European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/1150

12.6.2025

RIALACHÁN (AE) 2025/1150 ÓN gCOIMISIÚN

an 11 Meitheamh 2025

lena leasaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le húsáid ascorbáite sóidiam (E 301) in ullmhóidí vitimín A a cheaptar lena n-úsáid i mbainne foirmle do naíonáin agus i mbainne foirmle leantach

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le breiseáin bhia (1), agus go háirithe Airteagal 10(3) de,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1331/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 lena mbunaítear nós imeachta comhchoiteann údaraithe maidir le breiseáin bhia, maidir le heinsímí bia agus maidir le blastáin bhia (2), agus go háirithe Airteagal 7(5) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

In Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 leagtar síos liosta an Aontais de na breiseáin bia atá formheasta le húsáid i mbreiseáin bia, in einsímí bia, i mblastáin bia agus cothaithigh, agus a gcoinníollacha úsáide.

(2)

Féadfar liosta an Aontais de bhreiseáin bhia a thabhairt cothrom le dáta i gcomhréir leis an nós imeachta comhchoiteann dá dtagraítear in Airteagal 3(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1331/2008, ar thionscnamh an Choimisiúin nó tar éis iarratas a fháil ó Bhallstát nó ó pháirtí leasmhar.

(3)

I mí Dheireadh Fómhair 2023, cuireadh iarratas faoi bhráid an Choimisiúin ar údarú chun ascorbáit sóidiam (E 301) a úsáid mar fhrithocsaídeoir ar an uasleibhéal 50 000 mg/kg in ullmhóidí micrimchochlaithe vitimín A le haghaidh bainne foirmle do naíonáin agus bainne foirmle leantach, rud as ar tháinig tuliompar uasta 1 mg/l d’ascorbáit sóidiam (E 301) sna bianna sin. Cuireadh an t-iarratas ar fáil do na Ballstáit ina dhiaidh sin de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1331/2008.

(4)

De bhun Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008, údaraítear ascorbáit sóidiam (E 301) faoi láthair mar bhreiseán bia in ullmhóidí vitimín D, i measc úsáidí eile, le haghaidh bainne foirmle do naíonáin agus bainne foirmle leantach ag an uasleibhéal 100 000 mg/kg agus le huasmhéid tuliompair 1 mg/l sna bianna sin. Tá an t-údarú seo bunaithe ar an tuairim eolaíoch ón Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’), tuairim a eisíodh an 22 Nollaig 2010 (3) agus inar thángthas ar an gconclúid nach ábhar imní sábháilteachta é úsáid an bhreiseáin bia ascorbáit sóidiam (E 301) mar fhrithocsaídeoir le haghaidh ullmhóidí vitimín D lena n-úsáid i mbainne foirmle do naíonáin agus i mbainne foirmle leantach toisc nach gcuirfeadh an t-uasmhéid 1 mg/l d’ascorbáit sóidiam ach go beag leis an gcion vitimín C agus sóidiam i mbainne foirmle do naíonáin agus i mbainne foirmle leantach.

(5)

Thairis sin, de bhun na hIarscríbhinne a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 609/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), féadfar ascorbáit sóidiam a chur le bainne foirmle do naíonáin agus le bainne foirmle leantach mar fhoinse vitimín C. Sonraítear na híosmhéideanna agus na huasmhéideanna vitimín C agus sóidiam i mbainne foirmle do naíonáin agus i mbainne foirmle leantach do naíonáin i Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/127 ón gCoimisiún (5).

(6)

Úsáidtear micrimchochlú go coitianta chun vitimín A a chosaint ó dhíghrádú. Sa chomhthéacs seo, cinntíonn ascorbáit sóidiam (E 301), nuair a úsáidtear í mar fhrithocsaídeoir, cobhsaíocht na maitríse cosanta a chuimsíonn vitimín A le linn an phróisis táirgthe agus sa táirge deiridh. Le cobhsaíocht mhéadaithe vitimín A, is fearr is féidir an dáileog a rialú agus tá gá le níos lú barrachais chun an méid ceart vitimín A a ráthú sa táirge deiridh.

(7)

De bhun Airteagal 3(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1331/2008, ní mór don Choimisiún tuairim ón Údarás a lorg chun liosta an Aontais de bhreiseáin bia a leagtar amach in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 a thabhairt cothrom le dáta, ach amháin i gcás nach dócha go mbeidh tionchar ag an tabhairt cothrom le dáta atá i gceist ar shláinte an duine.

(8)

Mar thoradh ar an úsáid a iarrtar i leith ascorbáit sóidiam (E 301) in ullmhóidí micrimchochlaithe vitimín A, tá an t-uasleibhéal céanna tuliompair go bainne foirmle do naíonáin agus bainne foirmle leantach agus atá ag an leibhéal a mheas an tÚdarás in 2010. Thairis sin, leis na huasmhéideanna le haghaidh vitimín C agus sóidiam a údaraítear i mbainne foirmle do naíonáin agus i mbainne foirmle leantach do naíonáin cumhdaítear a láithreacht ó gach foinse, lena n-áirítear tuliompar na mbreiseán bia. Dá bhrí sin, maidir leis an leathnú atá beartaithe ar úsáid ascorbáite sóidiam (E 301), ní dócha go mbeidh tionchar aige ar shláinte an duine.

(9)

Dá bhrí sin, is iomchuí úsáid ascorbáite sóidiam (E 301) a údarú mar fhrithocsaídeoir in ullmhóidí micrimchochlaithe vitimín A le haghaidh bainne foirmle do naíonáin agus bainne foirmle leantach ag an uasleibhéal 50 000 mg/kg agus ag an uasleibhéal tabhartha anonn 1 mg/l sna bianna sin.

(10)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 a leasú dá réir sin.

(11)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 i gcomhréir le hIarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 11 Meitheamh 2025.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 354, 31.12.2008, lch. 16, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2008/1333/oj.

(2)   IO L 354, 31.12.2008, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2008/1331/oj.

(3)   Scientific Opinion on the use of sodium ascorbate as a food additive in vitamin D preparations intended to be used in formulae and weaning food for infants and young children (‘Tuairim Eolaíoch maidir le húsáid ascorbáite sóidiam mar bhreiseán bia in ullmhóidí vitimín D a bheartaítear lena n-úsáid i mbainne foirmle agus i mbia scoite do naíonáin agus do leanaí óga’). EFSA Journal [Iris EFSA] 2010;8(12):1942. doi:10.2903/j.efsa.2010.1942.

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 609/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meitheamh 2013 maidir le bia a cheaptar lena úsáid mar bhia do naíonáin agus do leanaí óga, maidir le bia chun críocha speisialta míochaine, agus maidir le hionadach ar an aiste bia iomlán chun meáchan a rialú agus lena n-aisghairtear Treoir 92/52/CEE ón gComhairle, Treoir 96/8/CE ón gCoimisiún, Treoir 1999/21/CE ón gCoimisiún, Treoir 2006/125/CE ón gCoimisiún, Treoir 2006/141/CE ón gCoimisiún, Treoir 2009/39/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 41/2009 ón gCoimisiún agus Rialachán (CE) Uimh. 953/2009 ón gCoimisiún (IO L 181, 29.6.2013, lch. 35, ELI: https://data.europa.eu/eli/reg/2013/609/oj).

(5)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/127 ón gCoimisiún an 25 Meán Fómhair 2015 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 609/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na ceanglais shonracha maidir le comhdhéanamh agus faisnéis le haghaidh bainne foirmle do naíonáin agus bainne foirmle leantach agus a mhéid a bhaineann leis na ceanglais maidir le faisnéis a bhaineann le beathú naíonán agus leanaí óga (IO L 25, 2.2.2016, lch. 1, ELI: https://data.europa.eu/eli/reg_del/2016/127/oj).


IARSCRÍBHINN

I Roinn B de Chuid 5 d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála a bhaineann leis an mbreiseán E 301:

‘E 301

Ascorbáit sóidiam

100 000  mg/kg in ullmhóid vitimín D agus is é 1 mg/l an tuliompar uasta sa bhia deiridh

Ullmhóidí vitimín D

Bainne foirmle do naíonáin agus bainne foirmle leantach mar a shainmhínítear le Rialachán (AE) Uimh. 609/2013

50 000  mg/kg in ullmhóid vitimín A mhicrimchochlaithe agus

is é 1 mg/l an tuliompar uasta sa bhia deiridh

Ullmhóidí vitimín A micrimchochlaithe

Bainne foirmle do naíonáin agus bainne foirmle leantach mar a shainmhínítear le Rialachán (AE) Uimh. 609/2013

Tuliompar uasta: 75 mg/l

Bratuithe ullmhóidí cothaitheacha ina bhfuil aigéid shailleacha pholai-neamhsháithithe

Bia do naíonáin agus do leanaí óga’


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/1150/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)