|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/1189 |
16.6.2025 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/1189 ÓN gCOIMISIÚN
an 13 Meitheamh 2025
lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála shealadach ar allmhairí scriúnna gan cheann de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (1) (‘an bun-Rialachán’), agus go háirithe Airteagal 7 de,
Tar éis dul i gcomhairle leis na Ballstáit,
De bharr an mhéid seo a leanas:
1. NÓS IMEACHTA
1.1. Tionscnamh
|
(1) |
An 17 Deireadh Fómhair 2024, thionscain an Coimisiún Eorpach (‘an Coimisiún’) imscrúdú frithdhumpála i ndáil le hallmhairí scriúnna gan cheann (‘scriúnna’) de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (‘an tSín’) ar bhonn Airteagal 5 den bhun-Rialachán. D’fhoilsigh sé fógra tionscnaimh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (2) (‘an fógra tionscnaimh’). |
|
(2) |
Thionscain an Coimisiún an t-imscrúdú i ndiaidh gearán a rinne Institiúid Cheanglóirí Tionsclaíocha na hEorpa (‘an gearánach’) an 2 Meán Fómhair 2024. Rinneadh an gearán thar ceann thionscal an Aontais de scriúnna gan cheann de réir bhrí Airteagal 5(4) den bhun-Rialachán. Ba leor an fhianaise sa ghearán maidir le dumpáil agus díobháil ábhartha dá thoradh sin chun údar a thabhairt le tionscnamh an imscrúdaithe. |
1.2. Clárú
|
(3) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/141 (‘an Rialachán maidir le clárú’), chuir an Coimisiún allmhairí an táirge lena mbaineann faoi réir a gcláraithe (3) . |
1.3. Páirtithe leasmhara
|
(4) |
San fhógra tionscnaimh, d’iarr an Coimisiún ar na páirtithe leasmhara dul i dteagmháil leis chun bheith rannpháirteach san imscrúdú. Sa bhreis air sin, chuir an Coimisiún an gearánach, táirgeoirí aitheanta eile de chuid an Aontais, na táirgeoirí onnmhairiúcháin aitheanta agus údaráis na Síne, allmhaireoirí, úsáideoirí agus trádálaithe aitheanta, chomh maith le comhlachais arb eol iad a bheith bainteach, ar an eolas go sonrach faoi thionscnamh an imscrúdaithe agus d’iarr sé orthu a bheith rannpháirteach ann. |
|
(5) |
Bhí deis ag na páirtithe leasmhara a gcuid barúlacha a thabhairt maidir le tionscnamh an imscrúdaithe agus éisteacht a iarraidh leis an gCoimisiún agus/nó leis an Oifigeach Éisteachta i gcomhair imeachtaí trádála. |
1.4. Barúlacha maidir leis an tionscnamh
|
(6) |
Cé is moite de na barúlacha maidir le raon feidhme an táirge a mhínítear i roinn 2.4 thíos, ní dhearnadh aon bharúil eile maidir leis an tionscnamh. |
1.5. Sampláil
|
(7) |
San fhógra tionscnaimh, luaigh an Coimisiún go mb’fhéidir go ndéanfadh sé na páirtithe leasmhara a shampláil i gcomhréir le hAirteagal 17 den bhun-Rialachán. |
Táirgeoirí an Aontais a shampláil
|
(8) |
San fhógra tionscnaimh uaidh, luaigh an Coimisiún go raibh sampla de tháirgeoirí ón Aontas roghnaithe go sealadach aige. Roghnaigh an Coimisiún an sampla ar bhonn an mhéid táirgeachta agus díolachán is mó de na cineálacha éagsúla táirgí a thagann faoi raon feidhme an táirge chomhchosúil san Aontas idir an 1 Iúil 2023 agus an 30 Meitheamh 2024, agus an raon geografach á chur san áireamh. Bhí trí tháirgeoir de chuid an Aontais sa sampla sin. B’ionann táirgeoirí sampláilte an Aontais agus thart ar 14 % de mhéid táirgeachta agus díolachán thionscal an Aontais. D’iarr an Coimisiún ar na páirtithe leasmhara a gcuid barúlacha a thabhairt maidir leis an sampla sealadach. Ní bhfuarthas aon bharúil. Is sampla ionadaíoch ar thionscal an Aontais é. |
Sampláil na n-allmhaireoirí neamhchomhlachaithe
|
(9) |
Chun a chinneadh an raibh gá le sampláil agus, má bhí, chun sampla a roghnú, d’iarr an Coimisiún ar allmhaireoirí neamhchomhlachaithe an fhaisnéis a sonraíodh san fógra tionscnaimh a sholáthar. |
|
(10) |
Sholáthair ocht n-allmhaireoir neamhchomhlachaithe an fhaisnéis a iarradh agus thoiligh siad a bheith san áireamh sa sampla. I gcomhréir le hAirteagal 17(1) den bhun-Rialachán, roghnaigh an Coimisiún sampla de thrí allmhaireoir neamhghaolmhara ar bhonn an mhéid is mó díolachán den táirge lena mbaineann san Aontas. I gcomhréir le hAirteagal 17(2) den bhun-Rialachán, chuathas i gcomhairle le gach allmhaireoir aitheanta lena mbaineann maidir le roghnú an tsampla. Ní bhfuarthas aon bharúil. |
Táirgeoirí onnmhairiúcháin a shampláil
|
(11) |
Chun a chinneadh an raibh gá le sampláil agus, má bhí, chun sampla a roghnú, d’iarr an Coimisiún ar gach táirgeoir onnmhairiúcháin sa tSín an fhaisnéis a shonraítear san fhógra tionscnaimh a sholáthar. Ina theannta sin, d’iarr an Coimisiún ar Mhisean Dhaon-Phoblacht na Síne chuig an Aontas Eorpach táirgeoirí onnmhairiúcháin eile ar spéis leo a bheith páirteach san imscrúdú a shainaithint, agus/nó teagmháil a dhéanamh leo, dá mba ann dóibh. |
|
(12) |
Sholáthair céad is fiche a seacht táirgeoir onnmhairiúcháin sa tSín an fhaisnéis a iarradh agus thoiligh siad a bheith san áireamh sa sampla. I gcomhréir le hAirteagal 17(1) den bhun-Rialachán, roghnaigh an Coimisiún sampla de thrí tháirgeoir onnmhairiúcháin ar bhonn an mhéid ionadaíoch is mó d’onnmhairí chuig an Aontas a d’fhéadfaí a imscrúdú laistigh den tréimhse a bhí ar fáil. I gcomhréir le hAirteagal 17(2) den bhun-Rialachán, chuathas i gcomhairle le gach táirgeoir onnmhairiúcháin aitheanta lena mbaineann agus le húdaráis na Síne maidir le roghnú an tsampla. |
|
(13) |
Tar éis barúil a fháil ó tháirgeoir onnmhairiúcháin neamhshampláilte inar áitíodh gur chuideachta trádála seachas táirgeoir onnmhairiúcháin a bhí i gceann de na cuideachtaí a roghnaíodh le bheith sa sampla, d’fhíoraigh an Coimisiún leis an gcuideachta shampláilte cé acu a bhí nó nach raibh an fhaisnéis sin ceart. Tar éis dó a dheimhniú go raibh an chuideachta ina trádálaí go deimhin, chinn an Coimisiún leasú a dhéanamh ar an sampla agus táirgeoir onnmhairiúcháin eile a chur in ionad na cuideachta sin. |
|
(14) |
Chuir an táirgeoir onnmhairiúcháin nua-roghnaithe an Coimisiún ar an eolas faoina chinneadh gan comhoibriú san imscrúdú agus gan an freagra ar an gceistneoir a chur isteach. Dá bhrí sin, chuir an Coimisiún an táirgeoir onnmhairiúcháin sin ar an eolas gur mheas sé gurb ionann gan freagra a thabhairt ar an gceistneoir agus neamh-chomhoibriú i gcomhréir le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán. |
|
(15) |
Mar thoradh air sin, rinne an Coimisiún leasú ar an sampla an dara huair agus roghnaigh sé an tríú táirgeoir onnmhairiúcháin mar chuid den sampla deiridh in ionad an táirgeora neamh-chomhoibríoch a luaitear in aithris (14). |
|
(16) |
I gcás an dá leasú ar an sampla, chuir an Coimisiún an critéar céanna i bhfeidhm a úsáideadh chun an sampla tosaigh a roghnú, i.e. an méid ionadaíoch is mó d’onnmhairí chuig an Aontas le linn na tréimhse imscrúdúcháin a d’fhéadfaí a imscrúdú go réasúnta laistigh den tréimhse a bhí ar fáil. |
1.6. Scrúdú aonair
|
(17) |
Níor iarr aon táirgeoir onnmhairiúcháin sa tSín go ndéanfaí scrúdú aonair air faoi Airteagal 17(3) den bhun-Rialachán. |
1.7. Iarraidh ar anaithnideacht
|
(18) |
Formhór tháirgeoirí an Aontais a ndearna an gearánach ionadaíocht thar a gceann, nó a thacaigh leis an ngearán, d’iarr siad cóir anaithnideachta a fháil d’fhonn cosc a chur ar ghníomhaíochtaí díoltais a d’fhéadfadh a bheith déanta ag custaiméirí san Aontas a fuair scriúnna gan cheann ó sholáthróirí Síneacha freisin. Ar na custaiméirí sin bhí roinnt cuideachtaí móra a raibh cumhacht shuntasach acu sa mhargadh i gcomparáid le táirgeoirí scriúnna gan cheann an Aontais ar fiontair bheaga agus mheánmhéide den chuid is mó iad. I bhfianaise na neamhshiméadrachta idir táirgeoirí scriúnna gan cheann agus úsáideoirí scriúnna gan cheann san Aontas, ba é a chonclúid go raibh baol frithbhirt ann, frithbheart a líomhnaíonn táirgeoirí an Aontais arb iad EIFI agus a lucht tacaíochta a n-ionadaithe. Ar an mbonn sin, dheonaigh an Coimisiún go gcaithfí i modh rúin le hainmneacha na gcuideachtaí sin. |
1.8. Freagraí ar an gceistneoir agus cuairteanna fíorúcháin
|
(19) |
Sheol an Coimisiún ceistneoir chuig Rialtas Dhaon-Phoblacht na Síne (‘Rialtas na Síne’) maidir le saobhadh suntasach a bheith ann sa tSín de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b) den bhun-Rialachán. |
|
(20) |
Sheol an Coimisiún ceistneoirí chuig táirgeoirí, allmhaireoirí agus táirgeoirí onnmhairiúcháin an Aontais. Cuireadh na ceistneoirí céanna ar fáil ar líne (4) lá an tionscnaimh. |
|
(21) |
Lorg agus d’fhíoraigh an Coimisiún an fhaisnéis uile a measadh ba ghá chun cinneadh sealadach a dhéanamh maidir le dumpáil, an díobháil dá deasca, agus leas an Aontais. Is in áitribh na gcuideachtaí a leanas a rinneadh cuairteanna fíorúcháin de bhun Airteagal 16 den bhun-Rialachán:
|
1.9. An tréimhse imscrúdúcháin agus an tréimhse faoi bhreathnú
|
(22) |
Chumhdaigh an t-imscrúdú ar dhumpáil agus ar dhíobháil an tréimhse ón 1 Iúil 2023 go dtí an 30 Meitheamh 2024 (‘an tréimhse imscrúdúcháin’). Chumhdaigh an t-imscrúdú ar threochtaí atá ábhartha maidir leis an measúnú ar dhíobháil an tréimhse ón 1 Eanáir 2021 go dtí deireadh na tréimhse imscrúdúcháin (‘an tréimhse faoi bhreathnú’). |
2. AN TÁIRGE FAOI IMSCRÚDÚ, AN TÁIRGE LENA mBAINEANN AGUS AN TÁIRGE COMHCHOSÚIL
2.1. An táirge faoi imscrúdú
|
(23) |
Is é scriúnna agus boltaí an táirge faoi imscrúdú, bíodh a gcuid cnónna agus leicneán leo nó ná bíodh, gan cheann orthu, iad déanta as iarann nó as cruach seachas cruach dhosmálta, gan beann ar neart teanntachta, seachas scriúnna cóiste agus scriúnna adhmaid eile, scriúchrúcaí agus scriúfháinní, scriúnna féintapála, agus scriúnna agus boltaí chun ábhar tógála iarnróid a dheisiú (‘an táirge faoi imscrúdú’). |
|
(24) |
Úsáidtear gach scriú gan cheann, eadhon slata snáithithe, boltaí ancaire agus U-bholtaí, chun dhá eilimint nó níos mó a nascadh go meicniúil. Úsáidtear iad i dtionscail éagsúla tomhaltóirí agus i raon leathan feidhmeanna deiridh, lena n-áirítear mótarfheithiclí, fuinneamh in-athnuaite, fearais leictreacha, talmhaíocht, tionscal meicniúil i gcoitinne, agus tógáil. |
2.2. An táirge lena mbaineann
|
(25) |
Is é an táirge lena mbaineann ná an táirge faoi imscrúdú de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, a thagann faoi chóid AC 7318 15 42 agus 7318 15 48 faoi láthair. |
2.3. An táirge comhchosúil
|
(26) |
Léirigh an t-imscrúdú gurb ionann na saintréithe bunúsacha fisiceacha, ceimiceacha agus teicniúla mar aon leis na húsáidí bunúsacha céanna atá ag na táirgí seo a leanas:
|
|
(27) |
Chinn an Coimisiún ag an gcéim sin gur táirgí comhchosúla iad na táirgí sin de réir bhrí Airteagal 1(4) den bhun-Rialachán. |
2.4. Maímh maidir le raon feidhme an táirge
2.4.1. Cásanna boltaí ancaire
|
(28) |
D’iarr monaróirí boltaí bunsraithe agus cásanna boltaí ancaire ó earnáil fuinnimh gaoithe na hEorpa go n-áireofaí cásanna boltaí ancaire i raon feidhme táirge an imscrúdaithe. |
|
(29) |
Tugann an Coimisiún dá aire, áfach, nár cumhdaíodh na táirgí sin leis an sainmhíniú táirge, a leagtar amach in aithris (23), ná leis an ngearán sa chás seo agus, dá bhrí sin, níor sholáthair tionscal an Aontais aon fhianaise maidir le dumpáil agus le díobháil dá dheasca sin agus go raibh údar maith ann le himscrúdú dá bharr sin. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh. |
|
(30) |
Mhaígh allmhaireoir amháin, GebuVolco, gur cheart boltaí crochta a eisiamh ó raon táirge an imscrúdaithe. D’áitigh siad maidir le boltaí crochta:
|
|
(31) |
Mheas an Coimisiún go bhfuil saintréithe fisiceacha agus teicniúla comhchosúla ag boltaí crochta agus atá ag scriúnna eile. Dheimhnigh an gearánach go raibh sé d’acmhainn ag tionscal an Aontais boltaí crochta a tháirgeadh. D’aimsigh an Coimisiún táirgeoir amháin ar a laghad de chuid an Aontais a shonraigh go raibh boltaí crochta á dtáirgeadh aige (5). Thairis sin, níor thug an t-allmhaireoir bunús lena mhaíomh maidir leis an gcúis nach raibh tionscal an Aontais in ann boltaí crochta de cháilíocht leormhaith a tháirgeadh. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh sin. |
3. DUMPÁIL
3.1. Nós imeachta chun an gnáthluach a chinneadh faoi Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán
|
(32) |
Ó tharla gur leor an fhianaise a bhí ar fáil ag tús an imscrúdaithe a thug le fios gur ann do shaobhadh suntasach de réir bhrí phointe (b) d’Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán maidir leis an tSín, mheas an Coimisiún gurbh iomchuí tús a chur leis an imscrúdú i ndáil leis na táirgeoirí onnmhairiúcháin ón tír sin, ag féachaint d’Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán. |
|
(33) |
Dá thoradh sin, chun na sonraí is gá a bhailiú chun Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm amach anseo, d’iarr an Coimisiún, san fhógra tionscnaimh, ar gach táirgeoir onnmhairiúcháin sa tSín faisnéis a sholáthar maidir leis na hionchuir a úsáidtear chun scriúnna a tháirgeadh. Chuir 38 dtáirgeoir onnmhairiúcháin an fhaisnéis ábhartha isteach. |
|
(34) |
D’fhonn faisnéis a fháil a mheas sé a bheith riachtanach dá imscrúdú maidir leis an saobhadh suntasach a líomhnaíodh, sheol an Coimisiún ceistneoir chuig Rialtas na Síne. Ina theannta sin, i bpointe 5,2 den fhógra tionscnaimh, d’iarr an Coimisiún ar na páirtithe leasmhara uile a gcuid tuairimí a chur in iúl, faisnéis a chur isteach agus fianaise thacaíochta a chur ar fáil maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán laistigh de 37 lá tar éis dháta fhoilsithe an fhógra tionscnaimh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. |
|
(35) |
Ní bhfuarthas aon fhreagra ar an gceistneoir ó Rialtas na Síne agus ní bhfuarthas aon aighneacht maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán roimh an sprioc-am. Ina dhiaidh sin, chuir an Coimisiún Rialtas na Síne ar an eolas go n-úsáidfeadh sé na fíorais a bhí ar fáil de réir bhrí Airteagal 18 den bhun-Rialachán chun a chinneadh an ann do shaobhadh suntasach sa tSín. |
|
(36) |
San fhógra tionscnaimh, shonraigh an Coimisiún freisin, mar gheall ar an bhfianaise a bhí ar fáil, go bhféadfadh sé gur ghá dó tír ionadaíoch iomchuí a roghnú de bhun Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, chun an gnáthluach a chinneadh ar bhonn praghsanna nó tagarmharcanna neamhshaofa. |
|
(37) |
An 5 Márta 2025, chuir an Coimisiún na páirtithe leasmhara ar an eolas le nóta (‘an chéad nóta’) maidir leis na foinsí ábhartha a bhí beartaithe aige a úsáid chun an gnáthluach a chinneadh. Sa nóta sin, sholáthair an Coimisiún liosta de na tosca táirgeachta uile amhail amhábhair, saothar agus fuinneamh a úsáideadh chun scriúnna a tháirgeadh. Sa bhreis air sin, ar bhonn na gcritéar a threoraíonn rogha na bpraghsanna nó na dtagarmharcanna neamhshaofa, shainaithin an Coimisiún tíortha ionadaíocha féideartha, is é sin an Mhalaeisia, an Téalainn agus an Tuirc. |
|
(38) |
Fuair an Coimisiún barúlacha maidir leis an gcéad nóta ó Chinafar Group, Junyue, Brother Group agus Chomhlachas Dáileoirí Ceanglóirí na hEorpa (‘EFDA’). Sholáthair an gearánach barúlacha maidir le haighneachtaí na bpáirtithe leasmhara sin. |
|
(39) |
An 4 Aibreán 2025, thug an Coimisiún aghaidh ar na barúlacha a fuarthas ó pháirtithe leasmhara ar an gcéad nóta leis an dara nóta (‘an dara nóta’) agus chuir sé páirtithe leasmhara ar an eolas maidir leis na foinsí ábhartha a bhí beartaithe aige a úsáid chun an gnáthluach a chinneadh, agus gurb í an Téalainn an tír ionadaíoch. Chuir sé páirtithe leasmhara ar an eolas freisin go leagfadh sé síos costais díolacháin, costais ghinearálta agus costais riaracháin (costais SGA) agus brabúis bunaithe ar shonraí airgeadais atá ar fáil go héasca maidir le trí tháirgeoir ceanglóirí de chuid na Téalainne, atá foinsithe ó bhunachar Orbis. |
|
(40) |
Fuair an Coimisiún barúlacha maidir leis an dara nóta ó Chinafar Group, Junyue, agus EFDA. Sholáthair an gearánach barúlacha maidir le haighneachtaí na bpáirtithe leasmhara sin. Tugtar aghaidh ar na barúlacha uile i Roinn 3.2.2 agus i Roinn 3.2.3 thíos. |
|
(41) |
Tar éis don Choimisiún a shuí gurbh ann do shaobhadh suntasach de réir bhrí phointe (b) d’Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán, mar a mhínítear i Roinn 3.2.1 thíos, agus tar éis dó anailís a dhéanamh ar na barúlacha agus ar an bhfaisnéis a fuarthas, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur thír ionadaíoch iomchuí í an Téalainn óna bhfaighfí praghsanna agus costais neamhshaofa chun an gnáthluach a chinneadh. Tugtar tuairisc mhionsonraithe ar na bunchúiseanna leis an rogha sin i Roinn 3.2.2 thíos. |
3.2. An Gnáthluach
|
(42) |
I gcomhréir le hAirteagal 2(1) den bhun-Rialachán, ‘[b]eidh an gnáthluach bunaithe ar an bpraghas a íocadh nó atá le híoc de ghnáth, i ngnáthchúrsa trádála, ag custaiméirí neamhspleácha sa tír is onnmhaireoir’. |
|
(43) |
Mar sin féin, de réir Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, ‘más rud é go gcinntear […]nach iomchuí praghsanna agus costais intíre a úsáid sa tír is onnmhaireoir toisc gur ann do shaobhadh suntasach sa tír sin de réir bhrí pointe (b), ríomhfar an gnáthluach go heisiach ar bhonn costais táirgthe agus díola a léiríonn praghsanna nó tagarmharcanna neamhshaofa’ agus ‘[á]ireofar sa ghnáthluach ríofa méid neamhshaofa agus réasúnach le haghaidh costais riaracháin, díola agus ghinearálta agus le haghaidh na mbrabús’ (‘costais SGA’ a thugtar anseo feasta ar ‘costais riaracháin, díola agus ghinearálta’ ). |
|
(44) |
Mar a mhínítear a thuilleadh thíos, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid san imscrúdú seo gur ar bhonn na fianaise atá ar fáil, b’iomchuí Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm. |
3.2.1. Saobhadh suntasach a bheith ann
|
(45) |
In imscrúduithe a rinneadh le déanaí maidir leis an earnáil iarainn agus chruach sa tSín (6), chinn an Coimisiún go raibh saobhadh suntasach i gceist de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b) den bhun-Rialachán. |
|
(46) |
Sna himscrúduithe sin, chinn an Coimisiún gur ann d’idirghabháil shubstainteach rialtais sa tSín, rud a shaobhann leithdháileadh éifeachtach na n-acmhainní i gcomhréir le prionsabail an mhargaidh (7). Go háirithe, ba é conclúid an Choimisiúin maidir leis an earnáil cruach, arb í an príomh-amhábhar chun an táirge faoi imscrúdú a tháirgeadh, nach amháin gur ann fós do chuid shubstaintiúil úinéireachta ag Rialtas na Síne, de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), an chéad fhleasc den bhun-Rialachán (8), ach go bhfuil sé de chumas ag Rialtas na Síne freisin cur isteach ar phraghsanna agus ar chostais trí láithreacht an Stáit i ngnólachtaí de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), an dara fleasc den bhun-Rialachán (9). Chinn an Coimisiún thairis sin go bhfuil éifeacht saofa breise ar an margadh ag láithreacht an Stáit agus idirghabháil an Stáit sna margaí airgeadais, agus i soláthar amhábhar agus ionchur freisin. Go deimhin, ar an iomlán, de thoradh an chórais pleanála sa tSín, bíonn acmhainní á ndíriú ag Rialtas na Síne ar earnálacha atá ainmnithe mar earnálacha straitéiseacha nó atá tábhachtach go polaitiúil ar shlí eile, seachas iad a bheith á leithdháileadh i gcomhréir le fórsaí an mhargaidh (10). Thairis sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach bhfuil dlíthe féimheachta agus maoine na Síne ag obair i gceart de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), an ceathrú fleasc den bhun-Rialachán, rud a chruthaíonn saobhadh go háirithe nuair a bhíonn gnólachtaí dócmhainneacha á gcoimeád i mbun gnó agus nuair a bhíonn cearta úsáide talún á leithdháileadh sa tSín (11). Ar an gcaoi chéanna, tháinig an Coimisiún ar shaobhadh maidir le costais phá san earnáil cruach de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), an cúigiú fleasc den bhun-Rialachán (12), mar aon le saobhadh sna margaí airgeadais de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), an séú fleasc den bhun-Rialachán, go háirithe maidir le rochtain ar chaipiteal do ghníomhaithe corparáideacha sa tSín (13). |
|
(47) |
Mar a rinne sé sna himscrúduithe roimhe seo maidir leis an earnáil chruach sa tSín, d’fhéach an Coimisiún san imscrúdú seo cibé an raibh nó nach raibh sé iomchuí praghsanna agus costais intíre a úsáid sa tSín i bhfianaise saobhadh suntasach a bheith ann de réir bhrí phointe (b) d’Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán. Rinne an Coimisiún amhlaidh ar bhonn na fianaise a bhí ar fáil sa chomhad, lena n-áirítear an fhianaise a bhí sa ghearán, chomh maith le Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin maidir le Saobhadh Suntasach i nGeilleagar Dhaon-Phoblacht na Síne chun críocha Imscrúduithe Cosanta Trádála (14) (‘Tuarascáil’), a bhraitheann ar fhoinsí atá ar fáil go poiblí. Cumhdaíodh san anailís sin an scrúdú a rinneadh ar na hidirghabhálacha substainteacha rialtais i ngeilleagar na Síne go ginearálta, ach cumhdaíodh freisin an staid shonrach margaidh san earnáil ábhartha lena n-áirítear an táirge faoi imscrúdú. Chuir an Coimisiún leis na heilimintí fianaiseacha sin lena thaighde féin ar na critéir éagsúla atá ábhartha chun a dheimhniú gur ann do shaobhadh suntasach sa tSín, mar a cinneadh freisin in imscrúduithe a rinne sé roimhe seo i ndáil leis sin. |
|
(48) |
Tugadh samplaí sa ghearán de na heilimintí a léiríonn gur ann do shaobhadh, mar a liostaítear sa chéad fhleasc go dtí an séú fleasc d’Airteagal 2(6a)(b) den bhun-Rialachán, agus líomhnaítear ann nach bhfuil dálaí an mhargaidh, go háirithe costais agus praghsanna, i dtionscal cruach na Síne faoi thionchar fhórsaí soláthair agus éilimh an mhargaidh, ach go ndéantar saobhadh orthu le hidirghabháil Stáit sa gheilleagar. |
|
(49) |
Rinneadh tagairt sa ghearán d’imscrúduithe frithdhumpála roimhe seo maidir leis an tionscal cruach, agus go háirithe don imscrúdú ar an tionscal ceanglóirí, inar shuigh an Coimisiún go bhfuil tionscal na Síne saofa go trom agus dá bhrí sin, nach bhféadfadh na praghsanna agus na costais sa tSín a bheith ina mbonn cuí chun an gnáthluach a shuí (15). |
|
(50) |
Soláthraíodh tagairtí sa ghearán freisin do chodanna ábhartha na Tuarascála, agus cuireadh an méid seo in iúl ach go háirithe: |
|
(51) |
An Stát a bheith i láthair i gcuideachtaí sa dóigh go gcumasaítear don Stát cur isteach a dhéanamh ar phraghsanna nó costas. Tá córas eacnamaíoch na Síne bunaithe ar choincheap an gheilleagair margaidh shóisialaigh, córas arb é a phríomhphrionsabal úinéireacht phoiblí shóisialach ar na modhanna táirgthe, is é sin, úinéireacht an phobail uile agus comhúinéireacht ag an lucht oibre. Forbraítear an geilleagar margaidh sóisialach faoi cheannaireacht Pháirtí Cumannach na Síne agus tá struchtúir an Stáit agus struchtúir Pháirtí Cumannach na Síne fite fuaite ina chéile ar gach leibhéal. Bíonn Stát na Síne ag gabháil do bheartas eacnamaíoch idirghabhálach freisin agus spriocanna á saothrú aige a thagann leis an gclár oibre polaitiúil arna shocrú ag Páirtí Cumannach na Síne seachas na dálaí eacnamaíocha a bhíonn i réim i saormhargadh. Go sonrach, tá úinéireacht shubstaintiúil ag Rialtas na Síne go fóill san earnáil cruach, arb í foinse an phríomh-amhábhair í a úsáidtear chun an táirge faoi imscrúdú a tháirgeadh agus, dá thoradh sin, tá Rialtas na Síne in ann cur isteach ar phraghsanna agus ar chostais tríd an Stát a bheith i láthair. |
|
(52) |
Fiontair a oibríonn faoi úinéireacht, rialú nó maoirseacht bheartais nó faoi threoir Rialtas na Síne, freastalaíonn siad go mór ar an margadh cruach, lena n-áirítear an táirge faoi imscrúdú. Tugadh le fios sa ghearán go bhfuil fiontair phoiblí agus fiontair phríobháideacha araon faoi réir maoirseacht agus treorú beartais go sonrach san earnáil atá faoi imscrúdú. Ina theannta sin, luaigh sé imscrúdú an Choimisiúin maidir le ceanglóirí, inar cinneadh ‘cé go bhfuil an tionscal ceanglóirí an-ilroinnte agus gur FBManna atá ann den chuid is mó, léirigh an t-imscrúdú naisc idir an páirtí agus comhlachais an tionscail ceanglóirí, a dhéanann grúpáil agus ionadaíocht ar na táirgeoirí ceanglóirí (16)’. |
|
(53) |
Beartais phoiblí nó bearta poiblí lena ndéantar idirdhealú i bhfabhar soláthraithe intíre nó lena n-imrítear tionchar seachas sin ar fhórsaí an mhargaidh shaoir. Ar an iomlán, is é an toradh ar an gcóras pleanála sa tSín go ndírítear acmhainní ar earnálacha atá ainmnithe mar earnálacha straitéiseacha nó mar earnálacha a bhfuil tábhacht pholaitiúil ag baint leo i dtaca le Rialtas na Síne, de rogha ar na hacmhainní sin a leithdháileadh i gcomhréir le fórsaí an mhargaidh. Dá réir sin, meastar gur tionscal straitéiseach do gheilleagar na Síne é táirgeadh an táirge faoi imscrúdú agus tá sé faoi réir dreasachtaí agus fóirdheontas mór. Athdhearbhaíodh sa ghearán freisin go mbaineann an tionscal cruach leas as idirghabháil chomhsheasmhach Rialtas na Síne, ó bhun na hearnála aníos (i.e. margadh na n-amhábhar déanta cruach), rud a fhágann go bhfuil earnáil ann ina bhfuil buntáistí éagóracha agus saorga de thionscnamh na sásraí saofa maidir le praghasmhúnlú. |
|
(54) |
Tá easpa dlíthe féimheachta, corparáideacha nó maoine ann nó tá siad á gcur i bhfeidhm go hidirdhealaitheach nó á bhforfheidhmiú go neamhleormhaith, rud a chruthaíonn saobhadh nuair a bhíonn gnólachtaí dócmhainneacha á gcoinneáil i mbun gnó agus nuair a bhíonn cearta úsáide talún á leithdháileadh sa tSín. Rinneadh tagairt sa ghearán i ndáil leis sin do chonclúidí an Choimisiúin in imscrúduithe roimhe seo agus áitíodh go mbeadh feidhm ag na conclúidí sin freisin maidir le táirgeoirí scriúnna gan cheann sa tSín. |
|
(55) |
Tá saobhadh á dhéanamh ar chostais pá. Rinneadh tagairt sa ghearán do chonclúidí an Choimisiúin in imscrúduithe roimhe seo agus áitíodh go mbeadh feidhm ag na conclúidí sin freisin maidir le táirgeoirí scriúnna gan cheann sa tSín. |
|
(56) |
Déanann saobhadh suntasach a eascraíonn as ról forleathan leanúnach an Stáit sna margaí caipitil difear don rochtain atá ag gníomhaithe corparáideacha ar mhaoiniú. Áitíodh sa ghearán gur cinneadh san imscrúdú a rinne an Coimisiún roimhe seo san earnáil ceanglóirí gur bhain táirgeoirí na Síne tairbhe as cláir agus fóirdheontais dreasachta airgeadais stáit. I ndáil leis an earnáil cruach, rinneadh tagairt sa ghearán don Tuarascáil inar leagadh béim shonrach ar thionchar an chórais airgeadais sa tSín ar an earnáil cruach agus ar na bearta tacaíochta stáit don earnáil cruach. |
|
(57) |
Mar chonclúid, mheas an gearánach, mar gheall ar an saobhadh sin ó idirghabháil shubstainteach rialtais, nach bhfuil na costais agus na praghsanna sa tSín iontaofa chun an gnáthluach a chinneadh. Dá réir sin, ba cheart an gnáthluach a shuí trí chostais táirgthe neamhshaofa a úsáid i dtír ionadaíoch iomchuí. |
|
(58) |
Deimhníodh le himscrúdú an Choimisiúin gur ann fós d’úinéireacht shubstaintiúil ag Rialtas na Síne in earnáil an táirge faoi imscrúdú, ar chuid iartheachtach den earnáil chruach í, de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), an chéad fhleasc den bhun-Rialachán. Mar shampla, tá Zhejiang Metals & Minerals Holdings Co., táirgeoir agus onnmhaireoir an táirge faoi imscrúdú, á rialú ag Zhejiang International Trade Group, cuideachta atá faoi úinéireacht an stáit. (17) Thairis sin, is fo-earnáil de cheanglóirí í an earnáil sin agus dá bhrí sin tá na torthaí maidir le húinéireacht Stáit san imscrúdú ar cheanglóirí as ar eascair glacadh Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/191 (‘an t-imscrúdú ar cheanglóirí’) ábhartha do scriúnna gan cheann (18). Thagair cás na gceanglóirí go sonrach don earnáil cruach, arb í an príomh-amhábhar í chun ceanglóirí a tháirgeadh, agus dá bhrí sin scriúnna gan cheann. Tá cuid shubstaintiúil úinéireachta ag Rialtas na Síne fós in earnáil cruach na Síne. Tá roinnt de na táirgeoirí is mó faoi úinéireacht an Stáit. Áirítear iad seo a leanas ar shamplaí de chuideachtaí faoi úinéireacht stáit atá gníomhach san earnáil cruach: Ansteel Group (19) agus Baowu Steel Group (20), ar cuideachtaí faoi úinéireacht stáit iad araon faoi Choimisiún lárnach na Comhairle Stáit um Maoirseacht agus Riarachán ar Shócmhainní atá faoi úinéireacht an Stáit; Baotou Steel Group, cuideachta faoi úinéireacht stáit atá i seilbh Rialtas na hIon-Mhongóile (21); chomh maith le Shougang Group (22), cuideachta faoi úinéireacht stáit atá i seilbh Beijing State-Owned Asset Management Ltd (23). |
|
(59) |
Thairis sin, deimhnítear sna doiciméid bheartais is déanaí de chuid na Síne maidir leis an earnáil cruach an tábhacht leanúnach a leagann Rialtas na Síne ar an earnáil, lena n-áirítear an rún idirghabháil a dhéanamh san earnáil chun í a mhúnlú i gcomhréir le beartais an rialtais. Léirítear an méid sin sa Tuairim Threorach ón Aireacht Tionscail agus Teicneolaíochta Faisnéise maidir le Forbairt Ardcháilíochta an Tionscail Cruach a Chothú, ina n-éilítear comhdhlúthú breise an bhoinn thionsclaíoch agus feabhas mór ar leibhéal nuachóiriúcháin an tslabhra thionsclaíoch (24), lena n-áirítear soláthar cruach speisialta, ionchur a úsáidtear chun an táirge faoi imscrúdú a tháirgeadh. Go sonrach, ceanglaítear leis an Tuairim Threorach sin ‘[c]umaisc agus atheagrú fiontar a chur chun cinn. Fiontair cheannródaíocha sa tionscal a spreagadh chun cumaisc agus atheagrú a chur chun feidhme agus roinnt grúpaí fiontar cruach ollmhór den scoth a chruthú. Ag brath ar fhiontair cheannasacha an tionscail, 1 go 2 phríomhfhiontar speisialaithe i réimsí na cruach dosmálta agus na cruach speisialta a chothú [...].’ Mar aon leis sin, ceanglaítear go sainráite leis ‘[t]acú le cuideachtaí cruach díriú ar earnálacha iartheachta a uasghrádú agus ar thionscail straitéiseacha atá ag teacht chun cinn a fhorbairt, díriú ar bhaisceanna beaga agus cineálacha éagsúla de phríomhchineálacha cruaiche a fhorbairt, amhail cruach speisialta ardcháilíochta, cruach cóimhiotail le haghaidh trealaimh ardleibhéil, agus cruach le haghaidh croí-bhunpháirteanna.’ (25) |
|
(60) |
Tá sampla eile de rún Rialtas na Síne idirghabháil a dhéanamh san earnáil cruach le fáil sa 14ú Plean Cúig Bliana maidir leis an Tionscal Amhábhar a Fhorbairt (‘an 14ú Plean Cúig Bliana’) ar dá réir a ‘chloífidh an earnáil leis an meascán de cheannaireacht sa mhargadh agus de chur chun cinn an rialtais’ agus ‘grúpa cuideachtaí ceannródaíocha a chothú ag a bhfuil ceannaireacht éiceolaíoch agus croí-iomaíochas’ (26). |
|
(61) |
Ina theannta sin, socraítear na cuspóirí seo a leanas i bPlean Oibre na hAireachta Tionscail agus Teicneolaíochta Faisnéise 2023 maidir le Fás Cobhsaí an Tionscail Cruach (27): ‘In 2023, [...] coinneofar fás leanúnach ar bun leis an infheistíocht i sócmhainní seasta sa tionscal ar fad, agus cuirfear feabhas mór ar na tairbhí eacnamaíocha; sroichfidh infheistíocht T & F an tionscail 1,5 % ar deireadh; sroichfidh fás breisluacha an tionscail thart ar 3,5 %; in 2024, déanfar timpeallacht forbartha an tionscail agus struchtúr an tionscail a optamú a thuilleadh, leanfar den aistriú chuig táirgí glasa, cliste agus ardleibhéil agus sáróidh fás breisluacha an tionscadail 4 %’. Sa Phlean Oibre sin déantar foráil freisin maidir le comhdhlúthú corparáideach na hearnála cruach arna shainordú ag an rialtas: ‘[f]iontair atá chun tosaigh sa tionscal a spreagadh chun cumaisc agus éadálacha a chur chun feidhme, grúpaí fiontair iarainn agus cruach ollmhór den chéad scoth a thógáil, agus an leagan amach is fearr is féidir ar acmhainneacht táirgeachta náisiúnta iarainn agus cruach a chothú. Tacú le fiontair speisialaithe a bhfuil cumhacht cheannródaíoch acu go háirithe deighleoga den mhargadh cruach chun acmhainní a chomhtháthú a thuilleadh agus éiceachóras tionscail cruach a chruthú. Fiontair iarainn agus cruach a spreagadh chun [...] cumaisc agus atheagrú trasréigiúnach a dhéanamh [...]. Machnamh a dhéanamh ar thacaíocht bheartais níos fearr a thabhairt d’fhiontair iarainn agus cruach a bhfuil cumaisc agus atheagrú substainteach curtha i gcrích acu.’ |
|
(62) |
Is féidir samplaí comhchosúla de rún Rialtas na Síne maoirseacht agus treoir a thabhairt d’fhorbairtí na hearnála a fheiceáil ar an leibhéal cúigeach, amhail in Hebei inar eisigh an rialtas cúigeach an Plean Gníomhaíochta Trí Bliana maidir le Forbairt Braislí i Slabhra an Tionscail Cruach in 2020. Leis an bplean sin, ceanglaítear ‘forbairt grúpa eagraíochtaí a chur chun feidhme go seasta, dlús a chur leis an athchóiriú ar úinéireacht mheasctha cuideachtaí faoi úinéireacht stáit, díriú ar chumasc trasréigiúnach agus atheagrú fiontar príobháideach iarainn agus cruach a chur chun cinn, agus gach iarracht a dhéanamh 1-2 ghrúpa mhóra den chéad scoth a bhunú, 3-5 ghrúpa mhóra a bhfuil tionchar intíre acu.’ (28) Thairis sin, luaitear na cuspóirí seo a leanas i bplean Hebei san earnáil cruach: ‘Cloí le coigeartú struchtúrach agus béim a leagan ar éagsúlú táirgí. Coigeartú struchtúrach agus optamú leagan amach an tionscail iarainn agus cruach a chur chun cinn go docht, comhdhlúthú, atheagrú, claochlú agus uasghrádú fiontar a chur chun cinn, agus forbairt an tionscail iarainn agus cruach a chur chun cinn go cuimsitheach i dtreo fiontair ar mórscála, nuachóiriú trealamh teicniúil, éagsúlú próiseas táirgthe, agus éagsúlú táirgí iartheachtacha.’ (29) |
|
(63) |
Go sonrach a mhéid a bhaineann leis na hionchuir a úsáidtear chun an táirge faoi imscrúdú a tháirgeadh, ceanglaítear le Plean Hebei ‘dlús a chur le forbairt agus cur i bhfeidhm príomhábhar cruach ardleibhéil agus nua, cion na gcineálacha cruach speisialta agus ardcháilíochta a mhéadú, cobhsaíocht cáilíochta táirgí móra agus fadréimseacha buntáisteacha a neartú, agus struchtúr táirgí “pirimide” a chruthú. Faoi dheireadh 2020, méadófar an cion de ghnáthchruach íseal-chóimhiotail agus de chruach chóimhiotail go 20 %, agus faoi dheireadh 2022, sroichfidh sé thart ar 25 %, rud a sholáthróidh tacaíocht agus ráthaíocht chun tionscail iartheachtacha a uasghrádú.’ (30) |
|
(64) |
Ar an gcaoi chéanna, ceanglaítear le Plean Cur Chun Feidhme Henan maidir leis an Tionscal Cruach a Chlaochlú agus a Uasghrádú le linn an 14ú Plean Cúig Bliana, ‘díriú ar riachtanais straitéiseacha náisiúnta, treoir a thabhairt d’fhiontair chun optamú agus uasghrádú struchtúr na dtáirgí a chur chun cinn, cruach speisialta ardcháilíochta, cruach innealtóireachta muirí ardfheidhmíochta, cruach cóimhiotail speisialta do threalamh ardleibhéil, cruach le haghaidh croí-bhunpháirteanna agus príomhchineálacha ‘speisialta, mín, ard’ eile a fhorbairt, agus feabhas a chur ar bhreisluach agus iomaíochas táirgí cruach.’ (31) |
|
(65) |
Tá tuilleadh cuspóirí beartais thionsclaíoch le feiceáil freisin i ndoiciméid phleanála cúigí eile, amhail Jiangsu (32), Shandong (33), Shanxi (34), nó Zhejiang (35). |
|
(66) |
I ndáil leis sin, sampla eile de stiúradh éifeachtach ag Rialtas na Síne trí na pleananna is ea Fógra Choiste Páirtí Ansteel Group Co., Ltd. maidir le staidéar a dhéanamh ar spiorad an 20ú Comhdháil Náisiúnta de chuid an Pháirtí, é a phoibliú agus a chur chun feidhme go coinsiasach (36). Maítear san fhógra go ndéanfaidh Grúpa Ansteel pleananna treoracha a chur chun feidhme go coinsiasach agus go gcuirfidh sé in iúl iad do chomhaltaí den Pháirtí, do bhaill foirne agus d’fhostaithe an ghrúpa ar fad ar bhealach níos fearr. |
|
(67) |
Maidir le Rialtas na Síne a bheith in ann cur isteach ar phraghsanna agus ar chostais tríd an Stát a bheith i láthair i ngnólachtaí de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), an dara fleasc den bhun-Rialachán, deimhníodh leis an imscrúdú go bhfuil forluí ann idir seasaimh bhainistíochta agus ballraíocht/feidhmeanna Pháirtí Cumannach na Síne san earnáil faoi imscrúdú freisin. Mar shampla, Cathaoirleach Zhejiang International Trade Group, a rialaíonn Zhejiang Metals & Minerals Holdings Co., atá ina tháirgeoir agus ina onnmhaireoir scriúnna gan cheann, is Rúnaí ar Choiste an Pháirtí é freisin (37). Mar sin féin, mar a suíodh san imscrúdú ar cheanglóirí, tá an earnáil an-ilroinnte agus is FBManna atá inti den chuid is mó, agus dá bhrí sin ní raibh an Coimisiún in ann faisnéis fhairsing a fháil maidir le gach táirgeoir. Mar sin féin, suíodh gurbh ann do naisc phearsanta idir táirgeoirí an táirge faoi imscrúdú agus Páirtí Cumannach na Síne ar leibhéal na gcomhlachas tionscail. Leagann comhlachais an tionscail ceanglóirí béim ar a nasc pearsanta le Páirtí Cumannach na Síne, mar shampla, in Airteagail Chomhlachais Chumann Thionscal Ceanglóirí Ningbo, ceanglaítear an méid seo a leanas: ‘Ní mór d’uachtarán, leas-uachtarán agus ardrúnaí an chomhlachais seo na coinníollacha seo a leanas a chomhlíonadh: (1) Cloí le seasamh, prionsabail agus beartais an pháirtí agus a bheith de dhea-cháilíocht pholaitiúil’ (38). |
|
(68) |
Thairis sin, ós rud é gur fo-earnáil den earnáil cruach é an táirge faoi imscrúdú, tá an fhaisnéis atá ar fáil maidir le táirgeoirí cruach ábhartha freisin don táirge faoi imscrúdú. |
|
(69) |
Mar shampla, feidhmíonn Cathaoirleach Bhord Stiúrthóirí agus Bainisteoir Ginearálta Baoshan Iron and Steel Ltd., táirgeoir cruach arb é Baowu Steel Group a scairshealbhóir rialaithe, mar Rúnaí agus mar Leas-Rúnaí Choiste Páirtí na cuideachta faoi seach freisin (39). Chomh maith leis sin, tá Cathaoirleach Bhord Stiúrthóirí Wuhan Iron and Steel Group, atá faoi rialú Baowu Steel Group freisin, ina Rúnaí ar Choiste an Pháirtí (40). Thairis sin, ‘thionóil Wuhan Iron and Steel Group an deichiú staidéar agus plé láraithe de chuid Ghrúpa Staidéir Teoirice Choiste an Pháirtí in 2022 chun spiorad na Lárchomhdhála Oibre Eacnamaíche a chur in iúl agus staidéar a dhéanamh uirthi agus chun cur chun feidhme chinntí agus shocruithe an 20ú Comhdháil Náisiúnta de chuid an Pháirtí agus spiorad na Lárchomhdhála Oibre Eacnamaíche in Wuhan Iron and Steel Group a chur chun cinn. [Bhí] Ionadaí Ginearálta Cheanncheathrú Baowu Wuhan na Síne, Rúnaí Choiste an Pháirtí agus Cathaoirleach Wuhan Iron and Steel Group, i gceannas ar an gcruinniú agus chuir siad ceanglais chun cinn maidir le ceanglais Choiste Lárnach an Pháirtí, Choiste Pháirtí Cúige Hubei agus Choiste Pháirtí Baowu na Síne a chur chun feidhme, agus spiorad na Comhdhála Lárnaí Oibre Eacnamaíche a chur chun feidhme a thuilleadh’ (41). |
|
(70) |
Chomh maith leis sin, tá Cathaoirleach Bhord Stiúrthóirí Baotou Steel Union, atá mar chuid de Baotou Steel Group, ina Rúnaí ar Choiste an Pháirtí. Ar an gcaoi chéanna, is Leas-Rúnaithe Páirtí iad Bainisteoir Feidhmiúcháin Baotou Steel Union agus Cathaoirleach cheardchumann na cuideachta (42). Ar deireadh, laistigh de Ghrúpa Shougang, feidhmíonn Cathaoirleach an Bhoird Stiúrthóirí mar Rúnaí Choiste an Pháirtí agus feidhmíonn an Bainisteoir Feidhmiúcháin mar Leas-Rúnaí Choiste Páirtí na cuideachta (43). |
|
(71) |
Is é an Comhlachas Tionscail a chumhdaíonn an táirge lena mbaineann Brainse Ceanglóirí (44) Chomhlachas Thionscal Páirteanna Ginearálta Innealra na Síne (45) (‘CMGPIA’). Luaitear in Airteagal 3 d’Airteagail Chomhlachais CMGPIA , i gcomhréir le forálacha Bhunreacht Pháirtí Cumannach na Síne, go mbunaíonn [an eagraíocht] eagraíochtaí Pháirtí Cumannach na Síne chun gníomhaíochtaí páirtí a dhéanamh agus chun na dálaí is gá a sholáthar le haghaidh gníomhaíochtaí eagraíochtaí páirtí. Is é Aireacht Gnóthaí Sibhialta Dhaon-Phoblacht na Síne an t-eintiteas atá i gceannas ar chlárú agus ar bhainistiú an chomhlachais sin, agus is é Coiste Páirtí SASAC an t-eintiteas atá i gceannas ar thógáil an Pháirtí’ agus ‘glacann sé le treoraíocht ghnó agus maoirseacht ó eintitis atá i gceannas ar chlárú agus ar bhainistíocht, ó eintitis atá i gceannas ar thógáil an Pháirtí, agus ó ranna bainistíochta tionscail’ (46). |
|
(72) |
Thairis sin, tá beartais i bhfeidhm in earnáil cruach na Síne lena ndéantar idirdhealú i bhfabhar táirgeoirí intíre nó lena n-imrítear tionchar ar an margadh ar shlí eile de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), an tríú fleasc den bhun-Rialachán, ar beartais iad is infheidhme go ginearálta maidir leis an táirge faoi imscrúdú ós rud é go bhfuil earnáil na scriúnna gan cheann ar cheann dá fho-earnálacha. Thairis sin, mar a suíodh san imscrúdú ar cheanglóirí, tá an tionscal ceanglóirí liostaithe mar thionscal spreagtha i bhFógra na hAireachta Tionscail agus Teicneolaíochta Faisnéise maidir le heisiúint na Catalóige Treoraí do Chur Chun Cinn agus Cur i bhFeidhm na Chéad Foirne Mórthrealaimh Theicniúil (Eagrán 2019) (47) agus freisin i gCatalóg Treorach do Choigeartú Struchtúr Tionsclaíoch (NDRC 2019) (48). |
|
(73) |
I dteannta na ndoiciméad thuasluaite ar an leibhéal lárnach, tá roinnt doiciméad treorach ar an leibhéal áitiúil, cúigeach nó bardasach, chun treoir agus a tacú a thabhairt d’fhorbairt an tionscail ceanglóirí. Mar shampla, samhlaítear an méid seo a leanas le beartais Dhreasachta 2019 do thionscal na gceanglóirí i gceantar Hayan: ‘Is é Haiyan“Baile Dúchais na gCeanglóirí”, agus tá tionscal na gceanglóirí ar cheann de na tionscail thábhachtacha thraidisiúnta i Haiyan. [...] D’fhonn [...] dlús a chur le nuálaíocht agus forbairt thionscal na gceanglóirí inár gcontae, d’eisigh ár gcontae le déanaí an “Beartas Gníomhaíochta Speisialta Trí Bliana maidir le Digitiú agus Claochlú Cliste Thionscal na gCeanglóirí i gContae Haiyan”. Cumhdaíonn raon feidhme na gcistí speisialta gaolmhara cuideachtaí a chuireann claochlú digiteach agus cliste chun feidhme i dtionscal na gceanglóirí’ (49). |
|
(74) |
Measann Rialtas na Síne go comhsheasmhach gur príomhthionscal é an tionscal cruach (50). Deimhnítear é sin san iliomad pleananna, treoracha agus doiciméid eile atá dírithe ar an earnáil, pleananna, treoracha agus doiciméid a eisítear ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus cathrach. Faoin 14ú Plean Cúig Bliana, chuir Rialtas na Síne an tionscal cruach i leataobh le haghaidh claochlú agus uasghrádú, chomh maith le hoptamú agus coigeartú struchtúrach (51). Mar an gcéanna, sa 14ú Plean Cúig Bliana maidir leis an Tionscal Amhábhar a Fhorbairt, atá infheidhme freisin maidir leis an tionscal cruach, liostaítear an earnáil mar ‘bhunchloch an fhíorgheilleagair’ agus ‘príomhréimse a mhúnlaíonn buntáiste iomaíoch idirnáisiúnta na Síne’ agus socraítear roinnt cuspóirí agus modhanna oibre a spreagfadh forbairt na hearnála sa tréimhse ama 2021-2025, amhail uasghrádú teicneolaíochta, fheabhsú struchtúr na hearnála (trí bhíthin comhchruinnithe corparáideacha breise go háirithe) nó claochlú digiteach (52). |
|
(75) |
Thairis sin, léirítear sa Phlean Oibre thuasluaite maidir le Fás Cobhsaí an Tionscail Cruach (féach aithris (61)) conas a chuirtear fócas údaráis na Síne ar an earnáil i gcomhthéacs níos leithne stiúradh gheilleagar na Síne ag Rialtas na Síne: ‘[i]s gá do chuideachtaí cruach súil ghéar a choinneáil ar riachtanais an bhonneagair nua, an uirbithe nua, athbheochan na tuaithe, agus na dtionscal atá ag teacht chun cinn, duga le mórthionscadail innealtóireachta a bhaineann leis an ‘14ú Plean Cúig Bliana’ i réigiúin éagsúla, agus gach iarracht a dhéanamh soláthar cruach a áirithiú. Sásraí comhair réamhtheachtacha agus iartheachtacha a bhunú agus a dhoimhniú idir an earnáil cruach agus príomhearnálacha a úsáideann cruach amhail longthógáil, iompar, tógáil, fuinneamh, gluaisteáin, fearais tí, innealra talmhaíochta, agus trealamh trom, gníomhaíochtaí nasctha éilimh ar tháirgeadh a dhéanamh, agus réimsí feidhme cruach a leathnú go gníomhach’ (53). |
|
(76) |
Ar an leibhéal áitiúil, mar shampla i gCúige Shandong, áit a bhfuil Shandong Juning Machinery Co. Ltd lonnaithe, ceanglaítear an méid seo a leanas leis an 14ú Plean Cúig Bliana Shandong um an tionscal iarainn agus cruach a fhorbairt (54): ‘Cruach le haghaidh innealra tógála: Tacú lenár gcúige chun aistriú ó chúige mór innealra tógála go cúige láidir innealra tógála, díriú ar fhorbairt glas agus neamhdhíobhálach don chomhshaol, ard-íonachta, feidhmíocht tionchair ísealteochta den scoth, inchruaiteacht chobhsaí agus cruach innealra tógála atá éasca le gearradh, dlús a chur le taighde agus forbairt cruach innealra tógála ard-nirt [...], freastal ar riachtanais forbartha innealra tógála nua-aimseartha le cumhacht ard agus meálasta íseal, agus an t-uasghrádú atriallach ar shlabhra thionscal na gcustaiméirí iartheachtacha agus forbairt iomlán agus shláintiúil éiceachóras an tionscail monaraíochta innealra tógála a bhaint amach’. |
|
(77) |
Sa bhreis ar an méid thuas, san imscrúdú ar cheanglóirí, suíodh go mbaineann táirgeoirí ceanglóirí tairbhe as fóirdheontais stáit, rud a léiríonn go soiléir go bhfuil leas ar leith ag an Stát san earnáil sin. Le linn an imscrúdaithe ar cheanglóirí, shuigh an Coimisiún gur cuireadh roinnt clár dreasachta airgeadais ar fáil do na táirgeoirí ceanglóirí, lena n-áirítear Beartais dreasachta 2019 don tionscal ceanglóirí in 2019 i gceantar Haiyan: ‘Claochlú cliste agus digiteach fhiontair na gceanglóirí a chur chun cinn go fuinniúil: Maidir le córais bhainistíochta dhigiteacha agus bogearraí feistí rialaithe comhtháite a chur i bhfeidhm, deonófar dreasachtaí speisialta airgeadais ag brath ar an mbliain cur chun feidhme, [...], tabharfar fóirdheontas aonuaire suas le 20 % den infheistíocht iarbhír sa chroí-threalamh agus uasmhéid RMB 2 mhilliún d’fhiontair a chuireann claochlú digiteach agus cliste (nó ceannacháin nua) agus uasghrádú ar a dtrealamh chun feidhme in 2019; maidir lena gcur chun feidhme in 2020, tabharfar fóirdheontas aonuaire dóibh de suas le 15 % den infheistíocht iarbhír i gcroí-threalamh agus uasmhéid RMB 1.5 milliún; maidir lena gcur chun feidhme in 2021, tabharfar fóirdheontas aonuaire dóibh de suas le 12 % den infheistíocht iarbhír i gcroí-threalamh agus uasmhéid RMB 1 mhilliún yuan’. (55) |
|
(78) |
Mar achoimre, tá bearta i bhfeidhm ag Rialtas na Síne chun oibreoirí a spreagadh le cuspóirí beartais phoiblí maidir le tacú le tionscail spreagtha a chomhlíonadh, lena n-áirítear táirgeadh na bpríomh-amhábhar a úsáidtear i monaraíocht an táirge faoi imscrúdú. Cuireann bearta den sórt sin bac ar fhórsaí an mhargaidh a oibriú gan bhac. |
|
(79) |
Níor léirigh an t-imscrúdú seo aon fhianaise nach mbeadh tionchar ar chur i bhfeidhm idirdhealaitheach nó forfheidhmiú neamhleor na ndlíthe féimheachta agus maoine san earnáil cruach, de réir Airteagal 2(6a)(b), an ceathrú fleasc den bhun-Rialachán, ar mhonaróirí an táirge faoi imscrúdú. |
|
(80) |
Ina theannta sin, tá an táirge faoi imscrúdú faoi thionchar an tsaofa ar chostais phá de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), an cúigiú fleasc den bhun-Rialachán, mar a thagraítear thuas in aithris (46) dó freisin. Déanann an saobhadh sin difear don earnáil go díreach (nuair a bhíonn an táirge faoi imscrúdú nó na príomh-ionchuir á dtáirgeadh) agus go hindíreach araon (le linn rochtain ar chaipiteal nó ar ionchuir ó chuideachtaí atá faoi réir an chórais saothair chéanna sa tSín) (56). |
|
(81) |
Thairis sin, níor cuireadh aon fhianaise isteach san imscrúdú seo lenar léiríodh nach ndéanann an idirghabháil rialtais sa chóras airgeadais aon difear d'earnáil an táirge faoi imscrúdú de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), an séú fleasc den bhun-Rialachán, mar a thagraítear thuas in aithris (46) dó freisin. Léiríonn an Plean Oibre thuasluaite maidir leis an bhFás Cobhsaí (féach aithris (61)) an cineál idirghabhála rialtais sin go han-mhaith freisin: ‘Institiúidí airgeadais a spreagadh chun seirbhísí airgeadais a sholáthar go gníomhach do chuideachtaí cruach a chuireann cumaisc agus atheagrú, coigeartuithe leagan amach, claochlú agus uasghrádú a chur chun feidhme, i gcomhréir le prionsabail an rialaithe riosca agus na hinbhuanaitheachta gnó.’ Dá bhrí sin, cuirtear isteach go mór ar dhálaí an mhargaidh ar gach leibhéal mar gheall ar idirghabháil shubstainteach rialtais sa chóras airgeadais. |
|
(82) |
Ar deireadh, meabhraíonn an Coimisiún gur gá roinnt ionchur chun an táirge faoi imscrúdú a tháirgeadh. Nuair a cheannaíonn táirgeoirí an táirge faoi imscrúdú na hionchuir sin nó nuair a dhéanann siad conarthaí lena n-aghaidh, is léir go mbíonn na praghsanna a íocann siad (agus a dhéantar a thaifeadadh mar a gcuid costas) neamhchosanta ar an saobhadh sistéamach céanna a luadh roimhe. Mar shampla, fostaíonn soláthróirí na n-ionchur lucht saothair atá faoi réir an tsaofa. Féadfaidh siad airgead a fháil ar iasacht a bheidh faoi réir shaobhadh na hearnála airgeadais/leithdháileadh an chaipitil. Ina theannta sin, tá siad faoi réir an chórais pleanála atá i bhfeidhm ar gach leibhéal rialtais agus earnála. |
|
(83) |
Dá thoradh sin, ní hamháin nach iomchuí praghsanna díola intíre an táirge faoi imscrúdú a úsáid de réir bhrí Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, ach déantar difear freisin do na costais ionchuir uile (lena n-áirítear amhábhair, fuinneamh, talamh, maoiniú, saothar, etc.) toisc go ndéanann an idirghabháil shubstainteach rialtais difear dá bpraghasmhúnlú, mar a shonraítear i gCodanna I agus II den Tuarascáil. Go deimhin, tá idirghabhálacha ón rialtais a dtugtar tuairisc orthu i ndáil le leithdháileadh caipitil, talún, saothair, fuinnimh agus amhábhar le fáil ar fud na Síne. Ciallaíonn sé sin, mar shampla, gur táirgeadh ionchur sa tSín trí réimse tosca táirgeachta a chur le chéile agus go bhfuil an t-ionchur sin neamhchosanta ar shaobhadh suntasach. Is amhlaidh atá maidir le hionchur leis an ionchur agus mar sin de. |
|
(84) |
Mar achoimre, léiríodh leis an bhfianaise a bhí ar fáil nach toradh ar fhórsaí an tsaormhargaidh iad praghsanna ná costais an táirge faoi imscrúdú, lena n-áirítear costais amhábhar, fuinnimh agus saothair, toisc go ndéantar difear dóibh trí idirghabháil shubstainteach rialtais de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b) den bhun-Rialachán, mar a léirítear leis an tionchar iarbhír nó féideartha a bhaineann le ceann amháin nó níos mó de na gnéithe ábhartha a liostaítear ann. Ar an mbonn sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach iomchuí praghsanna agus costais intíre a úsáid chun gnáthluach a shuí sa chás sin. |
|
(85) |
Níor thug Rialtas na Síne barúil ná níor sholáthair sé fianaise lenar tacaíodh nó lenar bréagnaíodh an fhianaise atá sa cháschomhad faoi láthair, lena n-áirítear an Tuarascáil agus an fhianaise bhreise a sholáthair an gearánach, maidir le saobhadh suntasach a bheith ann agus/nó maidir lena iomchuí atá cur i bhfeidhm Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán sa chás atá i gceist. |
|
(86) |
Ní bhfuair an Coimisiún aon bharúil ó Chinafar Group i ndáil le saobhadh suntasach a bheith ann sa tSín. D’áitigh an táirgeoir onnmhairiúcháin sampláilte nár cheart an líomhain maidir le saobhadh suntasach a bheith ina conclúid réamhchinntithe agus, maidir le dlí-eolaíocht EDT, gur cheart do na húdaráis imscrúdúcháin úsáid a bhaint as an gcostas iarbhír arna thabhú ag táirgeoirí onnmhairiúcháin chun an gnáthluach ríofa a ríomh. Thairis sin, fiú má sainaithníodh saobhadh, ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar gach onnmhaireoir Síneach go leithleach, go háirithe i gcás inar cuireadh sampláil i bhfeidhm. |
|
(87) |
Mheas an Coimisiún go bhfuil forálacha Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán go hiomlán comhsheasmhach le hoibleagáidí EDT an Aontais Eorpaigh. Mar a shoiléirigh Comhlacht Achomhairc EDT go sonrach in DS473 (57), ceadaítear le dlí EDT sonraí ó thríú tír a úsáid, agus iad coigeartaithe go cuí nuair is gá an coigeartú sin agus nuair a bhíonn bunús leis an gcoigeartú sin. Faoi Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán, is i gcás ina meastar saobhadh suntasach a bheith ann a dhéanann difear do chostais agus do phraghsanna, agus sa chás sin amháin, a ríomhtar an gnáthluach faoi threoir costas neamhshaofa agus praghsanna a fhaightear i dtír ionadaíoch nó faoi threoir tagarmharc idirnáisiúnta. In aon chás, foráiltear le hAirteagal 2(6a), an dara fomhír, an tríú fleasc den bhun-Rialachán nach bhféadfar costais intíre a úsáid ach amháin a mhéid a shuitear nach bhfuil siad saofa. |
|
(88) |
Thug an Coimisiún dá aire gur ón uair a chinntear nach iomchuí praghsanna agus costais sa tír is onnmhaireoir a úsáid de dheasca saobhadh suntasach a bheith ann sa tír is onnmhaireoir de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b) den bhun-Rialachán, baintear úsáid as praghsanna nó tagarmharcanna neamhshaofa i dtír ionadaíoch iomchuí chun an gnáthluach a ríomh le haghaidh gach táirgeora onnmhairiúcháin i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán. Ceadaítear freisin leis an bhforáil chéanna den bhun-Rialachán úsáid a bhaint as costais intíre, más rud é go suitear go dearfach nach bhfuil siad saofa. Sa chomhthéacs sin, bhí an deis ag na táirgeoirí onnmhairiúcháin fianaise a chur ar fáil go raibh a gcostais éagsúla SGA féin agus/nó a gcostais ionchuir eile neamhshaofa i ndáiríre. Mar a léirítear in aithrisí (46) go (84), áfach, shuigh an Coimisiún gur ann do shaobhadh sa tionscal cruach agus nach raibh aon fhianaise dheimhneach ann a léirigh nach ndearnadh saobhadh ar thosca táirgeachta de chuid táirgeoirí onnmhairiúcháin ar leith. Dá bhrí sin, diúltaíodh do na maímh sin. |
|
(89) |
I bhfianaise an mhéid thuas, chuaigh an Coimisiún ar aghaidh leis an ngnáthluach a bhunú go heisiach ar bhonn na gcostas táirgthe agus díola agus praghsanna nó tagarmharcanna neamhshaofa á léiriú, is é sin, sa chás seo, ar bhonn na gcostas comhfhreagrach táirgthe agus díola i dtír ionadaíoch iomchuí, i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, mar a shonraítear sa roinn seo a leanas. |
3.2.2. Tír ionadaíoch
3.2.2.1.
|
(90) |
Bunaíodh roghnú na tíre ionadaíche ar na critéir seo a leanas de bhun Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán:
|
|
(91) |
Mar a mhínítear in aithrisí (37) go (39), d’eisigh an Coimisiún dhá nóta i gcomhair an chomhaid faoi na foinsí chun an gnáthluach a shuíomh. |
|
(92) |
Sna nótaí sin, tugadh tuairisc ar na fíorais agus ar an bhfianaise is bun leis na critéir ábhartha agus tugadh aghaidh iontu freisin ar na barúlacha a fuarthas ó na páirtithe maidir leis na gnéithe sin agus maidir leis na foinsí ábhartha. |
|
(93) |
Sa dara Nóta, chuir an Coimisiún páirtithe leasmhara ar an eolas go raibh sé ar intinn aige an Téalainn a bhreithniú mar thír ionadaíoch iomchuí sa chás seo dá mba rud é go ndeimhneofaí gurbh ann do shaobhadh suntasach de bhun Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán. |
3.2.3. Leibhéal forbartha eacnamaíche atá cosúil leis an tSín
|
(94) |
Sa chéad nóta, d’aithin an Coimisiún an Mhalaeisia, an Téalainn agus an Tuirc mar thíortha a bhfuil an leibhéal céanna forbartha eacnamaíoch acu leis an tSín de réir an Bhainc Dhomhanda, i.e. tá siad go léir aicmithe ag an mBanc Domhanda mar thíortha ‘uas-mheánioncaim’ ar bhonn ollioncaim náisiúnta i gcás inarb eol go ndearnadh an táirge faoi imscrúdú a tháirgeadh. |
|
(95) |
Tar éis an chéad nóta agus an dara nóta, mhaígh Chinafar Group gur cheart an Téalainn a dhiúscairt mar thír a d’fhéadfadh a bheith ionadaíoch ós rud é gurb ionann a hollioncam náisiúnta (OIN) per capita agus beagnach leath ollioncam náisiúnta (OIN) per capita na Síne agus, dá bhrí sin, nach féidir a mheas gur tír í an Téalainn a bhfuil leibhéal forbartha eacnamaíche aici atá cosúil leis an tSín. Thug sé dá aire freisin gur luaigh an Coimisiún féin sa chéad nóta ‘go bhfuil sé de rún aige úsáid a bhaint as tíortha a bhfuil ollioncam náisiúnta acu atá cosúil leis an tSín’, gan tagairt a dhéanamh do chatagóir na dtíortha ard-mheánioncaim. |
|
(96) |
Agus an gnáthluach á ríomh i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, féadfaidh an Coimisiún tír ionadaíoch a úsáid a bhfuil leibhéal forbartha eacnamaíche aici atá cosúil le leibhéal na tíre is onnmhaireoir. Níl aon cheanglas breise sa bhun-Rialachán maidir leis an tír a bhfuil an leibhéal forbartha eacnamaíche is gaire don tír is onnmhaireoir aige a roghnú. Sna himthosca sin, déanann an Coimisiún amhlaidh trína lánrogha a fheidhmiú agus trí thíortha atá aicmithe sa chatagóir chéanna ioncaim ag an mBanc Domhanda a úsáid. Is í catagóir ábhartha an Bhainc Dhomhanda catagóir na dtíortha ard-mheánioncaim, ina bhfuil an tSín aicmithe. Shonraigh an Coimisiún go soiléir sa chéad nóta go n-úsáidfeadh sé bunachar sonraí an Bhainc Dhomhanda chun na críche sin, rud atá i gcomhréir lena chleachtas freisin. Ní toisc chinntitheach é agus an tír ionadaíoch iomchuí á roghnú go bhféadfadh OIN nó OTI per capita a bheith ag tír atá níos gaire don leibhéal sa tSín ná mar atá ag tír eile. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh sin. |
3.2.4. Gur ann do shonraí ábhartha atá ar fáil go héasca sa tír ionadaíoch
|
(97) |
Sa chéad nóta, sholáthair an Coimisiún faisnéis maidir le sonraí airgeadais ábhartha atá ar fáil go héasca i ndáil le cuideachtaí a tháirgeann an chatagóir níos leithne de cheanglóirí, lena n-áirítear an táirge faoi imscrúdú, sa Mhalaeisia, sa Téalainn agus sa Tuirc, agus maidir le hallmhairiú an amhábhair go dtí na tíortha sin chun an táirge faoi imscrúdú a tháirgeadh. |
|
(98) |
Ina mbarúlacha maidir leis an gcéad nóta, mhol na trí tháirgeoir onnmhairiúcháin shampláilte agus EFDA an Mhalaeisia mar an tír ionadaíoch is iomchuí, agus mhol an gearánach an Tuirc. Níor moladh aon tír ionadaíoch mhalartach don imscrúdú seo. |
|
(99) |
D’áitigh Junyue agus Chinafar Group nach bhféadfaí an Tuirc a mheas mar thír ionadaíoch ós rud é go raibh boilsciú ard, díluacháil mhór airgeadra, agus cur isteach polaitiúil mar shaintréith dá geilleagar, go háirithe maidir le leibhéil na gcostas saothair a chinneadh. |
|
(100) |
Thug an Coimisiún dá aire nár úsáideadh boilsciú agus díluacháil airgeadra mar chritéir chun measúnú a dhéanamh ar ionadaíochas tíre de bhun Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán agus i gcás ina roghnódh an Coimisiún an Tuirc mar thír ionadaíoch, dhéanfadh sé na luachanna le haghaidh boilscithe agus/nó díluacháil airgeadra a choigeartú i gcás inarb iomchuí chun na costais don tréimhse imscrúdúcháin a léiriú. Chomh maith leis sin, níor sholáthair na cuideachtaí fianaise chuí-réasúnaithe gur ann do chur isteach polaitiúil ar chostais saothair. Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh sin. |
|
(101) |
Mhaígh Junyue agus Chinafar Group nach raibh an Téalainn ná an Tuirc ina dtíortha ionadaíocha iomchuí ar bhonn mhéid na n-allmhairí ó Chónaidhm na Rúise (‘an Rúis’). |
|
(102) |
Bhí anailís curtha ar fáil ag an gCoimisiún cheana féin sa chéad nóta ar na treochtaí allmhairiúcháin ón Rúis ó 2019 go dtí an tréimhse imscrúdúcháin, rud nár léirigh aon athrú mór, ar mhéideanna ná ar mheánphraghas, ar na hallmhairí ón Rúis chuig ceachtar den dá thír. Dá bhrí sin, níor léiríodh go raibh athrú tagtha ar phatrúin onnmhairiúcháin na Rúise mar gheall ar na smachtbhannaí a tháinig i bhfeidhm tar éis ionradh iomlán ar an Úcráin in 2022, rud a d’fhéadfadh praghsanna allmhairiúcháin sa dá thír sin a shaobhadh. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh. |
|
(103) |
Tar éis an chéad nóta, d’áitigh Junyue freisin go raibh tionscal na gceanglóirí sa Téalainn, lena n-áirítear scriúnna, speisialaithe go mór i gceanglóirí de ghrád mótarfheithiclí, nach raibh ionadaíoch ar an táirge faoi imscrúdú toisc gur gnách praghas níos airde a bheith ar cheanglóirí a úsáidtear san earnáil mhótarfheithiclí, ós rud é go raibh orthu caighdeáin táirgí níos déine a chomhlíonadh. Mar gheall ar an speisialtóireacht sin, mhaígh Junyue, i gcás tosca táirgeachta áirithe, go ndeachaigh táirgeoirí na Téalainne i muinín allmhairí de ghrád speisialta de thionscnamh na Seapáine, rud a d’fhág nach raibh an tagarmharc ionadaíoch. |
|
(104) |
Bunaithe ar Global Trade Atlas (‘GTA’), rinne an Coimisiún meastóireacht ar phraghsanna onnmhairiúcháin na Seapáine le haghaidh na bpríomh-amhábhar (i.e. cóid HS 7213 91 , 7213 99 , 7228 30 , 7227 90 , agus 7214 99 ). Le linn na tréimhse imscrúdúcháin, ba í an Téalainn príomh-mhargadh onnmhairiúcháin na Seapáine, arbh ionann é agus 21 % d’onnmhairí iomlána na n-amhábhar sin. B’ionann na cúig cheann scríbe onnmhairiúcháin eile is mó, gan an tSín san áireamh, agus thart ar 53 % d’onnmhairí iomlána na n-amhábhar sin. Bhí an meánphraghas onnmhairiúcháin go dtí an Téalainn 10 % níos airde i gcomparáid leis na príomhmhargaí is mó sin (praghas EUR 1,09/kg don Téalainn agus EUR 0,90/kg do na cúig thír onnmhairiúcháin is mó). |
|
(105) |
Tháinig an Coimisiún ar an gconclúid sa dara nóta, cé gurbh fhéidir gur onnmhairigh táirgeoirí ceanglóirí de chuid na Téalainne ábhair de ghrád speisialta ón tSeapáin, nár dhícháiligh sé sin an Téalainn mar thír ionadaíoch. Go deimhin, cumhdaíodh scriúnna neamhchaighdeánacha leis an imscrúdú seo freisin agus d’fhéadfaí amhábhair de ghrád speisialta a úsáid le haghaidh na dtáirgí sin. Dá bhrí sin, ní fhéadfaí teacht ar an gconclúid go raibh praghsanna onnmhairiúcháin na Seapáine go dtí an Téalainn míréasúnta ard agus neamh-ionadaíoch. Dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh in aithris (103) gur cheart an Téalainn a eisiamh mar thír ionadaíoch iomchuí. |
|
(106) |
Sa dara nóta, rinne an Coimisiún tuilleadh anailíse ar allmhairí na dtrí phríomhthoisc táirgeachta, arb ionann iad agus thart ar 65 % den chostas monaraíochta (a aicmítear faoi chóid HS 7213 91 , 7213 99 agus 7228 30 ) isteach sna trí thír ionadaíocha ionchasacha. I gcás na dtosca táirgeachta sin go léir, ba iad allmhairí isteach sa Téalainn (gan allmhairí ón tSín ná ó thíortha a liostaítear in Iarscríbhinn 1 de Rialachán 2015/755 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (59) a áireamh) na hallmhairí ba mhó i dtéarmaí cainníochtaí. |
|
(107) |
Maidir leis an toisc tháirgeachta faoi chód HS 7213 91 , ba shuntasach iomlán na n-allmhairí ó fhoinsí neamhshaofa i ngach ceann de na trí thír, agus is ag an Téalainn a bhí na cainníochtaí is airde allmhairí ó thíortha seachas ón tSín agus ó thíortha a liostaítear in Iarscríbhinn 1 de Rialachán (AE) 2015/755. |
|
(108) |
Maidir leis an toisc tháirgeachta faoi chód HS 7213 99 , b’ionann i bhfad allmhairí na Téalainne agus an méid allmhairí ab airde, is é sin thart ar 76 000 tona, i.e. cúig oiread níos airde ná méideanna na n-allmhairí isteach sa Mhalaeisia agus sa Tuirc. B’ionann allmhairí ón tSín agus ó thíortha atá liostaithe in Iarscríbhinn 1 de Rialachán (AE) 2015/755 isteach sa Mhalaeisia agus 33 % d’iomlán na n-allmhairí isteach sa tír agus bhí an meánphraghas allmhairiúcháin ó fhoinsí eile isteach sa Mhalaeisia cosúil leis an bpraghas allmhairiúcháin ón tSín agus ó thíortha a liostaítear in Iarscríbhinn 1 de Rialachán (AE) 2015/755. An tráth céanna, is ar éigean a bhí allmhairí ag an Téalainn ná ag an Tuirc ón tSín ná ó thíortha a liostaítear in Iarscríbhinn 1 a ghabhann le Rialachán (AE) 2015/755. Dá bhrí sin, mheas an Coimisiún nach raibh an praghas allmhairiúcháin isteach sa Mhalaeisia chomh hiontaofa céanna leis an bpraghas allmhairiúcháin isteach sa Téalainn nó sa Tuirc. |
|
(109) |
I gcás chód HS 7228 30 , ba é méid na n-allmhairí isteach sa Téalainn an méid ba mhó i bhfad i measc na dtrí thír. B’ionann allmhairí ón tSín agus ó thíortha a liostaítear in Iarscríbhinn 1 de Rialachán (AE) 2015/755 agus sciar ard d’allmhairí iomlána na toisce táirgeachta sin isteach sna trí thír ar fad. Mar sin féin, bhí an meánphraghas allmhairiúcháin ó fhoinsí eile isteach sa Tuirc inchomparáide leis an meánphraghas allmhairiúcháin ón tSín agus ó thíortha a liostaítear in Iarscríbhinn 1 de Rialachán (AE) 2015/755 agus, ar an gcaoi sin, d’fhéadfadh sé go raibh tionchar ag praghas allmhairiúcháin na Síne air, agus bhí an meánphraghas allmhairiúcháin ó fhoinsí eile isteach sa Téalainn nó sa Mhalaeisia i bhfad níos airde ná an meánphraghas allmhairiúcháin ón tSín. Dá bhrí sin, mheas an Coimisiún nach raibh an praghas allmhairiúcháin isteach sa Tuirc chomh hiontaofa céanna leis an bpraghas allmhairiúcháin isteach sa Téalainn nó sa Mhalaeisia. |
|
(110) |
Sholáthair Junyue na ráitis airgeadais iniúchta lena gcumhdaítear an tréimhse imscrúdúcháin i ndáil le fochuideachta tháirgeoir na Malaeisia a roghnaigh an Coimisiún sa chéad nóta, nach dtáirgeann ach ceanglóirí (Chin Well Fasteners Co. Sdn. Bhd. (‘Chin Well Fasteners’). Shainaithin sé freisin táirgeoir breise sa Mhalaeisia a tháirgeann ceanglóirí caighdeánacha (Asia Bolts & Nuts Sdn. Bhd.) a bhfuil faisnéis airgeadais aige atá ar fáil go héasca le haghaidh 2023. Cuireadh Asia Bolts & Nuts Sdn. Bhd. as an áireamh toisc gur léirigh sé brabús 0,7 %, rud nár measadh a bheith réasúnta. |
|
(111) |
Mhaígh Junyue agus Chinafar nach raibh faisnéis airgeadais chuideachtaí na Téalainne agus na Tuirce a shainaithin an Coimisiún sa chéad nóta ionadaíoch ar an táirge faoi imscrúdú agus gur léirigh siad cóimheasa costais SGA agus brabúis níos airde ná mar is gnách. |
|
(112) |
Mhaígh siad gurbh é an míniú air sin nach raibh táirgí a mhonaraigh na cuideachtaí sin inchomparáide leis an táirge faoi imscrúdú, ós rud é gur ceanglóirí ardnirt, ardcháilíochta den chuid is mó iad le haghaidh margaí nideoige an-bhrabúsacha amhail na hearnálacha aeraspáis, mótarfheithiclí agus fuinnimh/peitriceimiceacha agus, dá bhrí sin, go raibh siad ar cháilíocht níos airde i gcomparáid leis an táirge faoi imscrúdú a monaraíodh sa tSín. |
|
(113) |
D’áitigh siad gur bhain sé sin freisin leis an gcuideachta de chuid na Téalainne Thai Meira, Co. Ltd., a rinne speisialtóireacht i gceanglóirí neamhchaighdeánacha don tionscal mótarfheithiclí. Ina theannta sin, ní fhéadfaí a mheas go raibh an chuideachta de chuid na Téalainne S.J. Screws Co. Ltd. ionadaíoch, ós rud é gur mhonaraigh sé den chuid is mó táirgí nach dtagann faoin táirge faoi imscrúdú lenar bhain costas táirgthe níos airde, amhail crua-earraí rigeála, plátaí cruach agus táirgí tionsclaíocha iascaireachta, nó ceanglóirí neamhchaighdeánacha don tionscal mótarfheithiclí. |
|
(114) |
Thug an Coimisiún dá aire gur tháirg roinnt de na táirgeoirí sampláilte de chuid na Síne ceanglóirí ardnirt agus gur fhreastail siad ar earnálacha sonracha, amhail olacheantair amach ón gcósta agus píblínte ola. Cé go bhfuil na cuideachtaí a fhaightear sna tíortha ionadaíocha féideartha speisialaithe i ndeighleoga áirithe, amhail scriúnna neamhchaighdeánacha don tionscal mótarfheithiclí, ar cuid den táirge faoi imscrúdú iad, agus/nó nach dtáirgeann siad ach cuid den táirge faoi imscrúdú, ní cúis é sin leis na cuideachtaí sin a eisiamh. Dá bhrí sin díbheadh an maíomh sin. |
|
(115) |
Luaigh EFDA nár chuir an Coimisiún táirgeoir tábhachtach Turcach, Norm Civata Sanaya Ve Ticaret Anonim Sirketi (‘Norm Civata’) san áireamh i liosta na gcuideachtaí roghnaithe. |
|
(116) |
Ón bhfaisnéis a soláthraíodh i mbunachar sonraí Orbis, ba chosúil gur cuideachta mhórdhíola é Norm Civata a athghrúpálann roinnt cuideachtaí brainse agus go bhfuil a fhaisnéis airgeadais ar an leibhéal comhdhlúite. Ní raibh faisnéis airgeadais an bhrainse atá gníomhach in ‘Metals & Metal Products’ ar fáil. Dá bhrí sin, mheas an Coimisiún go raibh sé míchuí tuarascáil bhliantúil Norm Civata a úsáid chun críche an imscrúdaithe seo. |
|
(117) |
Cheistigh EFDA freisin an mhodheolaíocht chun costais SGA a ríomh agus mhaígh sé gur cheart an brabús agus an caillteanas airgeadais a dhealú ó na costais oibriúcháin. Dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh sin toisc gurb é a chleachtas seanbhunaithe costais airgeadais a chur san áireamh i gcostais SGA chun costas iomlán táirgthe an táirge faoi imscrúdú a léiriú. |
|
(118) |
I bhfianaise na ngnéithe thuas, chuir an Coimisiún na páirtithe leasmhara ar an eolas leis an dara nóta go raibh sé beartaithe aige an Téalainn a úsáid mar thír ionadaíoch iomchuí agus sonraí airgeadais trí chuideachta (60), a úsáid chun praghsanna nó tagarmharcanna neamhshaofa a aimsiú ar mhaithe leis an ngnáthluach a ríomh, i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a), an chéad fhleasc den bhun-Rialachán. |
|
(119) |
Iarradh ar pháirtithe leasmhara a mbarúlacha a thabhairt ar oiriúnacht na Téalainne mar thír ionadaíoch agus ar na trí chuideachta mar tháirgeoir sa tír ionadaíoch. |
3.2.5. Barúlacha ó pháirtithe leasmhara
|
(120) |
Tar éis an dara nóta, d’athdhearbhaigh Junyue, Chinafar Group agus EFDA a maíomh gurbh í an Mhalaeisia an tír ionadaíoch ab iomchuí de réir bhrí Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán seachas an Téalainn ar roinnt cúiseanna. |
|
(121) |
Mhaígh siad, ar an gcéad dul síos, go ndearna cuideachtaí sa Mhalaeisia ceanglóirí caighdeánacha den chuid is mó agus, dá bhrí sin, go raibh a meascán táirgí cosúil le meascán na dtáirgí Síneacha. |
|
(122) |
Ar an dara dul síos, mheas Junyue agus EFDA nach raibh údar maith ann nár dhírigh an Coimisiún ach ar mhéideanna allmhairí d’aon toisc amháin táirgeachta (HS 7213 99 ) chun an Mhalaeisia a chur as an áireamh mar thír ionadaíoch. Maidir leis an toisc tháirgeachta sin, b’ionann allmhairí na Síne ón tSín agus 33 % d’iomlán na n-allmhairí, céatadán comhchosúil d’allmhairí an dá thoisc táirgeachta eile isteach sa Téalainn (HS 7213 91 agus HS 7228 30 ). |
|
(123) |
Ar an tríú dul síos, d’áitigh Junyue nár léirigh an chosúlacht idir meánphraghas allmhairí na Síne agus meánphraghas allmhairiúcháin ó thíortha eile ach go raibh praghsanna na n-ábhar allmhairithe socraithe go bunúsach ar théarmaí an mhargaidh. |
|
(124) |
D’áitigh Junyue freisin gur bhain níos mó imní fós le sonraí allmhairiúcháin na Téalainne mar gheall ar chion foriomlán níos airde d’allmhairí na Síne isteach sa Téalainn (43 %) i gcomparáid leis an Malaeisia (29 %) agus leis an Tuirc (15 %). |
|
(125) |
Murab ionann agus maíomh Junyue, níor dhírigh an Coimisiún ar allmhairí d’aon toisc amháin táirgeachta chun an Mhalaeisia a chur as an áireamh mar thír ionadaíoch. Go deimhin, rinne an Coimisiún anailís ar allmhairí na dtrí phríomhthoisc táirgeachta, arb ionann iad agus thart ar 65 % den chostas monaraíochta (HS 7213 91 , 7213 99 agus 7228 30 ) isteach sna trí thír ionadaíocha ionchasacha. |
|
(126) |
I gcás na dtosca táirgeachta sin go léir, ba iad allmhairí isteach sa Téalainn (gan allmhairí ón tSín ná ó thíortha a liostaítear in Iarscríbhinn 1 de Rialachán (AE) 2015/755 a áireamh) na hallmhairí ba mhó i dtéarmaí cainníochtaí. Maidir le cód HS 7213 91 , ba shuntasach iomlán na n-allmhairí ó fhoinsí neamhshaofa i ngach ceann de na trí thír, agus is ag an Téalainn a bhí na cainníochtaí is airde allmhairí ó thíortha seachas an tSín agus na tíortha a liostaítear in Iarscríbhinn 1 de Rialachán (AE) 2015/755. |
|
(127) |
Maidir le cód HS 7213 99 , b’ionann i bhfad allmhairí na Téalainne agus an méid allmhairí ab airde, is é sin thart ar 76 000 tona, i.e. cúig oiread níos airde ná méideanna na n-allmhairí isteach sa Mhalaeisia agus sa Tuirc. Mar a shonraítear in aithris (108), b’ionann allmhairí na Síne isteach sa Mhalaeisia agus 33 % d’iomlán na n-allmhairí isteach sa tír agus rinneadh praghsanna domhanda a ailíniú le praghsanna na Síne, rud a thugann le fios go bhféadfadh sé nach mbeidís chomh hiontaofa céanna. |
|
(128) |
Maidir le cód HS 7228 30 , arb ionann é agus 11 % de chostas iomlán na monaraíochta, i bhfianaise mhéid na n-allmhairí, mheas an Coimisiún gurb í an Téalainn an tír is ionadaíche, mar a leagtar amach in aithris (109) thuas. |
|
(129) |
Ar an mbonn sin, mheas an Coimisiún go raibh tacar sonraí de cháilíocht níos airde a bhí ar fáil go héasca le haghaidh luachanna allmhairiúcháin neamhshaofa ag an Téalainn agus chinn sé, dá bhrí sin, an Téalainn a mheas mar an tír ionadaíoch iomchuí agus dhíbh sé maíomh Junyue. |
|
(130) |
D’athdhearbhaigh Junyue agus Chinafar Group an maíomh go raibh praghsanna allmhairiúcháin na Téalainne ard mar gheall ar láithreacht mhór allmhairí de ghrád speisialta de thionscnamh na Seapáine, arb allmhairí iad a úsáideann táirgeoirí na Téalainne le haghaidh feidhmeanna speisialta, go háirithe an earnáil mhótarfheithiclí. D’áitigh Junyue freisin gur bhain an treocht sin leis an bhfíoras go raibh roinnt táirgeoirí nasctha le cuideachtaí de chuid na Seapáine agus go bhfuair siad amhábhair de ghrád ard óna máthairchuideachtaí. |
|
(131) |
D’áitigh Junyue freisin, dá gcinnfeadh an Coimisiún an Téalainn a choinneáil mar thír ionadaíoch, gur cheart sonraí allmhairiúcháin a choigeartú trí allmhairí na Seapáine a asbhaint ó iomlán na n-allmhairí, ós rud é go bhfuil na praghsanna míréasúnta ard. |
|
(132) |
Maidir leis na maímh sin, thug an Coimisiún dá aire nár sholáthair Junyue ná Chinafar Group aon fhianaise ar scála allmhairí na Seapáine chuig an Téalainn d’amhábhair atá beartaithe chun scriúnna neamhchaighdeánacha a tháirgeadh le haghaidh earnálacha speisialaithe. Ar an gcaoi chéanna, ní raibh aon fhianaise ann go ndearnadh allmhairí ó pháirtithe gaolmhara. |
|
(133) |
Níor chuir an dá tháirgeoir shampláilte aon fhianaise ar fáil ach oiread nár úsáideadh ábhair ardghráid chun scriúnna neamhchaighdeánacha a tháirgeadh sa tSín. I ndáil leis sin, thug an Coimisiún dá aire gur allmhairigh an tSín cainníochtaí móra de na hamhábhair ón tSeapáin freisin, agus í ar an tríú margadh onnmhairiúcháin don tSeapáin. |
|
(134) |
Thairis sin, ríomhadh gnáthluach an táirge lena mbaineann ar bhonn na n-allmhairí uile isteach sa Téalainn, agus ní hamháin ar bhonn allmhairí ón tSeapáin. Ní raibh i gceist le hallmhairí na gcúig mhór-amhábhar ón tSeapáin ach thart ar 17 % d’allmhairí iomlána na n-ábhar sin. Ar bhonn na ngnéithe thuas, diúltaíodh do na maímh a luaitear in aithrisí (130) agus (131). |
|
(135) |
Ina mbarúlacha maidir leis an dara nóta, d’athdhearbhaigh Junyue agus Chinafar Group a dtuairim go raibh na cuideachtaí de chuid na Malaeisia a roghnaigh an Coimisiún sa chéad nóta níos ionadaíche ná cuideachtaí na Téalainne, ós rud é gur dhírigh siad go príomha ar tháirgeadh an táirge faoi imscrúdú agus, i gcás na cuideachta, Chin Well Fasteners, gur chomhfhreagair na sonraí airgeadais a bhí ar fáil go poiblí don tréimhse imscrúdúcháin. |
|
(136) |
Os a choinne sin, d’áitigh siad arís nár tháirg dhá cheann de na trí tháirgeoir de chuid na Téalainne a roghnaigh an Coimisiún an táirge faoi imscrúdú. Líomhain siad gur tháirg Thai Meira ceanglóirí speisialta go príomha agus gur dhírigh S. J. Screwthai go príomha ar tháirgí nár chomhfhreagair don táirge lena mbaineann. |
|
(137) |
D’áitigh EFDA freisin gur chuideachta mhórdhíola a bhí in S.J. Screwthai, ar bhonn na faisnéise i mbunachar sonraí Orbis agus gur dhiúltaigh an Coimisiún don chuideachta Thurcach Norm Civata ar an gcúis chéanna. |
|
(138) |
D’athbhreithnigh an Coimisiún an fhaisnéis a bhí ar fáil maidir leis an dá chuideachta sa Téalainn agus, ar bhonn a suíomh gréasáin agus ar bhunachar sonraí Orbis, tháinig sé ar an gconclúid (i) gur sainaithníodh S.J. Screws i mbunachar sonraí Orbis mar thrádálaí mórdhíola agus miondíola. Ní raibh an anailís ar shuíomh gréasáin na cuideachta dochloíte chun a shuí an fíortháirgeoir nó mórdhíoltóir í an chuideachta agus, dá bhrí sin, chinn an Coimisiún an chuideachta sin a eisiamh ón anailís; (ii) tháirg Thai Meira, i measc nithe eile, táirgí a thagann faoi raon feidhme táirge an imscrúdaithe seo, go háirithe boltaí stodacha. |
|
(139) |
Mhaígh Chinafar Group freisin gur léirigh Thai Meira ardbhrabús neamhionadaíoch mar gheall ar a speisialtóireacht i gceanglóirí neamhchaighdeánacha atá ceaptha don earnáil mótarfheithiclí. Mar sin féin, níor sholáthair an chuideachta fianaise a léirigh go raibh brabúsacht na ndíolachán leis an earnáil mótarfheithiclí níos airde ná brabúsacht na ndíolachán le hearnálacha eile. Dá bhrí sin, díbheadh an maíomh. |
|
(140) |
Ina theannta sin, rinne EFDA sonraí airgeadais cúig chuideachta bhreise sa Téalainn a shainaithint agus a bhaint as Orbis, ar sonraí iad a bhféadfadh an Coimisiún brath orthu: Thai Union Fasteners, MDF Precision, Bangkok Fastenings, Suntorx Enterprise agus Tycoon Worldwide Group. |
|
(141) |
Rinne an Coimisiún anailís ar shonraí airgeadais na gcuideachtaí sin uile agus chinn sé go raibh Tycoon Worldwide Group neamhbhrabúsach in 2023 agus go raibh brabúis na gceithre chuideachta eile (arna ríomh ar chostas na n-earraí a díoladh) idir 0,35 % agus 1,31 %, agus measadh nár leibhéal réasúnta brabúis iad. Dá bhrí sin, níor chuir an Coimisiún na cuideachtaí sin san áireamh ina anailís. |
|
(142) |
Maidir le barúil Junyue gur tagarmharc níos iontaofa agus níos ionadaíche iad na cuideachtaí roghnaithe de chuid na Malaeisia, amhail Chin Well Fasteners agus Tong Heer Fasteners Co. Sdn. Bhd. (‘Tong Herr’), thug an Coimisiún an méid seo a leanas dá aire: |
|
(143) |
Bhí Tong Herr, a raibh speisialtóireacht aige i monaraíocht ceanglóirí cruach dosmálta, mar chuid de ghrúpa níos mó, lena n-áirítear monaróir táirgí beacht-teilgin freisin. Cé nach raibh sonraí airgeadais Tong Herr 2024 ar fáil go fóill, léirigh an fhaisnéis ar leibhéal an ghrúpa (61) go raibh deighleog ghnó na gceanglóirí neamhbhrabúsach in 2024, rud a fhágann gur cuideachta mhí-oiriúnach í chun tagarmharc ionadaíoch a chinneadh. |
|
(144) |
Maidir le Chin Well Fasteners, cé go bhfuil sé cruinn go bhfuil sonraí airgeadais na cuideachta sin ailínithe go beacht leis an tréimhse imscrúdúcháin, d’easaontaigh an Coimisiún le dearbhú Junyue gur bhain bonn níos ionadaíche le Chin Well Fasteners leis féin chun na cóimheasa costais SGA agus brabúis a chinneadh ná na cuideachtaí roghnaithe sa Téalainn. De réir na faisnéise atá ar fáil ar shuíomh gréasáin oifigiúil na cuideachta, (62) tháirg Chin Well Fasteners scriúnna ar a bhfuil cinn go heisiach. Cé nár dícháilíodh an chuideachta leis sin ó bheith ina hionadaí féideartha le haghaidh ríomhanna costais SGA agus brabúis, tá cuideachtaí na Téalainne níos iomchuí ós rud é go dtáirgeann siad táirgí a thagann faoin sainmhíniú ar an táirge sa chás seo. |
|
(145) |
Ar bhonn na hanailíse thuas, chinn an Coimisiún an Téalainn a úsáid mar thír ionadaíoch iomchuí agus sonraí airgeadais dhá chuideachta (63) a úsáid chun an gnáthluach a ríomh i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán. |
3.2.6. Leibhéal na cosanta sóisialta agus comhshaoil
|
(146) |
Tar éis an chéad nóta, d’áitigh an gearánach go raibh an Téalainn agus an Tuirc araon ag feidhmiú níos fearr ná an Mhalaeisia i dtéarmaí a scór foriomlán spriocanna forbartha inbhuanaithe agus go raibh gach ceann de na 10 gcoinbhinsiún bhunúsacha saothair EIS daingnithe ag an Tuirc. Ar an taobh eile, dúirt EFDA gur thug fianaise le fios nach raibh cuntais teiste na Téalainne agus na Tuirce i dtéarmaí chosaint an chomhshaoil agus chearta an duine chomh fabhrach céanna i gcomparáid leis an Malaeisia. |
|
(147) |
Tar éis an dara nóta, d’athdhearbhaigh Chinafar Group na barúlacha a thug EFDA nach raibh cuntas teiste na Téalainne i dtéarmaí chosaint an chomhshaoil agus chearta an duine fabhrach i gcomparáid le cuntas teiste na Malaeisia. |
|
(148) |
Tar éis a shuí gurb í an Téalainn an t-aon tír ionadaíoch iomchuí sa chás seo, bunaithe ar gach ceann de na gnéithe thuasluaite, ní raibh aon ghá measúnú a dhéanamh ar leibhéal na cosanta sóisialta agus an chomhshaoil i gcomhréir leis an abairt dheireanach d’Airteagal 2(6a)(a) an chéad fhleasc den bhun-Rialachán. |
3.2.6.1.
|
(149) |
I bhfianaise na hanailíse thuas, chomhlíon an Téalainn na critéir a leagtar síos in Airteagal 2(6a)(a), an chéad fhleasc den bhun-Rialachán chun go measfaí í mar thír ionadaíoch iomchuí. |
3.2.7. Foinsí arna n-úsáid chun costais neamhshaofa a shuí
|
(150) |
Sa chéad nóta, liostaigh an Coimisiún na tosca táirgeachta amhail ábhair, fuinneamh agus saothar a úsáideann na táirgeoirí onnmhairiúcháin i dtáirgeadh an táirge faoi imscrúdú agus d’iarr sé ar na páirtithe leasmhara a mbarúil a thabhairt agus faisnéis atá ar fáil go poiblí a mholadh maidir le luachanna neamhshaofa le haghaidh gach ceann de na tosca táirgeachta a luaitear sa nóta sin. |
|
(151) |
Tar éis sin, sa dara nóta, luaigh an Coimisiún, chun an gnáthluach a ríomh i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, go n-úsáidfeadh sé Global Trade Atlas (‘GTA’) chun an costas neamhshaofa a shuí maidir le formhór na dtosca táirgeachta sa tír ionadaíoch, agus na hamhábhair go sonrach. Ina theannta sin, luaigh an Coimisiún go n-úsáidfeadh sé Banc na Téalainne chun costais saothair neamhshaofa a shuí (64), go n-úsáidfeadh sé Bord Infheistíochta na Téalainne le haghaidh leictreachais (65), agus go n-úsáidfeadh sé Oifig um Beartas agus Pleanáil Fuinnimh na hAireachta Fuinnimh le haghaidh gás nádúrtha (66). |
|
(152) |
Sa dara nóta, chuir an Coimisiún na páirtithe leasmhara ar an eolas freisin i ngeall ar meáchan diomaibhseacha cuid de na hionchuir sin, is iad sin gal agus uisce, sa chostas iomlán táirgthe, go ndearnadh na hítimí diomaibhseacha sin, arbh fhiú níos lú iad ná 2 % den chostas iomlán táirgthe arna thuairisciú ag na táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte, a ghrúpáil faoi ‘tomhaltáin’. Ina theannta sin, chuir an Coimisiún in iúl go ríomhfadh sé céatadán na dtomhaltán ar chostas iomlán na n-amhábhar agus go gcuirfeadh sé an céatadán sin i bhfeidhm ar chostas athríofa na n-amhábhar agus na tagarmharcanna neamhshaofa arna suí sa tír ionadaíoch iomchuí a n-úsáid aige. |
3.2.7.1.
|
(153) |
I bhfianaise na faisnéise uile a chuir na páirtithe leasmhara isteach agus a bailíodh le linn na gcuairteanna fíorúcháin, sainaithníodh na tosca táirgeachta seo a leanas agus a bhfoinsí chun an gnáthluach a chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán: Tábla 1 Tosca táirgeachta an táirge faoi imscrúdú
|
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(154) |
Chuir an Coimisiún luach le haghaidh forchostais mhonaraíochta san áireamh chun costais a chumhdach nach n-áirítear sna tosca táirgeachta dá dtagraítear thuas. Mínítear an mhodheolaíocht go cuí in aithrisí (178) agus (179). |
3.2.7.2.
|
(155) |
Chun praghas neamhshaofa na n-amhábhar mar a dhéantar iad a sheachadadh ag geata táirgeora de chuid na tíre ionadaíche a shuí, d’úsáid an Coimisiún an meánphraghas allmhairiúcháin ualaithe chuig an tír ionadaíoch mar a thuairiscítear in GTA mar bhonn agus cuireadh dleachtanna allmhairiúcháin agus costais iompair intíre leis. Cinneadh praghas allmhairiúcháin sa tír ionadaíoch mar mheán ualaithe phraghsanna aonaid na n-allmhairí ó gach tríú tír cé is moite den tSín agus tíortha nach comhaltaí den Eagraíocht Dhomhanda Trádála iad, a liostaítear in Iarscríbhinn 1 a ghabhann le Rialachán (AE) 2015/755 (68). |
|
(156) |
Chinn an Coimisiún na hallmhairí ón tSín isteach sa tír ionadaíoch a chur as an áireamh toisc gur tháinig sé ar an gconclúid nach iomchuí praghsanna agus costais intíre sa tSín a úsáid toisc go bhfuil saobhadh suntasach ann i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(b) den bhun-Rialachán. De bhrí nach bhfuil aon fhianaise ann a léiríonn nach mar an gcéanna an tionchar a imríonn an saobhadh céanna ar tháirgí a bhfuil sé beartaithe iad a onnmhairiú ón tSín, mheas an Coimisiún gur imir an saobhadh céanna tionchar ar phraghsanna onnmhairiúcháin. |
|
(157) |
I gcás roinnt de na tosca táirgeachta, bhí sciar diomaibhseach de na costais amhábhar iomlána sa tréimhse imscrúdúcháin i gceist leis na costais iarbhír arna dtabhú ag na táirgeoirí allmhairiúcháin comhoibríocha. Ós rud é gurbh fhiú níos lú ná 2 % den chostas iomlán táirgthe iad, agus nach raibh aon tionchar mór ag an luach a úsáideadh dóibh siúd ar na ríomhanna maidir leis an gcorrlach dumpála, gan beann ar an bhfoinse a úsáideadh, chinn an Coimisiún na costais sin a áireamh le tomhaltáin. |
|
(158) |
Chun praghas neamhshaofa na n-amhábhar a shuí, dá bhforáiltear sa chéad fhleasc d’Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, chuir an Coimisiún dleachtanna allmhairiúcháin ábhartha na tíre ionadaíche i bhfeidhm. |
|
(159) |
An costas iompair arna thabhú ag an táirgeoir onnmhairiúcháin comhoibríoch as amhábhair a sholáthar, is mar chéatadán de chostas iarbhír na n-amhábhar sin a shloinn an Coimisiún é agus chuir sé an céatadán céanna i bhfeidhm ar chostas neamhshaofa na n-amhábhar céanna chun an costas iompair neamhshaofa a fháil. Mheas an Coimisiún go bhféadfaí, i gcomhthéacs an imscrúdaithe seo, an cóimheas idir amhábhar an táirgeora onnmhairiúcháin agus na costais iompair thuairiscithe a úsáid go réasúnta mar tháscaire chun meastachán a dhéanamh ar chostais neamhshaofa na n-amhábhar nuair a sheachadtar chuig monarcha na cuideachta iad. |
|
(160) |
Sholáthair an Coimisiún liosta de na príomhthosca táirgeachta sa chéad nóta. Tar éis na faisnéise a bailíodh le linn na cuairte fíorúcháin ar áitreabh na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin, rinneadh leasú ar liosta na dtosca táirgeachta. Go háirithe, eisiadh sreang iarainn agus cruach neamh-chóimhiotail (HS 7217 10 ) toisc gur chinn an Coimisiún nár úsáideadh í i dtáirgeadh an táirge faoi imscrúdú cé gur tuairiscíodh í gan chuimhneamh sna freagraí ar an gceistneoir ar dtús. |
|
(161) |
Tar éis bharúlacha na bpáirtithe leasmhara maidir leis an gcéad nóta, d’áitigh an gearánach gur dócha go ndéanfadh líon mór allmhairí na bpríomhthosca táirgeachta ón tSín saobhadh ar phraghsanna an mhargaidh sa Mhalaeisia; dhearbhaigh an gearánach freisin go ndearnadh fóirdheonú mór ar phraghsanna leictreachais sa Mhalaeisia, ag soláthar alt irise mar fhianaise, ina ndírítear ar an tionchar ar úsáideoirí intíre. |
|
(162) |
Ina bharúlacha maidir leis an dara nóta, d’áitigh Chianafar Group nár fhág an fhíric lom go raibh ann d’fhóirdheonú go raibh na praghsanna neamhionadaíoch chun críche Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán. |
|
(163) |
Tar éis a shuí go meastar ag an gcéim seo gur tír ionadaíoch iomchuí í an Téalainn de réir bhrí Airteagal 2(6a)(a), díbheadh na maímh sin. |
3.2.7.3.
|
(164) |
D’úsáid an Coimisiún na staitisticí deireanacha a bhí ar fáil arna bhfoilsiú ag Banc na Téalainne (69) chun an tagarmharc le haghaidh saothair a shuí. Chuir Banc na Téalainne faisnéis ar fáil ar bhonn ráithiúil maidir leis an meánphá míosúil sa Téalainn san earnáil mhonaraíochta don tréimhse imscrúdúcháin. Coigeartaíodh iad sin chun muirir shóisialta a d’íoc an fostóir a chuimsiú (70). |
|
(165) |
Ní raibh faisnéis maidir le huaireanta oibre ar fáil sna staitisticí a d’fhoilsigh Banc na Téalainne, agus dá bhrí sin d’úsáid an Coimisiún faisnéis maidir le huaireanta an chloig in aghaidh na seachtaine a oibríodh sa Téalainn arna soláthar i mbunachar sonraí Staidrimh Fórsa Saothair de chuid na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (71). |
|
(166) |
Dá bhrí sin, ríomh an Coimisiún an costas saothair in aghaidh na huaire sa Téalainn tríd an gcostas saothair bliantúil a roinnt ar na huaireanta bliantúla a oibríodh. |
|
(167) |
Tar éis an dara nóta, d’áitigh Junyue agus Chinafar Group araon gur cheart don Choimisiún uaireanta oibre iarbhír tháirgeoirí onnmhairiúcháin na Síne a úsáid chun an tagarmharc le haghaidh saothair a ríomh, seachas sonraí EIS. |
|
(168) |
Dar leo, bhí údar leis sin ós rud é nár chuir Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán cosc ach ar úsáid sonraí a bhaineann le praghsanna agus costais sna tíortha onnmhairiúcháin agus, os a choinne sin, níor cheart faisnéis nach mbaineann le praghsanna a chur i leataobh go huathoibríoch. |
|
(169) |
Thug an Coimisiún dá aire gur úsáid sé na huaireanta iarbhír a d’oibrigh táirgeoirí onnmhairiúcháin na Síne agus, mar chuid de ríomh an ghnáthluacha, gur iolraigh sé iad faoin gcostas comhfhreagrach sa Téalainn. Ba é cuspóir na modheolaíochta athríomh a dhéanamh ar an méid a chosnódh na huaireanta oibre sin sa tír ionadaíoch. Ba ghá gurbh é an costas saothair sa Téalainn an cóimheas idir costas iomlán an tsaothair agus na huaireanta iomlána saothair sa Téalainn. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh. |
3.2.7.4.
|
(170) |
Sa dara nóta, d’fhógair an Coimisiún go raibh sé beartaithe aige úsáid a bhaint as luachan phraghas an leictreachais d’fhiontair ghnó, thionsclaíocha agus stáit arna fhoilsiú ag Bord Infheistíochta na Téalainne (72), agus úsáid á baint as an taraif tráth a úsáide (taraif TOU) - Seirbhís Ghinearálta Mhór, Leibhéal voltais faoi bhun 22 Kv chun an tagarmharc le haghaidh leictreachais a ríomh. |
|
(171) |
Níor tháinig aon athrú ar an bhfuinneamh sin ó bhí 2018 ann agus déantar é a nuashonrú ar bhonn míosúil trí úsáid a bhaint as an ionstraim ar a dtugtar muirear Ft. Dá bhrí sin, déantar muirir leictreachais a ghearrtar do gach mí a ríomh mar seo a leanas:
|
|
(172) |
Tar éis an dara nóta, shuigh an Coimisiún tagarmharc le haghaidh leictreachais do gach táirgeoir onnmhairiúcháin sampláilte bunaithe ar an mbuaicthomhailt agus an tomhailt seachbhuaice faoi seach. An úsáid a bhí mar thoradh air, rinneadh í a leithdháileadh ar na rátaí amanna móréilimh agus amanna beagéilimh. |
|
(173) |
Ina theannta sin, chinn an Coimisiún an muirear éilimh agus an muirear seirbhíse araon a áireamh sa tagarmharc ráta leictreachais, chun costas an leictreachais sa tír ionadaíoch a léiriú go hiomlán. Sloinneadh an muirear seirbhíse mar mhéid seasta in aghaidh na míosa, agus suíodh an muirear éilimh, in kW, ar bhonn ríomh coimeádach an éilimh ar leictreachas. Suíodh é sin tríd an mbuaicfhuinneamh iomlán a ídíodh a roinnt ar líon na n-uaireanta táirgthe. Suíodh an meánráta ualaithe le haghaidh buaicuaireanta agus na huaireanta seachbhuaice mar thagarmharc le haghaidh gach táirgeoir onnmhairiúcháin sampláilte. |
|
(174) |
Sa dara nóta, luaigh an Coimisiún go ndéanfadh sé an cháin bhreisluacha (CBL) a asbhaint ó na rátaí leictreachais. Tar éis imscrúdú breise a dhéanamh, áfach, shuigh an Coimisiún gur luadh praghsanna leictreachais sa Téalainn gan CBL san áireamh. |
3.2.7.5.
|
(175) |
Chun an tagarmharc le haghaidh an gháis nádúrtha a shuí, bhain an Coimisiún úsáid as na praghsanna a d’fhoilsigh an Oifig um Beartas agus Pleanáil Fuinnimh na hAireachta Fuinnimh (74), is é sin dTábla 7.2-4, ina léirítear an Tomhaltas Fuinnimh Deiridh Per Capita. D’úsáid an Coimisiún meán na sonraí 2023 agus 2024 a léirítear sa Tábla sin mar thagarmharc. |
3.2.7.6.
|
(176) |
Chun an tagarmharc le haghaidh seachtháirgí a shuí, d’úsáid an Coimisiún an cóimheas idir luach na seachtháirgí agus luach an bhun-amhábhair, mar a taifeadadh i gcóras cuntasaíochta na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin agus chuir sé an cóimheas sin i bhfeidhm maidir leis an tagarmharc a fuarthas ó GTA. |
3.2.7.7.
|
(177) |
De réir Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, ‘[á]ireofar sa ghnáthluach ríofa méid neamhshaofa agus réasúnach le haghaidh costais riaracháin, díola agus ghinearálta agus le haghaidh na mbrabús’. Ina theannta sin, ní mór luach le haghaidh na bhforchostas monaraíochta a shuí chun costais a chumhdach nach n-áirítear sna tosca táirgeachta dá dtagraítear thuas. |
|
(178) |
Sloinneadh na forchostais mhonaraíochta arna dtabhú ag na táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha mar sciar de chostais na monaraíochta arna dtabhú iarbhír ag na táirgeoirí onnmhairiúcháin. Cuireadh an céatadán sin i bhfeidhm ar chostais neamhshaofa na monaraíochta. |
|
(179) |
Chun méid neamhshaofa agus réasúnta a shuí le haghaidh chostais SGA agus brabúis ar leibhéal na trádála díreach ón monarcha, bhraith an Coimisiún ar na sonraí airgeadais le haghaidh 2023 do na cuideachtaí Sanwa Iron (Thailand) Company Ltd. agus Thai Meira Co. Ltd., mar a baineadh as Orbis. |
3.2.8. Ríomh
|
(180) |
Ar bhonn a bhfuil thuas, rinne an Coimisiún an gnáthluach a ríomh de réir chineál an táirge ar bhonn an phraghais díreach ón monarcha i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán. |
|
(181) |
Ar an gcéad dul síos, shuigh an Coimisiún na costais mhonaraíochta neamhshaofa. Chuir an Coimisiún na costais aonaid neamhshaofa i bhfeidhm ar thomhaltas iarbhír thosca aonair táirgeachta an táirgeora onnmhairiúcháin chomhoibríoch. Fíoraíodh na rátaí tomhaltais sin le linn an fhíorúcháin. D’iolraigh an Coimisiún na tosca úsáide faoi na costais neamhshaofa in aghaidh an aonaid a fuarthas sa tír ionadaíoch. |
|
(182) |
Nuair a suíodh costas neamhshaofa na monaraíochta, chuir an Coimisiún na forchostais mhonaraíochta, na costais SGA, an brabús agus i bhfeidhm mar a luaitear in aithrisí (178) agus (179). |
|
(183) |
Ba é 8 % méid na gcostas SGA arna shloinneadh mar chéatadán de chostais na n-earraí a díoladh agus arna chur i bhfeidhm ar chostais neamhshaofa an táirgthe. Ba é 21,2 % an brabús arna shloinneadh mar chéatadán de chostais na n-earraí a díoladh agus arna chur i bhfeidhm ar chostais neamhshaofa an táirgthe. |
|
(184) |
Ar an mbonn sin, rinne an Coimisiún an gnáthluach a ríomh de réir chineál an táirge ar bhonn an phraghais díreach ón monarcha i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán. |
3.3. An praghas onnmhairiúcháin
|
(185) |
D’onnmhairigh an táirgeoir onnmhairiúcháin comhoibríoch chuig an Aontas go díreach chuig custaiméirí neamhspleácha. |
|
(186) |
Ba é an praghas onnmhairiúcháin an praghas a íocadh iarbhír nó a bhí iníoctha le haghaidh an táirge lena mbaineann nuair a díoladh lena onnmhairiú leis an Aontas é, i gcomhréir le hAirteagal 2(8) den bhun-Rialachán. |
3.4. Comparáid
|
(187) |
Le hAirteagal 2(10) den bhun-Rialachán ceanglaítear ar an gCoimisiún comparáid chothrom a dhéanamh idir an gnáthluach agus an praghas onnmhairiúcháin agus lamháltas a dhéanamh i leith difríochtaí i dtosca a dhéanann difear do phraghsanna agus d’inchomparáideacht praghsanna. Rinne an Coimisiún comparáid idir an gnáthluach agus praghas onnmhairiúcháin na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte ar leibhéal díreach ón monarcha. Mar a mhínítear thíos a thuilleadh, i gcás inarb iomchuí, rinneadh an gnáthluach agus an praghas onnmhairiúcháin a choigeartú chun: (i) iad a ghlanluacháil ar ais go dtí an leibhéal díreach ón monarcha; agus (ii) lamháltas a dhéanamh i leith difríochtaí i dtosca a maíodh agus a léiríodh chun difear a dhéanamh do phraghsanna agus d’inchomparáideacht praghsanna. |
3.4.1. Coigeartuithe arna ndéanamh ar an ngnáthluach
|
(188) |
Mar a mhínítear in aithris (180), suíodh an gnáthluach ar leibhéal an phraghais díreach ón monarcha agus dá bhrí sin, ní raibh gá le haon choigeartú. |
|
(189) |
Ina mbarúlacha maidir leis an dara nóta, d’áitigh Junyue go bhféadfadh comparáid éagórach idir an gnáthluach agus an praghas onnmhairiúcháin a bheith mar thoradh ar an modheolaíocht a d’úsáid an Coimisiún chun an cóimheas costais SGA a shuí, ós rud é gur dócha go raibh costais sna costais SGA a úsáideadh chun an gnáthluach a ríomh atá cosúil leis na costais a thabhaigh Junyue agus a d’asbhainfeadh an Coimisiún chun an praghas onnmhairiúcháin díreach ón monarcha a chinneadh. |
|
(190) |
D’áitigh Junyue gur faoin gCoimisiún a bhí sé miondealú mionsonraithe ar chostais SGA a sholáthar chun a áirithiú nach raibh aon fhorluí ann le costais a baineadh ón bpraghas onnmhairiúcháin cheana féin. Mura raibh sonraí den sórt sin ar fáil, níor cheart don Choimisiún aon choigeartú a dhéanamh ar an bpraghas onnmhairiúcháin. |
|
(191) |
Rinne Junyue tagairt don bhreithiúnas ón gCúirt Ghinearálta i gcás T-762/20 (75) Sinopec atá faoi achomharc (76), agus a mheas an pointe coigeartaithe sin ar an bpraghas onnmhairiúcháin faoi Airteagal 2(10) den bhun-Rialachán inar ríomhadh an gnáthluach faoi Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán. |
|
(192) |
Mar a mhínítear in aithris (187), roghnaigh an Coimisiún comparáid a dhéanamh idir an praghas onnmhairiúcháin agus an gnáthluach ar an leibhéal trádála díreach ón monarcha. Mar a mhínítear in aithris (180), suíodh an gnáthluach ar leibhéal na trádála díreach ón monarcha trí úsáid a bhaint as costais táirgthe mar aon le méideanna le haghaidh costais SGA agus brabúis, a measadh a bheith réasúnta don leibhéal trádála sin. Dá bhrí sin, ní raibh gá le haon choigeartú chun an gnáthluach a ghlanluacháil ar ais go dtí an leibhéal díreach ón monarcha. |
|
(193) |
Ina breithiúnas in CCCME, a tháinig i ndiaidh an Bhreithiúnais in Sinopec, mheabhraigh an Chúirt Ghinearálta ar dtús, i gcomhréir leis an gcásdlí, má éilíonn páirtí coigeartuithe faoi Airteagal 2(10) den bhun-Rialachán chun go mbeidh an gnáthluach agus an praghas onnmhairiúcháin inchomparáide chun an corrlach dumpála a chinneadh, nach mór don pháirtí sin a chruthú go bhfuil údar lena éileamh. Is orthu siúd ar mian leo brath ar na coigeartuithe sonracha a liostaítear in Airteagal 2(10)(a) go (k) den bhun-Rialachán atá an dualgas a chruthú nach mór na coigeartuithe sin a dhéanamh (77). Dá bhrí sin, sa chás sin, mar atá san imscrúdú seo, ba faoi na páirtithe leasmhara a bhí sé, i gcomhréir leis an gcásdlí sin, an gá atá leis an gcoigeartú a iarradh a léiriú mar thaca le fianaise a thug siad ar aird le linn an imscrúdaithe (78). |
|
(194) |
Chinn an Chúirt Ghinearálta ansin gur cheart a thabhairt faoi deara, cé go bhféadfadh an cleachtas maidir le coigeartuithe a dhéanamh a bheith riachtanach, faoi Airteagal 2(10) den bhun-Rialachán, chun difríochtaí idir an praghas onnmhairiúcháin agus an gnáthluach a dhéanann difear dá n-inchomparáideacht a chur san áireamh, nach féidir asbhaintí den sórt sin a dhéanamh i ndáil le luach a ríomhadh agus nach fíorluach é dá bhrí sin. De ghnáth, ní bhíonn tionchar ag tosca a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh d’inchomparáideacht an luacha ar an luach féin, toisc gur suíodh go saorga é (79). Thairis sin, mar a tharla i gcás CCCME, sa chás atá i gceist, le ríomh an ghnáthluacha in aghaidh an chineáil táirge ar bhonn ‘an phraghais díreach ón monarcha’, cuimsíodh méid réasúnta le haghaidh chostais SGA agus ní raibh aon fhaisnéis ar fáil a léirigh gur cuimsíodh, le costais SGA an dá chuideachta sa Téalainn lena mbaineann, costais iompair don seachadadh chuig custaiméirí. Dá bhrí sin, i bhfianaise lánrogha an Choimisiúin i gcur i bhfeidhm Airteagal 2(10) den bhun-Rialachán (80), chloígh cur chuige an Choimisiúin leis an gcásdlí is déanaí a bhaineann le maímh gan bhunús go bhfuil costais iompair san áireamh i gcostais SGA a úsáidtear chun an gnáthluach a ríomh faoi Airteagal 2(6a)(a), ar costais iad a mheasann an Coimisiún a bheith réasúnta le haghaidh leibhéal na trádála díreach ón monarcha. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh. |
3.4.2. Coigeartuithe arna ndéanamh ar an bpraghas onnmhairiúcháin
|
(195) |
Chun an praghas onnmhairiúcháin a ghlanluacháil ar ais go dtí an praghas díreach ón monarcha, rinneadh coigeartuithe mar gheall ar na nithe seo a leanas: lasta, árachas, lódáil a láimhseáil, chomh maith le pacáil agus lascainí. |
|
(196) |
Cuireadh san áireamh na tosca seo a leanas a dhéanann difear do phraghsanna agus d’inchomparáideacht praghsanna: costais chreidmheasa agus táillí bainc. |
|
(197) |
Maidir le coigeartú an phraghais onnmhairiúcháin le haghaidh coimisiún, chinn an Coimisiún go raibh an chuideachta chomhlachaithe a raibh baint aici leis na hidirbhearta ag déanamh feidhmeanna atá comhchosúil le feidhmeanna gníomhaire atá ag obair ar bhonn coimisiúin, agus foireann an táirgeora onnmhairiúcháin á húsáid aici. Dá bhrí sin, ríomhadh an coigeartú le haghaidh coimisiúin ar bhonn chostais SGA na cuideachta comhlachaithe, sciar chostais SGA an táirgeora onnmhairiúcháin a bhain le feidhmeanna na cuideachta comhlachaithe agus brabús ainmniúil. |
3.5. Corrlaigh dhumpála
|
(198) |
Maidir leis na táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha sampláilte, rinne an Coimisiún comparáid idir meán-ghnáthluach ualaithe gach cineáil den táirge comhchosúil agus an meánphraghas onnmhairiúcháin ualaithe a bhaineann le cineál comhfhreagrach an táirge ábhartha, i gcomhréir le hAirteagal 2(11) agus (12) den bhun-Rialachán. |
|
(199) |
Ar an mbonn sin, is iad seo a leanas na meánchorrlaigh dhumpála ualaithe shealadacha arna sloinneadh mar chéatadán de phraghas CAL ag teorann an Aontais, roimh dhleacht a íoc:
|
|
(200) |
Maidir leis na táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha lasmuigh den sampla, ríomh an Coimisiún an meánchorrlach dumpála ualaithe, i gcomhréir le hAirteagal 9(6) den bhun-Rialachán. Dá bhrí sin, suíodh an corrlach ar bhonn chorrlaigh na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte. |
|
(201) |
Ar an mbonn sin, is é 67,4 % corrlach dumpála sealadach na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha lasmuigh den sampla. |
|
(202) |
Maidir le gach táirgeoir onnmhairiúcháin eile i sa tSín, shuigh an Coimisiún an corrlach dumpála ar bhonn na bhfíoras a bhí ar fáil, i gcomhréir le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán. Chuige sin, chinn an Coimisiún leibhéal comhair na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin. Is ionann an leibhéal comhair agus an méid onnmhairí ó na táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha chuig an Aontas arna shloinneadh mar chion de mhéid iomlán na n-allmhairí ón tír lena mbaineann chuig an Aontas le linn na tréimhse imscrúdúcháin, arna suí ar bhonn Eurostat. |
|
(203) |
Is ard an leibhéal comhoibrithe atá ann sa chás seo ós rud é go raibh thart ar 100 % de mhéid iomlán na n-allmhairí le linn na tréimhse imscrúdúcháin i gceist le honnmhairí na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha. Ar an mbonn sin, chinn an Coimisiún gurbh iomchuí an corrlach dumpála a shocrú le haghaidh táirgeoirí onnmhairiúcháin neamh-chomhoibríocha ar leibhéal na cuideachta a ndearnadh scrúdú aonair uirthi agus a bhfuil an corrlach dumpála is airde aici. |
|
(204) |
Is iad seo a leanas na corrlaigh dhumpála shealadacha, arna sloinneadh mar chéatadán de phraghas CAL ag teorainn an Aontais, roimh dhleacht a íoc:
|
4. DÍOBHÁIL
4.1. Sainiú ar thionscal an Aontais agus ar tháirgeacht an Aontais
|
(205) |
Rinne 42 tháirgeoir aitheanta san Aontas an táirge comhchosúil a mhonarú le linn na tréimhse imscrúdúcháin. Is iad atá i gceist le ‘tionscal an Aontais’ de réir bhrí Airteagal 4(1) den bhun-Rialachán. |
|
(206) |
Suíodh gur thart ar 50 466 tona a bhí i dtáirgeacht iomlán an Aontais le linn na tréimhse imscrúdúcháin. Shuigh an Coimisiún an figiúr ar bhonn na sonraí a chuir táirgeoirí sampláilte an Aontais ar fáil. Mar a léirítear in aithris (8), b’ionann na trí tháirgeoir shampláilte de chuid an Aontais agus thart ar 14 % de tháirgeadh iomlán measta an Aontais agus díolacháin an táirge comhchosúil san Aontas. |
4.2. Tomhaltas an Aontais
|
(207) |
Shuigh an Coimisiún tomhaltas an Aontais trí mhéid dhíolacháin thionscal an Aontais i margadh an Aontais a chur le hallmhairí an táirge lena mbaineann, mar a tuairiscíodh in Eurostat. Ba é an freagra a thug an gearánach ar an macraicheistneoir agus na sonraí oifigiúla ó Eurostat an fhoinse faisnéise. |
|
(208) |
Is é seo a leanas an fhorbairt a tháinig ar thomhaltas an Aontais: Tábla 2 Tomhaltas an Aontais (aonad)
|
||||||||||||||||||||||
|
(209) |
Tháinig méadú beag ar thomhaltas an Aontais in 2022 (+3 % ó 2021), ansin tháinig laghdú 13 % air in 2023, agus d’fhan an leibhéal le linn na tréimhse imscrúdúcháin 13 % faoi bhun leibhéal 2021. |
4.3. Allmhairí ón tír lena mbaineann
4.3.1. Méid agus sciar de mhargadh na n-allmhairí ón tír lena mbaineann
|
(210) |
Shuigh an Coimisiún an méid allmhairí ar bhonn sonraí ó Eurostat. Suíodh sciar margaidh na n-allmhairí ar bhonn an mhéid allmhairí agus thomhaltas iomlán an Aontais. |
|
(211) |
Is é seo a leanas an fhorbairt a tháinig ar allmhairí isteach san Aontas ón tír lena mbaineann: Tábla 3 An chainníocht allmhairí agus an sciar den mhargadh
|
||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(212) |
Tháinig méadú foriomlán 5 795 thona ar mhéid na n-allmhairí ón tSín i ndearbhthéarmaí, arbh ionann é agus ardú 5 % le linn na tréimhse faoi bhreathnú. In 2022, tháinig méadú suntasach 13 % ar allmhairí i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin. In 2023 tháinig laghdú 4 % ar na hallmhairí i ndáil le 2021; de réir mar a tháinig laghdú ar éileamh foriomlán na hEorpa. Ní raibh sa laghdú sin ach laghdú sealadach toisc gur tháinig méadú os cionn 10 000 tona ar na hallmhairí le linn na tréimhse imscrúdúcháin i ndáil le 2023 d’ainneoin go raibh an t-éileamh san Aontas fós íseal le linn na tréimhse imscrúdúcháin. |
|
(213) |
I bhfianaise laghdú 13 % ar thomhaltas an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú, tháinig méadú seasta ar sciar allmhairí na Síne den mhargadh san Aontas idir 2021 agus an tréimhse imscrúdúcháin. D’ardaigh siad ó 51 % in 2021 go 61 % le linn na tréimhse imscrúdúcháin, rud a thóg os cionn 10 bpointe céatadáin den sciar den mhargadh ó thionscal an Aontais agus ó thríú tíortha eile. |
4.4. Praghsanna na n-allmhairí ón tír lena mbaineann: sladghearradh praghsanna agus sochtadh praghsanna
|
(214) |
Shuigh an Coimisiún praghsanna na n-allmhairí ar bhonn sonraí ó Eurostat. Suíodh sladghearradh phraghais na n-allmhairí ar bhonn freagraí ar an gceistneoir ó tháirgeoirí onnmhairithe sampláilte agus ó tháirgeoirí sampláilte an Aontais. |
|
(215) |
Is é seo a leanas an fhorbairt a tháinig ar mheánphraghas ualaithe na n-allmhairí isteach san Aontas ón tír lena mbaineann: Tábla 4 Praghsanna allmhairiúcháin (EUR/tona)
|
||||||||||||||||||||||
|
(216) |
Tháinig méadú 28 % ar phraghsanna allmhairiúcháin na Síne ar dtús in 2022 agus ansin tháinig laghdú den mhéid céanna orthu in 2023 agus tháinig laghdú breise 7 % orthu le linn na tréimhse imscrúdúcháin. Ar an iomlán, le linn na tréimhse faoi bhreathnú, laghdaíodh praghsanna allmhairiúcháin na Síne 7 % ar an iomlán ó EUR 1 307 in aghaidh an tona in 2021 go EUR 1 213 in aghaidh an tona le linn na tréimhse imscrúdúcháin. |
|
(217) |
Chinn an Coimisiún an sladghearradh praghais le linn na tréimhse imscrúdúcháin trí chomparáid a dhéanamh idir na nithe seo a leanas:
|
|
(218) |
Rinneadh an chomparáid praghsanna de réir cineáil le haghaidh idirbheart ar an leibhéal céanna trádála, arna coigeartú go cuí nuair ba ghá, agus tar éis lacáistí agus lascainí a asbhaint. Sloinneadh toradh na comparáide mar chéatadán de láimhdeachas teoiriciúil na dtáirgeoirí sampláilte san Aontas le linn na tréimhse imscrúdúcháin. Léirigh sé meánchorrlach sladghearrtha ualaithe idir 59 % agus 64 % maidir leis na hallmhairí ón tír lena mbaineann i margadh an Aontais i gcás tromlach mór den táirge allmhairithe (idir 75 % agus 90 %). |
|
(219) |
Chomh maith le sladghearradh praghais, bhí sochtadh mór praghsanna ann freisin de réir bhrí Airteagal 3(3) den bhun-Rialachán. Mar gheall ar an mbrú mór praghsanna arb iad na hallmhairí dumpáilte ar phraghas íseal ó tháirgeoirí onnmhairiúcháin na Síne ba chúis leis, ní raibh tionscal an Aontais in ann na praghsanna a ardú le linn na tréimhse imscrúdúcháin i gcomhréir le forbairt na gcostas táirgeachta agus chun leibhéal réasúnta brabúis a bhaint amach, mar a leagtar amach i dTábla 8 thíos. Deimhnítear an sochtadh praghsanna nach beag leis an ngearrdhíol praghais a fuarthas ar bhonn na sonraí a sholáthair na táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte. |
4.5. Staid eacnamaíoch thionscal an Aontais
4.5.1. Barúlacha ginearálta
|
(220) |
I gcomhréir le hAirteagal 3(5) den bhun-Rialachán, sa scrúdú ar thionchar na n-allmhairí dumpáilte ar thionscadal an Aontais, áiríodh meastóireacht ar na táscairí eacnamaíocha uile a raibh baint acu le staid thionscal an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú. |
|
(221) |
Mar a luaitear in aithris (8), baineadh úsáid as sampláil chun a chinneadh ar bhain aon díobháil do thionscal an Aontais. |
|
(222) |
Maidir le cinneadh na díobhála, rinne an Coimisiún idirdhealú idir táscairí díobhála maicreacnamaíocha agus micreacnamaíocha. Rinne an Coimisiún meastóireacht ar na táscairí maicreacnamaíocha ar bhonn na sonraí fíoraithe a bhí sa fhreagra ar an macraicheistneoir a chuir an gearánach isteach. Rinne an Coimisiún meastóireacht ar na táscairí micreacnamaíocha ar bhonn na sonraí sna freagraí a thug táirgeoirí sampláilte an Aontais ar an gceistneoir. Cinneadh go raibh an dá thacar sonraí ionadaíoch ar staid eacnamaíoch thionscal an Aontais. |
|
(223) |
Seo a leanas na táscairí maicreacnamaíocha: táirgeacht, acmhainneacht táirgeachta, úsáid acmhainneachta, méid na ndíolachán, an sciar den mhargadh, fostaíocht, táirgiúlacht, méid an chorrlaigh dumpála agus téarnamh tar éis dumpáil a tharla cheana. |
|
(224) |
Seo a leanas na táscairí micreacnamaíocha: na meánphraghsanna aonaid, an costas aonaid, na costais saothair, na fardail, an bhrabúsacht, an sreabhadh airgid, na hinfheistíochtaí, an toradh ar infheistíochtaí, agus cumas chun caipiteal a chruinniú. |
4.5.2. Táscairí maicreacnamaíocha
4.5.2.1.
|
(225) |
Is é seo a leanas an fhorbairt a tháinig ar tháirgeacht, acmhainneacht táirgeachta agus úsáid acmhainneachta iomlán an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú: Tábla 5 Táirgeacht, acmhainneacht táirgeachta agus úsáid acmhainneachta
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(226) |
Le linn na tréimhse faoi bhreathnú, tháinig laghdú 27 % de réir a chéile agus ar an iomlán ar an méid táirgeachta. |
|
(227) |
D’fhan an acmhainneacht táirgeachta cobhsaí go ginearálta ar an iomlán agus níor tháinig ach laghdú beag 1 % uirthi le linn na tréimhse imscrúdúcháin. |
|
(228) |
Tháinig laghdú breise ar úsáid acmhainneachta le linn na tréimhse, agus í an-íseal cheana féin ag tús na tréimhse faoi bhreathnú, is é sin ó 20 % in 2021 go 15 % le linn na tréimhse imscrúdúcháin. Tharla sé sin mar gheall ar an laghdú ar na méideanna táirgeachta ar leibhéil choibhéiseacha na hacmhainneachta táirgeachta. |
4.5.2.2.
|
(229) |
Is é seo a leanas an fhorbairt a tháinig ar an gcainníocht díolachán a bhí ag tionscal an Aontais agus a sciar den mhargadh le linn na tréimhse faoi bhreathnú: Tábla 6 An chainníocht díolachán agus an sciar den mhargadh
|
||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(230) |
Tháinig laghdú 28 % ar an méid díolachán i dtionscal an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú, laghdú i bhfad níos tapúla ná an laghdú 13 % ar thomhaltas le linn na tréimhse céanna (i.e. níos mó ná scór dúbailte). An tráth céanna, thit sciar mhargaidh thionscal an Aontais ó 31 % in 2021 go 25 % le linn na tréimhse imscrúdúcháin, i.e. laghdú 6 phointe céatadáin. |
4.5.2.3.
|
(231) |
I gcomhthéacs tomhaltas a bheith ag laghdú, ní hamháin gur chaill tionscal an Aontais méideanna díolachán san Aontas ach chaill sé sciar den mhargadh freisin, contrártha d’allmhairí na Síne a fuair dearbhmhéid díolachán agus sciar den mhargadh san Aontas. |
4.5.2.4.
|
(232) |
Is é seo a leanas an fhorbairt a tháinig ar fhostaíocht agus táirgiúlacht le linn na tréimhse faoi bhreathnú: Tábla 7 Fostaíocht agus táirgiúlacht
|
||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(233) |
Tá fostaíocht thionscal an Aontais ag téarnamh go dtí na leibhéil a bhí ann roimh phaindéim COVID-19 ó 2021 go 2022, ach tháinig laghdú uirthi ar an iomlán le linn na tréimhse faoi bhreathnú, mar gheall ar an laghdú ar tháirgeacht agus ar dhíolacháin. Le linn na tréimhse imscrúdúcháin shroich an laghdú 6 % i gcomparáid le tús na tréimhse faoi bhreathnú, gan aon fhostaíocht indíreach a chur san áireamh. |
|
(234) |
Tháinig laghdú nach beag freisin ar an táirgiúlacht in aghaidh an fhostaí, rud a lean treocht chomhchosúil leis an laghdú ar an táirgeacht. Ghlac sé casadh díobhálach in 2022. Chuaigh an staid in olcas go mór in 2023 agus le linn na tréimhse imscrúdúcháin. Ba é 23 % an laghdú foriomlán i ndáil le 2021. |
4.5.2.5.
|
(235) |
Bhí na corrlaigh dhumpála uile go mór os cionn an leibhéil de minimis. Ba mhór an tionchar a bhí ag méid na gcorrlach dumpála iarbhír ar thionscal an Aontais, i bhfianaise mhéid agus phraghsanna na n-allmhairí ón tír lena mbaineann. |
|
(236) |
Is é seo an chéad imscrúdú frithdhumpála maidir leis an táirge lena mbaineann. Dá bhrí sin, ní raibh aon sonraí ar fáil chun measúnú a dhéanamh ar na héifeachtaí a d’fhéadfadh a bheith ag dumpáil san am atá thart. |
4.5.3. Táscairí micreacnamaíocha
4.5.3.1.
|
(237) |
Is é seo a leanas an fhorbairt a tháinig ar mheánphraghsanna díola aonaid ualaithe na dtáirgeoirí sampláilte san Aontas le custaiméirí neamhchomhlachaithe san Aontas le linn na tréimhse faoi bhreathnú: Tábla 8 Praghsanna díola san Aontas
|
||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(238) |
Tá méadú mór ar chostas aonaid an táirgthe san Aontas ó bhí 2021 ann. Tháinig méadú 32 % air ó 2021 go 2022, tháinig méadú breise air in 2023 agus tháinig laghdú beag air le linn na tréimhse imscrúdúcháin. Ba é 46 % an méadú foriomlán i ndáil le 2021. Tháinig sé sin sna sála ar an méadú géar ar phraghsáil saothair (81) agus praghsáil amhábhair (82) agus tharla sé mar gheall ar thús chogadh na Rúise i gcoinne na hÚcráine, rud ba chúis le méadú mór ar bhoilsciú san Aontas, suaití sa slabhra soláthair agus méadú nach beag ar chostais amhábhar san Aontas. |
|
(239) |
Léirigh an meánphraghas díola aonaid treocht chomhchosúil. Faoi 2022-2023, shroich an t-ardú ar an bpraghas díola 41 %. Le linn na tréimhse imscrúdúcháin, áfach, thit an praghas aonaid i gcomparáid leis an mbliain 2023 cé go raibh sé 34 % níos airde ar an iomlán ná 2021. |
|
(240) |
Ós rud é gur tháinig méadú foriomlán 34 % ar an meánphraghas díola aonaid agus gur tháinig méadú 46 % ar chostas aonaid an táirgthe le linn na tréimhse céanna, léirítear nach raibh tionscal an Aontais in ann na costais táirgthe a bhí ag dul i méid a ionsú go hiomlán. I bhfocail eile, chuir méideanna méadaitheacha na n-allmhairí dumpáilte ón tSín isteach i margadh an Aontais cosc ar tháirgeoirí an Aontais a bpraghsanna a ardú go leibhéil inbhuanaithe chun costas méadaithe an táirgthe a chumhdach. Chuir an staid sin isteach go mór ar fheidhmíocht airgeadais thionscal an Aontais. |
4.5.3.2.
|
(241) |
Is é seo a leanas an fhorbairt a tháinig ar mheánchostais saothair na dtáirgeoirí sampláilte san Aontas le linn na tréimhse faoi bhreathnú: Tábla 9 Meánchostais saothair in aghaidh an fhostaí
|
||||||||||||||||||||||
|
(242) |
Tháinig méadú +9 % ar an meánchostas saothair in aghaidh an fhostaí le linn na tréimhse faoi bhreathnú. |
4.5.3.3.
|
(243) |
Is é seo a leanas an fhorbairt a tháinig ar leibhéil stoic na dtáirgeoirí sampláilte san Aontas le linn na tréimhse faoi bhreathnú: Tábla 10 Stoic
|
|||||||||||||||||||||||||||
|
(244) |
Tháinig méadú 16 % ar leibhéal na stoc deiridh in 2022 i ndáil leis an mbliain roimhe sin, tar éis an laghdaithe ar dhíolacháin. Faoi 2023 agus le linn na tréimhse imscrúdúcháin, rinne táirgeoirí de chuid an Aontais iarrachtaí go feiceálach chun leibhéil stoic a choigeartú mar fhreagairt ar laghdú i ndíolacháin agus i dtáirgeacht. In 2023, d’fhill leibhéil stoic ar fhigiúirí bonnlíne, agus breathnaíodh tuilleadh laghduithe le linn na tréimhse imscrúdúcháin. Laghdaíodh an stoc deiridh foriomlán 25 % le linn na tréimhse lena mbaineann. |
4.5.3.4.
|
(245) |
Is é seo a leanas an fhorbairt a tháinig ar bhrabúsacht, sreabhadh airgid, infheistíochtaí agus an toradh ar an infheistíochtaí ag na táirgeoirí sampláilte san Aontas le linn na tréimhse faoi bhreathnú: Tábla 11 Brabúsacht, sreabhadh airgid, infheistíochtaí agus toradh ar infheistíochtaí
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(246) |
Shuigh an Coimisiún brabúsacht na dtáirgeoirí sampláilte san Aontas trí ghlanbhrabús roimh cháin ó dhíolacháin an táirge chomhchosúil le custaiméirí neamhchomhlachaithe san Aontas a shloinneadh mar chéatadán de láimhdeachas na ndíolachán sin. Bhí an bhrabúsacht dearfach ag tús na tréimhse faoi bhreathnú in 2021 (83) agus 2022. Le linn na tréimhse faoi bhreathnú, tháinig laghdú nach beag ar bhrabúsacht thionscal an Aontais, ó thart ar 1 % in 2021-2022 go -5 % in 2023 agus ag laghdú a thuilleadh go -10 % le linn na tréimhse imscrúdúcháin. Is é is cúis leis an bhfíoras go raibh ar thionscal an Aontais feidhmiú le caillteanais -10 % le linn na tréimhse imscrúdúcháin an iomaíocht mhéadaithe ó onnmhairí na Síne ar phraghsanna dumpáilte, rud a chuir iallach ar thionscal an Aontais a phraghsanna a laghdú go dtí leibhéil chaillteacha i dtréimhse ina raibh costas táirgthe ag dul i méid, mar a mhínítear i roinn 4.5.3.1. |
|
(247) |
Is ionann an glansreabhadh airgid agus cumas tháirgeoirí an Aontais a ngníomhaíochtaí a fhéinmhaoiniú. Léiríodh leibhéil bhrabúis neamh-inbhuanaithe thionscal an Aontais, mar a mhínítear thuas, freisin i sreabhadh airgid diúltach ar feadh na tréimhse iomláine beagnach, rud a chuaigh in olcas a thuilleadh le linn na tréimhse imscrúdúcháin, ag sárú EUR -2 mhilliún, arb ionann é agus thart ar 15 % den luach díolachán le linn na tréimhse imscrúdúcháin. |
|
(248) |
Cé gur tháinig méadú ar infheistíochtaí i gcothabháil agus in athsholáthar le linn na tréimhse 2021-2023, tháinig laghdú ollmhór orthu le linn na tréimhse imscrúdúcháin, cosúil le príomhtháscairí díobhála eile. Tháinig laghdú aon trian ar infheistíochtaí foriomlána ó thús go deireadh na tréimhse faoi bhreathnú. |
|
(249) |
Is éard atá sa toradh ar infheistíochtaí an brabús mar chéatadán de ghlanluach na n-infheistíochtaí de réir na leabhar. Thit toradh ar infheistíocht thionscal an Aontais ó 6 % in 2021 go -27 % le linn na tréimhse imscrúdúcháin. |
|
(250) |
I bhfianaise na titime ollmhóire ar bhrabúsacht, ar shreabhadh airgid glan agus ar thoradh ar infheistíochtaí, rinneadh difear mór do chumas tháirgeoirí sampláilte an Aontais caipiteal a ardú. |
4.5.3.5.
|
(251) |
Léirigh na príomh-mhacratháscairí treocht dhiúltach le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Tháinig laghdú 27 % ar mhéid táirgeachta thionscal an Aontais agus tháinig laghdú 28 % ar mhéid a dhíolacháin. Chaill tionscal an Aontais sciar den mhargadh freisin, a thit ó 31 % in 2021 go 25 % le linn na tréimhse imscrúdúcháin. Os a choinne sin, tháinig méadú 10 bpointe céatadáin ar an sciar den mhargadh a bhí ag allmhairí na Síne chuig an Aontas le linn na tréimhse céanna; 51 % a bhí ann in 2021 agus le linn na tréimhse imscrúdúcháin d’ardaigh sé go 61 %. Baineadh é sin amach d’ainneoin laghdú 13 % ar thomhaltas an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú. |
|
(252) |
Tháinig laghdú ar bhrabúsacht thionscal an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú, ó thart ar 1 % in 2021-2022 go -5 % in 2023 agus ag laghdú a thuilleadh go -10 % le linn na tréimhse imscrúdúcháin, rud nach bhfuil inbhuanaithe ar ndóigh. Tugadh treocht laghdaitheach chomhchosúil faoi deara maidir le táirgiúlacht thionscal an Aontais (laghdú 23 %), maidir lena fhostaíocht (laghdú 6 %), maidir le hinfheistíochtaí (laghdú 31 %), maidir leis an toradh ar infheistíocht agus maidir leis an sreabhadh airgid, ar tháinig laghdú orthu ar fad le linn na tréimhse faoi bhreathnú. |
|
(253) |
Ní raibh tionscal an Aontais in ann na méideanna díolachán a cailleadh i margadh an Aontais a chúiteamh trí onnmhairí méadaithe, ós rud é nach raibh sna honnmhairí ach thart ar 8 % de tháirgeacht iomlán an tionscail agus go raibh siad ag laghdú de réir a chéile, mar a leagtar amach i roinn 5.4 thíos. |
|
(254) |
Ar bhonn a bhfuil thuas, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid ag an gcéim sin gur bhain díobháil ábhartha do thionscal an Aontais de réir bhrí Airteagal 3(5) den bhun-Rialachán. |
5. CÚISÍOCHT
|
(255) |
I gcomhréir le hAirteagal 3(6) den bhun-Rialachán, scrúdaigh an Coimisiún an ndearnadh díobháil ábhartha do thionscal an Aontais de dheasca na n-allmhairí dumpáilte ón tír lena mbaineann. I gcomhréir le hAirteagal 3(7) den bhun-Rialachán, scrúdaigh an Coimisiún freisin an bhféadfadh sé go ndearna tosca aitheanta eile dochar do thionscal an Aontais an tráth céanna. Aon díobháil fhéideartha, ar tosca eile ba chúis léi seachas na hallmhairí dumpáilte ón tír lena mbaineann, d’áirithigh an Coimisiún nár cuireadh an díobháil sin síos do na hallmhairí dumpáilte. Seo a leanas na tosca sin: na hallmhairí ó thíortha seachas an tSín, feidhmíocht onnmhairiúcháin thionscal an Aontais, laghdú ar thomhaltas agus méadú ar chostas. |
5.1. Éifeachtaí na n-allmhairí dumpáilte
|
(256) |
Scrúdaigh an Coimisiún cé acu a raibh nasc cúisíoch idir na hallmhairí dumpáilte agus an díobháil a bhain do thionscal an Aontais. Le linn na tréimhse faoi bhreathnú tháinig méadú 5 % ar allmhairí an táirge chomhchosúil dhumpáilte ón tSín d’ainneoin laghdú ar thomhaltas an Aontais. |
|
(257) |
Leis an laghdú 7 % ar phraghsanna allmhairí na Síne le linn na tréimhse faoi bhreathnú i gcomhar leis an méadú nach beag 46 % ar chostas táirgthe thionscal an Aontais le linn na tréimhse céanna, cuidíodh le hallmhairí ón tSín chuig an Aontas a sciar den mhargadh a mhéadú 21 %. Bhí sé sin chun dochair do thionscal an Aontais, a raibh caillteanais mhóra 28 % aige i méid na ndíolachán agus laghdú 18 % ar a sciar den mhargadh. An tráth céanna, laghdaíodh brabúsacht thionscal an Aontais go mór go leibhéil neamh-inbhuanaithe (d’oibrigh sé le caillteanais -10 % le linn na tréimhse imscrúdúcháin). |
|
(258) |
Ós rud é go raibh bearna nach beag den sórt sin idir meánphraghas an táirge allmhairithe dhumpáilte ón tSín agus meánphraghas an táirge chomhchosúil i dtionscal an Aontais (EUR 1 213/tona i gcomparáid le EUR 1 833/tona), cuireadh cosc ar thionscal an Aontais a phraghsanna a mhéadú i bhfianaise chostais mhéadaithe an táirgthe agus, ar an gcaoi sin, a bhrabúsacht a choinneáil ar bun. |
5.2. Éifeachtaí tosca eile
|
(259) |
Scrúdaigh an Coimisiún an raibh tionchar ag tosca díobhála eile seachas na hallmhairí dumpáilte ón tSín ar staid thionscal an Aontais, ach níor aimsigh sé aon tosca eile a d’fhéadfadh tionchar substaintiúil a bheith acu ar staid dhíobhálach thionscal an Aontais. |
5.3. Allmhairí ó thríú tíortha
|
(260) |
Is é seo a leanas an fhorbairt a tháinig ar an gcainníocht allmhairí ó thríú tíortha eile le linn na tréimhse faoi bhreathnú: Tábla 12 Allmhairí ó thríú tíortha
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(261) |
Ba ón Ríocht Aontaithe, ón Téaváin agus ón Tuirc den chuid is mó a thionscain na hallmhairí ó thríú tíortha eile. Tháinig laghdú 38 % ar mhéid iomlán na n-allmhairí ó gach tríú tír seachas an tSín, idir 2021 agus an tréimhse imscrúdúcháin, laghdú ó 39 374 tona go tuairim is 24 410 tona. |
|
(262) |
Laghdaíodh sciar den mhargadh na dtríú tíortha uile seachas an tSín ó 19 % in 2021 go 13 % le linn na tréimhse imscrúdúcháin. |
|
(263) |
Ar an iomlán, tháinig méadú 59 % ar mheánphraghsanna allmhairiúcháin tríú tíortha eile le linn na tréimhse faoi bhreathnú agus bhí siad i bhfad níos airde ar an meán ná praghsanna na n-allmhairí ón tSín, a laghdaíodh 7 % le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Le linn na tréimhse imscrúdúcháin, ba é EUR/tona 4 368 meánphraghas allmhairiúcháin tríú tíortha eile gan an tSín a áireamh, agus ba é EUR/tona 1 213 an meánphraghas allmhairiúcháin ón tSín. |
|
(264) |
Ar bhonn an mhéid sin thuas, chinn an Coimisiún nárbh iad allmhairí ó thríú tíortha eile foinse na díobhála ábhartha a bhain do thionscal an Aontais. |
5.4. Feidhmíocht onnmhairiúcháin thionscal an Aontais
|
(265) |
Is é seo a leanas an fhorbairt a tháinig ar an méid onnmhairí ó na táirgeoirí sampláilte san Aontas le linn na tréimhse faoi bhreathnú: Tábla 13 Feidhmíocht onnmhairiúcháin na dtáirgeoirí sampláilte san Aontas
|
||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(266) |
Le linn na tréimhse faoi bhreathnú, tháinig laghdú 20 % ina iomláine ar onnmhairí thionscal an Aontais. Tá an treocht sin cosúil le treocht dhiúltach dhíolacháin tháirgeoirí an Aontais laistigh den Aontas, a thit níos mó fiú ná a n-onnmhairí, i.e. laghdú 28 %, le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Tá sé cosúil freisin leis an treocht dhiúltach maidir leis an sciar laghdaithe den mhargadh atá ag táirgeoirí an Aontais laistigh den Aontas, ar tháinig laghdú 18 % air le linn na tréimhse faoi bhreathnú. |
|
(267) |
Tháinig laghdú 6 % ar mheánphraghas onnmhairiúcháin tháirgeoirí an Aontais freisin le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Ba cheart a thabhairt faoi deara gurb ionann na díolacháin onnmhairiúcháin agus 9 % de dhíolacháin fhoriomlána thionscal an Aontais. Dá bhrí sin, cinneadh go bhfuil éifeacht na ndíolachán laghdaithe ar dhíobháil thionscal an Aontais teoranta agus, cé go bhféadfadh sé gur chuir sé leis an díobháil a bhain do thionscal an Aontais go pointe áirithe i bhfianaise na méideanna a bhí i gceist, ní raibh sé in ann an nasc cúisíoch idir na hallmhairí dumpáilte ón tSín agus an díobháil a bhain do thionscal an Aontais a mhaolú. |
5.5. Laghdú tomhaltais
|
(268) |
Chrap margadh an Aontais faoi 13 % le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Tharla an laghdú mar gheall ar roinnt tosca idirnasctha: tháinig fás ní ba mhoille ar gheilleagar na hEorpa in 2023 i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin (tháinig fás 0,4 % ar OTI an Aontais in 2023 vs. 3,5 % in 2022), agus tháinig laghdú soiléir 6,3 % ar thomhaltas cruach (84). Rinne an géarchor sin difear d’earnálacha éagsúla, lena n-áirítear an tógáil agus an mhonaraíocht, ar tomhaltóirí móra iad de tháirgí tionsclaíocha amhail scriúnna. Chuir praghsanna arda fuinnimh agus éiginnteacht sa mhargadh fuinnimh freisin le haschur tionsclaíoch laghdaithe agus le héileamh laghdaithe ar fud na n-earnálacha (85). Faoi ghnáthdhálaí iomaíochta, i margadh den sórt sin atá ag laghdú, bheadh laghdú cothrom, a bheag nó a mhór, tagtha ar mhéideanna díolachán na rannpháirtithe uile sa mhargadh. Sa chás seo, áfach, fuair an tSín sciar breise 10 bpointe céatadáin den mhargadh de mhargadh an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú a bhí chun dochair do thionscal an Aontais agus do thíortha allmhairiúcháin eile (a chaill 5,4 pointe céatadáin den sciar den mhargadh araon). Dá bhrí sin, níor cinneadh go raibh crapadh eacnamaíoch mhargadh an Aontais ina chúis le díobháil ábhartha do thionscal an Aontais sa chás seo. |
5.6. Méadú ar chostas táirgthe
|
(269) |
Mar a leagtar amach in aithris (238) thuas, tháinig méadú substaintiúil (46 %) ar chostas aonaid an táirgthe laistigh den Aontas le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Mar sin féin, in 2022, bhí táirgeoirí an Aontais in ann a bpraghsanna díola a ardú mar fhreagairt ar na costais táirgthe a bhí ag dul i méid, rud a chuir ar a gcumas na méaduithe sin a fhritháireamh go páirteach agus méid áirithe brabúsachta a bhaint amach. Le linn na tréimhse imscrúdúcháin, áfach, d’ainneoin laghdú beag ar an gcostas táirgthe, tháinig laghdú géar ar bhrabúsacht tháirgeoirí an Aontais, agus shroich sí leibhéil a bhí an-diúltach. Léiríonn an meathlú sin go soiléir an díobháil ábhartha a bhain do thionscal an Aontais. Níor cheart cosc a bheith ar tháirgeoirí an Aontais a bpraghsanna a choigeartú i bhfianaise costais táirgthe mhéadaithe mar gheall ar allmhairí dumpáilte a bheith ann. In imthosca ina raibh praghsanna tháirgeoirí de chuid an Aontais sochta go mór mar gheall ar mhéid méadaitheach na n-allmhairí dumpáilte, agus go raibh costais táirgthe fós ard, ní féidir an cliseadh sa bhrabúsacht dá thoradh sin a chur i leith neamhéifeachtúlachtaí inmheánacha ná míbhainistíocht sa mhargadh. Ina ionad sin, is iarmhairt dhíreach é ar éifeachtaí díobhálacha na n-allmhairí dumpáilte. |
5.7. Conclúid maidir le cúisíocht
|
(270) |
Léiríodh san anailís díobhála gur shocht allmhairí na Síne ar phraghas margaidh an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú. An méadú nach beag ar na hallmhairí dumpáilte ón tSín agus an sochtadh praghsanna arbh iad ba chúis leis le linn an dara leath den tréimhse imscrúdúcháin, mar a mhínítear in aithris (219), rinne sé difear do chumas thionscal an Aontais an costas táirgthe níos airde a chur ar aghaidh chuig na húsáideoirí. Tharla sé sin i gcomhuain leis an meathlú ar tháscairí feidhmíochta airgeadais thionscal an Aontais, amhail laghdú ar bhrabúsacht, rud a d’fhág go raibh caillteanais ann in 2023-sa tréimhse imscrúdúcháin. Bhí an gnóthachan 10 bpointe céatadáin ar an sciar den mhargadh a bhí ag allmhairí na Síne chun dochair do thionscal an Aontais, a chaill méid díolachán agus sciar den mhargadh (6 phointe céatadáin), a bhí suntasach go háirithe sa dara leath den tréimhse faoi bhreathnú. Dá bhrí sin, thángamar ar an gconclúid gurbh iad na hallmhairí dumpáilte ón tSín ba chúis leis an díobháil ábhartha. |
|
(271) |
Rinne an Coimisiún idirdhealú agus deighilt idir éifeachtaí na dtosca aitheanta uile ar staid thionscal an Aontais agus éifeachtaí díobhálacha na n-allmhairí dumpáilte. Cé go bhféadfadh sé gur chuir feidhmíocht onnmhairiúcháin thionscal an Aontais beagán leis an díobháil ábhartha a bhain do thionscal an Aontais, níor mhaolaigh sí an nasc cúisíoch idir na hallmhairí dumpáilte agus an díobháil ábhartha a fuarthas. |
|
(272) |
Maidir le héifeachtaí na n-allmhairí ó thríú tíortha eile, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach ndearna na hallmhairí sin díobháil do thionscal an Aontais. Dála thionscal an Aontais, chaill na hallmhairí ó thríú tíortha seachas an tSín sciar den mhargadh freisin le linn na tréimhse faoi bhreathnú agus tháinig laghdú nach beag (38 %) ar a méideanna carnacha allmhairí. Thairis sin, tháinig méadú 59 % ar na meánphraghsanna allmhairiúcháin ó thríú tíortha eile le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Dá bhrí sin, níor mhaolaigh allmhairí ó thríú tíortha an nasc cúisíoch idir na hallmhairí ón tSín agus an díobháil ábhartha a bhain do thionscal an Aontais. |
|
(273) |
Maidir le héifeachtaí fheidhmíocht onnmhairiúcháin thionscal an Aontais, cé go raibh an treocht diúltach le díolacháin laghdaithe, ba cheart a thabhairt faoi deara gur cuid bheag de dhíolacháin fhoriomlána an Aontais iad na díolacháin onnmhairiúcháin. Ciallaíonn sé sin gur cinneadh go raibh an éifeacht ar dhíobháil thionscal an Aontais teoranta. |
|
(274) |
Maidir leis an laghdú ar thomhaltas agus an méadú ar chostas táirgthe, ní féidir a shéanadh go raibh dúshláin roimh thionscal an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú. In éagmais brú praghsanna ó allmhairí dumpáilte, bheadh an tionscal in ann praghsanna a choigeartú i bhfianaise costas níos airde agus freagairt níos fearr do dhálaí athraitheacha an mhargaidh. Mar a luadh roimhe seo, níor cheart d’allmhairí dumpáilte bac a chur ar tháirgeoirí de chuid an Aontais méaduithe ar chostais a chur ar aghaidh. Dá bhrí sin, d’ainneoin thionchar an mhéadaithe ar chostas agus an éilimh laghdaithe, cinneadh nach raibh an laghdú ar thomhaltas agus an méadú ar chostas táirgthe ina gcúis le díobháil ábhartha do thionscal an Aontais. |
|
(275) |
Ar bhonn a bhfuil thuas, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid ag an gcéim seo go raibh na hallmhairí dumpáilte ón tír lena mbaineann ina gcúis le díobháil ábhartha do thionscal an Aontais agus nár maolaíodh an nasc cúisíoch idir na hallmhairí dumpáilte agus an díobháil ábhartha de thoradh na toisce eile (feidhmíocht onnmhairithe thionscal an Aontais). Is éard atá sa díobháil laghdú maidir le sciar den mhargadh, táirgeadh, úsáid acmhainneachta táirgeachta, táirgiúlacht, brabúsacht, stoic dheiridh, sreabhadh airgid agus toradh ar infheistíochtaí. Thairis sin, mar a mhínítear thuas in aithris (219), bhain sochtadh praghsanna do thionscal an Aontais de dheasca allmhairí ón tSín. |
6. LEIBHÉAL NA mBEART
|
(276) |
Chun leibhéal na mbeart a chinneadh, scrúdaigh an Coimisiún ar leor dleacht is lú ná an corrlach dumpála chun deireadh a chur leis an díobháil do thionscal an Aontais de dheasca allmhairí dumpáilte. |
6.1. Corrlach díobhála
|
(277) |
Thiocfadh deireadh leis an díobháil dá bhféadfadh tionscal an Aontais spriocbhrabús a bhaint amach trí dhíol ar spriocphraghas de réir bhrí Airteagal 7(2c) agus Airteagal 7(2d) den bhun-Rialachán. |
|
(278) |
I gcomhréir le hAirteagal 7(2c) den bhun-Rialachán, chun an spriocbhrabús a shuí, chuir an Coimisiún na tosca seo a leanas san áireamh: leibhéal na brabúsachta roimh an méadú ar allmhairí ón tír lena mbaineann, leibhéal na brabúsachta is gá chun costais agus infheistíochtaí iomlána a chumhdach, taighde agus forbairt (T&F) agus nuálaíocht, agus leibhéal na brabúsachta a mbeadh coinne leis faoi ghnáthdhálaí iomaíochta. Níor cheart an corrlach brabúis sin a bheith níos ísle ná 6 %. |
|
(279) |
Níorbh fhéidir leis an gCoimisiún bunbhrabús a shuí lena gcumhdófaí costais iomlána faoi ghnáthdhálaí iomaíochta roimh mhéadú ar allmhairí ón tSín, ós rud é gurbh ionann allmhairí na Síne agus os cionn 50 % den sciar den mhargadh le linn na tréimhse iomláine faoi bhreathnú, agus nárbh fhéidir sciartha den mhargadh roimh thús na tréimhse faoi bhreathnú a ríomh mar gheall ar shonraí neamhleora. Dá réir sin, shuigh an Coimisiún an spriocbhrabús chun an praghas neamhdhíobhálach a chinneadh ag 6 %, i gcomhréir le hAirteagal 7(2c) den bhun-Rialachán. |
|
(280) |
Ní dhearnadh aon mhaíomh go mbeadh leibhéal infheistíochtaí, T&F agus nuálaíocht thionscal an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú níos airde faoi ghnáthdhálaí iomaíochta. |
|
(281) |
Ar an gcaoi chéanna, ní dhearnadh aon mhaíomh maidir le costais amach anseo a eascraíonn as Comhaontuithe Comhshaoil Iltaobhacha, agus prótacail fúthu, ar páirtí iontu an tAontas, agus a thabhóidh tionscal an Aontais le linn thréimhse chur i bhfeidhm an bhirt de bhun Airteagal 11(2), i gcomhréir le hAirteagal 7(2d) den bhun-Rialachán. |
|
(282) |
Ar an mbonn sin, ríomh an Coimisiún praghas neamhdhíobhálach an táirge chomhchosúil de chuid thionscal an Aontais tríd an gcorrlach brabúis 6 % thuasluaite a chur le costas táirgeachta tháirgeoirí sampláilte an Aontais le linn na tréimhse imscrúdúcháin, agus ansin chuir sé na coigeartuithe faoi Airteagal 7(2d) leis ar bhonn cineál ar chineál. |
|
(283) |
Ansin chinn an Coimisiún leibhéal an chorrlaigh díobhála ar bhonn comparáid idir an meánphraghas allmhairiúcháin ualaithe atá ag na táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha sampláilte sa tír lena mbaineann, mar a suíodh i leith ríomhanna sladghearrtha praghais, agus meánphraghas ualaithe neamhdhíobhálach an táirge chomhchosúil arna dhíol ag táirgeoirí sampláilte an Aontais ar mhargadh an Aontais le linn na tréimhse imscrúdúcháin. Léiríodh aon difríocht a d’eascair ón gcomparáid sin mar chéatadán den mheánluach ualaithe CAL ar allmhairiú. |
|
(284) |
Sainítear an leibhéal díothaithe díobhála le haghaidh ‘cuideachtaí comhoibríocha eile’ agus le haghaidh ‘gach allmhaire eile de thionscnamh na tíre lena mbaineann’ ar an mbealach céanna agus a shainítear an corrlach dumpála le haghaidh na gcuideachtaí agus na n-allmhairí sin.
|
6.2. Conclúid maidir le leibhéal na mbeart
|
(285) |
De réir an mheasúnaithe thuas, is mar a leanas ba cheart dleachtanna frithdhumpála sealadacha a shocrú i gcomhréir le hAirteagal 7(2) den bhun-Rialachán:
|
7. LEAS AN AONTAIS
|
(286) |
Tar éis dó a chinneadh Airteagal 7(2) den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm, scrúdaigh an Coimisiún an bhféadfadh sé a chinneadh go soiléir nach raibh sé chun leas an Aontais bearta a ghlacadh sa chás seo, d’ainneoin an chinnidh maidir le dumpáil dhíobhálach, i gcomhréir le hAirteagal 21 den bhun-Rialachán. Cinneadh leas an Aontais agus aird á tabhairt ar leasanna na bpáirtithe éagsúla uile lena mbaineann, lena n-áirítear leasanna thionscal an Aontais, na n-allmhaireoirí, na mórdhíoltóirí, na miondíoltóirí, na n-úsáideoirí agus na dtomhaltóirí. |
7.1. Leas thionscal an Aontais
|
(287) |
De réir na faisnéise a bhí ar fáil don Choimisiún, bhí dhá tháirgeoir is daichead scriúnna gan cheann aitheanta san Aontas le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Is í Institiúid Cheanglóirí Tionsclaíocha na hEorpa (‘EIFI’) a chuir an gearán isteach, thar ceann ocht dtáirgeoir de chuid an Aontais, ar FBManna iad go léir, agus le tacaíocht ó sheacht dtáirgeoir eile de chuid an Aontais. |
|
(288) |
Le forchur na mbeart, cuirfear feabhas ar dhálaí an mhargaidh do tháirgeoirí an Aontais, rud a chuirfidh ar a gcumas a staid iomaíoch sa mhargadh a fheabhsú, méid díolachán caillte agus sciar den mhargadh a fháil ar ais, úsáid acmhainneachta a mhéadú, agus a bpraghsanna a ardú go leibhéil inbhuanaithe. Chuideodh sé sin leo, dá réir sin, feabhas a chur ar a mbrabúsacht go dtí na leibhéil a bhfuiltear ag súil leo faoi ghnáthdhálaí iomaíochta. |
|
(289) |
In éagmais beart, bheadh éifeachtaí diúltacha móra ar thionscal an Aontais, ós rud é go leanfadh an tionscal sin de dhíobháil eacnamaíoch a fhulaingt mar gheall ar bhrú leanúnach praghsanna ó allmhairí dumpáilte ón tSín. Chuirfí dlús le caillteanais sa sciar den mhargadh, as a dtiocfadh laghduithe breise ar dhíolacháin agus ar tháirgeacht. Mar thoradh air sin, leanfaidh úsáid acmhainneachta, a bhí ag ráta neamh-inbhuanaithe 15 % cheana féin le linn na tréimhse imscrúdúcháin, de bheith ag titim, rud a fhágfaidh go mbeidh oibríochtaí ag éirí níos neamh-inmharthana. Dhéanfaí an staid a bhaineann le caillteanas cheana féin níos measa fós, agus bheadh iarmhairtí tromchúiseacha ann d’infheistíochtaí agus d’fhostaíocht san Aontas. Dá bhrí sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go bhfuil forchur beart sealadach chun leas thionscal an Aontais. |
7.2. Allmhaireoirí neamhchomhlachaithe a shampláil
|
(290) |
Tháinig sé allmhaireoir is fiche chun cinn tar éis thionscnamh an imscrúdaithe. Roghnaíodh trí cinn le haghaidh samplála, agus cuireadh dhá ceann acu freagra ar an gceistneoir. D’allmhairigh na hallmhaireoirí comhoibríocha a d’fhreagair an cleachtadh samplála níos mó ná 90 % dá n-allmhairí iomlána scriúnna gan cheann ón tSín. I measc na n-allmhaireoirí comhoibríocha sampláilte, b’ionann allmhairí ón tSín agus níos mó ná 80 % dá n-allmhairí iomlána den táirge lena mbaineann. Cinneadh go raibh na hallmhaireoirí sampláilte brabúsach, agus ní raibh sa láimhdeachas a gineadh ón táirge lena mbaineann ach idir 0,5 % agus 2,5 % dá láimhdeachas gnó iomlán. |
|
(291) |
I bhfianaise sciar teoranta an táirge ina ngníomhaíochtaí gnó foriomlána, ní dócha go mbeidh tionchar ábhartha ag forchur na mbeart frithdhumpála ar chobhsaíocht airgeadais allmhaireoirí. Thairis sin, is féidir le hallmhaireoirí méaduithe costais féideartha a mhaolú trína straitéisí foinsithe a éagsúlú, lena n-áirítear soláthróirí malartacha laistigh den Aontas nó i dtríú tíortha eile a fhiosrú. Tugadh le fios sna sonraí gur beag aon tionchar féideartha ar allmhaireoirí. |
7.3. Leas úsáideoirí
|
(292) |
In éagmais comhoibriú ó úsáideoirí, ní raibh an Coimisiún in ann tionchar iarbhír na ndleachtanna frithdhumpála ar úsáideoirí a mheas. Mar sin féin, agus é á chur san áireamh gur ann do sholáthróirí malartacha i dtríú tíortha eile, mar aon le hacmhainneachtaí móra táirgeachta thionscal an Aontais, mheas an Coimisiún go bhféadfadh na húsáideoirí leanúint de scriúnna a fhoinsiú ó fhoinsí éagsúla de cháilíocht leormhaith agus de chainníocht leordhóthanach. Dá réir sin, mheas an Coimisiún, i gcás ina bhforchuirtear na bearta frithdhumpála, go raibh an tionchar ar na húsáideoirí teoranta. |
7.4. An chonclúid maidir le leas an Aontais
|
(293) |
Ar an mbonn sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nárbh ann d’aon chúis láidir nach mbeadh sé le leas an Aontais bearta a fhorchur ar allmhairí scriúnna de thionscnamh na Síne, le linn na céime sin den imscrúdú. |
8. BEARTA FRITHDHUMPÁLA SEALADACHA
|
(294) |
Ar bhonn na gconclúidí ar tháinig an Coimisiún orthu maidir le dumpáil, díobháil, cúisíocht, leibhéal na mbeart agus leas an Aontais, ba cheart bearta sealadacha a fhorchur chun cosc a chur le tuilleadh díobhála do thionscal an Aontais de dheasca na n-allmhairí dumpáilte. |
|
(295) |
Ba cheart bearta frithdhumpála sealadacha a fhorchur ar allmhairí táirge de thionscnamh na dtíortha lena mbaineann, i gcomhréir le riail na dleachta is lú in Airteagal 7(2) den bhun-Rialachán. Chuir an Coimisiún na corrlaigh díobhála agus na corrlaigh dumpála in aithris (284) thuas i gcomparáid le chéile. Socraíodh méid na ndleachtanna ar leibhéal na gcorrlach dumpála do na táirgeoirí onnmhairiúcháin uile, a fuarthas gurbh é an corrlach dumpála agus dhíobhála ab ísle. |
|
(296) |
I bhfianaise a bhfuil thuas ba cheart na dleachtrátaí frithdhumpála sealadacha, arna sloinneadh ar phraghas CAL ag teorainn an Aontais, roimh an dleacht chustaim a íoc, a bheith mar a leanas:
|
|
(297) |
Na dleachtrátaí frithdhumpála le haghaidh cuideachtaí aonair a shonraítear sa Rialachán seo, bunaíodh iad ar bhonn thorthaí an imscrúdaithe seo. Dá bhrí sin, is léiriú iad ar an staid mar a cinneadh le linn an imscrúdaithe seo maidir leis na cuideachtaí sin. Tá na dleachtrátaí sin infheidhme go heisiach maidir le hallmhairí an táirge lena mbaineann de thionscnamh na Síne agus arna tháirgeadh ag na heintitis dhlíthiúla ainmnithe. Maidir le hallmhairí an táirge lena mbaineann arna dtáirgeadh ag aon chuideachta eile nach luaitear go sonrach i gcuid oibríochtúil an Rialacháin seo, lena n-áirítear eintitis atá comhlachaithe leo siúd a luaitear go sonrach, ba cheart iad a bheith faoi réir an dleachtráta is infheidhme maidir leis ‘na hallmhairí uile eile de thionscnamh na tíre lena mbaineann’. Níor cheart iad a bheith faoi réir aon cheann de na dleachtrátaí frithdhumpála aonair. |
|
(298) |
Chun na rioscaí maidir le himchéimniú a íoslaghdú mar gheall ar na difríochta i ndleachtrátaí, teastaíonn bearta speisialta chun cur i bhfeidhm na ndleachtanna frithdhumpála aonair a áirithiú. Níl cur i bhfeidhm dleachtanna frithdhumpála aonair infheidhme go dtí go gcuirtear sonrasc tráchtála bailí faoi bhráid údaráis chustaim na mBallstát. Ní mór an sonrasc a bheith i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 1(3) den Rialachán seo. Go dtí go gcuirfear an sonrasc sin i láthair, ba cheart allmhairí a bheith faoi réir na dleachta frithdhumpála is infheidhme maidir le ‘gach allmhaire eile de thionscnamh na tíre lena mbaineann’. |
|
(299) |
Cé go bhfuil sé riachtanach an sonrasc sin a chur i láthair údaráis chustaim na mBallstát chun na dleachtrátaí frithdhumpála aonair a chur i bhfeidhm maidir le hallmhairí, ní hé an t-aon ghné é a chuirfidh na húdaráis chustaim san áireamh. Go deimhin, fiú má thugtar sonrasc d’údaráis chustaim na mBallstát a chomhlíonann na ceanglais uile a leagtar amach in Airteagal 1(3) den Rialachán seo, ní mór dóibh a ngnáthsheiceálacha a dhéanamh agus féadfaidh siad, mar atá i ngach cás eile, doiciméid bhreise a cheangal (doiciméid loingseoireachta, etc.) chun cruinneas na sonraí atá sa dearbhú a fhíorú agus chun a áirithiú go mbeidh údar le cur i bhfeidhm an ráta níos ísle dleachta ina dhiaidh sin, i gcomhréir leis an dlí custaim. |
|
(300) |
Má thagann méadú nach beag ar an méid onnmhairí a dhéanann ceann de na cuideachtaí a thairbhíonn de na dleachtrátaí aonair is ísle tar éis fhorchur na mbeart lena mbaineann, d’fhéadfaí a mheas gurb éard atá i méadú den sórt sin ann féin athrú ar an bpatrún trádála mar gheall ar fhorchur na mbeart de réir bhrí Airteagal 13(1) den bhun-Rialachán. Sna himthosca sin agus ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha, féadfar imscrúdú frith-imchéimniúcháin a thionscnamh. Féadfar scrúdú a dhéanamh san imscrúdú sin, inter alia, ar an ngá atá le deireadh a chur le dleachtráta nó dleachtrátaí aonair agus ar an ngá le dleacht ar an leibhéal náisiúnta a fhorchur dá bharr sin. |
9. CLÁRÚ
|
(301) |
Mar a luaitear in aithris (3), chuir an Coimisiún allmhairí an táirge lena mbaineann faoi réir a gcláraithe. Rinneadh an clárú chun go mbeadh an fhéidearthacht ann dleachtanna a bhailiú go cúlghabhálach faoi Airteagal 10(4) den bhun-Rialachán. |
|
(302) |
I bhfianaise na dtorthaí ag an gcéim shealadach, ba cheart scor de chlárú na n-allmhairí. |
|
(303) |
Ní dhearnadh aon chinneadh ag an gcéim seo den nós imeachta maidir le cur i bhfeidhm cúlghabhálach féideartha i ndáil le bearta frithdhumpála. |
10. FÁISNÉIS AG AN gCÉIM SHEALADACH
|
(304) |
I gcomhréir le hAirteagal 19a den bhun-Rialachán, chuir an Coimisiún na páirtithe leasmhara ar an eolas faoi fhorchur beartaithe na ndleachtanna sealadacha. Cuireadh an fhaisnéis sin ar fáil don phobal i gcoitinne freisin trí shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála. Tugadh 3 lá oibre do na páirtithe leasmhara chun barúlacha a thabhairt maidir le cruinneas na ríomhanna a nochtadh go sonrach dóibh. |
|
(305) |
Ní bhfuarthas aon bharúil maidir le cruinneas na ríomhanna. |
11. FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
|
(306) |
Ar mhaithe leis an dea-riarachán, iarrfaidh an Coimisiún ar na páirtithe leasmhara barúlacha a chur isteach i scríbhinn agus/nó éisteacht a iarraidh leis an gCoimisiún agus/nó leis an Oifigeach Éisteachta i gcomhair imeachtaí trádála laistigh de sprioc-am seasta. |
|
(307) |
Is torthaí sealadacha iad na torthaí maidir le forchur na ndleachtanna sealadacha, agus féadfar iad a leasú ag céim chinntitheach an imscrúdaithe, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
1. Forchuirtear dleacht frithdhumpála shealadach ar allmhairí scriúnna agus boltaí, bíodh a gcuid cnónna agus leicneán leo nó ná bíodh, gan cheann orthu, iad déanta as iarann nó as cruach seachas cruach dhosmálta, gan beann ar neart teanntachta, seachas scriúnna cóiste agus scriúnna adhmaid eile, scriúchrúcaí agus scriúfháinní, scriúnna féintapála, agus scriúnna agus boltaí chun ábhar tógála iarnróid a dheisiú, atá aicmithe faoi láthair faoi chóid AC 7318 15 42 agus 7318 15 48 agus de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne.
2. Is mar a leanas a bheidh an dleachtráta frithdhumpála sealadach is infheidhme maidir leis an bpraghas glan, saor ag teorainn an Aontais, roimh dhleacht, atá ar an táirge a bhfuil tuairisc air i mír 1 agus arna tháirgeadh ag na cuideachtaí a liostaítear thíos:
|
Cuideachta |
Dleacht frithdhumpála shealadach (%) |
Cód breise TARIC |
||||||
|
Zhejiang Junyue Standard Part Co., Ltd. |
62,3 |
89ML |
||||||
|
Brother Group:
|
63,9 |
89MM |
||||||
|
Chinafar Group:
|
80,7 |
89MN |
||||||
|
Cuideachtaí comhoibríocha eile a liostaítear san Iarscríbhinn |
67,4 |
Féach an Iarscríbhinn |
||||||
|
Gach allmhairiú eile de thionscnamh na tíre lena mbaineann |
80,7 |
8999 |
3. Beidh cur i bhfeidhm na ndleachtrátaí aonair a sonraíodh le haghaidh na gcuideachtaí a luaitear i mír 2 coinníollach ar shonrasc tráchtála bailí a chur faoi bhráid údaráis chustaim na mBallstát, ar a mbeidh dearbhú arna dhátú agus arna shíniú ag oifigeach de chuid an eintitis ag a mbeidh an sonrasc sin á eisiúint, a shainaithneofar lena ainm agus lena fheidhm, arna dhréachtú mar a leanas: ‘Déanaimse, mise a bhfuil mo shíniú leis seo, a dheimhniú maidir le (méid san aonad atá á úsáid againn) (an táirge lena mbaineann) a díoladh lena onnmhairiú chuig an Aontas Eorpach agus a chumhdaítear leis an sonrasc seo, gurbh é (ainm agus seoladh na cuideachta) (cód breise TARIC) a mhonaraigh é/í i/in [an tír lena mbaineann]. Dearbhaím gur iomlán agus gur ceart an fhaisnéis sa sonrasc seo.’ Go dtí go dtíolactar an sonrasc seo, beidh feidhm ag an dleacht is infheidhme maidir le gach allmhaire eile de thionscnamh na tíre lena mbaineann.
4. An táirge dá dtagraítear i mír 1, beidh a scaoileadh chun saorchúrsaíochta san Aontas faoi réir taisce ráthaíochta a sholáthar a bheidh comhionann le méid na dleachta sealadaí.
5. Mura sonraítear a mhalairt, beidh feidhm leis na forálacha atá i bhfeidhm maidir le dleachtanna custaim.
Airteagal 2
1. Cuirfidh páirtithe leasmhara a gcuid barúlacha i scríbhinn maidir leis an Rialachán seo faoi bhráid an Choimisiúin laistigh de 15 lá féilire tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.
2. Maidir leis na páirtithe leasmhara ar mian leo éisteacht leis an gCoimisiún a iarraidh, déanfaidh siad amhlaidh laistigh de 5 lá féilire tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.
3. Más mian le páirtithe leasmhara éisteacht a iarraidh leis an Oifigeach Éisteachta i gcomhair imeachtaí trádála, iarrtar orthu déanamh amhlaidh laistigh de 5 lá féilire tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Féadfaidh an tOifigeach Éisteachta scrúdú a dhéanamh ar iarrataí a chuirtear isteach lasmuigh den teorainn ama sin agus cinneadh a dhéanamh ar cheart glacadh leis na hiarrataí sin más iomchuí.
Airteagal 3
1. Ordaítear leis seo do na húdaráis chustaim scor de chlárú na n-allmhairí mar a bunaíodh i gcomhréir le hAirteagal 1(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/141.
2. Maidir le sonraí arna mbailiú i ndáil le táirgí a tháinig isteach san Aontas Eorpach lena dtomhailt tráth nach faide ná 90 lá roimh dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, déanfar iad a choimeád go dtí go dtiocfaidh bearta cinntitheacha, más ann dóibh, i bhfeidhm, sin nó go dtí go bhfoirceannfar an imeacht seo.
Airteagal 4
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 13 Meitheamh 2025.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 176, 30.6.2016, lch. 21, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/1036/oj.
(2) IO C, C/2024/6209, 17.10.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/6209/oj.
(3) IO L, 2025/141, 30.1.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/141/oj.
(4) https://tron.trade.ec.europa.eu/investigations/case-view?caseId=2754.
(5) E.g. O.M.CI. Tá Citterio srl ag sainfheidhmiú i scriúnna déshnáithithe, ar a dtugtar boltaí crochta de ghnáth (https://www.omcicitterio.it/eng/home.php ).
(6) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1666 ón gCoimisiún an 6 Meitheamh 2024 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí téad agus cáblaí cruach de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne arna leathnú chun allmhairí téad agus cáblaí cruach arna gcur chun bealaigh ó Mharacó agus ó Phoblacht na Cóiré a chumhdach, bíodh sé dearbhaithe gur de thionscnamh na dtíortha sin iad nó ná bíodh, tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, (IO L, 2024/1666, 7.6.2024, ELI:http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1666/oj); Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1444 ón gCoimisiún an 11 Iúil 2023 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála shealadach ar allmhairí plátaí ceannbheannacha cruach de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus na Tuirce (IO L 10, 12.1.2023, lch. 36, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/100/oj); Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/100 ón gCoimisiún an 11 Eanáir 2023 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála shealadach ar allmhairí ceaigeanna cruach dosmálta in-athlíonta de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, (IO L 177, 12.7.2023, lch. 63, ELI:http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/1444/oj); Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2068 ón gCoimisiún an 26 Deireadh Fómhair 2022 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí cineálacha áirithe táirgí cothroma de chruach fhuar-rollta de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus Chónaidhm na Rúise, tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, (IO L 277, 27.10.2022, lch. 149, ELI:http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2022/2068/oj; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/191 ón gCoimisiún an 16 Feabhra 2022 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí ceanglóirí áirithe iarainn nó cruach de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, (IO L 36, 17.2.2022, lch 1, ELI:http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2022/191/oj.
(7) Féach Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1666 aithris 76; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1444, aithris 66; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/100, aithris 58; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2068, aithris 80; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/191, aithris 208.
(8) Féach Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1666, aithris 60; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1444, aithris 45; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/100, aithris 38; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2068, aithris 64; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/191, aithris 192.
(9) Féach Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1666 ón gCoimisiún, aithrisí 66-68; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1444 ón gCoimisiún, aithris 58; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/100 ón gCoimisiún, aithris 40; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2068 ón gCoimisiún, aithris 66; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/191 ón gCoimisiún, aithrisí 193-194. Cé go bhféadfaí a mheas gur léiriú ar na cearta úinéireachta comhfhreagracha é an ceart atá ag na húdaráis ábhartha Stáit príomhphearsanra bainistíochta i gcuideachtaí faoi úinéireacht stáit a cheapadh agus a chur as a bpost, dá bhforáiltear i reachtaíocht na Síne, léiríonn cealla de Pháirtí Cumannach na Síne i bhfiontair, idir fhiontair faoi úinéireacht stáit agus fhiontair faoi úinéireacht phríobháideach, modh tábhachtach eile trínar féidir leis an Stát cur isteach ar chinntí gnó. De réir dhlí cuideachta na Síne, bunófar eagraíocht de chuid Pháirtí Cumannach na Síne i ngach cuideachta (le triúr comhaltaí de chuid an Pháirtí ar a laghad mar a shonraítear i mBunreacht Pháirtí Cumannach na Síne) agus soláthróidh an chuideachta na dálaí is gá le haghaidh gníomhaíochtaí eagraíocht an pháirtí. San am atá thart, is cosúil nár comhlíonadh an ceanglas sin i gcónaí nó nár cuireadh i bhfeidhm go docht é. Mar sin féin, ó bhí 2016 ann ar a laghad threisigh Páirtí Cumannach na Síne a chuid maíomh i leith cinntí gnó a rialú i gcuideachtaí faoi úinéireacht stáit ar bhonn prionsabal polaitiúil. Tuairiscítear freisin go bhfuil brú á chur ag Páirtí Cumannach na Síne ar chuideachtaí príobháideacha tús áite a thabhairt don ‘tírghrá’ agus disciplín an pháirtí a chomhlíonadh. In 2017, tuairiscíodh go raibh cealla den pháirtí in 70 % den 1,86 milliún cuideachta atá faoi úinéireacht phríobháideach, agus go raibh an brú ag méadú go mbeadh an focal deiridh eagraíochtaí Pháirtí Cumannach na Síne acu maidir leis na cinntí gnó laistigh dá gcuideachtaí faoi seach. Tá feidhm ghinearálta ag na rialacha sin ar fud gheilleagar na Síne, i ngach earnáil, lena n-áirítear maidir le táirgeoirí an táirge faoi athbhreithniú agus soláthróirí a gcuid ionchur.
(10) Féach Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1666, aithrisí 61-65; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1444, aithris 59; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/100, aithris 43; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2068, aithris 68; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/191, aithrisí 195-201.
(11) Féach Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1444, aithris 62; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/100, aithris 52; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2068, aithris 74; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/191, aithris 202.
(12) Féach Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1666, aithris 72; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1444, aithris 45; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/100, aithris 33; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2068, aithris 75; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/191, aithris 203.
(13) Féach Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1666, aithris 73; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1444, aithris 64; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/100, aithris 54; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2068, aithris 76; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/191, aithris 204.
(14) Doiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin SWD (2024)91, an 10 Aibreán 2024, le fáil ag: https://ec.europa.eu/transparency/documents-register/detail?ref=SWD(2024)91&lang=ga.
(15) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/191.
(16) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/191, aithris 194.
(17) Féach: https://cn.linkedin.com/company/zhejiang-minmetals-huijin-imp.-&-exp.-co.-ltd (arna rochtain an 20 Márta 2025) chomh maith le tuarascáil iniúchóireachta agus ráitis airgeadais 2021-2023 Zhejiang International Trade Group, leathanach 1 de na nótaí a ghabhann leis na ráitis airgeadais https://www.shclearing.cn/xxpl/cwbg/nb/202410/t20241031_1501107.html (arna rochtain an 20 Márta 2025).
(18) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/191 ,aithris 192.
(19) Féach: http://wap.sasac.gov.cn/n2588045/n27271785/n27271792/c14159097/content.html (arna rochtain an 17 Márta 2025).
(20) Féach: http://wap.sasac.gov.cn/n2588045/n27271785/n27271792/c14159097/content.html (arna rochtain an 17 Márta 2025).
(21) Féach: https://www.baoganggf.com/gsjj (arna rochtain an 17 Márta 2025).
(22) Féach: https://www.shougang.com.cn/en/ehtml/CompanyProfile.html (arna rochtain an 17 Márta 2025).
(23) Féach: https://www.shougang.com.cn/sgweb/html/index.html (arna rochtain an 17 Márta 2025).
(24) Féach: https://www.gov.cn/zhengce/zhengceku/2022-02/08/content_5672513.htm (arna rochtain an 17 Márta 2025).
(25) Ibid.
(26) Féach Roinn IV, Foroinn 3 den 14ú Plean Cúig Bliana maidir leis an Tionscal Amhábhar a Fhorbairt.
(27) Féach: https://www.miit.gov.cn/zwgk/zcwj/wjfb/tz/art/2023/art_2a4233d696984ab59610e7498e333920.html (arna rochtain an 17 Márta 2025).
(28) Féach Plean Gníomhaíochta Trí Bliana Cúige Hebei maidir le Forbairt Braisle sa Slabhra Tionscal Cruach, Caibidil II, Roinn 3.8; le fáil ag: https://huanbao.bjx.com.cn/news/20200717/1089773.shtml (arna rochtain an 17 Márta 2025).
(29) Ibid, Caibidil I, Roinn 2.
(30) Ibid, Caibidil I, Roinn 3.2.
(31) Féach Plean Chur Chun Feidhme Henan maidir le hAthchóiriú agus Uasghrádú an Tionscail Cruach le linn an 14ú Plean Cúig Bliana, Caibidil II, Roinn 3; le fáil ag: https://huanbao.bjx.com.cn/news/20211210/1192881.shtml (arna rochtain an 17 Márta 2025).
(32) Plean Oibre Chúige Jiangsu maidir leis an Earnáil Cruach a Athchóiriú agus a Uasghrádú agus Optamú a Dhéanamh ar an Leagan Amach 2019-2025; le fáil ag: http://www.jiangsu.gov.cn/art/2019/5/5/art_46144_8322422.html (arna rochtain an 17 Márta 2025).
(33) An 14ú Plean Cúig Bliana de chuid Chúige Shandong maidir le Forbairt an Tionscail Cruach; le fáil ag: https://m.mysteel.com/21/1119/11/DFD9D26D73D90F7D_abc.html (arna rochtain an 17 Márta 2025).
(34) Plean Gníomhaíochta 2020 Chúige Shanxi um Chlaochlú agus Uasghrádú an Tionscail Cruach; le fáil ag: https://m.mysteel.com/20/0715/11/7BF7729C99CEB3EA_abc.html (arna rochtain an 17 Márta 2025).
(35) Plean Gníomhaíochta Chúige Zhejiang chun Forbairt Ardcháilíochta ar an Tionscal Cruach a Chothú: ‘ Cumaisc agus atheagrú fiontair a chothú, an próiseas comhchruinnithe a luathú, an líon fiontar bruithnithe cruach a laghdú go dtí thart ar 10 bhfiontar ’; le fáil ag: https://www.jiaxing.gov.cn/art/2022/4/20/art_1228922756_59529426.html (arna rochtain an 17 Márta 2025).
(36) Féach: http://www.ansteel.cn/dangdejianshe/dangjiandongtai/2023-03-17/12429.html (arna rochtain an 17 Márta 2025).
(37) Féach: https://www.zibchina.com/news/newsinfo.html?id=695278 (arna rochtain an 20 Márta 2025).
(38) http://www.fastener-cn.net/reception/association/constitution.js (arna rochtain an 17 Márta 2025).
(39) Féach Tuarascáil Bhliantúil 2023 Baoshan Iron and Steel Ltd., leathanach 41 https://static.sse.com.cn/disclosure/listedinfo/announcement/c/new/2024-04-27/600019_20240427_B5D4.pdf (arna rochtain an 7 Feabhra 2025).
(40) Féach: https://www.wuganggroup.cn/people/3143 (arna rochtain an 17 Márta 2025).
(41) Féach: https://mp.weixin.qq.com/s?__biz=MjM5Njg2NjIwMQ==&mid=2654952836&idx=1&sn=505b807e2826f1e3e6f08ba15b727722&chksm=bd294c728a5ec5641240246649545fda2b2065c015f861fa599249b2165962ca848a25a1faa2&token=1369557425&lang=zh_CN#rd (arna rochtain an 17 Márta 2025).
(42) Féach: https://www.baoganggf.com/ggry (arna rochtain an 17 Márta 2025).
(43) Féach: https://www.shougang.com.cn/sgweb/html/gsld.html (arna rochtain an 17 Márta 2025).
(44) Féach: https://www.afastener.com/association/detail-18.html (arna rochtain an 13 Bealtaine 2025).
(45) Féach: https://www.afastener.com/association/detail-17.html (arna rochtain an 13 Bealtaine 2025).
(46) Féach: http://www.cncma.org/article/472 (arna rochtain an 17 Márta 2025).
(47) Féach https//www.miit.gov.cn/cms_files/filemanager/oldfile/miit/n5084605/c7592204/part/752209.pdf, leathanach 55 ina liostaítear ceanglóirí láidre.
(48) Féach http://www.gov.cn/xinwen/2019-11/06/5449193/files/26c9d25f713f4ed5b8dc51ae40ef37af.pdf, leathanach 29.
(49) http://www.haiyan.gov.cn/art/2019/12/6/art_1512856_40973400.html.
(50) Tuarascáil, Cuid III, Caibidil 14, lch. 346 ff.
(51) Féach An 14ú Plean Cúig Bliana ó Dhaon Phoblacht na Síne um Fhorbairt Eacnamaíoch agus Shóisialta Náisiúnta agus Cuspóirí Fadraoin do 2035, Cuid III, Airteagal VIII, le fáil ag: https://cset.georgetown.edu/publication/china-14th-five-year-plan/ (arna rochtain an 17 Márta 2025).
(52) Féach go háirithe Roinn I agus II den 14ú Plean Cúig Bliana maidir leis an Tionscal Amhábhar a Fhorbairt.
(53) Féach: https://www.miit.gov.cn/zwgk/zcwj/wjfb/tz/art/2023/art_2a4233d696984ab59610e7498e333920.html (arna rochtain an 17 Márta 2025).
(54) Féach: ag : http://gxt.shandong.gov.cn/module/download/downfile.jsp?classid=0&filename=1f79d908601e479f83707e67b133e347.pdf (arna rochtain an 17 Márta 2025).
(55) http://www.haiyan.gov.cn/art/2019/12/6/art_1512856_40973400.html.
(56) Féach Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1444, aithris 63; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/100 , aithris 33.
(57) DS473: An tAontas Eorpach - Bearta Frithdhumpála maidir le Bithdhíosal ón Airgintín.
(58) Sonraí Oscailte an Bhainc Dhomhanda – Ard-Mheánioncam, (https://data.worldbank.org/income-level/upper-middle-income).
(59) Rialachán (AE) 2015/755 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2015 maidir le comhrialacha d’allmhairí ó thríú tíortha áirithe (IO L 123, 19.5.2015, lch. 33, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2015/755/oj) arna leasú le Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/749 (IO L 113, 29.4.2017, lch. 11, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2017/749/oj).
(60) Sanwa Iron (Thailand) Company Ltd., Thai Meira Co. Ltd., S.J. Screw Thai Company Ltd.
(61) https://tong.com.my/wp-content/uploads/2025/BURSA/TH-B-250225-1-2.pdf, an dáta deireanach ar breathnaíodh air an 24 Aibreán 2025.
(62) https://www.chinwell.com.my/screws/, (an dáta deireanach ar breathnaíodh air an 24 Aibreán 2025).
(63) Sanwa Iron (Thailand) Company Ltd., Thai Meira Co. Ltd.
(64) https://app.bot.or.th/BTWS_STAT/statistics/BOTWEBSTAT.aspx?reportID=636&language=ENG,(an dáta deireanach ar breathnaíodh air an 3 Aibreán 2025).
(65) BOI : The Board of Investment of Thailand [Bord Infheistíochta na Téalainne], (an dáta deireanach ar breathnaíodh air an 3 Aibreán 2025).
(66) https://www.eppo.go.th/index.php/en/en-energystatistics/energy-economy-static, (an dáta deireanach ar breathnaíodh air an 3 Aibreán 2025).
(67) Cuideachta-shonrach agus bunaithe ar ídiú, éileamh agus muirear seirbhíse buaice agus seachbhuaice faoi seach mar a leagtar amach in aithrisí (161) agus (162).
(68) Meastar le hAirteagal 2(7) den bhun-Rialachán nach féidir praghsanna intíre sna tíortha sin a úsáid chun gnáthluach a chinneadh.
(69) https://app.bot.or.th/BTWS_STAT/statistics/BOTWEBSTAT.aspx?reportID=636&language=ENG, (an dáta deireanach ar breathnaíodh air an 3 Aibreán 2025).
(70) https://www.papayaglobal.com/countrypedia/country/thailand/, (an dáta deireanach ar breathnaíodh air an 3 Aibreán 2025).
(71) EIS, bunachar sonraí Staidrimh Fórsa Saothair, Mean weekly hours actually worked per employed person by sex and economic activity -- Annual”, Thailand [Meánuaireanta oibre iarbhír in aghaidh an duine fhostaithe de réir gnéis agus gníomhaíochta eacnamaíche -- Bliantúil], an Téalainn. https://rshiny.ilo.org/dataexplorer35/?lang=en&segment=indicator&id=HOW_TEMP_SEX_ECO_NB_A&ref_area=THA (An 3 Aibreán 2025 an dáta deireanach ar breathnaíodh air).
(72) ○ BOI : The Board of Investment of Thailand [Bord Infheistíochta na Téalainne], (an dáta deireanach ar breathnaíodh air an 3 Aibreán 2025).
(73) https://www.mea.or.th/en/our-services/tariff-calculation/latestft, an dáta deireanach ar breathnaíodh air an 3 Aibreán 2025.
(74) An Aireacht Fuinnimh - An Oifig um Beartas agus Pleanáil Fuinnimh (Tábla 7.2.4) https://www.eppo.go.th/index.php/en/en-energystatistics/energy-economy-static, an dáta deireanach ar breathnaíodh air an 3 Aibreán 2025.
(75) Sinopec Chongqing SVW Chemical agus Eile v an Coimisiún.
(76) Cás C-319/24 P, An Coimisiún v Sinopec Chongqing SVW Chemical agus eile, ar feitheamh.
(77) Breithiúnas an 2 Deireadh Fómhair 2024, CCCME agus Eile v an Coimisiún, T-263/22, ECLI:EU:T:2024:663, mír 183.
(78) Breithiúnas an 2 Deireadh Fómhair 2024, CCCME agus Eile v an Coimisiún, T-263/22, ECLI:EU:T:2024:663, mír 185.
(79) Breithiúnas an 2 Deireadh Fómhair 2024, CCCME agus Eile v an Coimisiún, T-263/22, ECLI:EU:T:2024:663, mír 188.
(80) Breithiúnas an 2 Deireadh Fómhair 2024, CCCME agus Eile v an Coimisiún, T-263/22, ECLI:EU:T:2024:663, mír 184.
(81) Saothar a léiríonn 16 % ar an meán den chostas táirgthe le linn na tréimhse faoi bhreathnú.
(82) Amhábhair a léiríonn 48 % ar an meán den chostas táirgthe le linn na tréimhse faoi bhreathnú.
(83) Fad a bhí an praghas díola in aghaidh an tona níos airde ná an costas athraitheach in aghaidh an tona, agus gur cumhdaíodh costas seasta, tháinig brabús áirithe le gach díolachán breise (corrlach ranníocaíochta dearfach). Ós rud é gur dhíol táirgeoirí de chuid an Aontais méid ard an bhliain sin, chuidigh sé leo brabús áirithe a fháil cé go raibh an meánchostas táirgthe in aghaidh an tona níos airde.
(84) https://www.eurofer.eu/press-releases/persisting-downside-factors-deepen-downturn-in-2023-and-curb-steel-demand-rebound-in-2024.
(85) https://orgalim.eu/wp-content/uploads/orgalim-economics-and-statistics-report-autumn-2024-2.pdf.
IARSCRÍBHINN
Táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha de chuid na Síne nár sampláladh
|
Ainm |
Cód breise TARIC |
|
ANHUI GOODLINK FASTENER CO., Ltd. |
89MO |
|
CELO Suzhou Precision Fasteners Co., Ltd. |
89MP |
|
CHANGZHOU MIKI HARDWARE TECHNOLOGY CO., Ltd. |
89MQ |
|
Cixi Jinmao Fastener Co., Ltd. |
89MR |
|
CIXI NONGER HARDWARE CO., Ltd. |
89MS |
|
Eagle Metalware Co., Ltd. |
89MT |
|
EC International (Nantong) Co., Ltd. |
89MU |
|
Everbest Hardware Products Co., Ltd. |
89MV |
|
EVERGREEN (ZHEJIANG) INTELLIGENT MANUFACTURING CO., Ltd. |
89MW |
|
FASTWELL METAL PRODUCTS CO., Ltd. |
89MX |
|
Finework (Hunan) New Energy Technology Co., Ltd. |
89MY |
|
HAI YAN MACHINERY CO., Ltd. |
89MZ |
|
HAINING XINLIAN HARDWARE MACHINERY CO., Ltd. |
89NA |
|
Haining Xinxing Fasteners Co., Ltd. |
89NB |
|
Haining Zhongheng Metal Products Co., Ltd. |
89NC |
|
HAIYAN LONGCHENG STANDARD PARTS CO., Ltd. |
89ND |
|
HAIYAN BOLT CO., Ltd. |
89NE |
|
Haiyan C&F Fittings Co., Ltd. |
89NF |
|
Haiyan Jiamei Hardware Manufacturing and Tech. Co., Ltd. |
89NG |
|
HAIYAN JINNIU FASTENERS CO., Ltd. |
89NH |
|
HAIYAN LONGSHENG HARDWARE CO., Ltd. |
89NI |
|
Haiyan Wancheng Fasteners Co., Ltd. |
89NJ |
|
Haiyan Wandefu Precision Hardware Co., Ltd. |
89NK |
|
Haiyan Xingang Standard Parts Co., Ltd. |
89NL |
|
HAIYAN XINYUAN FASTENER CO., Ltd. |
89NM |
|
Haiyan Xinyuan Technology Co., Ltd. |
89NN |
|
Haiyan Xinyue Electrical Appliances Co., Ltd. |
89NO |
|
HAIYAN YINGJIE FASTENER CO., Ltd. |
89NP |
|
HAIYAN YONGJIE TECHNOLOGY CO., Ltd. |
89NQ |
|
Haiyan Yuanzhong Hardware Co., Ltd. |
89NR |
|
Handan Changfa Fastener Manufacturing Co., Ltd. |
89NS |
|
Handan City Daoning Fastener Manufacturing Co., Ltd. |
89NT |
|
HANDAN CITY JINGGONG CONSTRUCTION ANCHORING MANUFACTURE CO., Ltd. |
89NU |
|
Handan Haosheng Fastener Co., Ltd. |
89NV |
|
HANDAN HUAMING FASTENER CO., Ltd. |
89NW |
|
HANDAN MINGXIN METAL PRODUCTS CO., Ltd. |
89NX |
|
HANDAN TONGHE FASTENER MANUFACTURE CO., Ltd. |
89NY |
|
Handan Xiaojun Fastener Manufacturing Co., Ltd. |
89NZ |
|
Handan Xingbang Fastener Co., Ltd. |
89OA |
|
Handan Yaofeng Fastener Manufacturing Co., Ltd. |
89OB |
|
Handan Yongnian Hongji Machinery Parts Co., Ltd. |
89OC |
|
Handan Zhonglong Fastener Manufacturing Co., Ltd. |
89OD |
|
Hebei Chengyi Engineering Materials Co., Ltd. |
89OE |
|
HEBEI FUAO FASTENER MANUFACTURING CO., Ltd. |
89OF |
|
Hebei Goodfix Industrial Co., Ltd. |
89OG |
|
Hebei Gude Fastener Manufacturing Co., Ltd. |
89OH |
|
HEBEI YUETONG FASTENERS MANUFACTURING CO., Ltd. |
89OI |
|
Jiangsu Hengyue Hardware Co., Ltd. |
89OJ |
|
JIANGSU LIRUNYOU MACHINERY TECHNOLOGY CO., Ltd. |
89OK |
|
Jiashan Donghe Fastener Co., Ltd. |
89OL |
|
JIASHAN SANXIN FASTENER Co., Ltd. |
89OM |
|
Jiashan Tianyang Fastener Co., Ltd |
89ON |
|
JIASHAN WEIJIE HARDWARE CO., Ltd. |
89OO |
|
Jiaxing Aerotec Precision Co., Ltd. |
89OP |
|
JIAXING BROTHER UNITED FASTENER CO., Ltd. |
89OQ |
|
JIAXING CHUANGLI HARDWARE CO., Ltd. |
89OR |
|
JIAXING EXCELLENT FASTENER CO., Ltd. |
89OS |
|
JIAXING GOOD METAL TECHNOLOGY CO., Ltd. |
89OT |
|
JIAXING HONGJIAN TECHNOLOGY CO., Ltd. |
89OU |
|
JIAXING JIAWEI MACHINERY TECHNOLOGY COMPANY, Ltd. |
89OV |
|
JIAXING JINYU FASTENER FACTORY, Ltd. |
89OW |
|
Jiaxing Jiuli Precision Manufacturing Co., Ltd. |
89OX |
|
Jiaxing Julong Hardware Technology Co., Ltd. |
89OY |
|
JIAXING KINFAST HARDWARE CO., Ltd. |
89OZ |
|
JIAXING LONGFIX FASTENERS CO., Ltd. |
89PA |
|
JIAXING PAIYOU METAL PRODUCT CO., Ltd. |
89PB |
|
JIAXING RISEN HARDWARE CO., Ltd. |
89PC |
|
JIAXING SUNFAST METAL CO., Ltd. |
89PD |
|
JIAXING YIDA NEW MATERIAL TECHNOLOGY CO., Ltd. |
89PE |
|
Jinan Star Fastener Co., Ltd. |
89PF |
|
JOYSTART AUTOMOTIVE PARTS CO., Ltd. |
89PG |
|
Langxi Longwei Metal Technology Co., Ltd. |
89PH |
|
Lianyungang Jinyu Hardware Co., Ltd. |
89PI |
|
LIANYUNGANG PINGXIN FASTENER COMPANY LIMITED |
89PJ |
|
Lianyungang Xincheng hardware Co., Ltd. |
89PK |
|
LYG Dragonscrew Co., Ltd. |
89PL |
|
MIANXUAN FASTENERS CO., Ltd. |
89PM |
|
NEDSCHROEF FASTENERS (KUNSHAN) CO., Ltd. |
89PN |
|
Ningbo Da Zhi Machine Technology CO., Ltd. |
89PO |
|
Ningbo Dongxin High-Strength Nut Co., Ltd. |
89PP |
|
NINGBO EXACT FASTENERS CO., Ltd. |
89PQ |
|
Ningbo Jinding Fastening Piece CO., Ltd. |
89PR |
|
NINGBO LEMNA PRODUCT TECHNOLOGY CO., Ltd. |
89PS |
|
Ningbo Sardis Hardware Products Co., Ltd. |
89PT |
|
NINGBO XINGSHENG OIL PIPE FITTINGS MANUFACTURE CO., Ltd. |
89PU |
|
NINGBO YINZHOU HAIYUN METAL PRODUCTS CO., Ltd. |
89PV |
|
Ningbo Zhenghai Yongding Fastener Co., Ltd. |
89PW |
|
NINGBO ZHENHAI DINGLI FASTENER SCREW CO., Ltd. |
89PX |
|
Ningbo Zhongjiang High Strength Bolts Co., Ltd. |
89PY |
|
OK TECH CO., Ltd. |
89PZ |
|
PINGHU DRAGON FASTENER CO., Ltd. |
89QA |
|
PINGHU ZHAPU NUT FACTORY, Ltd. |
89QB |
|
QIFENG PRECISION INDUSTRY SCI-TECH CORP. |
89QC |
|
Qingdao Super Star Tools Co., Ltd. |
89QD |
|
QINGDAO VANKU INDUSTRY GROUP |
89QE |
|
QINGDAO XINHUA HARDWARE PRODUCTS CO., Ltd. |
89QF |
|
SHANGHAI FIRM METAL CO., Ltd. |
89QG |
|
Shanghai Kingpluse Industry Co., Ltd. |
89QH |
|
SHANGHAI MOREGOOD HARDWARE CO., Ltd. |
89QI |
|
Shanghai Moutain Industries Co., Ltd. |
89QJ |
|
SHANGHAI ROMAX HARDWARE CO., Ltd. |
89QK |
|
SHANGRAO CITY YIWEN FASTENER CO., LIMITED |
89QL |
|
Suzhou YNK Fastener Co., Ltd. |
89QM |
|
T&Y Hardware Industry Co., Ltd. |
89QN |
|
TAISHAN DONYI HARDWARE CO., Ltd. |
89QO |
|
TANDL INDUSTRY CO., Ltd. |
89QP |
|
Xingtai Mindu Industrial Co. Ltd. |
89QQ |
|
Yongnian Country Tianbang Fasteners Co., Ltd. |
89QR |
|
Yuyao Alfirste Hardware Co., Ltd. |
89QS |
|
Zhejiang Cooper Turner Beck Green Energy Co., Ltd. |
89QT |
|
ZHEJIANG DONGHE FASTENER CO., Ltd. |
89QU |
|
Zhejiang Donghe Machinery Technology Corporation Limited |
89QV |
|
ZHEJIANG EXCELLENT INDUSTRIES CO., Ltd. |
89QW |
|
Zhejiang Haixun Precision Technology Co., Ltd. |
89QX |
|
ZHEJIANG HYSTRON AUTO PARTS CO., Ltd. |
89QY |
|
ZHEJIANG NEW SHENGDA FASTENER CO., Ltd. |
89QZ |
|
ZHESHANG DEVELOPMENT HUASENER (ZHEJIANG) HARDWARE TECHNOLOGY CO., Ltd. |
89RA |
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1189/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)