|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/1196 |
19.6.2025 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/1196 ÓN gCOIMISIÚN
an 18 Meitheamh 2025
lena gcuirtear ar ceal an t-údarú Aontais le haghaidh an táirge bhithicídigh aonair ‘Nordkalk Filtra G’ i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2400 ón gCoimisiún
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid (1), agus go háirithe Airteagal 49 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 12 Meán Fómhair 2024 deonaíodh le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2400 ón gCoimisiún (2) údarú Aontais ag a raibh an uimhir údaraithe EU-0029371-0000 do shealbhóir an údaraithe Nordkalk AB chun an táirge bithicídeach aonair céanna ‘Nordkalk Filtra G’ a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid i gcomhréir le hAirteagal 44(5) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012. |
|
(2) |
An 5 Feabhra 2025 chuir Nordkalk AB iarraidh faoi bhráid na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceán (‘an Ghníomhaireacht’) maidir leis an údarú Aontais sin a chur ar ceal i gcomhréir le hAirteagal 49 de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012. Rinneadh taifead den iarraidh faoi chás-uimhir BC-CW103987-10 sa Chlár do Tháirgí Bithicídeacha. |
|
(3) |
An 19 Márta 2025 chuir an Ghníomhaireacht an iarraidh ar aghaidh chuig an gCoimisiún. |
|
(4) |
An 2 Aibreán 2025 chuir Nordkalk AB réasúnú ar an iarraidh ar chealú isteach inar luaigh sé go raibh cinneadh déanta aige deireadh a chur le táirgeadh ‘Nordkalk Filtra G’ ar bhonn breithnithe tráchtála. |
|
(5) |
Dá bhrí sin, is iomchuí an t-údarú Aontais le haghaidh an táirge bhithicídigh aonair ‘Nordkalk Filtra G’ a chur ar ceal arna iarraidh sin do shealbhóir an údaraithe agus, dá réir sin, Rialachán (AE) 2024/2400 a aisghairm. |
|
(6) |
Is iomchuí freisin tréimhse chairde a dheonú chun na stoic atá ann cheana a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid i gcomhréir le hAirteagal 52 de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear ar ceal an t-údarú Aontais le haghaidh an táirge bhithicídigh aonair ‘Nordkalk Filtra G’ a deonaíodh le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2400 do Nordkalk AB agus a bhfuil an uimhir údaraithe EU-0029371-0000 aige.
Airteagal 2
Aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2400.
Airteagal 3
Ní chuirfear an táirge bithicídeach ‘Nordkalk Filtra G’ ar fáil ar an margadh a thuilleadh ón 5 Eanáir 2026 agus ní úsáidfear a thuilleadh stoic atá ann cheana den táirge bithicídeach sin ón 4 Iúil 2026.
Airteagal 4
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 18 Meitheamh 2025.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 167, 27.6.2012, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2012/528/oj.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2400 ón gCoimisiún an 12 Meán Fómhair 2024 lena ndeonaítear údarú Aontais le haghaidh an táirge bhithicídigh shingil Nordkalk Filtra G i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L, 2024/2400, 13.9.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/2400/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1196/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)