European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/1127

10.6.2025

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/1127 ÓN gCOIMISIÚN

an 6 Meitheamh 2025

lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2023/1805 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le calafoirt trasloingsithe coimeádán chomharsanachta a shainaithint

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2023/1805 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2023 maidir le breoslaí in-athnuaite agus ísealcharbóin a úsáid sa mhuiriompar, agus lena leasaítear Treoir 2009/16/CE (1), agus go háirithe Airteagal 2(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) 2023/1805 déantar foráil maidir le heisiamh ón sainmhíniú ar ‘chalafort cuarda’ i ndáil le stadanna long coimeádán i gcalafort trasloingsithe coimeádán comharsanachta a liostaítear sa ghníomh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun Airteagal 2(2) den Rialachán sin.

(2)

I gcomhréir le hAirteagal 2(2) de Rialachán (AE) 2023/1805, má chomhlíonann calafort dhá chritéar tá sé le liostú mar chalafort trasloingsithe coimeádán comharsanachta. Ní mór sciar trasloingsithe coimeádán an chalafoirt, arna thomhas in aonaid is coibhéiseach le 20 troigh, a bheith níos mó ná 65 % de thrácht iomlán coimeádán an chalafoirt sin le linn na tréimhse 12 mhí is déanaí a bhfuil sonraí ábhartha ar fáil ina leith. Ar an dara dul síos, ní mór an calafort a bheith lonnaithe lasmuigh den Aontas ach níos lú ná 300 muirmhíle ó chalafort atá faoi dhlínse Ballstáit. Thairis sin, calafoirt atá lonnaithe i dtríú tír a gcuireann an tríú tír sin bearta atá coibhéiseach le Rialachán (AE) 2023/1805 i bhfeidhm go héifeachtach ina leith, níl siad le liostú mar chalafort trasloingsithe coimeádán comharsanachta.

(3)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2297 ón gCoimisiún (2), sainaithnítear calafoirt trasloingsithe coimeádán chomharsanachta de bhun Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) Na critéir chun calafoirt trasloingsithe coimeádán chomharsanachta a shainaithint a leagtar amach in Airteagal 3ga(2) de Threoir 2003/87/CE, is ionann iad agus na critéir a leagtar amach in Airteagal 2(2) de Rialachán (AE) 2023/1805.

(4)

Chun na calafoirt trasloingsithe coimeádán chomharsanachta a shainaithint sa Rialachán seo, úsáideadh na sonraí agus na hanailísí céanna agus a úsáideadh chun na calafoirt trasloingsithe coimeádán chomharsanachta a shainaithint i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2297 ar mhaithe le comhleanúnachas a chruthú idir an dá ghníomh agus chun cur chun feidhme agus comhlíonadh a chuíchóiriú le haghaidh cuideachtaí loingseoireachta, fíoraitheoirí agus údaráis na mBallstát.

(5)

Tá East Port Said lonnaithe níos lú ná 300 muirmhíle ó chalafort atá faoi dhlínse Ballstáit. Bhí sciar trasloingsithe coimeádán East Port Said níos mó ná 65 % de thrácht iomlán coimeádán an chalafoirt sin le linn na tréimhse 12 mhí is déanaí a bhfuil sonraí ábhartha ar fáil ina leith le haghaidh Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2297 ón gCoimisiún. Ní chuireann an Éigipt bearta i bhfeidhm atá coibhéiseach le Rialachán (AE) 2023/1805 i leith East Port Said. Dá bhrí sin, ba cheart East Port Said a liostú mar chalafort trasloingsithe coimeádán comharsanachta.

(6)

Tá Tanger Med lonnaithe níos lú ná 300 muirmhíle ó chalafort atá faoi dhlínse Ballstáit. Bhí sciar trasloingsithe coimeádán Tanger Med níos mó ná 65 % de thrácht iomlán coimeádán an chalafoirt sin le linn na tréimhse 12 mhí is déanaí a bhfuil sonraí ábhartha ar fáil ina leith le haghaidh Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2297 ón gCoimisiún. Ní chuireann Maracó bearta i bhfeidhm atá coibhéiseach le Rialachán (AE) 2023/1805 i leith Tanger Med. Dá bhrí sin, ba cheart Tanger Med a liostú mar chalafort trasloingsithe coimeádán comharsanachta.

(7)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Shábháilteacht ar Muir agus um Thruailliú ó Longa a Chosc,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Liostaítear na calafoirt trasloingsithe coimeádán chomharsanachta dá dtagraítear in Airteagal 2(2) de Rialachán (AE) 2023/1805 san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 6 Meitheamh 2025.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 234, 22.9.2023, lch. 48, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/1805/oj).

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2297 ón gCoimisiún an 26 Deireadh Fómhair 2023 lena sainaithnítear calafoirt trasloingsithe coimeádán chomharsanacha de bhun Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L, 2023/2297, 27.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/2297/oj).

(3)  Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear córas maidir le trádáil lamháltas astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Aontas agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 275, 25.10.2003, lch. 32, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2003/87/oj).


IARSCRÍBHINN

Calafoirt trasloingsithe coimeádán chomharsanachta dá dtagraítear in Airteagal 2(2) de Rialachán (AE) 2023/1805:

Uimh.

Ainm an chalafoirt

Tír

1.

EAST PORT SAID

AN ÉIGIPT

2.

TANGER MED

MARACÓ


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1127/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)