|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/1124 |
3.6.2025 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2025/1124 ÓN gCOIMISIÚN
an 19 Márta 2025
lena gceartaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/273 a mhéid a bhaineann le hallmhairiú fíona de thionscnamh Cheanada
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007 (1) ón gComhairle, agus go háirithe Airteagal 89, pointe (a), agus Airteagal 147(3), pointe (a), de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/273 (2) ón gCoimisiún forlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 a mhéid a bhaineann leis na doiciméid tionlacain chun táirgí fíona allmhairithe a scaoileadh i saorchúrsaíocht san Aontas. |
|
(2) |
De réir Airteagal 23 den Chomhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Ceanada maidir le trádáil i bhfíonta agus deochanna biotáilleacha (3) (‘an Comhaontú’), féadfar fíon de thionscnamh Cheanada, a tháirgtear faoi mhaoirseacht agus faoi rialú ceann de na comhlachtaí inniúla a liostaítear in Iarscríbhinn VI a ghabhann leis an gComhaontú, a allmhairiú i gcomhréir leis na forálacha deimhniúcháin simplithe dá bhforáiltear faoi rialacha an Aontais. |
|
(3) |
De réir Airteagal 23(2) den Chomhaontú, féadfaidh táirgeoirí aonair an doiciméad deimhniúcháin a tharraingt suas agus a shíniú i gcás ina n-údaraíonn ceann de na comhlachtaí inniúla dóibh déanamh amhlaidh. |
|
(4) |
Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/840 ón gCoimisiún (4) leasaíodh Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/273 chun Airteagal 23 den Chomhaontú a chur chun feidhme trí úsáid an nós imeachta simplithe dá dtagraítear in Airteagal 26 den Rialachán Tarmligthe sin a cheadú chun fíonta de thionscnamh Cheanada a allmhairiú isteach san Aontas. Trí bhíthin an leasaithe sin, áiríodh Ceanada ar an liosta tríú tíortha ina bhféadfaidh táirgeoirí fíona an doiciméad deimhniúcháin a tharraingt suas agus a shíniú. |
|
(5) |
Mar sin féin, níl úsáid an nós imeachta simplithe chun táirgí allmhairithe earnáil an fhíona a dheimhniú teoranta don fhoráil a leagtar síos in Airteagal 26 de Rialachán tarmligthe (AE) 2018/273. Baineann sé freisin leis an bhforáil a leagtar síos in Airteagal 21, pointe (b) den Rialachán Tarmligthe sin, lena gceadaítear leagan simplithe de roinn na tuarascála anailíse den doiciméad VI-1 a chur isteach maidir le hallmhairiú fíonta de thionscnamh ceann de na tíortha ar an liosta tríú tíortha ina bhféadfaidh táirgeoirí fíona an doiciméad deimhniúcháin a tharraingt suas agus a shíniú, ar fíon é a chuirtear i gcoimeádáin lipéadaithe nach mó ná 60 lítear a dtoilleadh, a bhfuil dúntáin nach féidir a athúsáid orthu. |
|
(6) |
Chun Airteagal 23 den Chomhaontú a chur chun feidhme i gceart, ba cheart Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/273 a cheartú chun foráil a áireamh ann lena gceadófar freisin úsáid a bhaint as an nós imeachta simplithe a leagtar síos in Airteagal 21, pointe (b), den Rialachán Tarmligthe sin chun fíonta de thionscnamh Cheanada a allmhairiú isteach san Aontas. |
|
(7) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/273 a cheartú dá réir sin. |
|
(8) |
Chuirfeadh aon mhoill bhreise ar chur chun feidhme ceart Airteagal 23 den Chomhaontú moill freisin ar úsáid an leagain shimplithe de roinn na tuarascála anailíse den doiciméad VI-1 maidir le hallmhairiú fíona ó Cheanada. Dá bhrí sin, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
I gCuid IV d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/273, cuirtear an méid seo a leanas in ionad Roinn A:
|
‘A. |
An liosta tríú tíortha dá dtagraítear in Airteagal 21, pointe (b):
|
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 19 Márta 2025.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 347, 20.12.2013, lch. 671, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/1308/oj.
(2) Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/273 ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2017 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le scéim na n-údaruithe i gcomhair planduithe fíniúnacha, an clár fíonghort, doiciméid tionlacain agus deimhniúchán, an clár isteach agus amach, dearbhuithe éigeantacha, fógraí agus foilsiú faisnéise ar tugadh fógra fúithi, agus lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na seiceálacha agus pionóis ábhartha, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 555/2008, (CE) Uimh. 606/2009 agus (CE) Uimh. 607/2009 ón gCoimisiún agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 436/2009 ón gCoimisiún agus Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/560 ón gCoimisiún (IO L 58, 28.2.2018, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2018/273/oj).
(3) Comhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Ceanada maidir le trádáil i bhfíonta agus i ndeochanna biotáilleacha (IO L 35, 6.2.2004, lch. 3, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2004/91/oj).
(4) Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/840 ón gCoimisiún an 12 Márta 2019 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/273 a mhéid a bhaineann le hallmhairiú fíona de thionscnamh Cheanada agus lena ndíolmhaítear miondíoltóirí ó chlár isteach agus amach a bheith acu (IO L 138, 24.5.2019, lch. 74, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2019/840/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2025/1124/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)