|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/1194 |
2.7.2025 |
CINNEADH (AE) 2025/1194 ÓN gCOMHAIRLE
an 25 Aibreán 2025
maidir le síniú, thar ceann an Aontais, agus le cur i bhfeidhm sealadach an Phrótacail maidir le Cur Chun Feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta in Earnáil an Iascaigh idir Poblacht an Chósta Eabhair agus an Comhphobal Eorpach (2025-2029)
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43 de, i gcomhar le hAirteagal 218(5) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 17 Márta 2008, ghlac an Chomhairle Rialachán (CE) Uimh. 242/2008 (1) maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta in Earnáil an Iascaigh idir Poblacht an Chósta Eabhair agus an Comhphobal Eorpach (‘an Comhaontú’). Tháinig an Comhaontú i bhfeidhm an 18 Aibreán 2008. |
|
(2) |
Chuaigh an Prótacal roimhe seo maidir le cur chun feidhme an Chomhaontaithe in éag an 31 Iúil 2024. |
|
(3) |
An 4 Márta 2024, thug an Chomhairle údarú don Choimisiún tús a chur le caibidlíocht le Poblacht an Chósta Eabhair (‘an Cósta Eabhair’) d’fhonn Prótacal nua maidir le cur chun feidhme an Chomhaontaithe a bhunú. Tugadh an chaibidlíocht i gcrích go rathúil trí inisealacha a chur leis an bPrótacal maidir le cur chun feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta in Earnáil an Iascaigh idir Poblacht an Chósta Eabhair agus an Comhphobal Eorpach (2025-2029) (‘an Prótacal’) an 21 Samhain 2024. |
|
(4) |
Is é is cuspóir don Phrótacal é a chur ar a gcumas do shoithí de chuid an Aontais iascaireacht a dhéanamh i limistéar iascaireachta an Chósta Eabhair agus é a chur ar a gcumas don Aontas agus don Chósta Eabhair oibriú níos dlúithe le chéile chun beartas iascaigh inbhuanaithe a fhorbairt, saothrú fónta acmhainne iascaigh i limistéar iascaireachta an Chósta Eabhair agus san Aigéan Atlantach a chur chun cinn, agus rannchuidiú le dálaí oibre cuibhiúla in earnáil an iascaigh. |
|
(5) |
Dá bhrí sin, ba cheart an Prótacal a shíniú. |
|
(6) |
I bhfianaise na tábhachta eacnamaíche a bhaineann le gníomhaíochtaí iascaireachta an Aontais i limistéar iascaireachta an Chósta Eabhair agus an ghá atá ann an tréimhse ina gcuirtear isteach ar ghníomhaíochtaí den sórt sin a laghdú a mhéid is féidir, ba cheart feidhm shealadach a bheith ag an bPrótacal. |
|
(7) |
Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1), de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) agus thug sé tuairim uaidh an 22 Aibreán 2025, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leis seo, formheastar, thar ceann an Aontais, an Prótacalmaidir le Cur Chun Feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta in Earnáil an Iascaigh idir Poblacht an Chósta Eabhair agus an Comhphobal Eorpach (2025-2029) a údarú, faoi réir thabhairt i gcrích an Phrótacail sin.
Airteagal 2
Is go sealadach a chuirfear an Prótacal i bhfeidhm, i gcomhréir le hAirteagal 20 de, ó dháta a shínithe, go dtí an uair a thiocfaidh sé i bhfeidhm.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 25 Aibreán 2025.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
A. SZŁAPKA
(1) IO L 75, 18.3.2008, lch. 51, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2008/242/oj.
(2) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1725/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/1194/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)