|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/1184 |
16.7.2025 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2025/1184 ÓN gCOIMISIÚN
an 10 Meitheamh 2025
lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1675 chun an Ailgéir, Angóla, an Chéinia, an Cósta Eabhair, Laos, an Liobáin, Monacó, an Namaib, Neipeal agus Veiniséala a chur le liosta na dtríú tíortha ardriosca a thug gealltanas polaitiúil ardleibhéil i scríbhinn chun aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh a sainaithníodh agus a bhfuil plean gníomhaíochta forbartha acu le TFGA, agus chun Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha, Barbadós, Giobráltar, Iamáice, na hOileáin Fhilipíneacha, Panama, an tSeineagáil agus Uganda a bhaint den liosta sin
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Threoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críoch sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún (1), agus go háirithe Airteagal 9(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Ní mór don Aontas sláine agus feidhmiú cuí a chórais airgeadais agus an mhargaidh inmheánaigh a chosaint go héifeachtach ar sciúradh airgid agus ar mhaoiniú sceimhlitheoireachta. Dá bhrí sin, le hAirteagal 9(2) de Threoir (AE) 2015/849, ceanglaítear ar an gCoimisiún tríú tíortha a shainaithint a bhfuil easnaimh straitéiseacha acu ina gcórais maidir leis an sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a chomhrac (SA/MSC), agus ar bagairtí móra iad, dá bhrí sin, ar chóras airgeadais an Aontais (‘tríú tíortha ardriosca’). |
|
(2) |
Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1675 ón gCoimisiún (2) sainaithnítear tríú tíortha ardriosca den sórt sin. |
|
(3) |
I bhfianaise leibhéal ard an chomhtháthaithe sa chóras airgeadais idirnáisiúnta, an dlúthnaisc idir oibreoirí margaidh, an líon ard idirbheart trasteorann chuig an Aontas agus ón Aontas, mar aon le leibhéal oscailteachta an mhargaidh, is bagairt ar chóras airgeadais an Aontais freisin í aon bhagairt SA/MSC ar an gcóras airgeadais idirnáisiúnta. |
|
(4) |
Mar a cheanglaítear le hAirteagal 9(4) de Threoir (AE) 2015/849, chuir an Coimisiún an fhaisnéis is déanaí atá ar fáil san áireamh, go háirithe na ráitis phoiblí le déanaí ón Tascfhórsa um Ghníomhaíocht Airgeadais (TFGA), liosta TFGA de ‘Dhlínsí a bhfuil Faireachán Méadaithe á dhéanamh orthu’, agus tuarascálacha TFGA ón nGrúpa Athbhreithnithe um Chomhar Idirnáisiúnta i ndáil leis na rioscaí a bhaineann le tríú tíortha ar leith. |
|
(5) |
Ó rinneadh na leasuithe deireanacha ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1675, rinne TFGA a liosta de ‘Dhlínsí a bhfuil Faireachán Méadaithe á dhéanamh orthu’ a thabhairt cothrom le dáta. Ag na cruinnithe iomlánacha a bhí aige i mí Feabhra, i mí an Mheithimh agus i mí Dheireadh Fómhair 2024 agus i mí Feabhra 2025, chuir TFGA an Ailgéir, Angóla, an Chéinia, an Cósta Eabhair, Laos, an Liobáin, Monacó, an Namaib, Neipeal agus Veiniséala leis an liosta sin, agus bhain sé Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha, Barbadós, Giobráltar, Iamáice, na hOileáin Fhilipíneacha, an tSeineagáil agus Uganda den liosta sin. |
|
(6) |
Rinne an Ailgéir gealltanas polaitiúil ardleibhéil i mí Dheireadh Fómhair 2024 oibriú le TFGA agus leis an Tascfhórsa um Ghníomhaíocht Airgeadais don Mheánoirthear agus don Afraic Thuaidh (MENAFATF), arb é a comhlacht réigiúnach de chineál TFGA (‘CRCT’) é, chun éifeachtacht a córais SA/MSC a neartú. Ó glacadh a thuarascáil mheastóireachta frithpháirtí (TMF) i mí na Bealtaine 2023, tá dul chun cinn déanta ag an Ailgéir maidir le go leor de na gníomhaíochtaí a moladh sa TMF, lena n-áirítear trí imscrúduithe agus ionchúisimh sciúrtha airgid (SA) a shaothrú ar bhealach níos éifeachtaí. Leanfaidh an Ailgéir de bheith ag obair le TFGA chun a plean gníomhaíochta a chur chun feidhme trí na nithe seo a leanas a dhéanamh: feabhas a chur ar an maoirseacht rioscabhunaithe, go háirithe i gcás earnálacha ardriosca, lena n-áirítear trí nósanna imeachta, measúnuithe riosca, lámhleabhair mhaoirseachta agus treoirlínte nua a ghlacadh, chomh maith le cigireachtaí a dhéanamh agus smachtbhannaí éifeachtacha, comhréireacha agus athchomhairleacha a chur i bhfeidhm; creat éifeachtach a fhorbairt le haghaidh faisnéis faoi úinéireacht bhunúsach agus úinéireacht thairbhiúil; feabhas a chur ar an gcóras atá aici maidir le tuairiscí ar idirbhearta amhrasacha (TIAnna); creat dlíthiúil agus institiúideach a bhunú le haghaidh smachtbhannaí airgeadais spriocdhírithe (SAS) as maoiniú sceimhlitheoireachta; agus cur chuige rioscabhunaithe a chur chun feidhme maidir le formhaoirseacht ar eagraíochtaí neamhbhrabúsacha (ENBanna), gan cur isteach ar ghníomhaíocht dhlisteanach ná í a dhíspreagadh. Agus an tiomantas agus an dul chun cinn atá déanta ag an Ailgéir go dtí seo á n-aithint aige agus gur díol sásaimh aige iad, agus iarrachtaí breise á spreagadh aige, tá sé de chonclúid ag an gCoimisiún nár thug an Ailgéir aghaidh iomlán fós ar na hábhair imní arb é an toradh a bhí orthu gur cuireadh le liosta TFGA de na ‘Dlínsí a bhfuil Faireachán Méadaithe á dhéanamh orthu’ í. Dá bhrí sin, ba cheart an Ailgéir a mheas a bheith ina tríú tír ardriosca. |
|
(7) |
Rinne Angóla gealltanas polaitiúil ardleibhéil i mí Dheireadh Fómhair 2024 oibriú le TFGA agus le Grúpa Oirthear agus Dheisceart na hAfraice um an sciúradh airgid a chomhrac (ESAAMLG), arb é a CRCT é, chun éifeachtacht a córais SA/MSC a neartú. Ó glacadh a TMF i mí an Mheithimh 2023, tá dul chun cinn déanta ag Angóla maidir le roinnt de na gníomhaíochtaí a moladh sa TMF, lena n-áirítear trí fheabhas a chur ar an gcomhar agus comhordú náisiúnta, ar an gcomhar idirnáisiúnta agus ar an úsáid a bhaineann na húdaráis inniúla as faisnéis airgeadais. Leanfaidh Angóla de bheith ag obair le TFGA chun a phlean gníomhaíochta TFGA a chur chun feidhme trí na nithe seo a leanas a dhéanamh: feabhas a chur ar an tuiscint atá aige ar rioscaí SA/MS; feabhas a chur ar an maoirseacht rioscabhunaithe ar ghnólachtaí agus gairmeacha neamhairgeadais ainmnithe (GGNAnna); a áirithiú go mbíonn rochtain leordhóthanach chruinn thráthúil ag na húdaráis inniúla ar fhaisnéis faoi úinéireacht thairbhiúil agus go dtugtar aghaidh go leordhóthanach ar sháruithe ar oibleagáidí; méadú ar imscrúduithe agus ar ionchúisimh ar sciúradh airgid a léiriú; cumas an maoiniú sceimhlitheoireachta a shainaithint, a imscrúdú agus sa ionchúiseamh a léiriú; agus próiseas éifeachtach chun smachtbhannaí airgeadais spriocdhírithe a chur chun feidhme gan mhoill. Agus an tiomantas agus an dul chun cinn atá déanta ag Angóla go dtí seo á n-aithint aige agus gur díol sásaimh aige iad, agus iarrachtaí breise á spreagadh aige, tá sé de chonclúid ag an gCoimisiún nár thug Angóla aghaidh iomlán fós ar na hábhair imní arb é an toradh a bhí orthu gur cuireadh le liosta TFGA de na ‘Dlínsí a bhfuil Faireachán Méadaithe á dhéanamh orthu’ é. Dá bhrí sin, ba cheart Angóla a mheas a bheith ina thríú tír ardriosca. |
|
(8) |
Rinne an Cósta Eabhair gealltanas polaitiúil ardleibhéil i mí Dheireadh Fómhair 2024 oibriú le TFGA agus leis an Groupe Intergouvernemental d’Action contre le Blanchiment d’Argent en Afrique de l’Ouest (GIABA), arb é a CRCT é, chun éifeachtacht a chórais SA/MSC a neartú. Ó glacadh a TMF i mí an Mheithimh 2023, tá dul chun cinn déanta ag an gCósta Eabhair maidir le go leor de na gníomhaíochtaí a moladh sa TMF, lena n-áirítear trína chreat dlíthiúil SA/MSC a neartú a bhuí le roinnt leasuithe tábhachtacha reachtacha agus rialála, anailís SA/MS a thabhairt cothrom le dáta trí thuarascálacha tíopeolaíochta a dhréachtú maidir leis na cionta preideacáide riosca is airde, acmhainní daonna agus teicniúla an Aonaid um Fhaisnéis Airgeadais (AFA) agus ionchúisitheoirí a neartú, agus an ghníomhaireacht atá i gceannas ar bhainistiú na sócmhainní a urghabhadh agus a coigistíodh a oibríochtú. Leanfaidh an Cósta Eabhair de bheith ag obair le TFGA chun a phlean gníomhaíochta TFGA a chur chun feidhme trí na nithe seo a leanas a dhéanamh: feabhas a chur ar an úsáid a bhaineann sé as an gcomhar idirnáisiúnta sna himscrúduithe agus ionchúisimh SA/MS; feabhas a chur ar chur chun feidhme na maoirseachta rioscabhunaithe ar institiúidí airgeadais agus ar ghnólachtaí agus gairmeacha neamhairgeadais ainmnithe agus feachtais for-rochtana a sheoladh chun comhlíontacht a fheabhsú; feabhas a chur ar fhíorú agus ar rochtain ar fhaisnéis faoi úinéireacht bhunúsach agus úinéireacht thairbhiúil daoine dlítheanacha agus smachtbhannaí a chur i bhfeidhm i gcás sáruithe; feabhas a chur ar an úsáid a bhaineann údaráis forfheidhmithe dlí as faisnéis airgeadais agus feabhas a chur ar a scaipeann an AFA; méadú leanúnach a léiriú ar líon na n-imscrúduithe agus na n-imscrúduithe SA/MS de chineálacha éagsúla i gcomhréir le próifíl riosca na tíre; agus an creat SAS a neartú. Agus an tiomantas agus an dul chun cinn atá déanta ag an gCósta Eabhair go dtí seo á n-aithint aige agus gur díol sásaimh aige iad, agus iarrachtaí breise á spreagadh aige, tá sé de chonclúid ag an gCoimisiún nár thug an Cósta Eabhair aghaidh iomlán fós ar na hábhair imní arb é an toradh a bhí orthu gur cuireadh le liosta TFGA de na ‘Dlínsí a bhfuil Faireachán Méadaithe á dhéanamh orthu’ é. Dá bhrí sin, ba cheart an Cósta Eabhair a mheas a bheith ina thríú tír ardriosca. |
|
(9) |
Rinne an Chéinia gealltanas polaitiúil ardleibhéil i mí Feabhra 2024 oibriú le TFGA agus le ESAAMLG, arb é a CRCT é, chun éifeachtacht a córais SA/MSC a neartú. Ó shin i leith, tá céimeanna tugtha ag an gCéinia chun feabhas a chur ar a córas SA/MSC, lena n-áirítear trí mheasúnú riosca maoinithe sceimhlitheoireachta a chur i gcrích agus trína creat SAS a bhaineann le maoiniú leata a thabhairt chun comhlíontachta. Leanfaidh an Chéinia de bheith ag obair ar chur chun feidhme a phlean gníomhaíochta TFGA chun aghaidh a thabhairt ar a easnaimh straitéiseacha, lena n-áirítear tríd an méid seo a leanas a dhéanamh: torthaí a mheasúnaithe riosca náisiúnta SA/MS agus measúnuithe riosca eile a chur i láthair ar bhealach comhsheasmhach d’údaráis inniúla agus don earnáil phríobháideach agus na straitéisí náisiúnta SA/MSC a thabhairt cothrom le dáta; feabhas a chur ar mhaoirseacht AML/CFT rioscabhunaithe ar institiúidí airgeadais agus GGNAnna agus creat dlíthiúil a ghlacadh chun soláthraithe seirbhísí sócmhainní fíorúla a cheadúnú agus maoirseacht a dhéanamh orthu; feabhas a chur ar an tuiscint atá ag institiúidí airgeadais agus ag GGNAnna ar bhearta coisctheacha, lena n-áirítear chun comhdú TIAnna agus SAS a chur chun feidhme gan mhoill; údarás a ainmniú chun iontaobhais a rialáil agus faisnéis faoi úinéireacht thairbhiúil atá cruinn agus cothrom le dáta a bhailiú agus gníomhaíochtaí feabhais a chur chun feidhme maidir le sáruithe ar chomhlíonadh na gceanglas trédhearcachta le haghaidh daoine dlítheanacha agus socruithe dlítheanacha; feabhas a chur ar úsáid agus ar cháilíocht táirgí faisnéise airgeadais; méadú a dhéanamh ar imscrúduithe agus ionchúisimh sciúrtha airgeadais agus maoinithe sceimhlitheoireachta i gcomhréir leis na rioscaí; an creat SAS a thabhairt i gcomhréir le Moladh 6 TFGA agus a chur chun feidhme éifeachtach a áirithiú; agus athbhreithniú a dhéanamh ar an gcreat le haghaidh rialáil agus formhaoirseacht ar ENBanna lena áirithiú gur bearta rioscabhunaithe iad na bearta maolúcháin agus nach gcuireann siad isteach ar ghníomhaíochtaí dlisteanacha ENBanna ná na gníomhaíochtaí sin a dhíspreagadh. Agus an tiomantas agus an dul chun cinn atá déanta ag an gCéinia go dtí seo á n-aithint aige agus gur díol sásaimh aige iad, agus iarrachtaí breise á spreagadh aige, tá sé de chonclúid ag an gCoimisiún nár thug an Chéinia aghaidh iomlán fós ar na hábhair imní arb é an toradh a bhí orthu gur cuireadh le liosta TFGA de na ‘Dlínsí a bhfuil Faireachán Méadaithe á dhéanamh orthu’ í. Dá bhrí sin, ba cheart an Chéinia a mheas a bheith ina tríú tír ardriosca. |
|
(10) |
Rinne Laos gealltanas polaitiúil ardleibhéil i mí Feabhra 2025 oibriú le TFGA agus le Grúpa na hÁise agus an Aigéin Chiúin maidir le Sciúradh Airgid (APG), arb é a CRCT é, chun éifeachtacht a chórais SA/MSC a neartú. Ó glacadh a TMF i mí Lúnasa 2023, tá dul chun cinn déanta ag Laos maidir le roinnt de na gníomhaíochtaí a mholtar sa TMF, lena n-áirítear trí acmhainní AFA a mhéadú agus deireadh a chur le scaireanna iompróra. Leanfaidh Laos de bheith ag obair le TFGA chun a phlean gníomhaíochta TFGA a chur chun feidhme trí na nithe seo a leanas a dhéanamh: feabhas a chur ar an tuiscint atá aige ar rioscaí SA/MS; feabhas a chur ar mhaoirseacht rioscabhunaithe ar chasaíní, bainc agus eintitis tuairiscithe i gCriosanna Eacnamaíocha Speisialta, lena n-áirítear seiceálacha maidir le bheith cuí cóir; feabhas a chur ar cháilíocht agus cainníocht na hanailíse faisnéise airgeadais agus ar scaipeadh spontáineach ar ghníomhaireachtaí forfheidhmithe dlí; a áirithiú go gcuirfear oiliúint ar ghníomhaireachtaí forfheidhmithe dlí maidir le sciúradh airgid agus go bhfaighidh siad treoraíocht ina leith; méadú a léiriú ar imscrúduithe agus ar ionchúisimh SA i gcomhréir le próifíl riosca Laos agus béim ar choireanna a bhfuil gné thrasnáisiúnta acu a bhfuil gá leis an gcomhar idirnáisiúnta ina leith; beartas náisiúnta coigistithe a fhorbairt atá ag teacht lena rioscaí SA/MS; a léiriú go bhfuil bearta á ndéanamh ag na húdaráis inniúla ábhartha chun fáltas ón gcoireacht agus ionstraimeachtaí na coireachta a shainaithint, a rianú, a urghabháil agus, i gcás inarb infheidhme, a choigistiú i gcomhréir leis an bpróifíl riosca; faireachán a dhéanamh ar chomhlíontacht institiúidí airgeadais agus GGNAnna le SAS i dtaca le hoibleagáidí maidir le maoiniú leata; agus aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh maidir le comhlíonadh teicniúil i Moltaí 5, 6, 7 agus 10 TFGA. Agus an tiomantas agus an dul chun cinn atá déanta ag Laos go dtí seo á n-aithint aige agus gur díol sásaimh aige iad, agus iarrachtaí breise á spreagadh aige, tá sé de chonclúid ag an gCoimisiún nár thug Laos aghaidh iomlán fós ar na hábhair imní arb é an toradh a bhí orthu gur cuireadh le liosta TFGA de na ‘Dlínsí a bhfuil Faireachán Méadaithe á dhéanamh orthu’ é. Dá bhrí sin, ba cheart Laos a mheas a bheith ina thríú tír ardriosca. |
|
(11) |
Rinne an Liobáin gealltanas polaitiúil ardleibhéil i mí Dheireadh Fómhair 2024 oibriú le TFGA agus le MENAFATF, arb é a CRCT é, chun éifeachtacht a córais SA/MSC a neartú d’ainneoin na staide dúshlánaí sóisialta, eacnamaíoch agus slándála sa tír. Ó glacadh a TMF i mí na Bealtaine 2023, tá dul chun cinn déanta ag an Liobáin maidir le cúpla ceann de na gníomhaíochtaí a moladh sa TMF agus tá bearta curtha i bhfeidhm aici maidir lena hearnáil airgeadais, lena n-áirítear trí chiorclán a eisiúint do bhainc agus institiúidí airgeadais chun roinn a bhunú a bheidh tiomnaithe do choireanna a bhaineann le breabaireacht agus éilliú a chomhrac agus treoraíocht a thabhairt maidir le daoine atá faoi riteacht pholaitiúil, agus bearta á ndéanamh ag an am céanna i gcoinne gníomhaíocht airgeadais neamhcheadúnaithe. Leanfaidh an Liobáin de bheith ag obair le TFGA chun a plean gníomhaíochta TFGA a chur chun feidhme trí na nithe seo a leanas a dhéanamh: measúnú a dhéanamh ar rioscaí sonracha SA/MS a sainaithníodh sa TMF agus a áirithiú go bhfuil beartais agus bearta i bhfeidhm chun na rioscaí sin a mhaolú; feabhas a chur ar shásraí chun a áirithiú go ndéanfar iarrataí ar chúnamh frithpháirteach dlí, ar eiseachadadh agus ar aisghabháil sócmhainní a fhorghníomhú go tráthúil agus go héifeachtach; feabhas a chur ar an tuiscint ar rioscaí atá ag GGNAnna agus smachtbhannaí athchomhairleacha comhréireacha éifeachtacha a chur i bhfeidhm maidir le sáruithe ar oibleagáidí SA/MSC; a áirithiú go bhfuil faisnéis faoi úinéireacht thairbhiúil cothrom le dáta agus go bhfuil smachtbhannaí leordhóthanacha agus bearta maolaithe riosca i bhfeidhm le haghaidh daoine dlítheanacha; feabhas a chur ar an úsáid a bhaineann údaráis inniúla as táirgí AFA agus as faisnéis airgeadais; méadú leanúnach a léiriú ar imscrúduithe, ionchúisimh agus rialuithe cúirte le haghaidh cineálacha sciúrtha airgid i gcomhréir leis an riosca; feabhas a chur ar a chur chuige maidir le sócmhainní a aisghabháil agus gluaiseachtaí aindleathacha trasteorann airgeadraí agus miotal lómhar agus cloch lómhar a shainaithint agus a urghabháil; imscrúduithe maoinithe sceimhlitheoireachta a shaothrú agus faisnéis a roinnt le comhpháirtithe eachtracha a bhaineann leis na himscrúduithe sin mar a iarradh sa TMF; feabhas a chur ar chur chun feidhme SAS gan mhoill, go háirithe ag GGNAnna agus ag institiúidí airgeadais neamhbhaincéireachta áirithe; agus faireachán spriocdhírithe agus rioscabhunaithe a dhéanamh ar eagraíochtaí neamhbhrabúsacha ardriosca, gan cur isteach ar ghníomhaíochtaí dlisteanacha ENBanna ná iad a dhíspreagadh. Agus an tiomantas agus an dul chun cinn atá déanta ag an Liobáin go dtí seo á n-aithint aige agus gur díol sásaimh aige iad d’ainneoin na gcúinsí dúshlánacha atá ann faoi láthair, tá sé de chonclúid ag an gCoimisiún nár thug an Liobáin aghaidh iomlán fós ar na hábhair imní arb é an toradh a bhí orthu gur cuireadh le liosta TFGA de na ‘Dlínsí a bhfuil Faireachán Méadaithe á dhéanamh orthu’ í. Dá bhrí sin, ba cheart an Liobáin a mheas a bheith ina tríú tír ardriosca. |
|
(12) |
Rinne Monacó gealltanas polaitiúil ardleibhéil i mí an Mheithimh 2024 oibriú le TFGA agus Coiste Saineolaithe Chomhairle na hEorpa um meastóireacht ar bhearta chun an Sciúradh Airgid agus Maoiniú na Sceimhlitheoireachta a chomhrac (MONEYVAL), arb é a CRCT é, chun éifeachtacht a chórais SA/MSC a neartú. Ó glacadh a TMF i mí na Nollag 2022, tá dul chun cinn déanta ag Monacó maidir le cúpla ceann de na gníomhaíochtaí a moladh sa TMF, lena n-áirítear trí mhaoirseoir nua AFA agus SA/MSC le chéile a bhunú, a chur chuige maidir le maoiniú sceimhlitheoireachta a bhrath agus a imscrúdú a neartú, agus SAS agus maoirseacht rioscabhunaithe ar ENBanna a chur chun feidhme. Leanfaidh Monacó de bheith ag obair le TFGA chun a phlean gníomhaíochta a chur chun feidhme trí na nithe seo a leanas a dhéanamh: an tuiscint ar rioscaí i ndáil le sciúradh airgid agus calaois chánach ioncaim a dhéantar thar lear a neartú; méadú leanúnach ar iarrataí amach a léiriú chun sócmhainní coiriúla thar lear a shainaithint agus a urghabháil a lorg; feabhas a chur ar chur i bhfeidhm smachtbhannaí le haghaidh sáruithe SA/MSC agus sáruithe ar cheanglais úinéireachta bunúsaí agus úinéireachta tairbhiúla; a chlár acmhainní a chur i gcrích dá AFA agus cáilíocht agus tráthúlacht thuairisciú TIAnna a neartú; éifeachtúlacht bhreithiúnach a fheabhsú, lena n-áirítear trí acmhainní le haghaidh breithiúna agus ionchúisitheoirí imscrúdaitheacha a mhéadú agus trí smachtbhannaí éifeachtacha, athchomhairleacha agus comhréireacha a chur i bhfeidhm maidir le sciúradh airgid; agus méadú a dhéanamh ar urghabháil maoine a bhfuil amhras ann go ndíorthaíonn sí ó ghníomhaíochtaí coiriúla. Agus an tiomantas agus an dul chun cinn atá déanta ag Monacó go dtí seo á n-aithint aige agus gur díol sásaimh aige iad, agus iarrachtaí breise á spreagadh aige, tá sé de chonclúid ag an gCoimisiún nár thug Monacó aghaidh iomlán fós ar na hábhair imní arb é an toradh a bhí orthu gur cuireadh le liosta TFGA de na ‘Dlínsí a bhfuil Faireachán Méadaithe á dhéanamh orthu’ é. Dá bhrí sin, ba cheart Monacó a mheas a bheith ina thríú tír ardriosca. |
|
(13) |
Rinne an Namaib gealltanas polaitiúil ardleibhéil i mí Feabhra 2024 oibriú le TFGA agus le ESAAMLG, arb é a CRCT é, chun éifeachtacht a córais SA/MSC a neartú. Ó shin i leith, tá bearta déanta ag an Namaib chun feabhas a chur ar a córas SA/MSC, lena n-áirítear trí acmhainní AFA atá tiomnaithe dá freagrachtaí maoirseachta agus dá hanailís oibríochtúil agus straitéiseach araon a neartú, agus trí acmhainní airgeadais agus daonna na ngníomhaireachtaí forfheidhmithe dlí atá tiomnaithe do mhaoiniú sceimhlitheoireachta a mhéadú. Leanfaidh an Namaib de bheith ag obair ar chur chun feidhme a plean gníomhaíochta TFGA chun aghaidh a thabhairt ar easnaimh straitéiseacha, lena n-áirítear tríd an méid seo a leanas a dhéanamh: a mhaoirseacht rioscabhunaithe SA/MSC a neartú trí chigireachtaí lasmuigh den láthair agus ar an láthair a dhéanamh atá bunaithe ar uirlisí maoirseachta measúnaithe riosca agus trí smachtbhannaí éifeachtacha, comhréireacha agus athchomhairleacha a chur i bhfeidhm maidir le sáruithe ar oibleagáidí SA/MSC; feabhas a chur ar bhearta coisctheacha trí chigireachtaí agus for-rochtain chun a áirithiú go gcuirfidh institiúidí airgeadais agus GGNAnna bearta feabhsaithe díchill chuí i bhfeidhm chomh maith le hoibleagáidí SAS a bhaineann le maoiniú sceimhlitheoireachta agus maoiniú leata gan mhoill; comhdú faisnéise maidir le húinéireacht thairbhiúil daoine dlítheanacha agus socruithe dlítheanacha a mhéadú, agus gníomhaíochtaí feabhais nó smachtbhannaí éifeachtacha, comhréireacha agus athchomhairleacha a chur i bhfeidhm in aghaidh sáruithe ar chomhlíonadh oibleagáidí úinéireachta tairbhiúla; feabhas a chur ar an gcomhar idir AFA agus gníomhaireachtaí forfheidhmithe dlí chun úsáid agus comhtháthú na faisnéise airgeadais in imscrúduithe a fheabhsú; feabhas a chur ar chumais oibríochtúla na n-údarás a bhfuil baint acu le himscrúduithe agus ionchúisimh sciúrtha airgid trí acmhainní leordhóthanacha agus oiliúint spriocdhírithe a chur ar fáil do na húdaráis sin; agus cumais na ngníomhaireachtaí forfheidhmithe dlí chun cásanna SA/MS a imscrúdú agus a ionchúiseamh go héifeachtach a léiriú. Agus an tiomantas agus an dul chun cinn atá déanta ag an Namaib go dtí seo á n-aithint aige agus gur díol sásaimh aige iad, agus iarrachtaí breise á spreagadh aige, tá sé de chonclúid ag an gCoimisiún nár thug an Namaib aghaidh iomlán fós ar na hábhair imní arb é an toradh a bhí orthu gur cuireadh le liosta TFGA de na ‘Dlínsí a bhfuil Faireachán Méadaithe á dhéanamh orthu’ í. Dá bhrí sin, ba cheart an Namaib a mheas a bheith ina tríú tír ardriosca. |
|
(14) |
Rinne Neipeal gealltanas polaitiúil ardleibhéil i mí Feabhra 2025 oibriú le TFGA agus le ESAAMLG, arb é a CRCT é, chun éifeachtacht a chórais SA/MSC a neartú. Ó glacadh a TMF i mí Lúnasa 2023, tá dul chun cinn déanta ag Neipeal maidir le roinnt de na gníomhaíochtaí a mholtar sa TMF, lena n-áirítear trí iarrataí ar chúnamh frithpháirteach dlí a shruthlíniú agus cumais AFA a mhéadú. Leanfaidh Neipeal de bheith ag obair le TFGA chun a phlean gníomhaíochta TFGA a chur chun feidhme trí na nithe seo a leanas a dhéanamh: feabhas a chur ar an tuiscint atá aige ar phríomh-rioscaí SA/MS; feabhas a chur ar mhaoirseacht rioscabhunaithe ar bhainc thráchtála, ar chomharchumainn ardriosca, ar chasaíní, ar dhéileálaithe i miotail lómhara agus clocha lómhara agus ar earnáil an eastáit réadaigh; a léiriú go ndéantar airgead neamhdhleathach nó seirbhísí aistrithe luacha/hundi atá suntasach go hábhartha a shainaithint agus smachtbhannaí a fhorchur ina leith, gan bac a chur ar chuimsiú airgeadais; acmhainneacht agus comhordú na n-údarás inniúil chun imscrúduithe ar sciúradh airgid a dhéanamh a mhéadú; méadú ar imscrúduithe agus ar ionchúisimh ar sciúradh airgid a léiriú; bearta a léiriú chun fáltas ón gcoireacht agus ionstraimeachtaí na coireachta a shainaithint, a rianú, a shrianadh, a urghabháil agus, i gcás inarb infheidhme, a choigistiú i gcomhréir leis an bpróifíl riosca; agus aghaidh a thabhairt ar easnaimh maidir le comhlíonadh teicniúil ina chóras smachtbhannaí airgeadais spriocdhírithe le haghaidh maoiniú sceimhlitheoireachta agus maoiniú leata. Agus an tiomantas agus an dul chun cinn atá déanta ag Neipeal go dtí seo á n-aithint aige agus gur díol sásaimh aige iad, agus iarrachtaí breise á spreagadh aige, tá sé de chonclúid ag an gCoimisiún nár thug Neipeal aghaidh iomlán fós ar na hábhair imní arb é an toradh a bhí orthu gur cuireadh le liosta TFGA de na ‘Dlínsí a bhfuil Faireachán Méadaithe á dhéanamh orthu’ é. Dá bhrí sin, ba cheart Neipeal a mheas a bheith ina thríú tír ardriosca. |
|
(15) |
Rinne Veiniséala gealltanas polaitiúil ardleibhéil i mí an Mheithimh 2024 oibriú le TFGA agus leis an Tascfhórsa um Ghníomhaíocht Airgeadais do Stáit Mhuir Chairib (CFATF), arb é a CRCT é, chun éifeachtacht a chórais SA/MSC a neartú. Leanfaidh Veiniséala de bheith ag obair ar chur chun feidhme a phlean gníomhaíochta TFGA chun aghaidh a thabhairt ar a easnaimh straitéiseacha tríd an méid seo a leanas a dhéanamh: an tuiscint atá aige ar rioscaí SA/MS a neartú, lena n-áirítear i ndáil le maoiniú sceimhlitheoireachta agus daoine dlítheanacha agus socruithe dlítheanacha; a áirithiú go bhfuil raon iomlán na n-institiúidí airgeadais agus GGNAnna faoi réir bhearta SA/MSC agus maoirseacht rioscabhunaithe; a áirithiú go bhfuil faisnéis leormhaith, chruinn agus cothrom le dáta faoi úinéireacht thairbhiúil inrochtana go tráthúil; acmhainní AFA a fheabhsú agus feabhas a chur ar an úsáid a bhaineann údaráis inniúla as faisnéis airgeadais; imscrúdú agus ionchúiseamh ar sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a fheabhsú; a áirithiú go bhfuil bearta chun mí-úsáid eagraíochtaí neamhbhrabúsacha le haghaidh maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc spriocdhírithe, comhréireach agus rioscabhunaithe agus nach gcuireann siad isteach ar ghníomhaíochtaí dlisteanacha laistigh d’earnáil na ENBanna ná nach ndíspreagann siad iad; agus SAS a bhaineann le maoiniú sceimhlitheoireachta agus maoiniú leata a chur chun feidhme gan mhoill. Agus an tiomantas agus an dul chun cinn atá déanta ag Veiniséala go dtí seo á n-aithint aige agus gur díol sásaimh aige iad, agus iarrachtaí breise á spreagadh aige, tá sé de chonclúid ag an gCoimisiún nár thug Veiniséala aghaidh iomlán fós ar na hábhair imní arb é an toradh a bhí orthu gur cuireadh le liosta TFGA de na ‘Dlínsí a bhfuil Faireachán Méadaithe á dhéanamh orthu’ é. Dá bhrí sin, ba cheart Veiniséala a mheas a bheith ina thríú tír ardriosca. |
|
(16) |
Dá bhrí sin, tá sé de chonclúid ag an gCoimisiún go bhfuil an Ailgéir, Angóla, an Chéinia, an Cósta Eabhair, Laos, an Liobáin, Monacó, an Namaib, Neipeal agus Veiniséala le sainaithint a bheith ina dtríú tíortha ardriosca. Ba cheart, dá bhrí sin, an Ailgéir, Angóla, an Chéinia, an Cósta Eabhair, Laos, an Liobáin, Monacó, an Namaib, Neipeal agus Veiniséala a chur leis an tábla i bpointe I den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1675. |
|
(17) |
Tá athbhreithniú déanta ag an gCoimisiún ar an dul chun cinn atá déanta ag Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha, Barbadós, Giobráltar, Iamáice, na hOileáin Fhilipíneacha, Panama, an tSeineagáil agus Uganda chun aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh straitéiseacha ina gcóras SA/MSC. Baineadh na dlínsí sin a sainaithníodh a bheith ina dtríú tíortha ardriosca i Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1675 de liosta TFGA de ‘Dlínsí a bhfuil Faireachán Méadaithe á dhéanamh orthu’ i mí Dheireadh Fómhair 2023 (Panama), i mí Feabhra 2024 (Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha, Barbadós, Giobráltar, na hOileáin Fhilipíneacha agus Uganda), i mí an Mheithimh 2024 (Iamáice), i mí Dheireadh Fómhair 2024 (an tSeineagáil) agus i mí Feabhra 2025 (na hOileáin Fhilipíneacha). |
|
(18) |
Ba dhíol sásaimh do TFGA an dul chun cinn mór a rinne Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha, Barbadós, Giobráltar (3), Iamáice, na hOileáin Fhilipíneacha, Panama, an tSeineagáil agus Uganda chun feabhas a chur ar a gcóras SA/MSC. Thug TFGA dá aire freisin gur bhunaigh na dlínsí sin creataí dlíthiúla agus rialála chun na gealltanais ina bpleananna gníomhaíochta faoi seach maidir leis na heasnaimh straitéiseacha arna sainaithint ag TFGA a chomhlíonadh. Dá bhrí sin, níl Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha, Barbadós, Giobráltar, Iamáice, na hOileáin Fhilipíneacha, Panama, an tSeineagáil agus Uganda faoi réir phróiseas faireacháin TFGA a thuilleadh faoina phróiseas leanúnach domhanda comhlíontachta SA/MSC agus leanfaidh siad de bheith ag obair lena gcomhlachtaí réigiúnacha de chineál TFGA chun a gcórais SA/MSC a neartú a thuilleadh. |
|
(19) |
Neartaigh Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha, Barbadós, Giobráltar, Iamáice, na hOileáin Fhilipíneacha, Panama, an tSeineagáil agus Uganda éifeachtacht a gcóras SA/MSC agus thug siad aghaidh ar easnaimh theicniúla chun na gealltanais ina bpleananna gníomhaíochta maidir leis na heasnaimh straitéiseacha arna sainaithint ag TFGA a chomhlíonadh. Ar bhonn na faisnéise atá ar fáil, tá sé de chonclúid ag an gCoimisiún nach bhfuil easnaimh straitéiseacha ag Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha, Barbadós, Giobráltar, Iamáice, na hOileáin Fhilipíneacha, Panama, an tSeineagáil agus Uganda ina gcóras SA/MSC a thuilleadh. Is iomchuí, dá bhrí sin, Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha, Barbadós, Giobráltar, Iamáice, na hOileáin Fhilipíneacha, Panama, an tSeineagáil agus Uganda a bhaint den tábla i bpointe I den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1675. |
|
(20) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1675 a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Déantar an tábla i bpointe I san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1675 a ionadú leis an tábla atá san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 10 Meitheamh 2025.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 141, 5.6.2015, lch. 73, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2015/849/oj.
(2) Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1675 ón gCoimisiún an 14 Iúil 2016 lena bhforlíontar Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí thríú tíortha ardriosca a bhfuil easnaimh straitéiseacha acu a shainaithint (IO L 254, 20.9.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2016/1675/oj).
(3) Gan dochar do sheasamh dlíthiúil Ríocht na Spáinne maidir le ceannasacht agus dlínse i ndáil le Giobráltar.
IARSCRÍBHINN
|
‘Uimh. |
Tríú tír ardriosca |
|
1 |
An Afganastáin |
|
2 |
An Ailgéir |
|
3 |
Angóla |
|
4 |
Buircíne Fasó |
|
5 |
Camarún |
|
6 |
An Cósta Eabhair |
|
7 |
Poblacht Dhaonlathach an Chongó |
|
8 |
Háítí |
|
9 |
An Chéinia |
|
10 |
Laos |
|
11 |
An Liobáin |
|
12 |
Mailí |
|
13 |
Monacó |
|
14 |
Mósaimbíc |
|
15 |
Maenmar |
|
16 |
An Namaib |
|
17 |
Neipeal |
|
18 |
An Nigéir |
|
19 |
An Afraic Theas |
|
20 |
An tSúdáin Theas |
|
21 |
An tSiria |
|
22 |
An Tansáin |
|
23 |
Oileán na Tríonóide agus Tobága |
|
24 |
Vanuatú |
|
25 |
Veiniséala |
|
26 |
Vítneam |
|
27 |
Éimin’ |
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2025/1184/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)