|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/1168 |
10.6.2025 |
CINNEADH (AE) 2025/1168 ÓN gCOMHAIRLE
an 5 Meitheamh 2025
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh i gCoiste na bPáirtithe i gCoinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac, ag an 18ú cruinniú a bheidh aige, maidir leis na moltaí agus conclúidí atá dírithe chuig Páirtithe áirithe maidir leis an gCoinbhinsiún sin a chur chun feidhme ag na Stáit sin, i ndáil le hábhair a bhaineann le comhar breithiúnach in ábhair choiriúla, tearmann agus non-refoulement
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 78(2), Airteagal 82(2) agus Airteagal 84, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Thug an tAontas Eorpach Coinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac (‘an Coinbhinsiún’) i gcrích trí bhíthin Chinneadh (AE) 2023/1075 ón gComhairle (1) i ndáil le hinstitiúidí agus riarachán poiblí an Aontais, agus trí bhíthin Chinneadh (AE) 2023/1076 ón gComhairle (2) i ndáil le hábhair a bhaineann le comhar breithiúnach in ábhair choiriúla, le tearmann agus non-refoulement, a mhéid a thagann na hábhair sin faoi inniúlacht eisiach an Aontais, agus tháinig sé i bhfeidhm i leith an Aontais an 1 Deireadh Fómhair 2023. |
|
(2) |
De bhun Airteagal 66(1) den Choinbhinsiún, tá an Grúpa Saineolaithe um ghníomhaíocht in aghaidh foréigean ar mhná agus foréigean baile (‘GREVIO’) le faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an Choinbhinsiúin ag na Páirtithe a ghabhann leis an gCoinbhinsiún (‘na Páirtithe’). I gcomhréir le hAirteagal 68(11) den Choinbhinsiún, tá GREVIO lena thuarascáil agus a chonclúidí a ghlacadh maidir leis na bearta arna ndéanamh ag an bPáirtí lena mbaineann chun forálacha an Choinbhinsiúin a chur chun feidhme. |
|
(3) |
Tá Coiste na bPáirtithe (‘an Coiste’) in ann moltaí atá dírithe chuig an bPáirtí lena mbaineann a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 68(12) den Choinbhinsiún, ar bhonn thuarascáil agus chonclúidí GREVIO. Tá na moltaí sin le hidirdhealú a dhéanamh idir bearta gur cheart a dhéanamh a luaithe is féidir, agus ceanglas ann tuairisc a thabhairt don Choiste maidir leis na céimeanna a glacadh i ndáil leis sin laistigh de thréimhse 3 bliana, agus bearta nach mbaineann an leibhéal céanna neasachta leo, cé go bhfuil siad tábhachtach. Ag deireadh na tréimhse 3 bliana sin, tá an Páirtí lena mbaineann le tuairisc a thabhairt don Choiste maidir leis na gníomhartha a rinneadh, i 10 réimse shonracha den Choinbhinsiún. Ar bhonn na tuarascála sin, agus ar bhonn aon fhaisnéis bhreise, tá an Coiste le conclúidí a ghlacadh maidir le cur chun feidhme na moltaí sin, arna n-ullmhú ag rúnaíocht an Choiste. |
|
(4) |
De bhun Airteagal 68(3) den Choinbhinsiún, tá na nósanna imeachta meastóireachta tar éis nós imeachta na chéad mheastóireachta bonnlíne ag GREVIO le roinnt ina mbabhtaí (‘na babhtaí meastóireachta téamaí’). Is é an teideal atá ar an gcéad bhabhta meastóireachta téamaí ‘Muinín a Chothú trí Thacaíocht, Cosaint agus Ceartas a Sholáthar’ agus tugtar aghaidh ann ar 20 airteagal den Choinbhinsiún, eadhon Airteagail 3, 7, 8, 11, 12, 14, 15, 16, 18, 20, 22, 25, 31, 48, 49, 50, 51, 52, 53 agus 56. Ag an 17ú cruinniú a bhí aige, an 17 Nollaig 2024, ghlac an Coiste cinneadh maidir leis na moltaí atá le glacadh ag an gCoiste i bhfianaise thuarascálacha GREVIO a glacadh mar chuid don chéad bhabhta meastóireachta téamaí atá i ndoiciméad IC-CP(2024)10 rev. |
|
(5) |
Táthar ag súil go nglacfaidh an Coiste, le linn an 18ú cruinniú a bheidh aige an 5-6 Meitheamh 2025, 8 ndréachtmholadh bunaithe ar an gcéad bhabhta meastóireachta téamaí agus dhá dhréachtchonclúidí, maidir le cur chun feidhme an Choinbhinsiúin ag 10 de na Páirtithe (faoi seach, ‘na dréachtmholtaí’ agus ‘na dréachtchonclúidí’, agus go comhpháirteach ‘na gníomhartha atá beartaithe’):
|
|
(6) |
Baineann na gníomhartha atá beartaithe le cur chun feidhme fhorálacha an Choinbhinsiúin, ar forálacha iad a bhaineann le comhar breithiúnach in ábhair choiriúla, cuir i gcás ábhair a bhaineann le híospartaigh an fhoréigin in aghaidh na mban agus an fhoréigin teaghlaigh a chosaint agus le tacaíocht a thabhairt dóibh. Baineann na dréachtchonclúidí le cur chun feidhme fhorálacha an Choinbhinsiúin a bhaineann le tearmann agus non-refoulement. Cumhdaítear na hábhair sin le acquis an Aontais, go háirithe Treoir 2003/86/CE ón gComhairle (3), Treoracha 2012/29/AE (4), (AE) 2024/1346 (5) agus (AE) 2024/1385 (6) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus Rialachán (AE) 2024/1348 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7). Beidh éifeachtaí dlíthiúla ag na gníomhartha atá beartaithe, ós rud é go bhféadfaidís tionchar cinntitheach a bheith acu ar ábhar dhlí an Aontais sa mhéid go bhféadfaidís difear a dhéanamh do léirmhíniú fhorálacha ábhartha an Choinbhinsiúin amach anseo. Is iomchuí, dá bhrí sin, an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Choiste a bhunú maidir le hábhair a bhaineann le comhar breithiúnach in ábhair choiriúla, le tearmann agus le non-refoulement. |
|
(7) |
Ba cheart a thabhairt faoi deara nach gcumhdaítear moltaí a bhaineann le hairteagail áirithe den Choinbhinsiún ach go páirteach faoi inniúlacht an Aontais. Maidir leis na hairteagail sin, ba cheart an cinneadh seo a bheith gan dochar d’inniúlacht na mBallstát, ionas, mar shampla: maidir le moltaí maidir le hAirteagail 49 agus 50 den Choinbhinsiún, ba cheart an cinneadh seo a bheith gan dochar d’inniúlacht na mBallstát maidir le heagrú agus riar inmheánach a gcóras ceartais; maidir le moltaí maidir le hAirteagail 11 agus 20 den Choinbhinsiún, ba cheart an cinneadh seo a bheith gan dochar d’inniúlacht na mBallstát seirbhísí cúraim sláinte agus cúram leighis a eagrú agus a sholáthar; maidir le moltaí maidir le hAirteagal 14 den Choinbhinsiún, ba cheart an cinneadh seo a bheith gan dochar d’inniúlacht na mBallstát maidir le hábhar an teagaisc agus eagrú na gcóras oideachais; agus maidir le moltaí maidir le hAirteagal 31 den Choinbhinsiún, ba cheart an cinneadh seo a bheith gan dochar d’inniúlacht na mBallstát i réimse an dlí teaghlaigh. |
|
(8) |
Maidir leis an Albáin, áirítear sna dréachtmholtaí an gá atá leis an méid seo a leanas: a áirithiú go gcuirfear cistiú leordhóthanach inbhuanaithe ar fáil do bheartais agus do bhearta ábhartha chun gach cineál foréigin in aghaidh na mban a chosc agus a chomhrac, lena n-áirítear trí nósanna imeachta trédhearcacha chun cistiú a áirithiú d’eagraíochtaí um chearta na mban (Airteagal 8 den Choinbhinsiún); feachtais nó cláir múscailte feasachta a chur chun cinn agus measúnú rialta a dhéanamh ar a dtionchar (Airteagal 12 den Choinbhinsiún); oiliúint do ghairmithe ábhartha agus obair leantach ar an oiliúint sin a áirithiú (Airteagal 15 den Choinbhinsiún); na cláir atá ann cheana do dhéantóirí coire a leathnú agus cláir a thabhairt isteach atá dírithe go sonrach ar dhéantóirí foréigin ghnéasaigh (Airteagal 16 den Choinbhinsiún); a áirithiú go mbeidh rochtain ag íospartaigh foréigin ar sheirbhísí cuimsitheacha cúraim sláinte (Airteagal 20 den Choinbhinsiún); an cistiú d’íospartaigh ar mná iad, agus líon na seirbhísí atá ar fáil dóibh, a mhéadú, go háirithe do mhná a bhfuil riachtanais speisialta acu (Airteagal 20 den Choinbhinsiún); seirbhísí tacaíochta speisialaithe leordhóthanacha a áirithiú do gach íospartach ban agus dá leanaí, gan beann ar a dtoilteanais an foréigean a thuairisciú, agus a áirithiú go bhfaighidh línte cabhrach náisiúnta cistiú (Airteagal 22 den Choinbhinsiún); a áirithiú go mbeidh rochtain ag íospartaigh foréigin ghnéasaigh ar scrúdú fóiréinseach, gan a bheith coinníollach ar a dtoilteanas an choir a thuairisciú, agus go ndéanfar fianaise fhóiréinseach a stóráil i gceart (Airteagal 25 den Choinbhinsiún); bearta a dhéanamh chun deireadh a chur le hidir-réiteach éigeantach i ngach cás coiriúil a bhaineann le foréigean in aghaidh na mban (Airteagal 48 den Choinbhinsiún); feabhas a chur ar chumas, eolas agus freagairt na n-oifigeach forfheidhmithe dlí chun freagairt thráthúil agus íogair don íospartach a bhaint amach agus bearta a dhéanamh chun tuairisciú ó íospartaigh ar mná iad a fheabhsú (Airteagail 49 agus 50 den Choinbhinsiún); a áirithiú go gcuirfear nósanna imeachta measúnaithe riosca i bhfeidhm i gcásanna a bhaineann le gach cineál foréigin a chumhdaítear leis an gCoinbhinsiún agus i gcomhar leis na gníomhaireachtaí ábhartha uile (Airteagal 51 den Choinbhinsiún); úsáid níos fearr a bhaint as orduithe urchoisc éigeandála agus faireachán a dhéanamh ar orduithe den sórt sin agus iad a fhorfheidhmiú (Airteagal 52 den Choinbhinsiún); a áirithiú go mbeidh orduithe cosanta ar fáil agus inrochtana do gach íospartach, agus na horduithe sin a fhorfheidhmiú agus faireachán a dhéanamh orthu, lena n-áirítear trí smachtbhannaí i leith sáruithe (Airteagal 53 den Choinbhinsiún); agus meastóireacht a dhéanamh ar chur chun feidhme beart cosanta agus a áirithiú go bhfuil siad i gcomhréir leis an gCoinbhinsiún (Airteagal 56 den Choinbhinsiún). Ós rud é go bhfuil na dréachtmholtaí sin i gcomhréir le beartais agus cuspóirí an Aontais i réimse an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla agus nach bhfuil aon ábhar imní iontu maidir le dlí an Aontais, ba cheart don Aontas an seasamh a ghlacadh nach ndéanfar agóid i gcoinne a nglacadh. |
|
(9) |
Maidir leis an Ostair, áirítear sna dréachtmholtaí an gá atá leis an méid seo a leanas: an sainmhíniú ar ‘foréigean teaghlaigh’ a ghlacadh agus a ailíniú (Airteagal 3 den Choinbhinsiún); plean gníomhaíochta cuimsitheach/doiciméad beartais straitéisigh fadtéarmach a fhorbairt maidir le gach cineál foréigin a chumhdaítear leis an gCoinbhinsiún (Airteagal 7 den Choinbhinsiún); catagóirí sonraí a oiriúnú lena n-úsáid ag earnáil an cheartais agus sonraí a bhailiú maidir le líon na mban agus na gcailíní a dhéanann teagmháil leis na seirbhísí sóisialta (Airteagal 11 den Choinbhinsiún); dlús a chur leis na hiarrachtaí chun deireadh a chur le claontacht agus steiréitíopaí inscne i sochaí na hOstaire trí bhearta coisctheacha, lena n-áirítear feachtais nó cláir múscailte feasachta, íospartaigh a chur ar an eolas faoi infhaighteacht seirbhísí tacaíochta agus meastóireacht a dhéanamh ar a dtionchar (Airteagal 12 den Choinbhinsiún); a áirithiú go gcuirfear oiliúint iomchuí ar ghairmithe ábhartha (Airteagal 15 den Choinbhinsiún); a áirithiú go mbeidh rochtain ag íospartaigh ar sheirbhísí tacaíochta, lena n-áirítear tithíocht, agus a áirithiú go n-eiseofar tuarascálacha fóiréinseacha lena ndéantar gortuithe a dhoiciméadú (Airteagal 20 den Choinbhinsiún); a áirithiú go mbeidh líon leordhóthanach áiteanna in ionaid dídine ar fáil ar fud na tíre (Airteagal 22 den Choinbhinsiún); ionaid atreorúcháin maidir le foréigean gnéasach a chur ar bun ar fud na tíre agus tacaíocht éifeachtach a áirithiú d’íospartaigh an fhoréigin ghnéasaigh (Airteagal 25 den Choinbhinsiún); comhroinnt faisnéise idir údaráis inniúla ábhartha a threisiú i gcásanna a bhaineann le coimeád leanaí agus cearta cuairte (Airteagal 31 den Choinbhinsiún); agus úsáid orduithe cosanta a áirithiú agus bearnaí idir orduithe urchoisc agus orduithe cosanta a sheachaint (Airteagal 53 den Choinbhinsiún). Ós rud é go bhfuil na dréachtmholtaí sin i gcomhréir le beartais agus cuspóirí an Aontais i réimse an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla agus nach bhfuil aon ábhar imní iontu maidir le dlí an Aontais, ba cheart don Aontas an seasamh a ghlacadh nach ndéanfar agóid i gcoinne a nglacadh. |
|
(10) |
Maidir leis an Danmhairg, áirítear sna dréachtmholtaí an gá atá leis an méid seo a leanas: a áirithiú go mbeidh sainmhínithe ábhartha ar chineálacha foréigin in aghaidh na mban i gcomhréir leis an gCoinbhinsiún (Airteagal 3 den Choinbhinsiún); straitéis náisiúnta fhadtéarmach a fhorbairt i gcomhréir leis an gCoinbhinsiún (Airteagal 7 den Choinbhinsiún); leithdháileadh iomchuí cistí a áirithiú, lena n-áirítear acmhainní le haghaidh ionaid dídine d’fhoréigean teaghlaigh (Airteagal 8 den Choinbhinsiún); a áirithiú go bhfuil na sonraí a bhailítear díchomhiomlánaithe agus go ráthaítear rúndacht (Airteagal 11 den Choinbhinsiún); tús áite a thabhairt do chur chuige inscne-íogair i dtionscnaimh choisctheacha (Airteagal 12 den Choinbhinsiún); a áirithiú go gcuirfear oiliúint chórasach tosaigh agus inseirbhíse ar fáil do ghairmithe ábhartha (Airteagal 15 den Choinbhinsiún); struchtúir institiúidithe a bhunú le haghaidh comhair chun comhar éifeachtach ilghníomhaireachta a áirithiú (Airteagal 18 den Choinbhinsiún); rochtain ar chomhairleoireacht shíceolaíoch, caighdeáin cháilíochta, inrochtaineacht agus inbhuanaitheacht airgeadais a áirithiú d’ionaid dídine, agus an tacaíocht is gá a áirithiú d’íospartaigh an fhoréigin ghnéasaigh (Airteagail 22 agus 25 den Choinbhinsiún); feasacht a mhúscailt i measc gníomhaithe ceartais choiriúil maidir le reachtaíocht choiriúil nua (Airteagail 49 agus 50 den Choinbhinsiún); a áirithiú go ndéanfar measúnú riosca i gcomhar le gníomhaithe ábhartha (Airteagal 51 den Choinbhinsiún); úsáid orduithe urchoisc éigeandála agus orduithe cosanta a mhéadú chun faireachán a dhéanamh ar rátálacha comhlíontachta agus smachtbhannaí a áirithiú i gcás sáraithe (Airteagail 52 agus 53 den Choinbhinsiún); agus cur chun feidhme cuí na mbeart cosanta íospartach a áirithiú in imscrúduithe agus in imeachtaí breithiúnacha (Airteagal 56 den Choinbhinsiún). Ós rud é go bhfuil na dréachtmholtaí sin i gcomhréir le beartais agus cuspóirí an Aontais i réimse an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla agus nach bhfuil aon ábhar imní iontu maidir le dlí an Aontais, ba cheart don Aontas an seasamh a ghlacadh nach ndéanfar agóid i gcoinne a nglacadh. |
|
(11) |
Maidir leis an bhFionlainn, áirítear sna dréachtmholtaí an gá atá leis an méid seo a leanas: straitéis náisiúnta fhadtéarmach a fhorbairt chun cur chuige cuimsitheach comhordaithe a áirithiú (Airteagal 7 den Choinbhinsiún); cistiú poiblí leordhóthanach agus sásraí maoinithe inbhuanaithe a áirithiú d’eagraíochtaí neamhrialtasacha a chuireann saintacaíocht ar fáil d’íospartaigh (Airteagal 8 den Choinbhinsiún); catagóirí caighdeánaithe sonraí a bhunú agus córais bailithe sonraí a chomhchuibhiú (Airteagal 11 den Choinbhinsiún); feachtais feasachta a dhéanamh go rialta (Airteagal 12 den Choinbhinsiún); a áirithiú go gcuirfear oiliúint chórasach ar fáil do ghairmithe ábhartha (Airteagal 15 den Choinbhinsiún); cláir do dhéantóirí coire a bhunú maidir le foréigean teaghlaigh (Airteagal 16 den Choinbhinsiún); struchtúir chomhordaithe ilghníomhaireachta institiúidithe a bhunú i measc gníomhaithe ábhartha (Airteagal 18 den Choinbhinsiún); seirbhísí tacaíochta a bhunú chun téarnamh agus neamhspleáchas íospartach a éascú (Airteagal 20 den Choinbhinsiún); líon na n-ionad dídine, agus an rochtain orthu, a mhéadú (Airteagal 22 den Choinbhinsiún); dáileadh geografach ionad éigeandála um éigniú a áirithiú chun tacaíocht d’íospartaigh uile an fhoréigin ghnéasaigh a áirithiú (Airteagal 25 den Choinbhinsiún); a áirithiú nach mbeidh tionchar diúltach ag idirghabháil ar imscrúduithe coiriúla ná nach gcuirfidh sí bac ar rochtain íospartach ar cheartas (Airteagal 48 den Choinbhinsiún); a áirithiú go gcuirfear oiliúint ábhartha ar sheirbhísí forfheidhmithe dlí maidir le freagairt do chásanna foréigin in aghaidh na mban agus imscrúdú a dhéanamh orthu, ar bhealach tráthúil agus leordhóthanach (Airteagail 49 agus 50 den Choinbhinsiún); bearta a dhéanamh chun sásra caighdeánaithe measúnaithe riosca a bhunú a chuirfear i bhfeidhm go córasach (Airteagal 51 den Choinbhinsiún); agus úsáid orduithe urchoisc éigeandála agus orduithe cosanta a mhéadú agus faireachán ar orduithe den sórt sin a neartú (Airteagail 52 agus 53 den Choinbhinsiún). Ós rud é go bhfuil na dréachtmholtaí sin i gcomhréir le beartais agus cuspóirí an Aontais i réimse an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla agus nach bhfuil aon ábhar imní iontu maidir le dlí an Aontais, ba cheart don Aontas an seasamh a ghlacadh nach ndéanfar agóid i gcoinne a nglacadh. |
|
(12) |
Maidir le Monacó, áirítear sna dréachtmholtaí maidir le cur chun feidhme an Choinbhinsiúin an gá atá leis an méid seo a leanas: sainmhíniú ar fhoréigean teaghlaigh a ghlacadh a ailíníonn leis an gCoinbhinsiún (Airteagal 3 den Choinbhinsiún); straitéis uileghabhálach fhadtéarmach a fhorbairt chun cur chuige beartais cuimsitheach agus comhordaithe a bhaint amach (Airteagal 7 den Choinbhinsiún); leanúint de bhailiú sonraí a fhorbairt maidir le gach cineál foréigin in aghaidh na mban a chumhdaítear leis an gCoinbhinsiún (Airteagal 11 den Choinbhinsiún); bearta chun foréigean teaghlaigh a chosc a leathnú chun cineálacha eile foréigin a chumhdaítear leis an gCoinbhinsiún a chur san áireamh (Airteagal 12 den Choinbhinsiún); bearta a shaothrú chun feasacht a mhúscailt maidir le foréigean in aghaidh na mban i scoileanna (Airteagal 14 den Choinbhinsiún); cláir do dhéantóirí an fhoréigin a bhunú (Airteagal 16 den Choinbhinsiún); líne chabhrach náisiúnta a bhunú d’íospartaigh foréigin ar mná iad agus leanúint de shainseirbhísí a fhorbairt d’íospartaigh an fhoréigin a chumhdaítear leis an gCoinbhinsiún (Airteagal 22 den Choinbhinsiún); ionad atreorúcháin éigeandála um éigniú agus foréigin ghnéasaigh a bhunú (Airteagal 25 den Choinbhinsiún); a áirithiú go bhfuil saineolas leordhóthanach ag gairmithe a bhfuil baint acu le himeachtaí coiriúla agus go bhfaigheann siad oiliúint inscne-íogair (Airteagail 49 agus 50 den Choinbhinsiún); caighdeánú a dhéanamh ar an gcleachtas maidir le measúnú riosca comhordaithe ar sheirbhísí ábhartha ar gach cineál foréigin a chumhdaítear leis an gCoinbhinsiún (Airteagal 51 den Choinbhinsiún); agus a áirithiú go gcosnófar cearta íospartach le linn imscrúduithe agus imeachtaí breithiúnacha (Airteagal 56 den Choinbhinsiún). Ós rud é go bhfuil na dréachtmholtaí sin i gcomhréir le beartais agus cuspóirí an Aontais i réimse an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla agus nach bhfuil aon ábhar imní iontu maidir le dlí an Aontais, ba cheart don Aontas an seasamh a ghlacadh nach ndéanfar agóid i gcoinne a nglacadh. |
|
(13) |
Maidir le Montainéagró, áirítear sna dréachtmholtaí maidir le cur chun feidhme an gá atá leis an méid seo a leanas: acmhainní iomchuí daonna agus airgeadais a áirithiú le haghaidh beartais, bearta agus reachtaíocht arb é is aidhm dóibh foréigean in aghaidh na mban a chosc agus a chomhrac, agus cistiú inbhuanaithe a áirithiú d’eagraíochtaí neamhrialtasacha (Airteagal 8 den Choinbhinsiún); bailiú agus dí-chomhiomlánú sonraí ag na páirtithe leasmhara ábhartha uile a áirithiú agus bailiú sonraí a chomhchuibhiú (Airteagal 11 den Choinbhinsiún); dlús a chur leis na hiarrachtaí chun bearta coisctheacha rialta a chur chun feidhme, feachtais feasachta a dhéanamh agus aird a tharraingt ar an mbaol méadaithe foréigin a bhíonn os comhair íospartaigh a ndéantar leithcheal trasnach orthu (Airteagal 12 den Choinbhinsiún); oiliúint tosaigh agus inseirbhíse maidir le foréigean in aghaidh na mban a áirithiú do gach gairmí ábhartha (Airteagal 15 den Choinbhinsiún); cláir a bhunú agus a leathnú do dhéantóirí foréigin teaghlaigh agus do dhéantóirí foréigin ghnéasaigh (Airteagal 16 den Choinbhinsiún); a áirithiú go dtabharfaidh soláthraithe cúraim sláinte tosaíocht d’íospartaigh an fhoréigin in aghaidh na mban agus an fhoréigin teaghlaigh ar mná iad agus go n-urramóidh siad a bpríobháideachas (Airteagal 20 den Choinbhinsiún); borradh a chur faoin gcomhar ilghníomhaireachta (Airteagal 18 den Choinbhinsiún); infhaighteacht sainseirbhísí tacaíochta d’íospartaigh a mhéadú (Airteagal 22 den Choinbhinsiún); ionad éigeandála um éigniú a bhunú ar fud na tíre (Airteagal 25 den Choinbhinsiún); comhroinnt faisnéise maidir le foréigean in aghaidh na mban a áirithiú idir cúirteanna ábhartha in imeachtaí sibhialta (Airteagal 31 den Choinbhinsiún); gníomhartha foréigin in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a imscrúdú agus a ionchúiseamh go héifeachtach agus go tráthúil, lena n-áirítear trína áirithiú go bhfuil an saineolas is gá ag na gairmithe ábhartha (Airteagail 49 agus 50 den Choinbhinsiún); a áirithiú go ndéanfar measúnuithe riosca go córasach i gcásanna foréigin teaghlaigh i gcomhar leis na húdaráis inniúla ábhartha (Airteagal 51 den Choinbhinsiún); a áirithiú go mbeidh orduithe urchoisc éigeandála ar fáil d’íospartaigh uile an fhoréigin in aghaidh na mban, lena n-áirítear leanaí (Airteagal 52 den Choinbhinsiún); a áirithiú go ndéanfar faireachán éifeachtach ar orduithe cosanta agus go ngearrfar smachtbhannaí ar sháruithe (Airteagal 53 den Choinbhinsiún); agus úsáid éifeachtach na mbeart cosanta atá ann cheana a áirithiú agus bearta cosanta breise a thabhairt isteach i gcomhréir leis an gCoinbhinsiún (Airteagal 56 den Choinbhinsiún). Ós rud é go bhfuil na dréachtmholtaí sin i gcomhréir le beartais agus cuspóirí an Aontais i réimse an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla agus nach bhfuil aon ábhar imní iontu maidir le dlí an Aontais, ba cheart don Aontas an seasamh a ghlacadh nach ndéanfar agóid i gcoinne a nglacadh. |
|
(14) |
Maidir leis an Spáinn, áirítear sna dréachtmholtaí an gá atá leis an méid seo a leanas: cur chun feidhme na mbeartas atá ann cheana chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac a áirithiú, agus rannpháirt a thabhairt d’eagraíochtaí neamhrialtasacha i gceapadh beartas agus sa mheastóireacht ar bheartais agus ar bhearta (Airteagal 7 den Choinbhinsiún); a áirithiú go ndéanfar na sonraí a bhailítear a díchomhiomlánú agus bailiú sonraí a chomhchuibhiú (Airteagal 11 den Choinbhinsiún); a mhúineadh do leanaí an ról lárnach atá ag toiliú i gcaidrimh ghnéis (Airteagal 14 den Choinbhinsiún); dlús a chur le hoiliúint na ngairmithe ábhartha uile (Airteagal 15 den Choinbhinsiún); feabhas a chur ar chomhlíonadh chláir dhéantóirí na coire leis an gCoinbhinsiún (Airteagal 16 den Choinbhinsiún); sásraí comhair ilghníomhaireachta a bhunú leis na gníomhaithe ábhartha uile maidir le gach cineál foréigin a chumhdaítear leis an gCoinbhinsiún agus seirbhísí ionaid ilfhreastail a chur ar bun i gcás inarb iomchuí (Airteagal 18 den Choinbhinsiún); a áirithiú go mbeidh rochtain ag íospartaigh foréigin ghnéasaigh ar sheirbhísí tacaíochta (Airteagal 25 den Choinbhinsiún); comhroinnt faisnéise idir cúirteanna sibhialta agus cúirteanna coiriúla a neartú agus bearta a threisiú chun a áirithiú go mbeidh dóthain acmhainní ag saoráidí cuairte faoi mhaoirseacht (Airteagal 31 den Choinbhinsiún); aghaidh a thabhairt ar thosca a chuireann cosc ar íospartaigh tuairisciú agus a mbíonn íospairt thánaisteach mar thoradh orthu (Airteagail 49 agus 50 den Choinbhinsiún); agus a áirithiú go mbeidh rochtain ag údaráis inniúla ar orduithe urchoisc éigeandála i gcomhréir leis an gCoinbhinsiún (Airteagal 52 den Choinbhinsiún); agus bearta a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt go cuí ar sháruithe ar orduithe cosanta (Airteagal 53 den Choinbhinsiún). Ós rud é go bhfuil na dréachtmholtaí sin i gcomhréir le beartais agus cuspóirí an Aontais i réimse an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla agus nach bhfuil aon ábhar imní iontu maidir le dlí an Aontais, ba cheart don Aontas an seasamh a ghlacadh nach ndéanfar agóid i gcoinne a nglacadh. |
|
(15) |
Maidir leis an tSualainn, áirítear sna dréachtmholtaí an gá atá leis an méid seo a leanas: a áirithiú go gcuirfear riachtanais na n-íospartach atá neamhchosanta ar leithcheal trasnach san áireamh i mbeartais maidir le foréigean in aghaidh na mban, go ndéanfar meastóireacht ar straitéisí chun rochtain a fháil ar a dtionchar agus go gcuirfear i bhfeidhm le beartais tuiscint inscneach ar fhoréigean in aghaidh na mban (Airteagail 3 agus 7 den Choinbhinsiún); leibhéil chistiúcháin inbhuanaithe a áirithiú d’eagraíochtaí um chearta na mban a reáchtálann sainseirbhísí tacaíochta (Airteagal 8 den Choinbhinsiún); bailiú sonraí a chomhchuibhiú agus a áirithiú go bhfuil sonraí díchomhiomlánaithe (Airteagal 11 den Choinbhinsiún); bearta coisctheacha níos leithne a áirithiú do gach cineál foréigin in aghaidh na mban (Airteagal 12 den Choinbhinsiún); oiliúint chórasach a thabhairt isteach maidir le gach cineál foréigin a chumhdaítear leis an gCoinbhinsiún do ghairmithe ábhartha, agus meastóireacht ar an oiliúint sin (Airteagal 15 den Choinbhinsiún); íoschaighdeáin a fhorbairt do chláir dhéantóirí na coire i gcomhréir leis an gCoinbhinsiún agus meastóireacht a áirithiú (Airteagal 16 den Choinbhinsiún); sásraí comhordúcháin agus comhair a ghlacadh i measc na ngníomhaireachtaí ábhartha agus, i gcás inar féidir, ar an áitreabh céanna (Airteagal 18 den Choinbhinsiún); a áirithiú go gcuirfidh seirbhísí sóisialta tacaíocht agus cúnamh leordhóthanach ar fáil do gach íospartach, lena n-áirítear tacaíocht maidir le hábhair phraiticiúla (Airteagal 20 den Choinbhinsiún); infhaighteacht ionad dídine a mhéadú agus rochtain ar ionaid dídine a áirithiú do gach íospartach agus dá leanaí (Airteagal 22 den Choinbhinsiún); líon leordhóthanach ionad éigeandála um éigniú agus/nó ionad foréigin ghnéasaigh a áirithiú ar fud na tíre (Airteagal 25 den Choinbhinsiún); áitribh shábháilte a sholáthar inar féidir cuairteanna faoi mhaoirseacht a dhéanamh le gairmithe oilte (Airteagal 31 den Choinbhinsiún); cumas na bpóilíní freagairt agus imscrúdú a dhéanamh ar gach cineál foréigin in aghaidh na mban a neartú, lena n-áirítear an léiriú air sin sa saol digiteach, agus bearta a dhéanamh chun tuairisciú na mban atá i mbaol leithcheal trasnach a spreagadh (Airteagail 49 agus 50 den Choinbhinsiún); a áirithiú go ndéanfar measúnuithe riosca go córasach d’íospartaigh agus dá leanaí ar bhealach comhordaithe (Airteagal 51 den Choinbhinsiún); agus bearta a dhéanamh chun a áirithiú go n-eiseofar orduithe urchoisc éigeandála, orduithe sriantacha agus orduithe cosanta (‘orduithe neamhtheagmhála don chomhbhaile’) go pras le héifeacht láithreach, lena n-áirítear i gcás leanaí, go ndéanfar faireachán éifeachtach orthu agus go mbeidh smachtbhannaí iomchuí ag gabháil leo (Airteagail 52 agus 53 den Choinbhinsiún). Ós rud é go bhfuil na dréachtmholtaí sin i gcomhréir le beartais agus cuspóirí an Aontais i réimse an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla agus nach bhfuil aon ábhar imní iontu maidir le dlí an Aontais, ba cheart don Aontas an seasamh a ghlacadh nach ndéanfar agóid i gcoinne a nglacadh. |
|
(16) |
Maidir le San Mairíne, áirítear sna dréachtchonclúidí an gá atá leis an méid seo a leanas: tacaíocht a thabhairt d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta trí chistiú inbhuanaithe a áirithiú chun sásraí comhair a chur ar bun, agus a áirithiú go gcomhordóidh an comhlacht comhordúcháin náisiúnta le heagraíochtaí na sochaí sibhialta (Airteagail 9 agus 10 den Choinbhinsiún); feabhas a chur ar bhailiú sonraí díchomhiomlánaithe ar bhonn comhchóras bailithe sonraí agus suirbhéanna íospartha a dhéanamh go rialta agus gníomhaíochtaí taighde a chur chun cinn (Airteagal 11 den Choinbhinsiún); agus ceanglais Airteagal 59 den Choinbhinsiún maidir le stádas cónaithe íospartaigh an fhoréigin in aghaidh na mban a chomhlíonadh (Airteagal 59 den Choinbhinsiún). Ós rud é go bhfuil na dréachtchonclúidí sin i gcomhréir le beartais agus cuspóirí an Aontais i réimsí an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla, tearmann agus non-refoulement agus nach bhfuil aon ábhar imní iontu maidir le dlí an Aontais, ba cheart don Aontas an seasamh a ghlacadh nach ndéanfar agóid i gcoinne a nglacadh. |
|
(17) |
Maidir leis an tSlóivéin, áirítear sna dréachtchonclúidí an gá atá leis an méid seo a leanas: ról an chomhlachta chomhordaithe a shannadh d’eintitis atá go hiomlán institiúidithe agus na hacmhainní daonna agus airgeadais is gá a áirithiú (Airteagal 10 den Choinbhinsiún); bailiú cuimsitheach sonraí maidir le gach cineál foréigin a áirithiú faoin gCoinbhinsiún (Airteagal 11 den Choinbhinsiún); malartú faisnéise idir cúirteanna sibhialta agus coiriúla a neartú (Airteagal 31 den Choinbhinsiún); freagairt phras agus iomchuí ó ghníomhaireachtaí forfheidhmithe dlí ar fhoréigean in aghaidh na mban a áirithiú (Airteagail 49 agus 50); agus an Coinbhinsiún maidir le hábhair a bhaineann le hionchúiseamh ex officio ar éigniú pósta a chomhlíonadh (Airteagal 55 den Choinbhinsiún). Ós rud é go bhfuil na dréachtchonclúidí sin i gcomhréir le beartais agus cuspóirí an Aontais i réimsí an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla agus nach bhfuil aon ábhar imní iontu maidir le dlí an Aontais, ba cheart don Aontas an seasamh a ghlacadh nach ndéanfar agóid i gcoinne a nglacadh. |
|
(18) |
I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus gan dochar d’Airteagal 4 den Phrótacal sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm. |
|
(19) |
I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Is é an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gCoiste na bPáirtithe, arna bhunú faoi Airteagal 67 de Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac, ag an 18ú cruinniú a bheidh aige, nach ndéanfar agóid i gcoinne ghlacadh na ngníomhartha seo a leanas:
|
(1) |
Moltaí maidir le muinín a chothú trí thacaíocht, cosaint agus ceartas a sholáthar ar bhonn Choinbhinsiún Iostanbúl ag an Albáin, atá i ndoiciméad IC-CP(2025)2-prov; |
|
(2) |
Moltaí maidir le muinín a chothú trí thacaíocht, cosaint agus ceartas a sholáthar ar bhonn Choinbhinsiún Iostanbúl ag an Ostair, atá i ndoiciméad IC-CP(2025)3-prov; |
|
(3) |
Moltaí maidir le muinín a chothú trí thacaíocht, cosaint agus ceartas a sholáthar ar bhonn Choinbhinsiún Iostanbúl ag an Danmhairg, atá i ndoiciméad IC-CP(2025)4-prov; |
|
(4) |
Moltaí maidir le muinín a chothú trí thacaíocht, cosaint agus ceartas a sholáthar ar bhonn Choinbhinsiún Iostanbúl ag an bhFionlainn, atá i ndoiciméad IC-CP(2025)5-prov; |
|
(5) |
Moltaí maidir le muinín a chothú trí thacaíocht, cosaint agus ceartas a sholáthar ar bhonn Choinbhinsiún Iostanbúl ag Monacó, atá i ndoiciméad IC-CP(2025)6-prov; |
|
(6) |
Moltaí maidir le muinín a chothú trí thacaíocht, cosaint agus ceartas a sholáthar ar bhonn Choinbhinsiún Iostanbúl ag Montainéagró, atá i ndoiciméad IC-CP(2025)7-prov; |
|
(7) |
Moltaí maidir le muinín a chothú trí thacaíocht, cosaint agus ceartas a sholáthar ar bhonn Choinbhinsiún Iostanbúl ag an Spáinn, atá i ndoiciméad IC-CP(2025)8-prov; |
|
(8) |
Moltaí maidir le muinín a chothú trí thacaíocht, cosaint agus ceartas a sholáthar ar bhonn Choinbhinsiún Iostanbúl ag an tSualainn, atá i ndoiciméad IC-CP(2025)9-prov]; |
|
(9) |
Conclúidí maidir le cur chun feidhme moltaí i leith San Mairíne arna nglacadh ag Coiste na bPáirtithe, atá i ndoiciméad IC-CP(2025)10-prov; agus |
|
(10) |
Conclúidí maidir le cur chun feidhme moltaí i leith na Slóivéine arna nglacadh ag Coiste na bPáirtithe, atá i ndoiciméad IC-CP(2025)11-prov; |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 5 Meitheamh 2025.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
D. KLIMCZAK
(1) Cinneadh (AE) 2023/1075 ón gComhairle an 1 Meitheamh 2023 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac maidir le hinstitiúidí agus riarachán poiblí an Aontais (IO L 143 I, 2.6.2023, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/1075/oj).
(2) Cinneadh (AE) 2023/1076 ón gComhairle an 1 Meitheamh 2023 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac i ndáil le hábhair a bhaineann le comhar breithiúnach in ábhair choiriúla agus le tearmann agus non-refoulement (IO L 143 I, 2.6.2023, lch. 4, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/1076/oj).
(3) Treoir 2003/86/CE ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir leis an gceart chun athaontú teaghlaigh (IO L 251, 3.10.2003, lch. 12, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2003/86/oj).
(4) Treoir 2012/29/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 lena mbunaítear íoschaighdeáin maidir le cearta, tacaíocht agus cosaint íospartaigh na coireachta, agus lena n-ionadaítear Cinneadh Réime 2001/220/CGB ón gComhairle (IO L 315, 14.11.2012, lch. 57, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2012/29/oj).
(5) Treoir (AE) 2024/1346 AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 lena leagtar síos caighdeáin a bhaineann le hiarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta a ghlacadh (IO L, 2024/1346, 22.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1346/oj).
(6) Treoir (AE) 2024/1385 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 maidir le foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chomhrac (IO L, 2024/1385, 24.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1385/oj).
(7) Rialachán (AE) 2024/1348 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 lena mbunaítear nós imeachta coiteann le haghaidh cosaint idirnáisiúnta san Aontas agus lena n-aisghairtear Treoir 2013/32/AE (IO L, 2024/1348, 22.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1348/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/1168/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)