|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/1164 |
16.6.2025 |
RIALACHÁN (AE) 2025/1164 ÓN gCOIMISIÚN
an 13 Meitheamh 2025
lena leasaítear Iarscríbhinní II agus III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le huasleibhéil iarmhar le haghaidh ciantrainileapróil, ciafluimeitifeine, deiltemheitrine, meifeintrífhluconasóil, meipiocuat agus ocsaitiaipiopróiline i dtáirgí áirithe nó ar tháirgí áirithe
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Feabhra 2005 maidir le huasleibhéil iarmhar lotnaidicídí i mbia agus i mbeatha de bhunadh plandaí nó ainmhíoch nó ar bhia agus ar bheatha den sórt sin agus lena leasaítear Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 14(1), pointe (a), de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
I gcás ciantrainileapróil, ciafluimeitifeine, deiltemheitrine, meifeintrífhluconasóil agus ocsaitiaipiopróiline, socraíodh uasleibhéil iarmhar (‘MRLanna’) in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005. I gcás meipiocuat, leagadh MRLanna síos i gCuid A d’Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán sin. |
|
(2) |
An 2 Nollaig 2023 ghlac an Coimisiún Codex Alimentarius uasteorainn iarmhair Codex (CXL) nua i gcás na substainte gníomhaí meifeintrífhluconasól i gcoirce (2). |
|
(3) |
An 30 Samhain 2024, ghlac an Coimisiún Codex Alimentarius CXLanna nua le haghaidh na substaintí gníomhacha ciantrainileapról, ciafluimeitifein, deiltemheitrin, meifeintrífhluconasól, meipiocuat agus ocsaitiaipiopróilin (3). |
|
(4) |
I gcomhréir le hAirteagal 5(3) de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), i gcás inarb ann do chaighdeáin idirnáisiúnta nó i gcás ina gcuirfear i gcrích iad go luath, tá siad le cur san áireamh i bhforbairt nó in oiriúnú dhlí an bhia, ach amháin i gcás ina mbeadh na caighdeáin sin nó codanna ábhartha díobh ina modh neamhéifeachtach nó míchuí chun cuspóirí dlisteanacha dhlí bia an Aontais a chomhlíonadh, nó i gcás ina mbeadh údar eolaíoch ann, nó ina dtiocfadh leibhéal cosanta astu a bheadh éagsúil leis an leibhéal a chinntear a bheith iomchuí san Aontas. Thairis sin, i gcomhréir le hAirteagal 13, pointe (e), den Rialachán sin, tá an tAontas le comhsheasmhacht idir caighdeáin theicniúla idirnáisiúnta agus dlí bia an Aontais a chur chun cinn agus é á áirithiú an tráth céanna nach laghdófar an t-ardleibhéal cosanta a ghlactar san Aontas. |
|
(5) |
Rinne an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) measúnú ar na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ag baint leis na CXLanna sin do thomhaltóirí agus d’fhoilsigh sé tuarascálacha eolaíocha (5) , (6). |
|
(6) |
Chuir an tAontas forchoimeádais faoi bhráid (7) , (8) an Choiste Codex um Iarmhair Lotnaidicídí maidir leis an CXL atá beartaithe le haghaidh ciafluimeitifeine i bpónairí caife mar gheall ar an easpa staidéar meitibileachta i dtráchtearra ionadaíoch le haghaidh pónairí caife. |
|
(7) |
Chuir an tAontas forchoimeádais faoi bhráid (9) an Choimisiúin Codex Alimentarius freisin maidir leis na CXLanna atá beartaithe le haghaidh ciantrainileapróil i bpónairí soighe sa ghrúpa ‘pónairí tirime (foghrúpa)’ agus i bhfíonchaora mar gheall ar neamhréireachtaí sna heatraimh athchóireála a tuairiscíodh sna trialacha iarmhar. |
|
(8) |
Maidir leis na CXLanna nár shainaithin an tÚdarás aon riosca do thomhaltóirí san Aontas ina leith, agus nár chuir an tAontas ábhar imní faoi bhráid an Choiste Codex um Iarmhair Lotnaidicídí ná an Choimisiúin Codex Alimentarius ina leith, is féidir a mheas go bhfuil siad sábháilte. Is amhlaidh atá i gcás CXLanna áirithe le haghaidh ciantrainileapróil, ciafluimeitifeine, deiltemheitrine, meifeintrífhluconasóil, meipiocuat agus ocsaitiaipiopróiline. Dá bhrí sin, ba cheart na CXLanna sin a áireamh i Rialachán (CE) Uimh. 396/2005, seachas i gcás ina mbaineann siad le táirgí nach liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin nó i gcás ina bhfuil siad ag leibhéal níos ísle ná na MRLanna atá ann faoi láthair le haghaidh na gcomhcheangal lotnaidicídí/táirgí lena mbaineann toisc gur socraíodh iad ar bhonn úsáid údaraithe. |
|
(9) |
Ar bhonn na dtuarascálacha eolaíocha ón Údarás, agus na tosca ábhartha a liostaítear in Airteagal 14(2) de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 á gcur san áireamh, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go bhfuil na modhnuithe ar na MRLanna inghlactha. |
|
(10) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinní II agus III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 a leasú dá réir. |
|
(11) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinní II agus III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 13 Meitheamh 2025.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 70, 16.3.2005, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2005/396/oj.
(2) Clár comhpháirteach FAO/EDS um Chaighdeáin Bhia, an Coimisiún Codex Alimentarius, an 46ú Seisiún. Ceanncheathrú FAO, An Róimh, An Iodáil, 27 Samhain - 2 Nollaig 2023. https://www.fao.org/fao-who-codexalimentarius/sh-proxy/en/?lnk=1&url=https%253A%252F%252Fworkspace.fao.org%252Fsites%252Fcodex%252FMeetings%252FCX-701-46%252F%25E2%2598%2585Final%252520Report%252FREP23_CACe.pdf.
(3) Clár Comhpháirteach FAO/EDS um Chaighdeáin Bhia, Coimisiún Codex Alimentarius, an 47ú Seisiún, CICG, an Ghinéiv, an Eilvéis, an 25-30 Samhain 2024. https://www.fao.org/fao-who-codexalimentarius/sh-proxy/en/?lnk=1&url=https%253A%252F%252Fworkspace.fao.org%252Fsites% 252Fcodex%252FMeetings%252FCX-701-47%252FFINAL%2BREPORT%252FREP24_CACe.pdf.
(4) Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2002 lena leagtar síos prionsabail agus ceanglais ghinearálta maidir le dlí an bhia, lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia agus lena leagtar síos nósanna imeachta in ábhair a bhaineann le sábháilteacht bia (IO L 31, 1.2.2002, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2002/178/oj).
(5) An tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia. Scientific support for preparing an EU position for the 54th Session of the Codex Committee on Pesticide Residues (CCPR) [‘Tacaíocht eolaíoch chun seasamh an Aontais a ullmhú don 54ú Seisiún den Choiste Codex maidir le hIarmhair Lotnaidicídí (CCPR)’]. EFSA Journal [Iris EFSA] 21(8), 1–303. https://doi.org/10.2903/j.efsa.2023.8111.
(6) An tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia. Scientific support for preparing an EU position in the 55th Session of the Codex Committee on Pesticide Residues (CCPR) [‘Tacaíocht eolaíoch chun seasamh ón Aontas Eorpach a ullmhú don 47ú Seisiún den Choiste Codex maidir le hIarmhair Lotnaidicídí (CCPR)’]. EFSA Journal [Iris EFSA] 22(7), e8841. https://doi.org/10.2903/j.efsa.2024.8841.
(7) Barúlacha a chuir an tAontas Eorpach isteach. An Coiste Codex um Iarmhair Lotnaidicídí, an 55ú Seisiún. CRD10 Rev.1, Meitheamh 2024: https://www.fao.org/fao-who-codexalimentarius/sh-proxy/de/?lnk=1&url=https%253A%252F%252Fworkspace.fao.org%252Fsites%252Fcodex%252FMeetings%252FCX-718-55%252FCRDs%252Fpr55_CRD10x%2BRev.1.pdf.
(8) Tuarascáil ón 55ú seisiún den Choiste Codex um Iarmhair Lotnaidicídí REP24/PR55: https://www.fao.org/fao-who-codexalimentarius/sh-proxy/en/?lnk=1&url=https%253A%252F%252Fworkspace.fao.org%252Fsites%252Fcodex%252FMeetings%252FCX-718-55%252FREPORT%252FFINAL%252FREP24_PR55e.pdf.
(9) Clár comhpháirteach FAO/EDS um Chaighdeáin Bhia, Coimisiún Codex Alimentarius, an 47ú Seisiún, CICG, an Ghinéiv, an Eilvéis, an 25-30 Samhain 2024. CAC47/CRD15. https://www.fao.org/fao-who-codexalimentarius/sh-proxy/en/?lnk=1&url=https%253A%252F%252Fworkspace.fao.org%252Fsites%252Fcodex%252FMeetings%252FCX-701-47%252FCRDs%252Fcac47_crd15x.pdf.
IARSCRÍBHINN
Leasaítear Iarscríbhinní II agus III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 mar a leanas:
|
(1) |
in Iarscríbhinn II, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na gcolún le haghaidh ciantrainileapróil, ciafluimeitifein, deiltemheitrine, meifeintrífhluconasóil agus ocsaitiaipiopróiline: ‘Iarmhair lotnaidicídí agus uasleibhéil iarmhar (mg/kg)
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(2) |
in Iarscríbhinn III, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an cholúin le haghaidh meipiocuat: ‘ Iarmhair lotnaidicídí agus uasleibhéil iarmhar (mg/kg)
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
(*1) Léiríonn an íosteorainn an chinnidh anailísigh
(1) Chun liosta iomlán na dtáirgí de thionscnamh ainmhíoch agus plandaí a bhfuil feidhm ag na MRLanna maidir leo a fheiceáil, ba cheart tagairt a dhéanamh d’Iarscríbhinn I
(*2) Léiríonn an íosteorainn an chinnidh anailísigh
(2) Chun liosta iomlán na dtáirgí de thionscnamh ainmhíoch agus plandaí a bhfuil feidhm ag na MRLanna maidir leo a fheiceáil, ba cheart tagairt a dhéanamh d’Iarscríbhinn I
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/1164/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)