European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/1215

25.6.2025

RIALACHÁN (AE) 2025/1215 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 17 Meitheamh 2025

lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a mhéid a bhaineann le ceanglais le haghaidh idirbhearta um maoiniú urrús faoin gcóimheas glanchistiúcháin chobhsaí

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) 2019/876 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), tugadh isteach i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) an ceanglas maidir leis an gcóimheas glanchistiúcháin chobhsaí (CGCC) le haghaidh institiúidí creidmheasa. Léiríodh leis an gceanglas sin cuid de chaighdeáin Basel III a chomhaontaigh Coiste Basel um Maoirseacht ar Bhaincéireacht (CBMB), ar caighdeáin iad a forbraíodh chun a áirithiú go mbeadh cistiú cobhsaí leordhóthanach ag institiúidí creidmheasa ar feadh tréimhse bliana, agus ar an gcaoi sin chun neamhréir aibíochta iomarcach idir sócmhainní agus dliteanais agus róbhrath ar chistiú mórdhíola gearrthéarmach a chosc. Ó bhí an 28 Meitheamh 2021 ann tá feidhm ag ceanglas CGCC.

(2)

Le hAirteagal 428r(1), pointe (g), le hAirteagal 428s(1), pointe (b), agus le hAirteagal 428v, pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, déantar foráil faoi láthair maidir leis na fachtóirí cistiúcháin chobhsaí le haghaidh airgead atá dlite ó idirbhearta maoiniúcháin le custaiméirí airgeadais, i gcás ina bhfuil aibíocht iarmhair is lú ná 6 mhí ag na hidirbhearta sin. Is iad 0 %, 5 % nó 10 % na fachtóirí cistiúcháin sin, ag brath ar an idirbheart maoiniúcháin lena mbaineann. Le hAirteagal 510(8) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, áfach, déantar foráil maidir leis na fachtóirí cistiúcháin sin atá le hardú go 10 %, 15 % agus 15 % faoi seach, faoin 28 Meitheamh 2025. Is é ab aidhm don ardú iarchurtha sin am leordhóthanach a thabhairt d’institiúidí creidmheasa dul in oiriúint de réir a chéile do chalabrú níos coimeádaí agus measúnú a dhéanamh ar cé acu a bhí nó nach raibh an calabrú sin iomchuí. De bhreis ar an ardú iarchurtha sin, glacadh coigeartuithe eile chun a áirithiú nár fhág tabhairt isteach cheanglas CGCC gur suaitheadh leachtacht na margaí comhthaobhachta gaolmhara, lena n-áirítear margaí bannaí flaithiúnais.

(3)

Faoi Airteagal 510(6), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, tugadh sainordú don Údaras Maoirseachta Eorpaigh (Údarás Baincéireachta Eorpach) (ÚBE) arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), measúnú a dhéanamh ar a iomchuí atá láimhseáil an chistithe chobhsaí is gá chun an riosca cistiúcháin a chumhdach a bhaineann le hidirbhearta um maoiniú urrús agus le hidirbhearta neamhurraithe le custaiméirí airgeadais i gcás ina bhfuil aibíocht iarmhair is lú ná 6 mhí ag na hidirbhearta um maoiniú urrús nó ag na hidirbhearta neamhurraithe sin. I gcomhréir leis an sainordú sin, sholáthair ÚBE tuarascáil ar ghnéithe sonracha de chreat CGCC an 16 Eanáir 2024 Thángthas ar an gconclúid sa tuarascáil sin go mbeadh tionchar diomaibhseach ag ardú na bhfachtóirí cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh atá i bhfeidhm maidir leis na hidirbhearta dá dtagraítear in Airteagal 428r(1), pointe (g), Airteagal 428s(1), pointe (b), agus Airteagal 428v, pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ar leibhéil CGCCanna na n-institiúidí creidmheasa. Mar sin féin, ní dhearnadh measúnú sa tuarascáil ar an ngné níos leithne nó ar na héifeachtaí seach-iarmharta maidir le leachtacht mhargaí an fhiachais cheannasaigh agus na héifeachtaí ar mhargaí na mbannaí ceannasacha. Dá bhrí sin, na breithnithe lena dtugtar údar le hiarchur an ardaithe sin maidir leis na fachtóirí cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh, da bhfóráiltear in Airteagal 510(8) de Rialacháin (AE) Uimh. 575/2013, tá siad fós i réim. Go sonrach, ós rud é go bhfuil formhór na n-idirbheart um maoiniú urrús comhthaobhaithe le hionstraimí fiachais cheannasaigh, d’fhéadfadh ardú ar an gcistiú cobhsaí ceangailteach gaolmhar an leachtacht sna margaí lena mbaineann a laghdú. D’fhéadfadh an riosca a bheith ann, dá réir sin, go gcruthófaí costais bhreise chistiúcháin do na Ballstáit agus go n-athrófaí sásraí tarchurtha beartais airgeadaíochta.

(4)

Ina theannta sin, rinne dlínsí chomhaltaí eile CBMB leibhéil na bhfachtóirí cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh a shocrú le haghaidh idirbhearta um maoiniú urrús atá comhionann leis na leibhéil is infheidhme faoi láthair faoi Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. Sa chomhthéacs sin, i bhfianaise na géariomaíochta idirnáisiúnta i margadh na n-idirbheart um maoiniú urrús, le hardú na bhfachtóirí cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh is gá faoin 28 Meitheamh 2025, chruthófaí éagothroime iomaíochta idirnáisiúnta a dhéanfadh dochar do mhargaí airgeadais an Aontais.

(5)

Chun na hiarmhairtí neamhbheartaithe sin a sheachaint, ba cheart na fachtóirí cistiúcháin chobhsaí atá ann faoi láthair le haghaidh idirbhearta um maoiniú urrús agus le haghaidh idirbhearta neamhurraithe le custaiméirí airgeadais a dhéanamh buan, i gcás ina bhfuil aibíocht iarmhair is lú ná 6 mhí ag na hidirbhearta sin.

(6)

Chun faireachán leordhóthanach a áirithiú ar idirghníomhaíochtaí idir na ceanglais chistiúcháin chobhsaí agus leachtacht margaidh na sócmhainní a fhaightear mar chomhthaobhacht in idirbhearta um maoiniú urrús agus in idirbhearta neamhurraithe le custaiméirí airgeadais, i gcás ina bhfuil aibíocht iarmhair is lú ná 6 mhí ag na hidirbhearta sin, lena n-áirítear idirbhearta arna gcomhthaobhú le fiachas ceannasach, an riosca cistiúcháin le haghaidh institiúidí creidmheasa, agus forbairtí idirnáisiúnta a d’fhéadfadh a bheith ann sa réimse sin, ba cheart do ÚBE tuairisciú don Choimisiún gach 5 bliana maidir le hoiriúnacht na gceanglas cistiúcháin chobhsaí sin.

(7)

Dá gcuirfí deireadh sealadach le láimhseáil stuamachta a áirithiú le haghaidh airgead atá dlite ó idirbhearta um maoiniú urrús agus le haghaidh idirbhearta neamhurraithe, le custaiméirí airgeadais, ag a bhfuil aibíocht iarmhair is lú ná 6 mhí, chruthófaí éiginnteacht dhlíthiúil le haghaidh rannpháirtithe sa mhargadh agus ualach riaracháin agus airgeadais míchuí le haghaidh earnáil baincéireachta an Aontais i gcoitinne, éiginnteacht agus ualach a d’fhéadfaí a mhaolú tríd an dáta a mheastar a thiocfaidh na forálacha lena mbaineann i bhfeidhm a leagan síos go soiléir. Dá bhrí sin, chun leanúnachas na láimhseála stuamachta sin a áirithiú, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán leasaithe seo ón 29 Meitheamh 2025 ar aghaidh.

(8)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 575/2013

Leasaítear Airteagal 510 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 mar a leanas:

(1)

leasaítear mír 6 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta tosaigh:

‘Déanfaidh ÚBE faireachán ar mhéid an chistithe chobhsaí a theastaíonn chun an riosca cistiúcháin a chumhdach a bhaineann le hidirbhearta um maoiniú urrús, lena n-áirítear na sócmhainní a fhaightear nó a thugtar sna hidirbhearta sin, agus le hidirbhearta neamhurraithe le custaiméirí airgeadais, i gcás ina bhfuil aibíocht iarmhair is lú ná 6 mhí ag na hidirbhearta sin. Tuairisceoidh ÚBE don Choimisiún faoin 31 Eanáir 2029, agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, maidir le hiomchuí an cheanglais chistiúcháin chobhsaí sin. Agus forbairtí idirnáisiúnta agus láimhseáil rialála idirbheart comhchosúil i ndlínsí eile á gcur san áireamh, déanfar measúnú sna tuarascálacha sin ar an méid seo a leanas ar a laghad:’

;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (d) agus (e):

‘(d)

leordhóthanacht na láimhseála neamhshiméadraí idir dliteanais ag a bhfuil aibíocht iarmhair is lú ná 6 mhí arna soláthar ag custaiméirí airgeadais atá faoi réir fachtóir 0 % den chistiú cobhsaí atá ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 428k(3), pointe (c), agus sócmhainní a thagann as idirbhearta ag a bhfuil aibíocht iarmhair is lú ná 6 mhí le custaiméirí airgeadais atá faoi réir fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh 0 %, 5 % nó 10 % i gcomhréir le hAirteagal 428r(1), pointe (g), le hAirteagal 428s(1), pointe (b) agus le hAirteagal 428v, pointe (a);

(e)

an tionchar a bheadh ag tabhairt isteach fachtóirí cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh is airde nó is ísle le haghaidh idirbhearta um maoiniú urrús, go háirithe idirbhearta ag a bhfuil aibíocht iarmhair is lú ná 6 mhí, le custaiméirí airgeadais, ar na nithe seo a leanas:

(i)

struchtúr praghsanna na n-idirbheart sin; agus

(ii)

leachtacht mhargaidh sócmhainní a fhaightear mar chomhthaobhacht sna hidirbhearta sin, go háirithe bannaí ceannasacha agus bannaí corparáideacha;’

;

(2)

scriostar míreanna 7 agus 8.

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 29 Meitheamh 2025.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 17 Meitheamh 2025.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. SZŁAPKA


(1)  Tuairim an 2 Bealtaine 2025 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil).

(2)  Tuairim an 29 Aibreán 2025 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil).

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 22 Bealtaine 2025 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 12 Meitheamh 2025.

(4)  Rialachán (AE) 2019/876 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a mhéid a bhaineann leis an gcóimheas luamhánaithe, leis an gcóimheas glanchistiúcháin chobhsaí, leis na ceanglais maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe, leis an bpriacal creidmheasa contrapháirtí, leis an bpriacal margaidh, leis na risíochtaí ar chontrapháirtithe lárnacha, leis na risíochtaí ar ghnóthais chomhinfheistíochta, leis na risíochtaí móra, leis na ceanglais tuairiscithe agus nochta, agus Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 150, 7.6.2019, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/876/oj).

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/575/oj).

(6)  Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 12, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2010/1093/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/1215/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)