|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/1202 |
20.6.2025 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/1202 ÓN gCOIMISIÚN
an 19 Meitheamh 2025
lena leathnaítear an dleacht frithdhumpála chinntitheach a fhorchuirtear le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/558 ar allmhairí córais leictreoidí graifíte áirithe de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne chun allmhairí graifíte saorga i mbloic nó i sorcóirí ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne a chumhdach
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (1) (‘an bun-Rialachán frithdhumpála’), agus go háirithe Airteagal 13 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
1. NÓS IMEACHTA
1.1. Imscrúduithe roimhe seo agus bearta atá ann cheana
|
(1) |
An 8 Aibreán 2022, trí Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/558 (2) d’fhorchuir an Coimisiún Eorpach dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí córas leictreoidí graifíte áirithe de thionscnamh na Síne tar éis imscrúdú frithdhumpála (‘an t-imscrúdú frithdhumpála bunaidh’). Bhí na bearta i bhfoirm dleacht ad valorem idir 23,0 % agus 74,9 % (‘na bearta bunaidh’). |
1.2. Iarraidh
|
(2) |
An 4 Meán Fómhair 2024, fuair an Coimisiún iarraidh de bhun Airteagal 13(3) agus Airteagal 14(5) ‘den bhun-Rialachán frithdhumpála’ chun imscrúdú a dhéanamh ar imchéimniú féideartha na mbeart frithdhumpála a fhorchuirtear ar allmhairí córas leictreoidí graifíte de thionscnamh na Síne agus chun allmhairí graifíte saorga i mbloic nó i sorcóirí de thionscnamh na Síne a chur faoi réir a gcláraithe. Is é Comhlachas Eorpach Carbóin agus Graifíte (‘an t-iarratasóir’) a chuir an iarraidh isteach. |
|
(3) |
Bhí fianaise leordhóthanach san iarraidh gur tháinig athrú ar an ngréasán trádála a bhaineann le honnmhairí ón tSín go dtí an tAontas, ar athrú é a thosaigh i ndiaidh fhorchur na mbeart bunaidh. Soláthraíodh fianaise san iarraidh gur cuireadh onnmhairí graifíte saorga in ionad onnmhairí córas leictreoidí graifíte áirithe ó Dhaon-Phoblacht na Síne, go pointe áirithe. Is chosúil gur eascair an t-athrú sin as cleachtas, is é sin na hoibríochtaí cóimeála nó na hoibríochtaí críochnaithe le haghaidh páirteanna Síneacha san Aontas agus díolachán na dtáirgí críochnaithe comhchosúla ina dhiaidh sin nach raibh cúis chuí ná údar eacnamaíoch leordhóthanach ina leith sin, seachas forchur na dleachta. Léiríodh san fhianaise gur tháinig méadú suntasach ar na hoibríochtaí sin ón tráth a tionscnaíodh an t-imscrúdú frithdhumpála, nó díreach roimhe, ar forchuireadh na bearta bunaidh mar thoradh air. Bhí fianaise leordhóthanach san iarraidh freisin a léirigh go raibh na páirteanna ó Dhaon-Phoblacht na Síne os cionn 60 % de luach iomlán pháirteanna an táirge chríochnaithe agus go raibh an breisluach a cuireadh leis na páirteanna a tugadh isteach le linn na hoibríochta bailchríochnaithe níos ísle ná 25 % den chostas monaraíochta. |
|
(4) |
Thairis sin, léirigh an fhianaise go raibh dumpáil ann agus go raibh an bonn á bhaint d’éifeachtaí ceartaitheacha na mbeart frithdhumpála bunaidh i dtéarmaí cainníochta agus praghsanna araon. |
1.3. An táirge lena mbaineann agus an táirge faoi imscrúdú
|
(5) |
Is é an táirge lena mbaineann an t-imchéimniú féideartha leictreoidí graifíte de chineál a úsáidtear le haghaidh foirnéisí leictreacha, a bhfuil dlús dealraitheach de 1,5 g/cm3 nó níos mó acu agus friotachas leictreach de 7,0 μ.Ω.m nó níos lú, bíodh siad feistithe le siní nó ná bíodh, agus trastomhas ainmniúil is mó ná 350 mm, earraí a bhí aicmithe faoi chód AC ex 8545 11 00 (cóid TARIC 8545 11 00 10 agus 8545 11 00 15) ar dháta theacht i bhfeidhm Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/558, agus de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (‘an táirge lena mbaineann’). Is é sin an táirge a bhfuil feidhm ag na bearta atá i bhfeidhm faoi láthair maidir leis. |
|
(6) |
Is é an táirge atá faoi imscrúdú maidir le himchéimniú féideartha graifít shaorga i mbloic nó i sorcóirí ag a bhfuil dlús dealraitheach 1,5 g/cm3 nó níos mó agus friotachas leictreach 7,0 μ.Ω.m nó níos lú, ar trastomhas ainmniúil is mó ná 350 mm, atá faoi láthair faoi chóid AC ex 3801 10 00 agus ex 3801 90 00 (cóid TARIC 3801 10 00 15 agus 3801 90 00 80) agus is de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne é (‘an táirge faoi imscrúdú’ nó ‘graifít shaorga’). |
|
(7) |
Léiríodh san imscrúdú go bhfuil na buntréithe fisiceacha agus ceimiceacha céanna agus na húsáidí céanna ag córais leictreoidí graifíte a tháirgtear san Aontas ó ghraifít shaorga na Síne agus atá ag córais leictreoidí graifíte de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne. Dá bhrí sin, meastar gur táirgí comhchosúla iad de réir bhrí Airteagal 1(4) agus Airteagal 13(1) den bhun-Rialachán frithdhumpála. |
1.4. Tionscnamh
|
(8) |
Tar éis don Choimisiún a chinneadh, tar éis dó na Ballstáit a chur ar an eolas, go raibh fianaise leormhaith ann chun imscrúdú a thionscnamh de bhun Airteagal 13(3) den bhun-Rialachán frithdhumpála, thionscain sé imscrúdú le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2686 ón gCoimisiún an 18 Deireadh Fómhair 2024 (3) (‘an Rialachán tionscnaimh’) agus chuir sé allmhairí graifíte saorga faoi réir a gcláraithe i gcomhréir le hAirteagal 14(5) den bhun-Rialachán frithdhumpála. |
1.5. Tréimhse imscrúdúcháin agus tréimhse thuairiscithe
|
(9) |
Leis an tréimhse imscrúdúcháin cumhdaíodh an tréimhse ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 30 Meitheamh 2024 (‘an tréimhse imscrúdúcháin’). Bailíodh sonraí ar feadh na tréimhse imscrúdúcháin chun imscrúdú a dhéanamh, inter alia, ar an athrú líomhainte ar an ngréasán trádála tar éis fhorchur na mbeart bunaidh, agus chun féachaint arbh ann do chleachtas, próiseas nó obair nach raibh údar maith leordhóthanach ná bonn cirt eacnamaíoch leis seachas forchur na dleachta. Bailíodh sonraí níos mionsonraithe ar feadh na tréimhse ón 1 Iúil 2023 go dtí an 30 Meitheamh 2024 (‘an tréimhse thuairiscithe’) chun scrúdú a dhéanamh chun a fháil amach an raibh allmhairí ag baint an bhoinn d’éifeacht cheartaitheach na mbeart atá i bhfeidhm i dtéarmaí praghsanna agus/nó cainníochtaí agus arbh ann don dumpáil. |
1.6. Imscrúdú
|
(10) |
Chuir an Coimisiún údaráis na Síne ar an eolas go hoifigiúil maidir le tionscnamh an imscrúdaithe, mar aon leis na táirgeoirí onnmhairiúcháin aitheanta sa tír sin, tionscal an Aontais agus na hallmhaireoirí aitheanta san Aontas. |
|
(11) |
Cuireadh foirmeacha éileamh ar dhíolúine le haghaidh allmhaireoirí san Aontas agus ceistneoirí le haghaidh na dtáirgeoirí/na n-onnmhaireoirí sa tSín ar fáil ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála. |
|
(12) |
Níor chuir ach allmhaireoir amháin, is é sin JAP INDUSTRIES s.r.o. (‘JAP’), iarraidh ar dhíolúine isteach, iarraidh a fíoraíodh ansin le linn cuairt ar a áitreabh. |
|
(13) |
Níor chuir ach táirgeoir Síneach amháin, is é sin Fangda Carbon New Material Co., Ltd., freagra ar an gceistneoir isteach. D’úsáid an Coimisiún an fhaisnéis a cuireadh isteach go háirithe chun na sreafaí trádála ón tSín a chros-seiceáil. |
|
(14) |
Sheol seirbhísí an Choimisiúin ceistneoir chuig Comhlachas Eorpach Carbóin agus Graifíte, inar iarradh faisnéis maidir le táirgeacht iomlán, acmhainneacht táirgeachta iomlán, úsáid acmhainneachta, díolacháin iomlána, díolacháin faoi chuing, úsáid faoi chuing, agus onnmhairí tháirgeoirí an Aontais. Chuir an t-iarratasóir, Comhlachas Carbóin agus Graifíte na hEorpa, freagra isteach ar an macraicheistneoir. |
|
(15) |
Tugadh an deis do pháirtithe leasmhara a gcuid tuairimí a chur in iúl i scríbhinn agus éisteacht a iarraidh laistigh den teorainn ama a leagtar amach sa Rialachán tionscnaimh. Cuireadh na páirtithe uile ar an eolas go bhféadfaí Airteagal 18 den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm mura gcuirfí an fhaisnéis ábhartha uile isteach nó dá gcuirfí faisnéis neamhiomlán, bhréagach nó mhíthreorach isteach agus go bhféadfaí torthaí a bhunú ar na fíorais a bheadh ar fáil. |
|
(16) |
Tionóladh éisteacht an 5 Samhain 2024 le JAP. |
2. TORTHAÍ AN IMSCRÚDAITHE
2.1. Breithnithe ginearálta
|
(17) |
I gcomhréir le hAirteagal 13(1) den bhun-Rialachán Frithdhumpála, ba cheart anailís a dhéanamh ar na gnéithe seo a leanas i ndiaidh a chéile chun aon imchéimniú féideartha a mheas:
|
|
(18) |
Ós rud é gur tharraing an fhianaise a chuir an t-iarratasóir ar fáil san iarraidh aird ar oibríochtaí cóimeála nó bailchríochnaithe san Aontas, rinne an Coimisiún anailís go sonrach ar chomhlíonadh na gcritéar a leagtar amach in Airteagal 13(2) den bhun-Rialachán frithdhumpála, go háirithe:
|
2.2. Torthaí an imscrúdaithe
2.2.1. An leibhéal comhair
|
(19) |
Mar a tugadh faoi deara in aithris (12), níor chuir ach allmhaireoir amháin graifíte saorga san Aontas iarraidh ar dhíolúine ar fáil agus chomhoibrigh sé le linn an imscrúdaithe. Bhí 4,8 % (4) d’allmhairí iomlána na graifíte saorga isteach san Aontas ó Dhaon-Phoblacht na Síne le linn na tréimhse tuairiscithe i gceist le hallmhairí na cuideachta sin, ar leibhéal íseal comhair é. Mar gheall ar an leibhéal íseal comhair, bhí na torthaí bunaithe ar fhíorais a bhí ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán Frithdhumpála. |
2.2.2. Athrú ar an ngréasán trádála
|
(20) |
Léirítear i dTábla 1 thíos an fhorbairt atá tagtha ar allmhairí córas leictreoidí graifíte ón tSín isteach san Aontas sa tréimhse imscrúdúcháin. Tábla 1 Allmhairí córas leictreoidí graifíte isteach san Aontas sa tréimhse imscrúdúcháin (5) (i dtonaí)
|
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(21) |
Léirítear i dTábla 1 gur tháinig laghdú ar mhéid allmhairí córas leictreoidí graifíte ón tSín ó 25 199 thona in 2021 go dtí 16 541 thona sa tréimhse thuairiscithe. Tháinig laghdú 37 % ar mhéid na n-allmhairí ó 2021 go 2023, agus tháinig méadú 3 % air ina dhiaidh sin ó 2023 go dtí an tréimhse tuairiscithe. Dá réir sin, le linn na tréimhse imscrúdúcháin, tháinig laghdú 34 % ar mhéid na n-allmhairí córas leictreoidí graifíte ó Dhaon-Phoblacht na Síne. Tharla an laghdú sin i gcomhthráth le forchur na mbeart bunaidh i mí Aibreáin 2022. Tháinig laghdú freisin ar sciar na n-allmhairí ó Dhaon-Phoblacht na Síne i gcomparáid le hiomlán na n-allmhairí (ó 63 % go 59 % idir 2021 agus an tréimhse tuairiscithe) nó le hallmhairí ó thríú tíortha eile (ó 167 % go 142 %). |
|
(22) |
Léirítear i dTábla 2 an fhorbairt atá tagtha ar allmhairí graifíte saorga isteach san Aontas ón tSín sa tréimhse imscrúdúcháin. Tábla 2 Allmhairí graifíte saorga go dtí an tAontas sa tréimhse imscrúdúcháin (6) (i dtonaí)
|
||||||||||||||||||||||
|
(23) |
Is é graifít shaorga an príomh-ionchur chun córais leictreoidí graifíte a tháirgeadh. Léirítear i dTábla 2 gur tháinig méadú ar allmhairí graifíte saorga ón tSín isteach san Aontas ó 80 039 thona in 2021 go dtí 118 884 thona sa tréimhse thuairiscithe. Ó 2021 go 2022, tháinig méadú 43 % ar allmhairí, agus shroich siad 114 625. Lean an treocht aníos sin ar aghaidh in 2023, agus shroich allmhairí buaicphointe 132 978 tona. Ó 2023 go dtí an tréimhse tuairiscithe, tháinig laghdú ar mhéideanna allmhairí go 118 884 tona. Ar an iomlán, tháinig méadú 49 % ar mhéideanna allmhairí graifíte saorga ón tSín sa tréimhse imscrúdúcháin. |
|
(24) |
Áirítear táirgí eile freisin leis na cóid AC 3801 10 00 agus 3801 90 00 , ina n-aicmítear graifít shaorga. Go háirithe, áirítear leo ábhair a úsáidtear chun ceallraí a tháirgeadh. |
|
(25) |
Tá difríochtaí idir foirmeacha graifíte saorga a úsáidtear chun leictreoidí graifíte a tháirgeadh agus na foirmeacha a úsáidtear le haghaidh feidhmeanna eile, go háirithe ceallraí a tháirgeadh. Is bloic chrua nó sorcóirí crua atá i gceist le huigeacht agus foirm na graifíte saorga a úsáidtear chun leictreoidí graifíte a tháirgeadh, seachas foirmeacha púdair nó taois a úsáidtear le haghaidh feidhmeanna eile. Thairis sin, comhfhreagraíonn méid bloic graifíte saorga, a bheag nó a mhór, do mhéid leictreoidí graifíte. Mar a thuairiscítear i Roinn 1.3 thuas, leanann sé ó shainmhíniú an táirge faoi imscrúdú, mar a leagtar amach i Roinn 1.3 thuas, go bhfuil an t-imscrúdú teoranta do ghraifít shaorga a úsáidtear chun leictreoidí graifíte a tháirgeadh. |
|
(26) |
Thuairiscigh an t-iarratasóir go gcumhdaítear freisin leis na cóid Ainmníochta Comhcheangailte (AC) 8 ndigit agus 10 ndigit is infheidhme maidir le hallmhairí isteach sa Pholainn agus san Ungáir ábhair áirithe a úsáidtear i dtáirgeadh ceallraí freisin. I bhfianaise an mhéid thuas, rinne an Coimisiún anailís ar na sonraí allmhairiúcháin lena n-eisítear allmhairí chuig an bPolainn agus chuig an Ungáir, na Ballstáit is mó atá freagrach as allmhairí táirgí faoin gcód AC céanna atá beartaithe do tháirgeadh ceallraí le blianta beaga anuas. Tábla 3 Allmhairí graifíte saorga isteach san Aontas, cé is moite den Pholainn agus den Ungáir, sa tréimhse imscrúdúcháin (7) (i dtonaí)
|
||||||||||||||||||||||
|
(27) |
Léirítear i dTábla 3 gur tháinig méadú ar mhéid allmhairí graifíte saorga ón tSín isteach san Aontas, cé is moite den Pholainn agus den Ungáir, ó 27 862 thona in 2021 go dtí 40 250 thona sa tréimhse thuairiscithe. Tháinig méadú 78 % ar allmhairí ó 2021 go 2022, agus tháinig laghdú orthu ina dhiaidh sin go 43 723 tona in 2023, ansin tháinig laghdú breise orthu go 40 250 tona sa tréimhse thuairiscithe. Ar an iomlán, tháinig méadú 44 % ar allmhairí le linn na tréimhse imscrúdúcháin. Tharla an méadú sin i gcomhthráth le forchur na mbeart bunaidh i mí Aibreáin 2022. |
|
(28) |
Is éard a bhí i gceist leis an laghdú ar onnmhairí córas leictreoidí graifíte ón tSín chuig an Aontas mar a fheictear i dTábla 1 mar aon leis an méadú suntasach ar onnmhairí graifíte saorga ón tSín chuig an Aontas sa tréimhse imscrúdúcháin, mar a léirítear i dTábla 2 agus i dTábla 3, rud a léiríonn go ndearnadh ionadú (féach aithris 33), athrú ar an ngréasán trádála de réir bhrí Airteagal 13(1) den bhun-Rialachán frithdhumpála. |
2.2.3. Cleachtas, próiseas nó obair nach ann do chúis chuí ná bonn cirt eacnamaíoch leormhaith ina leith seachas forchur na dleachta
|
(29) |
Ceanglaítear le hAirteagal 13(1) den bhun-Rialachán frithdhumpála go n-eascraíonn an t-athrú ar an ngréasán trádála as cleachtas, próiseas nó obair nach bhfuil cúis chuí nó bonn cirt eacnamaíoch leormhaith leis seachas forchur na dleachta. Áirítear leis an gcleachtas, próiseas nó obair, i measc nithe eile, páirteanna a chóimeáil nó oibríochtaí bailchríochnaithe i gcomhréir le hAirteagal 13(2) den bhun-Rialachán frithdhumpála. |
|
(30) |
Meastar graifít shaorga a bheith ina táirge leathchríochnaithe, ar a ndéantar próiseáil bhreise chun táirgí críochnaithe amhail córas leictreoidí graifíte a chruthú. Tagann an tuilleadh próiseála seo de ghraifít shaorga chun córais leictreoidí graifíte a dhéanamh faoi choincheap oibríocht bailchríochnaithe de réir bhrí Airteagal 13(2) den bhun-Rialachán frithdhumpála. |
|
(31) |
Tugadh le fios leis an imscrúdú gur allmhairíodh graifít shaorga ó Dhaon-Phoblacht na Síne isteach san Aontas, lena próiseáil a thuilleadh ina GES. Suíodh san imscrúdú freisin go raibh an ghraifít shaorga ó Dhaon-Phoblacht na Síne os cionn 60 % de luach iomlán páirteanna córas leictreoidí graifíte (95 % go 100 %) agus go raibh an breisluach san oibríocht phróiseála bhreise i bhfad níos ísle ná 25 % den chostas monaraíochta (8) (1 % go 10 %). |
|
(32) |
Níor léiríodh san imscrúdú nach raibh aon bhonn cirt eacnamaíoch leis an athrú ar an ngréasán trádála mar a thugtar tuairisc air i Roinn 2.2.2 seachas tionscnamh an imscrúdaithe frithdhumpála bunaidh agus forchur na mbeart bunaidh ina dhiaidh sin. |
|
(33) |
Dá bhrí sin, comhlíonadh ceanglais Airteagal 13(1) agus Airteagal 13(2) den bhun-Rialachán frithdhumpála. |
2.2.4. An bonn a bhaint d’éifeachtaí ceartaitheacha na dleachta
|
(34) |
I gcomhréir le hAirteagal 13(2) den bhun-Rialachán frithdhumpála, scrúdaigh an Coimisiún ar bhain allmhairí an táirge faoi imscrúdú isteach san Aontas, i dtéarmaí cainníochtaí agus praghsanna araon, an bonn d’éifeachtaí ceartaitheacha na mbeart atá i bhfeidhm faoi láthair. |
|
(35) |
Maidir le cainníochtaí, bhí thart ar 28 % de thomhaltas an Aontais le linn na tréimhse tuairiscithe i gceist le hallmhairí graifíte saorga, ó Dhaon-Phoblacht na Síne isteach san Aontas, a úsáideadh chun córais leictreoidí graifíte a dhéanamh díobh. Measadh gur 142 817 tona a bhí i dtomhaltas córas leictreoidí graifíte san Aontas (9). Measadh, dá bhrí sin, go raibh méid na n-allmhairí suntasach. |
|
(36) |
Maidir le praghsanna, rinne an Coimisiún comparáid idir meánphraghas neamhdhíobhálach córas leictreoidí graifíte, mar a suíodh san imscrúdú frithdhumpála bunaidh arna gcoigeartú mar gheall ar bhoilsciú bunaithe ar Innéacs Comhchuibhithe Praghsanna do Thomhaltóirí de chuid an Bhainc Ceannais Eorpaigh (10), agus na meánphraghsanna ualaithe onnmhairiúcháin CAL le haghaidh graifíte saorga a cinneadh ar bhonn staitisticí a sholáthair Eurostat, arna gcoigeartú go cuí le haghaidh athraithe agus brabúis. Léiríodh leis an gcomparáid sin idir praghsanna gur díoladh na hallmhairí ón tSín ar phraghas a bhí breis agus 170 % ní b’ísle ná praghsanna an Aontais. |
|
(37) |
Dá bhrí sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go raibh an bonn á bhaint d’éifeacht cheartaitheach na mbeart atá i bhfeidhm i dtéarmaí praghsanna agus cainníochtaí araon. |
2.2.5. Fianaise ar dhumpáil
|
(38) |
I gcomhréir le hAirteagal 13(2) den bhun-Rialachán frithdhumpála, rinne an Coimisiún scrúdú freisin féachaint an raibh fianaise maidir le dumpáil i ndáil leis na gnáthluachanna a suíodh roimhe sin don táirge comhchosúil. |
|
(39) |
Chuige sin, rinne an Coimisiún comparáid idir meánphraghsanna onnmhairiúcháin córas leictreoidí graifíte le linn na tréimhse tuairiscithe, bunaithe ar staitisticí allmhairiúcháin Eurostat maidir le graifít shaorga, gan allmhairí isteach sa Pholainn agus san Ungáir a áireamh, agus arna gcoigeartú i leith an chostais a bhaineann le tuilleadh próiseála a dhéanamh ar córais leictreoidí graifíte, leis an ngnáthluach a suíodh le haghaidh na Síne san imscrúdú frithdhumpála bunaidh (11), arna choigeartú don bhoilsciú. De réir na modheolaíochta a bunaíodh san iarraidh, d’úsáid an Coimisiún an méadú ar an ráta boilscithe i Meicsiceo (12), an tír ionadaíoch san imscrúdú bunaidh, mar thagairt. |
|
(40) |
Léiríodh leis an gcomparáid idir an praghas onnmhairiúcháin agus na gnáthluachanna don táirge comhchosúil a cinneadh roimhe seo san imscrúdú frithdhumpála bunaidh, arna suí mar a thugtar tuairisc in aithris (39), tar éis coigeartuithe, fianaise ar dhumpáil le linn na tréimhse tuairiscithe, mar a mhínítear in Airteagal 13(1) den bhun-Rialachán frithdhumpála. |
3. BEARTA
|
(41) |
Ar bhonn a bhfuil thuas, mheas an Coimisiún ar deireadh go ndearnadh imchéimniú ar an dleacht frithdhumpála chinntitheach a fhorchuirtear ar allmhairí córas leictreoidí graifíte de thionscnamh na Síne i gcás allmhairí graifíte saorga. |
|
(42) |
Dá bhrí sin, i gcomhréir le hAirteagal 13(1) den bhun-Rialachán frithdhumpála, ba cheart na bearta frithdhumpála atá i bhfeidhm a leathnú chun allmhairí an táirge faoi imscrúdú de thionscnamh na Síne isteach san Aontas a chumhdach. |
|
(43) |
De bhun Airteagal 13(1), an dara mír den bhun-Rialachán, ba cheart an beart a bhunaítear in Airteagal 1(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/558 a bheith ina bheart atá le leathnú i gcás ‘gach cuideachta eile’, ar dleacht frithdhumpála chinntitheach 74,9 % é is infheidhme maidir leis an nglanphraghas, saor ag teorainn an Aontais, roimh an dleacht chustaim a íoc. |
|
(44) |
De bhun Airteagal 13(3) den bhun-Rialachán frithdhumpála, lena bhforáiltear gur cheart feidhm a bheith ag aon bheart dá leathnaítear i gcás allmhairí a tháinig isteach san Aontas faoi chlárú arna fhorchur leis an Rialachán tionscnaimh, tá dleachtanna le bailiú i leith na n-allmhairí cláraithe sin arb allmhairí an táirge atá faoi imscrúdú iad, i gcomhréir le torthaí an imscrúdaithe seo. |
4. IARRATAÍ AR DHÍOLÚINTÍ
|
(45) |
Rinne allmhaireoir amháin de ghraifít shaorga iarraidh ar dhíolúine ó leathnú na mbeart. |
|
(46) |
I gcomhréir le hAirteagal 13(1) agus Airteagal 13(2) den bhun-Rialachán frithdhumpála, rinne an Coimisiún anailís le féachaint an raibh an t-iarratasóir páirteach sa chleachtas imchéimnithe a bunaíodh sa chás seo. |
|
(47) |
Go sonrach, níor léiríodh leis an gcomparáid idir gnáthluachanna a suíodh mar a mhínítear in aithris (39) agus praghsanna JAP Industries san Aontas aon fhianaise ar dhumpáil le linn na tréimhse tuairiscithe. Thairis sin, léirigh an t-imscrúdú gur tháinig laghdú suntasach ar dhíolacháin córas leictreoidí graifíte ag JAP Industries laistigh den Aontas le linn na tréimhse imscrúdúcháin. Thairis sin, bhí praghsanna JAP Industries i bhfad níos airde i gcomparáid le praghsanna na Síne, fiú tar éis na dleachtanna frithdhumpála a forchuireadh ar córais leictreoidí graifíte ón tSín a chur san áireamh. Dá bhrí sin, fuarthas amach nár ghlac JAP páirt sa chleachtas imchéimnithe a bunaíodh sa chás seo. |
|
(48) |
I bhfianaise an mhéid thuas, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur cheart an iarraidh ar dhíolúine, de bhun Airteagal 13(4) den bhun-Rialachán, a dheonú do JAP. |
5. NOCHTADH
|
(49) |
An 25 Aibreán 2025, nocht an Coimisiún na fíorais agus na breithnithe fíor-riachtanacha uile as ar eascair na conclúidí thuas do na páirtithe leasmhara uile agus d’iarr sé orthu a mbarúil a thabhairt. |
|
(50) |
Tar éis an nochta, mhaígh táirgeoir onnmhairiúcháin Síneach, Fangda Carbon New Material Co. Ltd, nár cheart na dleachtanna leathnaithe a shocrú ag an ráta iarmharach. D’áitigh siad gur cheart go léireodh na rátaí na rátaí a suíodh le linn an imscrúdaithe bunaidh, agus gur cheart allmhairí na gcuideachtaí a chomhoibrigh san imscrúdú tosaigh agus a fuair meánrátaí aonair nó ualaithe a bheith faoi réir an leibhéil chéanna dleachtanna faoi seach, seachas an dleacht iarmharach is infheidhme maidir le cuideachtaí eile. |
|
(51) |
Níor chomhaontaigh an Coimisiún leis sin. Le hAirteagal 13(1), an dara mír den bhun-Rialachán frithdhumpála, ceadaítear don Choimisiún na dleachtanna a leathnú chuig leibhéal nach mó ná an dleacht frithdhumpála iarmharach arna forchur i gcomhréir le hAirteagal 9(5). Sa chás sin, níor chuir páirtithe leasmhara aon argóint bhailí i láthair maidir leis an bhfáth ar cheart don Choimisiún, agus a lánrogha á feidhmiú aige i ndáil leis sin, an dleacht is infheidhme a shocrú ar leibhéal níos ísle ná an dleacht iarmharach. Dá bhrí sin, ghníomhaigh an Coimisiún i gcomhréir leis an gcreat dlíthiúil is infheidhme. Diúltaíodh, dá bhrí sin, don maíomh. |
|
(52) |
Ar an gcaoi chéanna, mhaígh Fangda Carbon nár thug an Coimisiún bunús leordhóthanach lena chinneadh maidir leis an mbreisluach. Mhaígh sé freisin nár shoiléirigh an Coimisiún ar áiríodh táirgí nach dtagann faoi raon feidhme an táirge faoi imscrúdú, ach a thagann faoi chóid AC chomhchosúla, sa chomparáid praghsanna, agus ar eisiadh sonraí allmhairiúcháin ón tSín chuig an Ungáir agus chuig an bPolainn ón measúnú. |
|
(53) |
Maidir leis an ngnáthluach a chinneadh, shuigh an Coimisiún go raibh an breisluach a cuireadh leis na páirteanna a tugadh isteach trí thuilleadh próiseála go mór faoi bhun 25 %. Bhí an chonclúid sin, mar a mhínítear i Roinn 2.2.3, bunaithe ar shonraí a cuireadh isteach sa ghearán agus a deimhníodh le sonraí fíoraithe arna gcur isteach ag an gcuideachta a d’iarr an díolúine. Diúltaíodh, dá bhrí sin, don maíomh. |
|
(54) |
Maidir leis na táirgí a áirítear sa chomparáid praghsanna agus i mbreithniú na n-allmhairí ón Ungáir agus ón bPolainn, mhínigh an Coimisiún i Roinn 2.2.2 an mhodheolaíocht chun an táirge faoi imscrúdú a leithlisiú ó tháirgí eile ba cheart a eisiamh bunaithe ar an bhfaisnéis atá ar fáil. Chuir an Coimisiún i dtábhacht go sonrach an t-idirdhealú idir foirmeacha graifíte saorga a úsáidtear i dtáirgeadh leictreoidí graifíte agus na foirmeacha sin atá beartaithe le haghaidh feidhmeanna eile. Míníodh freisin in aithrisí (26) go (28) agus in aithris (39) gur eisíodh allmhairí graifíte saorga isteach sa dhá thír sin ón anailís. |
|
(55) |
Tar éis an nochta, d’easaontaigh an t-iarratasóir le conclúid an Choimisiúin nach raibh aon fhianaise ar dhumpáil i bpraghsanna díola JAP le linn na tréimhse tuairiscithe agus mhaígh sé nár shonraigh an Coimisiún an bunús dlí faoinar deonaíodh an díolúine. |
|
(56) |
Thug an Coimisiún dá aire go ndearna sé measúnú críochnúil ar an bhfaisnéis a iarradh ó JAP Industries agus a chuir sé isteach. Go sonrach, níor léiríodh leis an gcomparáid idir gnáthluachanna a suíodh mar a mhínítear in aithris (39) agus praghsanna JAP Industries san Aontas aon fhianaise ar dhumpáil le linn na tréimhse tuairiscithe. Dá bhrí sin, bunaithe ar shonraí fíoraithe cuideachta-shonracha, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach raibh aon fhianaise ann maidir le dumpáil. Ós rud é gur coinníoll riachtanach é dumpáil a bheith ann chun imchéimniú a shuí faoi Airteagal 13(2) den bhun-Rialachán, chinn an Coimisiún nár tharla aon imchéimniú agus, dá bhrí sin, dheonaigh sé an díolúine a iarradh. Os a choinne sin, fuarthas amach nach raibh bunús fíorasach le líomhaintí an iarratasóra maidir le dumpáil a cuireadh i leith JAP. Diúltaíodh, dá bhrí sin, don maíomh. |
|
(57) |
D’iarr an t-iarratasóir freisin, dá ndeonófaí díolúine do JAP Industries, gur cheart coimircí iomchuí a chur chun feidhme chun maolú a dhéanamh ar rioscaí a d’fhéadfadh teacht as athruithe ar iompraíocht mhargaidh JAP Industries i margadh an Aontais. Áirítear ar na rioscaí sin, i measc nithe eile, a bheith ina chainéal le haghaidh allmhairí graifíte saorga atá beartaithe lena n-athdhíol le cuideachtaí próiseála eile san Aontas, nó páirt a ghlacadh i gcleachtais dumpála. |
|
(58) |
Maidir leis an riosca go dtiocfaidh an chuideachta chun bheith ina bealach imchéimnithe, mheas an Coimisiún gur tugadh an díolúine don chuideachta bunaithe ar an bhfíoras nárbh ionann a hoibríochtaí cóimeála nó críochnaithe féin san Aontas agus imchéimniú. Dá bhrí sin, ba cheart a áirithiú leis na coinníollacha díolúine go n-úsáidfear iarbhír an ghraifít shaorga arna hallmhairiú ag an bpáirtí díolmhaithe in oibríochtaí cóimeála an pháirtí dhíolmhaithe, agus nach n-athdhíolfar í le páirtithe eile san Aontas. Go deimhin, d’fhágfadh an dara rogha sin go mbeadh na bearta neamhéifeachtach. Dá bhrí sin, mheas an Coimisiún gurbh iomchuí nár cheart an ghraifít shaorga arna hallmhairiú ag an gcuideachta dhíolmhaithe a úsáid ach amháin in oibríochtaí cóimeála an pháirtí dhíolmhaithe, a ath-onnmhairiú nó a scriosadh, agus gur cheart go gceadófaí cúlghairm na díolúine le sárú ar na hoibleagáidí sin, amhail na hallmhairí sin a athdhíol le páirtithe eile san Aontas. |
|
(59) |
Maidir le rannpháirtíocht fhéideartha i ndumpáil nó, ar bhonn níos leithne, i gcleachtais imchéimnithe, is féidir aghaidh a thabhairt air sin trí athbhreithniú a dhéanamh ar na bearta, ar choinníoll go bhfuil dóthain fianaise ann chun athbhreithniú den sórt sin a thionscnamh. |
|
(60) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste arna bhunú le hAirteagal 15(1) de Rialachán (AE) 2016/1036, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
1. An dleacht frithdhumpála chinntitheach a fhorchuirtear le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/558 ar allmhairí leictreoidí graifíte de chineál a úsáidtear le haghaidh foirnéisí leictreacha, ag a bhfuil dlús dealraitheach 1,5 g/cm3 nó níos mó agus friotachas leictreach 7,0 μ.Ω.m nó níos lú, bíodh siad feistithe le siní nó ná bíodh, a bhfuil trastomhas ainmniúil níos mó ná 350 mm acu, atá faoi láthair faoi chód AC ex 8545 11 00 (cóid TARIC 8545 11 00 10 agus 8545 11 00 15), agus ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne iad, leathnaítear í leis seo chun allmhairí graifíte saorga i mbloic nó i sorcóirí ag a bhfuil dlús dealraitheach 1,5 g/cm3 nó níos mó agus friotaíocht leictreach 7,0 μ.Ω.m nó níos lú a bhfuil trastomhas ainmniúil níos mó ná 350 mm acu, atá faoi láthair faoi chóid AC ex 3801 10 00 agus ex 3801 90 00 (cóid TARIC 3801 10 00 15 agus 3801 90 00 80), agus ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne iad a chumhdach, cé is moite d’allmhairí graifíte saorga i mbloic nó i sorcóirí ag a bhfuil dlús dealraitheach 1,5 g/cm3 nó níos airde agus friotachas leictreach 7,0 μ.Ω.m nó níos ísle, ar trastomhas ainmniúil níos mó ná 350 mm, a thagann faoi chóid AC ex 3801 10 00 agus ex 3801 90 00 (cóid TARIC 3801 10 00 15 agus 3801 90 00 80) faoi láthair, a allmhairíonn na cuideachtaí a liostaítear thíos:
|
Cuideachta |
Cód breise TARIC |
|
JAP INDUSTRIES s.r.o. |
89MJ |
2. Is í an dleacht a leathnaítear an dleacht frithdhumpála 74,9 % is infheidhme maidir le ‘gach cuideachta eile’ i nDaon-Phoblacht na Síne (cód breise TARIC C999).
3. Baileofar an dleacht a leathnaítear le míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo ar allmhairí de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne a chláraítear i gcomhréir le hAirteagal 2 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2686, cé is moite d’allmhairí graifíte saorga i mbloic nó i sorcóirí ag a bhfuil dlús dealraitheach 1,5 g/cm3 nó níos mó agus friotachas leictreach 7,0 μ.Ω.m nó níos lú a bhfuil trastomhas ainmniúil níos mó ná 350 mm acu, atá faoi láthair faoi chóid AC ex 3801 10 00 agus ex 3801 90 00 (cóid TARIC 3801 10 00 15 agus 3801 90 00 80) arna n-allmhairiú ag an gcuideachta a liostaítear i mír 1.
4. Mura sonraítear a mhalairt, beidh feidhm ag na forálacha atá i bhfeidhm maidir le dleachta custaim.
Airteagal 2
Ordaítear do na húdaráis chustaim scor de chlárú na n-allmhairí a bunaíodh i gcomhréir le hAirteagal 2 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2686, ar clárú é a aisghairtear leis seo.
Airteagal 3
Maidir le hallmhairí páirteanna atá díolmhaithe ón dleacht leathnaithe de bhun Airteagal 1, úsáidfear iad in oibríochtaí cóimeála an pháirtí dhíolmhaithe, nó déanfar iad a scriosadh nó a athonnmhairiú. I gcás ina sárófar an fhoráil sin, déanfar an díolúine a chúlghairm i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 13(4) de Rialachán (AE) 2016/1036.
Airteagal 4
1. Déanfar iarrataí ar dhíolúine ón dleacht a leathnaítear le hAirteagal 1 i scríbhinn i gceann de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh agus ní mór do dhuine atá údaraithe chun ionadaíocht a dhéanamh ar an eintiteas atá ag iarraidh na díolúine an iarraidh a shíniú. Ní mór an iarraidh a chur chuig an seoladh seo a leanas:
|
An Coimisiún Eorpach |
|
Ard-Stiúrthóireacht na Trádála |
|
Oifig Stiúrthóireacht G: |
|
CHAR 04/39 |
|
1049 Bruxelles/Brussel |
|
BELGIQUE/BELGIË |
2. I gcomhréir le hAirteagal 13(4) de Rialachán (AE) 2016/1036, féadfaidh an Coimisiún a údarú go ndíolmhófar allmhairí ó chuideachtaí nach n-imchéimníonn na bearta frithdhumpála arna bhforchur le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/558, ón dleacht a leathnaítear le hAirteagal 1.
Airteagal 5
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 19 Meitheamh 2025.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 176, 30.6.2016, lch. 21, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/1036/oj.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/558 ón gCoimisiún an 6 Aibreán 2022 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach agus lena mbailítear go cinntitheach an dleacht shealadach arna forchur ar allmhairí córas áirithe leictreoidí graifíte de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (IO L 108, 7.4.2022, lch. 20, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2022/558/oj).
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2686 ón gCoimisiún an 17 Deireadh Fómhair 2024 lena dtionscnaítear imscrúdú a bhaineann le himchéimniú féideartha na mbeart frithdhumpála arna bhforchur le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/558 ar allmhairí córas áirithe leictreoidí graifíte de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne trí allmhairí graifíte saorga i mbloic nó i sorcóirí de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, agus lena gcuirtear na hallmhairí sin faoi réir a gcláraithe (IO L, 2024/2686, 18.10.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/2686/oj).
(4) Ar bhonn allmhairí graifíte saorga a mheastar a úsáidtear chun córais leictreoidí graifíte a tháirgeadh mar a leagtar amach in aithris (29) agus i dTábla 3.
(5) Cóid TARIC 8545 11 00 10 agus 8545 11 00 15.
(6) Cóid AC 3801 10 00 agus 3801 90 00.
(7) Cóid AC 3801 10 00 agus 3801 90 00.
(8) Ar bhonn na sonraí arna soláthar san iarraidh agus arna ndearbhú le sonraí arna soláthar ag JAP.
(9) Bhí figiúirí tomhaltais bunaithe ar allmhairí córas leictreoidí graifíte, díolacháin córas leictreoidí graifíte thionscal an Aontais san Aontas mar a thuairiscítear sa mhacraicheistneoir agus allmhairí graifíte saorga a mheastar a úsáidfear chun córais leictreoidí graifíte a tháirgeadh mar a leagtar amach in aithris (29) agus i dTábla 3.
(10) https://data.ecb.europa.eu/data/data-categories.
(11) Féach Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/558.
(12) https://www.worldbank.org/en/research/brief/inflation-database.
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1202/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)