|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/1214 |
19.6.2025 |
RIALACHÁN (AE) 2025/1214 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 17 Meitheamh 2025
lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/631 chun solúbthacht bhreise a áireamh a mhéid a bhaineann le comhlíonadh na gcaighdeán feidhmíochta maidir le hastaíochtaí CO2 ag monaróirí a ríomh i gcás gluaisteáin nua paisinéirí agus feithiclí tráchtála éadroma nua le haghaidh na mblianta féilire 2025 go 2027
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 192(1) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),
Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Socraítear le Rialachán (AE) 2019/631 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) na caighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí CO2 do ghluaisteáin nua paisinéirí agus d’fheithiclí tráchtála éadroma nua, ar cuid lárnach iad de chreat an Aontais chun glanastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú 55 % ar a laghad i gcomparáid le leibhéil 1990 faoi 2030 agus chun aeráidneodracht ar fud an gheilleagair a bhaint amach faoi 2050. |
|
(2) |
Mar fhreagairt ar iarraidh ó pháirtithe leasmhara ar sholúbthacht chomhlíontachta bhreise maidir le spriocanna CO2 a mhéid a bhaineann leis an tréimhse 2025 go 2027, is iomchuí leasú a ghlacadh go práinneach lena bhforáiltear do sholúbthacht aonuaire do na 3 bliana sin i ndáil le comhlíonadh na gcaighdeán feidhmíochta maidir le hastaíochtaí CO2 a ríomh, agus na spriocanna chun astaíochtaí CO2 a laghdú á gcoinneáil ar bun ag an am céanna. |
|
(3) |
Le linn na tréimhse 2025 go 2027, ba cheart do mhonaróirí a áirithiú nach sáróidh meánastaíochtaí sonracha CO2 a bhfeithiclí sprioc astaíochtaí, sprioc arna ríomh mar mheán a spriocanna bliantúla i leith astaíochtaí sonracha i gcaitheamh na tréimhse sin. Ba cheart measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh na spriocanna sin ag deireadh na tréimhse 3 bliana i gcás gach monaróra aonair. Ba cheart na préimheanna astaíochtaí iomarcacha a ríomh dá réir sin. |
|
(4) |
Chun na forálacha maidir le díorma a dhéanamh a ailíniú leis an tsolúbthacht chomhlíontachta bhreise sna blianta 2025 go 2027, ba cheart é a bheith indéanta comhaontuithe maidir le díorma a dhéanamh le haghaidh na bliana féilire 2025 nó 2026 go dtí deireadh 2027. |
|
(5) |
Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon solúbthacht bhreise a chur ar fáil maidir le comhlíonadh CO2 sa tréimhse 2025 go 2027, agus na ceanglais maidir le laghdú astaíochtaí CO2 do ghluaisteáin nua paisinéirí agus d’fheithiclí tráchtála éadroma nua araon á gcaomhnú ag an am céanna, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr a fhairsinge agus a éifeachtaí, gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú. |
|
(6) |
I bhfianaise a phráinní atá sé solúbthacht bhreise a chur ar fáil maidir le comhlíonadh CO2 sa tréimhse 2025 go 2027, agus na ceanglais maidir le laghdú astaíochtaí CO2 do ghluaisteáin nua paisinéirí agus d’fheithiclí tráchtála éadroma nua araon á gcaomhnú ag an am céanna, meastar gurb iomchuí an eisceacht ar an tréimhse 8 seachtaine dá bhforáiltear in Airteagal 4 de Phrótacal Uimh. 1 maidir le ról na bparlaimintí náisiúnta san Aontas Eorpach, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach, leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, a agairt. |
|
(7) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 2019/631 a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Rialachán (AE) 2019/631 mar a leanas:
|
(1) |
in Airteagal 4, cuirtear an mhír seo a leanas isteach: ‘1a. De mhaolú ar mhír 1, le haghaidh na tréimhse 3 bliana lena gcuimsítear na blianta féilire 2025 go 2027, áiritheoidh monaróir, lena n-áirítear nuair is ball de dhíorma é, nach sáróidh a mheánastaíochtaí sonracha CO2 i gcaitheamh na tréimhse sin a sprioc i leith astaíochtaí sonracha i gcaitheamh na tréimhse sin. Déanfar na meánastaíochtaí sonracha CO2 sin a ríomh mar mheán na meánastaíochtaí sonracha bliantúla CO2 i gcaitheamh na tréimhse 3 bliana, arna ualú de réir líon na bhfeithiclí nuachláraithe don mhonaróir i ngach bliain féilire. Déanfar an sprioc i leith astaíochtaí sonracha a ríomh mar mheán na spriocanna bliantúla i leith astaíochtaí sonracha i gcaitheamh na tréimhse 3 bliana, arna chinneadh i gcomhréir le pointe 6.3 de Chuid A nó Cuid B d’Iarscríbhinn I nó, i gcás ina ndeonaítear maolú do mhonaróir faoi Airteagal 10, i gcomhréir leis an maolú sin, arna ualú de réir líon na bhfeithiclí nuachláraithe don mhonaróir i ngach bliain féilire. Le haghaidh gach bliana féilire inar cuireadh monaróir san áireamh i ndíorma, is é a bheidh sna meánastaíochtaí sonracha bliantúla CO2 agus sa sprioc bhliantúil i leith astaíochtaí sonracha atá le húsáid le haghaidh na ríomhanna sin ná na luachanna le haghaidh an díorma sin.’ |
|
(2) |
in Airteagal 6(2), cuirtear an dara fomhír seo a leanas leis: ‘De mhaolú ar an gcéad fhomhír, maidir le comhaontú chun díorma a dhéanamh lena gcumhdaítear an bhliain féilire 2025 nó 2026, féadfar comhaontú den sórt sin a dhéanamh suas go dtí an 31 Nollaig 2027.’ ; |
|
(3) |
in Airteagal 8(1), cuirtear an dara fomhír seo a leanas leis: ‘De mhaolú ar an gcéad fhomhír, i leith na mblianta féilire 2025 go 2027, forchuirfidh an Coimisiún préimh astaíochtaí iomarcacha ar aon mhonaróir a sáraíonn a mheánastaíochtaí sonracha CO2 i gcaitheamh na 3 bliana sin a sprioc i leith astaíochtaí sonracha i gcaitheamh na tréimhse 2025 go 2027.’. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh in Strasbourg, an 17 Meitheamh 2025.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
R. METSOLA
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
A. SZŁAPKA
(1) Tuairim an 29 Aibreán 2025 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).
(2) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 8 Bealtaine 2025 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh na Comhairle an 27 Bealtaine 2025.
(3) Rialachán (AE) 2019/631 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 lena socraítear na caighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí CO2 do ghluaisteáin nua paisinéirí agus d’fheithiclí tráchtála éadroma nua agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 443/2009 agus Rialachán (AE) Uimh. 510/2011 ( IO L 111, 25.4.2019, lch. 13, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/631/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/1214/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)