European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/1220

19.6.2025

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/1220 ÓN gCOIMISIÚN

an 16 Meitheamh 2025

maidir le haicmiú earraí áirithe san Ainmníocht Chomhcheangailte

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (1), agus go háirithe Airteagal 57(4) agus Airteagal 58(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Chun a áirithiú go gcuirtear an Ainmníocht Chomhcheangailte atá i gceangal le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle (2) i bhfeidhm go haonfhoirmeach, is gá bearta a ghlacadh maidir le haicmiú na n-earraí dá dtagraítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

(2)

Le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 leagadh síos na rialacha ginearálta maidir le léirmhíniú na hAinmníochta Comhcheangailte. Tá feidhm ag na rialacha sin freisin maidir le haon ainmníocht eile atá bunaithe go hiomlán uirthi nó a bhfuil cuid di bunaithe uirthi nó a chuireann aon fhoroinn bhreise léi agus a bhunaítear le forálacha sonracha de chuid an Aontais, d’fhonn bearta taraife agus bearta eile i ndáil le trádáil in earraí a chur i bhfeidhm.

(3)

De bhun na rialacha ginearálta sin, na hearraí a bhfuil tuairisc orthu i gcolún (1) den tábla a leagtar amach san Iarscríbhinn, ba cheart iad a aicmiú faoin gcód AC a luaitear i gcolún (2), de bhua na gcúiseanna a leagtar amach i gcolún (3) den tábla sin.

(4)

Is iomchuí a fhoráil, i ndáil le faisnéis taraife cheangailteach arna heisiúint i leith na n-earraí a bhaineann leis an Rialachán seo ar faisnéis í nach bhfuil i gcomhréir leis an Rialachán seo, go bhféadfaidh an sealbhóir, ar feadh tréimhse áirithe, leanúint den fhaisnéis sin a agairt i gcomhréir le hAirteagal 34(9) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013. Is tréimhse 3 mhí ba cheart a bheith sa tréimhse sin.

(5)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um an gCód Custaim,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Na hearraí a bhfuil tuairisc orthu i gcolún (1) den tábla a leagtar amach san Iarscríbhinn, aicmeofar iad san Ainmníocht Chomhcheangailte faoin gcód AC a luaitear i gcolún (2) den tábla sin.

Airteagal 2

Faisnéis taraife cheangailteach nach bhfuil i gcomhréir leis an Rialachán seo, féadfar í a agairt fós i gcomhréir le hAirteagal 34(9) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 go ceann tréimhse 3 mhí ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 16 Meitheamh 2025.

Thar ceann an Choimisiúin,

Ar son an Uachtaráin,

Gerassimos THOMAS

An tArd-Stiúrthóir

Ard-Stiúrthóireacht an Chánachais agus an Aontais Chustaim


(1)   IO L 269, 10.10.2013, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/952/oj.

(2)  Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim (IO L 256, 7.9.1987, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/1987/2658/oj).


IARSCRÍBHINN

Tuairisc ar na hearraí

Aicmiú

(Cód AC)

Cúiseanna

(1)

(2)

(3)

Is meascán é an táirge i bhfoirm púdair ina bhfuil, de réir meáchain, na nithe seo a leanas:

60-80 % de siúcrós (siúcra);

20-40 % de ghuma geileáin (polaiméir nádúrtha).

Leis an siúcrós, déantar airíonna tiubhaithe cobhsaithe an ghuma geileáin a chaighdeánú. Mar sin féin, feidhmíonn sé freisin mar oibreán frithstolptha agus cuirtear cosc leis ar ábhair a chruinniú le chéile gan choinne le linn úsáide.

Tá an táirge beartaithe lena úsáid ag thart ar 0,1 % de réir meáchain mar chobhsaitheoir agus tiúsóir i ndeochanna soighe-bhunaithe.

2106 90 98

Cinntear an t-aicmiú le rialacha ginearálta 1 agus 6 maidir le léirmhíniú na hAinmníochta Comhcheangailte, Nóta 1(b) a ghabhann le Caibidil 38 agus foclaíocht na gcód AC 2106 , 2106 90 agus 2106 90 98 .

Trí mhéid mór siúcróis a chur isteach, tá níos mó i gceist ná caighdeánú díreach a dhéanamh ar airíonna an ghuma geileáin. Tá sé d’aidhm aige freisin úsáid an táirge i ndeochanna soighe-bhunaithe a éascú. Dá bhrí sin, tá an táirge oiriúnach go háirithe d’úsáid shonrach i dtáirgí bia seachas úsáid ghinearálta. Dá bhrí sin, eisiatar aicmiú an táirge i gceannteideal 3913 (féach Nóta Míniúcháin an Chórais Chomhchuibhithe a ghabhann le ceannteideal 3913 , ítim (1), an mhír leathdheireanach).

Tá an táirge bunaithe den chuid is mó ar shiúcrós, ar substaint í a bhfuil luach cothaitheach aici, agus tá sé de chineál a úsáidtear chun earraí bia lena gcaitheamh ag an duine a ullmhú. Dá bhrí sin, eisiatar an táirge ó Chaibidil 38 trí Nóta 1(b) a ghabhann leis an gCaibidil sin a chur i bhfeidhm.

Dá bhrí sin, tá an táirge le haicmiú faoin gcód AC 2106 90 98 mar ullmhúchán bia eile, nach sonraítear ná nach n-áirítear in aon áit eile.


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1220/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)