|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/1207 |
18.6.2025 |
Comhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Ríocht na Danmhairge maidir le doiciméid bhreithiúnacha agus sheachbhreithiúnacha in ábhair shibhialta agus in ábhair thráchtála a sheirbheáil
De réir Airteagal 4(2) den Chomhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Ríocht na Danmhairge maidir le doiciméid bhreithiúnacha agus sheachbhreithiúnacha a sheirbheáil in ábhair shibhialta nó in ábhair thráchtála (1), arna thabhairt i gcrích le Cinneadh 2006/326/CE ón gComhairle an 27 Aibreán 2006 (dá ngairtear ‘an Comhaontú’ anseo feasta), aon uair a ghlacfar bearta cur chun feidhme de bhun an Rialacháin maidir le doiciméid a sheirbheáil, tabharfaidh an Danmhairg fógra don Choimisiún faoina cinneadh i dtaobh inneachar na mbeart cur chun feidhme a chur chun feidhme nó gan é a chur chun feidhme.
Maidir le Rialachán (AE) 2020/1784 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2020 maidir le doiciméid bhreithiúnacha agus sheachbhreithiúnacha a sheirbheáil sna Ballstáit in ábhair shibhialta nó thráchtála (doiciméid a sheirbheáil) (athmhúnlú) (2), thug an Danmhairg fógra don Choimisiún, le litir dar dáta an 22 Nollaig 2020, faoina cinneadh inneachar an Rialacháin sin a chur chun feidhme, Dá bhrí sin, is leasú ar an gComhaontú é Rialachán (AE) 2020/1784 agus meastar go bhfuil sé i gceangal leis. (3)
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/423 ón gCoimisiún lena leagtar síos na sonraíochtaí teicniúla, na bearta agus na ceanglais eile maidir le cur chun feidhme an chórais TF dhíláraithe dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2020/1784 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), glacadh é an 14 Márta 2022.
I gcomhréir le hAirteagal 4(2) den Chomhaontú, le litir dar dáta an 24 Lúnasa 2022, thug an Danmhairg fógra don Choimisiún faoina cinneadh inneachar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/423 ón gCoimisiún a chur chun feidhme. I gcomhréir le hAirteagal 4(4) den Chomhaontú, cruthaíonn fógra na Danmhairge oibleagáidí frithpháirteacha idir an Danmhairg agus an Comhphobal. Dá bhrí sin, is cuid den Chomhaontú é Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/423 ón gCoimisiún.
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1570 ón gCoimisiún lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/423 lena leagtar síos na sonraíochtaí teicniúla, na bearta agus na ceanglais eile maidir le cur chun feidhme an chórais TF dhíláraithe dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2020/1784 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), glacadh é an 4 Meitheamh 2024.
I gcomhréir le hAirteagal 4(2) den Chomhaontú, le litir dar dáta an 9 Eanáir 2025, thug an Danmhairg fógra don Choimisiún faoina cinneadh inneachar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1570 ón gCoimisiún a chur chun feidhme. I gcomhréir le hAirteagal 4(4) den Chomhaontú, cruthaíonn fógra na Danmhairge oibleagáidí frithpháirteacha idir an Danmhairg agus an Comhphobal. Dá bhrí sin, is cuid den Chomhaontú é Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1570 ón gCoimisiún.
I gcomhréir le hAirteagal 4(3) den Chomhaontú, tiocfaidh na bearta riaracháin is gá i bhfeidhm ar dháta theacht i bhfeidhm Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2022/423 agus (AE) 2024/1570 ón gCoimisiún i.e. an 1 Bealtaine 2025.
(1) IO L 120, 5.5.2006, lch. 23; IO L 300, 17.11.2005, lch. 57.
(2) IO L 405, 2.12.2020, lch. 40.
(3) IO L 19, 21.1.2021, lch. 1.
ELI: http://data.europa.eu/eli/agree/2025/1207/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)