European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/1182

18.6.2025

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/1182 ÓN gCOIMISIÚN

an 17 Meitheamh 2025

lena mbunaítear rialacha mionsonraithe maidir le hinnéacsanna comhchuibhithe a athscálú le tréimhse thagartha choiteann innéacs 2025 de bhun Rialachán (AE) 2016/792 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/792 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le hinnéacsanna comhchuibhithe praghsanna do thomhaltóirí agus maidir leis an innéacs praghsanna tithe, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2494/95 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 5(6) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Leagtar síos le Rialachán (AE) 2016/792 creat comhchoiteann maidir le forbairt, táirgeadh agus scaipeadh na n-innéacsanna comhchuibhithe seo a leanas: an t-innéacs comhchuibhithe praghsanna do thomhaltóirí (ICPT), an praghasinnéacs comhchuibhithe tomhaltóirí ag rátaí cánach seasmhacha (ICPT-CS), an t-innéacs praghsanna tithíochta úinéir-áitithe (TÚÁ) agus an t-innéacs praghsanna tithe (IPT).

(2)

Le hAirteagal 5(5) de Rialachán (AE) 2016/792 bunaítear 2015 mar thréimhse tagartha choiteann innéacs do na hinnéacsanna comhchuibhithe. Sonraítear in Airteagal 5(6) den Rialachán sin go ndéanfar na hinnéacsanna comhchuibhithe agus a bhfo-innéacsanna a athscálú le tréimhse tagartha choiteann innéacs nua gach 10 mbliana tar éis an athscálaithe dheireanaigh ó 2015 ar aghaidh. Dá bhrí sin, ní mór na rialacha mionsonraithe maidir leis an athscálú sin a shainmhíniú.

(3)

Le hathscálú na sonraí arna dtarchur chuig an gCoimisiún (Eurostat) cheana, ceanglaítear go ndéanfar amshraith iomlán na n-innéacsanna comhchuibhithe agus a bhfo-innéacsanna a fhreagraíonn don tréimhse tagartha choiteann innéacs roimhe sin a roinnt ar fhachtóir athscálaithe. Ba cheart do na Ballstáit na fachtóirí athscálaithe, ar cheart dóibh athscálú a dhéanamh ar na hamshraitheanna atá ann cheana, a ríomh agus iad a tharchur chuid an gCoimisiún (Eurostat).

(4)

Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/3159 ón gCoimisiún (2) tugadh isteach athruithe ar thiomsú ICPT agus ICPT-CS maidir le haicmiú tomhaltais agus le cluichí áidh a áireamh a bhfuil feidhm acu maidir le tarchur na n-innéacsanna sin chuig an gCoimisiún (Eurostat) ón mí tagartha Eanáir 2026. Ar chúiseanna a bhaineann leis an gcostéifeachtúlacht agus chun a áirithiú nach gcuirfidh na hathruithe sin ualach suntasach breise ar Bhallstáit, bheadh sé iomchuí go gcuirfí an Rialachán sin i bhfeidhm go comhuaineach leis na hathruithe a thugtar isteach le Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/3159.

(5)

Tá na bearta a leagtar amach sa Rialachán sin i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um an gCóras Staidrimh Eorpach,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Tréimhse tagartha choiteann innéacs nua

1.   Is í 2025 a bheidh mar thréimhse tagartha choiteann innéacs nua do na hinnéacsanna comhchuibhithe agus a bhfo-innéacsanna dá dtagraítear in Airteagal 1 de Rialachán (AE) 2016/792.

2.   Cuirfidh na Ballstáit an tréimhse tagartha choiteann innéacs nua i bhfeidhm do na hinnéacsanna comhchuibhithe agus do na fo-innéacsanna, lena n-áirítear aon athbhreithniú sonraí, arna tharchur chuig an gCoimisiún (Eurostat):

(a)

i gcás innéacsanna míosúla, ag tosú leis an innéacs d’Eanáir 2026 agus ar aghaidh;

(b)

i gcás innéacsanna ráithiúla, ag tosú leis an innéacs don chéad ráithe de 2026 agus ar aghaidh.

Airteagal 2

Athscálú na n-innéacsanna comhchuibhithe arna dtarchur chuig an gCoimisiún (Eurostat) cheana

1.   Déanfaidh na Ballstáit tosca athscálaithe a ríomh le híosbheachtas go dtí an séú deachúil ar a laghad le haghaidh gach innéacs comhchuibhithe agus a bhfo-innéacsanna de réir na foirmle seo a leanas:

(a)

i gcás innéacsanna míosúla

Formula

(b)

i gcás innéacsanna ráithiúla

Formula

i gcás inarb amhlaidh:

 

is innéacs nasctha de chineál Laspeyres é

Formula
le haghaidh mí m den bhliain 2025, agus is é 2015 = 100 an tréimhse tagartha innéacs;

 

is innéacs nasctha de chineál Laspeyres é

Formula
le haghaidh ráithe q den bhliain 2025, agus is é 2015 = 100 an tréimhse tagartha innéacs.

2.   Déanfar amshraith iomlán na n-innéacsanna comhchuibhithe agus a bhfo-innéacsanna, lena n-áirítear aon sonraí athbhreithnithe, a athscálú leis an tréimhse tagartha choiteann innéacs nua agus na fachtóirí athscálaithe dá dtagraítear i mír 1 á n-úsáid.

3.   Déanfaidh na Ballstáit fachtóirí athscálaithe ríofa a tharchur chuig an gCoimisiún (Eurostat):

(a)

tráth nach déanaí ná an 21 Eanáir 2026, i gcás na n-innéacsanna míosúla;

(b)

tráth nach déanaí ná an 30 Aibreáin 2026, i gcás na n-innéacsanna ráithiúla.

4.   Úsáidfidh an Coimisiún na fachtóirí athscálaithe dá dtagraítear i mír 3 chun amshraith iomlán na n-innéacsanna comhchuibhithe agus a bhfo-innéacsanna arna tharchur ag na Ballstáit roimhe seo a athscálú.

5.   I gcás athbhreithniú ar na hinnéacsanna comhchuibhithe agus ar na fo-innéacsanna d’aon tréimhse thagartha den bhliain 2025, a dhéanfar tar éis na dátaí a luaitear i mír 3, déanfaidh na Ballstát na fachtóirí athscálaithe nuashonraithe agus an amshraith iomlán bunaithe ar 2025 = 100 a tharchur chuig an gCoimisiún (Eurostat) gan mhoill míchuí.

Airteagal 3

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 17 Meitheamh 2025.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 135, 24.5.2016, lch. 11, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/792/oj.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/3159 ón gCoimisiún an 2 Meán Fómhair 2024 lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/792 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hinnéacsanna comhchuibhithe praghsanna do thomhaltóirí agus maidir leis an innéacs praghsanna tithe a mhéid a bhaineann le haicmiú tomhaltais agus le cluichí áidh a áireamh, (IO L, 2024/3159, 20.12.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2024/3159/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1182/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)