÁ DTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 1(1)
|
Cód AC |
Tuairisc |
|
01 |
Ainmhithe beo |
|
02 |
Feoil agus scairteach feola inite |
|
04 |
Táirgí déiríochta; uibheacha éan; mil nádúrtha; táirgí inite de bhunadh ainmhíoch, nach sonraítear ná nach n-áirítear in áit eile |
|
05 |
Táirgí de bhunadh ainmhíoch, nach sonraítear ná nach n-áirítear in áit eile |
|
06 |
Crainn bheo agus plandaí eile; bleibíní, fréamhacha agus a leithéidí; bláthanna gearrtha agus duilliúr ornáideach |
|
Ex 07 |
Glasraí agus fréamhacha agus tiúbair áirithe atá inite, seachas: 0713 10 piseanna (Pisum sativum) 0713 20 sicphiseánaigh |
|
08 |
Torthaí agus cnónna inite; craiceann torthaí citris nó mealbhacán |
|
09 |
Caife, tae, maité agus spíosraí |
|
1004 |
Coirce |
|
1006 |
Rís |
|
1008 60 |
Triteacál |
|
Ex 11 |
Táirgí an tionscail mhuilleoireachta; braich; stáirsí; ionúilin; glútan cruithneachta, seachas cód AC 1106 10 00 |
|
1209 |
Síolta, torthaí agus spóir, de chineál a úsáidtear le cur |
|
1210 |
Buaircíní leannlusanna, iad úr nó triomaithe, bídís meilte, púdraithe nó i bhfoirm millíní nó ná bídís; lúpailin |
|
1211 |
Plandaí agus codanna de phlandaí (lena n-áirítear síolta agus torthaí) de chineál a úsáidtear go príomha i gcumhradóireacht, i gcógaisíocht nó le haghaidh feithidicídí, fuingicídí nó úsáidí comhchosúla, iad úr, fuaraithe, reoite nó triomaithe, bídís gearrtha, brúite nó púdraithe nó ná bídís |
|
1212 |
Pónairí lócaiste, feamainn agus algaí eile, biatas siúcra agus cána siúcra, iad úr, fuaraithe, reoite nó triomaithe, bídís meilte nó ná bídís; clocha agus eithní torthaí agus táirgí plandúla eile (lena n-áirítear fréamhacha siocaire neamhrósta den chineál Cichorium intybus sativum) de chineál a úsáidtear go príomha lena gcaitheamh ag an duine, nach sonraítear ná nach n-áirítear in aon áit eile |
|
1213 |
Grántuí agus crotail gránach, gan ullmhú, bídís mionghearrtha, meilte, brúite nó i bhfoirm millíní nó ná bídís |
|
1214 |
Svaeideanna, meaingil, fréamhacha farae, féar tirim, meidic na mbó (alfalfa), seamair, coirm choiligh, cál foráiste, lúipíní, peasairí agus táirgí foráiste comhchosúla, bídís i bhfoirm millíní nó ná bídís |
|
13 |
Leaic; gumaí, roisíní agus súnna plandúla agus úisc phlandúla eile |
|
1401 |
Ábhair phlandúla de chineál a úsáidtear go príomha le haghaidh trilseánú (e.g. bambúnna, ratáin, giolcacha, luachair, saileánaigh, raifia, grántuí atá glanta, tuartha nó daite, agus coirt teile) |
|
1404 20 |
Clúmh cadáis |
|
1501 |
Saill muice (lena n-áirítear blonag) agus saill éanlaithe clóis, seachas saill a thagann faoi cheannteideal 0209 nó 1503 |
|
1502 |
Saillte ó bhó-ainmhithe, ó chaoirigh nó ó ghabhair, seachas iad siúd a thagann faoi cheannteideal 1503 |
|
1503 |
Stéirin blonaige, ola bhlonaige, oiléistéirin, ola-oilé agus ola gheire, nach bhfuil eiblithe, measctha ná ullmhaithe ar bhealach eile |
|
1505 |
Sail caorach agus substaintí sailleacha a dhíorthaítear uaithi (úsc olla san áireamh) |
|
1506 |
Saillte ainmhíocha eile agus olaí ainmhíocha eile agus a gcodáin, bídís scagtha nó ná bídís, ach nach bhfuil modhnaithe go ceimiceach |
|
1509 |
Ola olóige agus a codáin, bídís scagtha nó ná bídís, ach nach bhfuil modhnaithe go ceimiceach |
|
1510 |
Olaí eile agus a gcodáin, a fhaightear ó ológa amháin, bídís scagtha nó ná bídís, ach nach bhfuil modhnaithe go ceimiceach, lena n-áirítear cumaisc de na holaí nó de na codáin sin le holaí nó le codáin a thagann faoi cheannteideal 1509 |
|
1511 |
Ola pailme agus a codáin, bídís scagtha nó ná bídís, ach nach bhfuil modhnaithe go ceimiceach |
|
1513 |
Ola cnó cócó (ola copra), ola eithne pailme nó ola bhabasú agus a gcodáin, bídís scagtha nó ná bídís, ach nach bhfuil modhnaithe go ceimiceach |
|
1515 30 |
Ola ricne agus a codáin |
|
1515 50 |
Ola sheasamain agus a codáin |
|
1515 60 |
Saillte miocróbacha, agus olaí miocróbacha, agus a gcodáin |
|
1515 90 11 |
Tungola; olaí hahóba agus oiticica; céir mhiortail agus céir Sheapánach; a gcodáin |
|
1515 90 21 |
Amhola sheasamain agus a codáin, le haghaidh úsáidí teicniúla nó tionsclaíocha seachas monarú earraí bia lena gcaitheamh ag an duine |
|
1515 90 29 |
Amhola sheasamain agus a codáin, gan iad siúd le haghaidh úsáidí teicniúla nó tionsclaíocha seachas monarú earraí bia lena gcaitheamh ag an duine a áireamh |
|
1515 90 31 |
Ola sheasamain agus a codáin seachas amhola, le haghaidh úsáidí teicniúla nó tionsclaíocha seachas monarú earraí bia lena gcaitheamh ag an duine |
|
1515 90 39 |
Ola sheasamain agus a codáin seachas amhola, gan iad siúd le haghaidh úsáidí teicniúla nó tionsclaíocha seachas monarú earraí bia lena gcaitheamh ag an duine a áireamh |
|
1516 10 |
Saillte ainmhíocha, agus olaí ainmhíocha, agus a gcodáin |
|
1516 20 10 |
Ola ricne hidriginithe, nó ‘céir ópalach’ mar a thugtar uirthi |
|
1516 30 |
Saillte miocróbacha, agus olaí miocróbacha, agus a gcodáin |
|
1517 |
Margairín; meascáin nó ullmhóidí inite de shaillte ainmhíocha, plandúla nó miocróbacha, nó d’olaí ainmhíocha, plandúla nó miocróbacha, nó de chodáin de shaillte nó d’olaí éagsúla faoi Chaibidil 15, seachas na saillte nó na holaí inite nó a gcodáin a thagann faoi cheannteideal 1516 |
|
1518 00 10 |
Líonocsain |
|
1520 |
Gliocról, amh; uiscí gliocróil agus buac ghliocróil |
|
1521 |
Céaracha plandúla (seachas tríghlicrídí), céir beach, céaracha feithidí eile agus spermaceti, bídís scagtha nó daite nó ná bídís |
|
1522 |
Déigreás; iarmhair a thagann ó chóireáil substaintí sailleacha nó céaracha ainmhíocha nó plandúla |
|
1601 |
Ispíní agus táirgí comhchosúla, ó fheoil, scairteach feola, fuil nó feithidí; ullmhóidí bia atá bunaithe ar na táirgí sin |
|
1602 |
Feoil, scairteach feola, fuil nó feithidí eile, iad ullmhaithe nó leasaithe |
|
17 |
Siúcraí agus milseogra siúcra |
|
18 |
Cócó agus ullmhóidí cócó |
|
19 |
Ullmhóidí gránach, plúir, stáirse nó bainne; táirgí cócairí taosráin |
|
20 |
Ullmhóidí glasraí, torthaí, cnónna nó codanna eile de phlandaí |
|
21 |
Ullmhóidí inite ilghnéitheacha |
|
22 |
Deochanna, biotáillí agus fínéagar |
|
2301 10 |
Plúr, min agus millíní, ó fheoil nó ó scairteach feola, atá mí-oiriúnach lena gcaitheamh ag an duine; geirdheascadh |
|
2302 10 |
Bran, géaráin agus iarmhair eile ó arbhar Indiach (arbhar), bídís i bhfoirm millíní nó ná bídís, a dhíorthaítear ó chriathrú, ó mheilt nó ó oibriú ar bhealach eile |
|
2302 40 02 |
Bran, géaráin agus iarmhair eile ó rís, bídís i bhfoirm millíní nó ná bídís, a dhíorthaítear ó chriathrú, ó mheilt nó ó oibriú ar bhealach eile, ina bhfuil cion stáirse nach mó ná 35 % |
|
2302 40 08 |
Bran, géaráin agus iarmhair eile ó rís, bídís i bhfoirm millíní nó ná bídís, a dhíorthaítear ó chriathrú, ó mheilt nó ó oibriú ar bhealach eile, seachas iad siúd ina bhfuil cion stáirse nach mó ná 35 % |
|
2302 50 |
Bran, géaráin agus iarmhair eile ó phlandaí léagúmacha, bídís i bhfoirm millíní nó ná bídís, a dhíorthaítear ó chriathrú, ó mheilt nó ó oibriú ar bhealach eile |
|
2306 90 11 |
Cáca ola agus iarmhair sholadacha eile, bídís meilte nó i bhfoirm millíní nó ná bídís, a thagann ó ola olóige a úscadh, ina bhfuil 3 % nó níos lú ola olóige de réir meáchain |
|
2306 90 19 |
Cáca ola agus iarmhair sholadacha eile, bídís meilte nó i bhfoirm millíní nó ná bídís, a thagann ó ola olóige a úscadh, ina bhfuil níos mó ná 3 % ola olóige de réir meáchain |
|
2307 |
Moirt fíona; argol |
|
2308 00 11 |
Marc fíonchaor, bíodh sé i bhfoirm millíní nó ná bíodh, de chineál a úsáidtear i mbeathú ainmhithe, nach sonraítear ná nach n-áirítear in aon áit eile, nach mó ná 4,3 % mas a neart alcóil iomlán de réir maise agus ina bhfuil cion ábhair thirim nach lú ná 40 % de réir meáchain |
|
2308 00 19 |
Marc fíonchaor, bíodh sé i bhfoirm millíní nó ná bíodh, de chineál a úsáidtear i mbeathú ainmhithe, nach sonraítear ná nach n-áirítear in aon áit eile, seachas marc fíonchaor nach mó ná 4,3 % mas a neart alcóil iomlán de réir maise agus ina bhfuil cion ábhair thirim nach lú ná 40 % de réir meáchain |
|
2308 00 40 |
Dearcáin agus cnónna capaill; marc torthaí, bídís i bhfoirm millíní nó ná bídís, de chineál a úsáidtear i mbeathú ainmhithe, nach sonraítear ná nach n-áirítear in áit eile |
|
2309 10 |
Bia madraí nó bia cat, atá cóirithe lena mhiondíol |
|
2309 90 10 |
Ábhair intuaslagtha éisc nó mamach farraige, de chineál a úsáidtear i mbeathú ainmhithe |
|
2309 90 33 |
Ullmhóidí, lena n-áirítear réamh-mheascáin, de chineál a úsáidtear i mbeathú ainmhithe, ina bhfuil glúcós, síoróip ghlúcóis, maltaideistrin nó síoróip mhaltaideistrine faoi fho-cheannteidil 1702 30 50 , 1702 30 90 , 1702 40 90 , 1702 90 50 agus 2106 90 55 ach nach bhfuil aon stáirse iontu nó a bhfuil 10 % nó níos lú stáirse iontu de réir meáchain agus ina bhfuil cion táirgí bainne nach lú ná 10 % ach is lú ná 50 % de réir meáchain |
|
2309 90 35 |
Ullmhóidí, lena n-áirítear réamh-mheascáin, de chineál a úsáidtear i mbeathú ainmhithe, ina bhfuil glúcós, síoróip ghlúcóis, maltaideistrin nó síoróip mhaltaideistrine faoi fho-cheannteidil 1702 30 50 , 1702 30 90 , 1702 40 90 , 1702 90 50 agus 2106 90 55 ach nach bhfuil aon stáirse iontu nó a bhfuil 10 % nó níos lú stáirse iontu de réir meáchain agus ina bhfuil cion táirgí bainne nach lú ná 50 % ach is lú ná 75 % de réir meáchain |
|
2309 90 39 |
Ullmhóidí, lena n-áirítear réamh-mheascáin, de chineál a úsáidtear i mbeathú ainmhithe, ina bhfuil glúcós, síoróip ghlúcóis, maltaideistrin nó síoróip mhaltaideistrine faoi fho-cheannteidil 1702 30 50 , 1702 30 90 , 1702 40 90 , 1702 90 50 agus 2106 90 55 ach nach bhfuil aon stáirse iontu nó a bhfuil 10 % nó níos lú stáirse iontu de réir meáchain agus ina bhfuil cion táirgí bainne nach lú ná 75 % de réir meáchain |
|
2309 90 43 |
Ullmhóidí, lena n-áirítear réamh-mheascáin, de chineál a úsáidtear i mbeathú ainmhithe, ina bhfuil glúcós, síoróip ghlúcóis, maltaideistrin nó síoróip mhaltaideistrine faoi fho-cheannteidil 1702 30 50 , 1702 30 90 , 1702 40 90 , 1702 90 50 agus 2106 90 55 agus ina bhfuil cion stáirse is mó ná 10 % ach nach mó ná 30 % de réir meáchain agus ina bhfuil cion táirgí bainne nach lú ná 10 % ach is lú ná 50 % de réir meáchain |
|
2309 90 49 |
Ullmhóidí, lena n-áirítear réamh-mheascáin, de chineál a úsáidtear i mbeathú ainmhithe, ina bhfuil glúcós, síoróip ghlúcóis, maltaideistrin nó síoróip mhaltaideistrine faoi fho-cheannteidil 1702 30 50 , 1702 30 90 , 1702 40 90 , 1702 90 50 agus 2106 90 55 agus ina bhfuil cion stáirse is mó ná 10 % ach nach mó ná 30 % de réir meáchain agus ina bhfuil cion táirgí bainne nach lú ná 50 % de réir meáchain |
|
2309 90 53 |
Ullmhóidí, lena n-áirítear réamh-mheascáin, de chineál a úsáidtear i mbeathú ainmhithe, ina bhfuil glúcós, síoróip ghlúcóis, maltaideistrin nó síoróip mhaltaideistrine faoi fho-cheannteidil 1702 30 50 , 1702 30 90 , 1702 40 90 , 1702 90 50 agus 2106 90 55 agus ina bhfuil níos mó ná 30 % stáirse de réir meáchain agus ina bhfuil cion táirgí bainne nach lú ná 10 % ach is lú ná 50 % de réir meáchain |
|
2309 90 59 |
Ullmhóidí, lena n-áirítear réamh-mheascáin, de chineál a úsáidtear i mbeathú ainmhithe, ina bhfuil glúcós, síoróip ghlúcóis, maltaideistrin nó síoróip mhaltaideistrine faoi fho-cheannteidil 1702 30 50 , 1702 30 90 , 1702 40 90 , 1702 90 50 agus 2106 90 55 agus ina bhfuil níos mó ná 30 % stáirse de réir meáchain agus ina bhfuil cion táirgí bainne nach lú ná 50 % de réir meáchain |
|
2309 90 70 |
Ullmhóidí, lena n-áirítear réamh-mheascáin, de chineál a úsáidtear i mbeathú ainmhithe, nach bhfuil aon stáirse, glúcós, síoróip ghlúcóis, maltaideislin nó síoróip mhaltaideisline iontu ach a bhfuil táirgí bainne iontu |
|
24 |
Tobac agus ionadaigh tobac mhonaraithe; táirgí, bíodh nicitín iontu nó ná bíodh, atá ceaptha lena n-ionanálú gan dóchán; táirgí eile a bhfuil nicitín iontu atá ceaptha le nicitín a iontógáil i gcorp an duine |
|
2905 43 |
Mainníotól |
|
2905 44 |
D-glúcatól (soirbíotól) |
|
3301 |
Blátholaí (bídís neamhtheirpéineach nó ná bídís), lena n-áirítear concréití agus absalóidí; roisíneoidí; oiléaroisíní eastósctha; tiúcháin bhlátholaí i saillte, in olaí fosaithe, i gcéaracha nó a leithéidí, a fhaightear trí ionbhláthú nó trí mhaothú; fotháirgí teirpéineacha ó dhítheirpéiniú blátholaí; driogáití uiscí agus tuaslagáin uiscí blátholaí |
|
3501 |
Cáiséin, cáiséanáití agus díorthaigh cháiséine eile; gliúnna cáiséine |
|
3502 |
Albaiminí (lena n-áirítear tiúcháin dhá phróitéin mheidhg nó níos mó, ina bhfuil cion is mó ná 80 % próitéin mheidhg de réir meáchain, a ríomhtar de réir an ábhair thirim), albaiminí agus díorthaigh eile albaimine |
|
3503 |
Geilitín (lena n-áirítear geilitín ina leatháin dhronuilleogacha (agus chearnógacha), bídís dathaithe nó dromchlaoibrithe nó ná bídís) agus díorthaigh geilitín; iascghlae; gliúnna eile de bhunadh ainmhíoch, seachas gliúnna cáiséine faoi cheannteideal 3501 |
|
3504 |
Peaptóin agus a ndíorthaigh; substaintí próitéine eile agus a ndíorthaigh, nach sonraítear ná nach n-áirítear in áit eile; púdar seithe, bíodh sé crómaithe nó ná bíodh |
|
3505 |
Deistriní agus stáirsí modhnaithe eile (e.g. stáirsí réamhgheilitínithe nó éistearaithe); gliúnna atá bunaithe ar stáirsí, nó ar dheistriní nó ar stáirsí modhnaithe eile |
|
3809 10 |
Oibreáin bhailchríche, iompróirí ruaimeanna chun dlús a chur leis an ruaimniú nó le daingniú na ruaimeachán agus táirgí eile agus ullmhóidí eile (e.g. cóirithe agus buanaitheoirí), de chineál a úsáidtear sa tionscal teicstíle, páipéir nó leathair nó i dtionscail chomhchosúla, nach sonraítear ná nach n-áirítear in aon áit eile, iad bunaithe ar shubstaintí amaláiseacha |
|
3824 60 |
Soirbíotól seachas soirbíotól atá faoi fho-cheannteideal 2905 44 |
|
4101 |
Seithí amha agus craicne amha ó bhó-ainmhithe (lena n-áirítear buabhaill) nó eachainmhithe (iad úr, nó saillte, triomaithe, aolta, picilte nó leasaithe ar bhealach eile, ach nach bhfuil súdaraithe ná párchóirithe ná gan ullmhú thairis sin orthu), bídís lomtha nó scoilte nó ná bídís |
|
4102 |
Craicne amha ó chaoirigh nó ó uain (iad úr, nó saillte, triomaithe, aolta, picilte nó leasaithe ar bhealach eile, ach nach bhfuil súdaraithe ná párchóirithe ná gan ullmhú thairis sin orthu), bíodh an olann orthu nó ná bíodh agus bídís scoilte nó ná bídís, seachas na craicne sin a eisiatar le nóta 1(c) a ghabhann le Caibidil 41 |
|
4103 |
Seithí agus craicne amha eile (iad úr, nó saillte, triomaithe, aolta, picilte nó leasaithe ar bhealach eile, ach nach bhfuil súdaraithe ná párchóirithe ná gan ullmhú thairis sin orthu), bídís lomtha nó scoilte nó ná bídís, seachas na seithí agus na craicne sin a eisiatar le nóta 1(b) nó 1 (c) a ghabhann le Caibidil 41 |
|
4301 |
Craicne fionnaidh amha (lena n-áirítear cinn, eireabaill, lapaí agus píosaí eile nó gearrtháin eile, atá oiriúnach lena n-úsáid ag fionnadóirí), seachas seithí amha agus craicne amha atá faoi cheannteideal 4101 , 4102 nó 4103 |
|
5001 |
Cocúin seiriceáin atá oiriúnach lena dtochras |
|
5002 |
Síoda amh (neamhchasta) |
|
5003 |
Dramhshíoda (lena n-áirítear cocúin nach bhfuil oiriúnach lena dtochras, dramhaíl snátha agus stoc gairnéadaithe) |
|
5101 |
Olann, gan cardáil gan cíoradh |
|
5102 |
Fionnadh ainmhíoch mín nó garbh, gan cardáil gan cíoradh |
|
5103 |
Dramhaíl as olann nó as fionnadh ainmhíoch mín nó garbh, lena n-áirítear dramhaíl as snáth ach gan stoc gairnéadaithe a áireamh |
|
5201 |
Cadás, gan cardáil gan cíoradh |
|
5202 |
Dramhaíl chadáis (lena n-áirítear dramhaíl as snáth agus stoc gairnéadaithe) |
|
5203 |
Cadás, cardáilte nó cíortha |
|
5301 |
Líon amh nó próiseáilte ach gan sníomh; barrach lín agus dramhaíl lín (lena n-áirítear dramhaíl as snáth agus stoc gairnéadaithe) |
|
5302 |
Fíorchnáib (Cannabis sativa L.), amh nó próiseáilte ach gan sníomh; barrach agus dramhaíl fíorchnáibe (lena n-áirítear dramhaíl as snáth agus stoc gairnéadaithe) |
IARSCRÍBHINN II
LIOSTA NA N-EARRAÍ DÁ DTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 1(2)
|
Cód AC |
Tuairisc |
|
3102 |
Leasacháin mhianracha nó cheimiceacha, iad nítrigineach |
|
Ex31 05 |
Leasacháin mhianracha nó cheimiceacha ina bhfuil dhá cheann nó trí cinn de na dúile leasaitheacha nítrigin, fosfar agus potaisiam; leasacháin eile; earraí faoi Chaibidil 31 i dtáibléid nó i bhfoirmeacha comhchosúla nó i bpacáistí nach mó ná 10 kg a n-ollmheáchan; Seachas: 3105 10 00 – Earraí faoi Chaibidil 31 i dtáibléid nó i bhfoirmeacha comhchosúla nó i bpacáistí nach mó ná 10 kg a n-ollmheáchan 3105 60 00 – Leasacháin mhianracha nó cheimiceacha ina bhfuil an dá dhúil leasaitheacha fosfar agus potaisiam |
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/1227/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)