European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/1201

11.7.2025

RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2025/1201 ÓN gCOIMISIÚN

an 12 Meitheamh 2025

lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/530 a mhéid a bhaineann le dáta a chur i bhfeidhm

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 2173/2005 ón gComhairle an 20 Nollaig 2005 maidir le scéim ceadúnúcháin FLEGT a bhunú i gcás allmhairí adhmaid isteach sa Chomhphobal Eorpach (1), agus go háirithe Airteagal 10(1) agus (3) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rinne na Páirtithe an Comhaontú Comhpháirtíochta Deonaí idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht Ghána i ndáil le forfheidhmiú an dlí agus rialachas i dtaca le foraoisí, agus trádáil táirgí adhmaid isteach sa Chomhphobal (2) (‘an Comhaontú’) a dhaingniú agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Nollaig 2009.

(2)

Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/530 ón gCoimisiún (3), áirítear Poblacht Ghána agus Rannán Forbartha an Tionscail Adhmaid i nGána sa liosta in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 2173/2005, agus i liosta na dtáirgí a chumhdaítear le scéim ceadúnúcháin FLEGT in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán sin. Beidh feidhm ag Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/530 ón 8 Iúil 2025.

(3)

Tosóidh Gána ag eisiúint ceadúnais FLEGT an 30 Meitheamh 2025 ar a luaithe. Ós rud é go mbíonn amlínte caighdeánacha loingseoireachta idir Gána agus an tAontas idir 2 agus 8 seachtaine ar an meán, tá riosca suntasach ann nach mbeidh lastais adhmaid a shroicheann an tAontas ón 8 Iúil 2025 cumhdaithe ag ceadúnas FLEGT toisc go bhféadfaí gur seoladh iad sular thosaigh Gána ag eisiúint ceadúnais FLEGT.

(4)

I bhfianaise Airteagal 12 den Chomhaontú agus Airteagal 4(1) de Rialachán (CE) Uimh. 2173/2005, tá dáta tosaigh scéim ceadúnúcháin FLEGT le leagan síos d’fhonn freastal ar na hamlínte loingseoireachta idir Gána agus an tAontas. Déanfar é sin chun a áirithiú go gcomhlíontar an Comhaontú agus Rialachán (CE) Uimh. 2173/2005 agus chun suaitheadh a sheachaint sna slabhraí soláthair adhmaid agus ar dhialltaí féideartha i dtrádáil adhmaid chuig margaí nach margaí de chuid an Aontais iad, rud a dhéanfadh dochar do sholáthar an Aontais. Ina theannta sin, dhéanfadh suaitheadh trádála dochar d’inchreidteacht an Chomhaontaithe mar ionstraim éascaithe trádála agus imreofaí drochthionchar ar oibreoirí eacnamaíocha i nGána agus san Aontas araon.

(5)

Dá bhrí sin, ba cheart dáta cur i bhfeidhm Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/530 a oiriúnú, chun dóthain ama a thabhairt do lastais a fhágann Gána roimh an 30 Meitheamh an tAontas a shroicheadh gan an oibleagáid a bheith cumhdaithe le ceadúnas FLEGT.

(6)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/530 a leasú dá réir sin.

(7)

Chun srian a chur le suaitheadh trádála, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Ar an gcúis chéanna, ba cheart feidhm a bheith aige ón 8 Iúil 2025,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

In Airteagal 3 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/530, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na dara míre:

‘Beidh feidhm aige ón 8 Deireadh Fómhair 2025.’

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 8 Iúil 2025.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 12 Meitheamh 2025.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 347, 30.12.2005, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2005/2173/oj.

(2)  Comhaontú Comhpháirtíochta Deonaí idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht Ghána i ndáil le forfheidhmiú an dlí agus rialachas i dtaca le foraoisí, agus trádáil táirgí adhmaid isteach sa Chomhphobal (IO L 70, 19.3.2010, lch. 3).

(3)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/530 ón gCoimisiún an 30 Deireadh Fómhair 2024 lena leasaítear Iarscríbhinní I agus III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 2173/2005 ón gComhairle mar thoradh ar Chomhaontú Comhpháirtíochta Deonaí le Poblacht Ghána le haghaidh scéim ceadúnúcháin i ndáil le Forfheidhmiú an Dlí, Rialachas agus Trádáil i dtaca le Foraoisí (FLEGT) le haghaidh allmhairí adhmaid isteach san Aontas Eorpach (IO L, 2025/530, 20.3.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2025/530/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2025/1201/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)