|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/1114 |
28.5.2025 |
CINNEADH (AE) 2025/1114 ÓN mBANC CEANNAIS EORPACH
an 20 Bealtaine 2025
maidir le tarmligean na cumhachta chun cinntí áirithe a ghlacadh maidir le smachtbhannaí a fhoilsiú mar gheall ar mhainneachtain cúlchistí íosta a shealbhú (BCE/2025/16)
TÁ BORD FEIDHMIÚCHÁIN AN BHAINC CEANNAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Cheannais Eorpaigh, agus go háirithe d’Airteagail 19.1 agus 34.3 de,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 2532/98 ón gComhairle an 23 Samhain 1998 maidir le cumhachtaí an Bhainc Cheannais Eorpaigh smachtbhannaí a fhorchur (1), agus go háirithe Airteagal 6 (2) de,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 2157/1999 ón mBanc Ceannais Eorpach an 23 Meán Fómhair 1999 maidir le cumhachtaí an Bhainc Cheannais Eorpaigh smachtbhannaí a fhorchur (BCE/1999/4) (2), agus go háirithe Airteagal 9 (1) agus Airteagal 11 de,
De bharr an méid seo a leanas:
|
(1) |
I gcomhréir le hAirteagal 7(1) de Rialachán (CE) Uimh. 2531/98 ón gComhairle (3), i gcás ina mainníonn institiúid na cúlchistí íosta uile a fhorchuirtear i gcomhréir leis an Rialachán sin agus le rialacháin nó cinntí gaolmhara an Bhainc Ceannais Eorpaigh (BCE) a shealbhú, féadfaidh BCE smachtbhanna a fhorchur. |
|
(2) |
De bhun Airteagal 9(1) de Rialachán (CE) Uimh. 2157/1999 (BCE/1999/4), ceanglaítear ar BCE cinntí lena bhforchuirtear smachtbhannaí i gcás sárú ar rialachán nó ar chinneadh BCE a fhoilsiú ar a shuíomh gréasáin oifigiúil gan moill mhíchuí, a luaithe a bheidh an cinneadh críochnaitheach. Ní mór foilsiú a dhéanamh ach amháin má chinneann an Bord Feidhmiúcháin go mbeadh an méid seo a leanas i gceist leis an bhfoilsiú sin: (a) cobhsaíocht na margaí airgeadais nó an chórais airgeadais nó imscrúdú coiriúil atá ar siúl a chur i mbaol; (b) damáiste díréireach a dhéanamh don ghnóthas lena mbaineann, a mhéid is féidir a chinneadh nó (c) foilsiú faisnéise rúnda, a chuirfeadh leasanna dlisteanacha an phobail sa tslándáil i mbaol, amhail slándáil agus cosaint shláine nótaí bainc euro, nó bainistiú slán cibirrioscaí nó rioscaí oibríochtúla do chórais íocaíochta a bhfuil tábhacht shistéamach ag baint leo. Má bhíonn feidhm ag ceann amháin nó níos mó de na himthosca sin, foilseofar cinntí maidir le smachtbhannaí ar bhonn anaithnidithe nó féadfar foilsiú a chur siar. Sna himthosca dá dtagraítear i bpointe (c), féadfaidh BCE a roghnú gan cinneadh lena bhforchuirtear smachtbhanna a fhoilsiú. |
|
(3) |
Mar a shonraítear in Airteagal 11(3) agus (4) de Rialachán (CE) Uimh. 2157/1999 (BCE/1999/4), sula bhforchuirfear aon smachtbhanna i gcás mainneachtain cúlchistí íosta a shealbhú, tabharfaidh an Bord Feidhmiúcháin nó, thar a cheann, an banc ceannais náisiúnta inniúil fógra don ghnóthas lena mbaineann faoin mainneachtain líomhnaithe agus faoin smachtbhanna comhfhreagrach. Ar an bhfógra a fháil, tá an deis ag an ngnóthas lena mbaineann aon fhaisnéis, mínithe nó agóidí i scríbhinn a chur i láthair a d’fhéadfaí a mheas a bheith ábhartha do chinneadh maidir leis an smachtbhanna a fhorchur nó gan é a fhorchur. Áirítear leis sin an fhéidearthacht agóid a dhéanamh i gcoinne fhoilsiú an smachtbhanna ar an mbonn go bhfuil feidhm ag ceann amháin nó níos mó de na heisceachtaí ar fhoilsiú a leagtar síos in Airteagal 9(1) de Rialachán (CE) Uimh. 2157/1999 (BCE/1999/4). I gcás den sórt sin, má tá an banc ceannais náisiúnta inniúil ag gníomhú thar ceann an Bhoird Feidhmiúcháin, cuirfidh sé an comhad ar aghaidh gan moill mhíchuí chuig an mBord Feidhmiúcháin, agus cinnfidh an Bord Feidhmiúcháin ansin an bhfuil feidhm ag eisceacht den sórt sin maidir le foilsiú. |
|
(4) |
Ceanglaítear ar an mBord Feidhmiúcháin líon suntasach cinntí a ghlacadh gach bliain maidir le cé acu atá nó nach bhfuil feidhm ag eisceacht ó fhoilsiú smachtbhannaí i gcás nach sealbhaítear cúlchistí íosta. Chun an próiseas cinnteoireachta a éascú, is gá cumhachtaí cinnteoireachta a tharmligean i ndáil le cinntí den sórt sin a ghlacadh. Tá sé aitheanta ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh go bhfuil tarmligean riachtanach agus iomchuí chun a chumasú d’institiúid a gceanglaítear uirthi líon suntasach cinntí a ghlacadh a cuid dualgas a chomhlíonadh. Ar an gcaoi chéanna, d’aithin sí gur gá a áirithiú gur féidir le comhlachtaí cinnteoireachta feidhmiú, agus gur prionsabal é sin a bhaineann go dlúth leis na córais institiúideacha uile. |
|
(5) |
Ba cheart cinntí den sórt sin a tharmligean chuig an gcomhalta den Bhord Feidhmiúcháin dá dtuairiscíonn an Ard-Stiúrthóireacht um Sheirbhísí Dlí, agus chuig an gcomhalta den Bhord Feidhmiúcháin dá dtuairiscíonn an Ard-Stiúrthóireacht um Oibríochtaí Margaidh, ag gníomhú go comhpháirteach dó. |
|
(6) |
Ba cheart tarmligean cumhachtaí cinnteoireachta a bheith teoranta agus comhréireach, agus ba cheart raon feidhme an tarmligin a shainiú go soiléir. Ba cheart raon feidhme an tarmligin a leagtar síos sa Chinneadh seo a theorannú don chumhacht cinntí a ghlacadh maidir le smachtbhannaí a fhoilsiú as mainneachtain cúlchistí íosta a shealbhú nach n-imíonn ón riail ghinearálta a leagtar síos in Airteagal 9(1) de Rialachán (CE) Uimh. 2157/1999 (BCE/1999/4), ar dá réir ba cheart cinntí lena bhforchuirtear smachtbhannaí i gcás sárú ar rialachán nó ar chinneadh BCE a fhoilsiú. Cinntí maidir le smachtbhannaí a fhoilsiú i gcás ina bhfuil eilimintí nua ann nó i gcás ina bhfuil feidhm ag eisceacht maidir le foilsiú, ba cheart iad a eisiamh ó raon feidhme an tarmligin agus ba cheart iad a fhágáil faoin mBord Feidhmiúcháin. |
|
(7) |
Chun rialú an Bhoird Feidhmiúcháin mar an tarmligean a chosaint, ba cheart na cinntí a dhéanann comhaltaí an Bhoird Feidhmiúcháin dá ndeonaítear an tarmligean a thuairisciú go bliantúil don Bhord Feidhmiúcháin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Tarmligean na cumhachta chun cinntí áirithe a ghlacadh maidir le smachtbhannaí a fhoilsiú mar gheall ar mhainneachtain cúlchistí íosta a shealbhú
Déanann an Bord Feidhmiúcháin an chumhacht a tharmligean chuig an gcomhalta den Bhord Feidhmiúcháin dá dtuairiscíonn an Ard-Stiúrthóireacht um Sheirbhísí Dlí agus chuig an gcomhalta den Bhord Feidhmiúcháin dá dtuairiscíonn an Ard-Stiúrthóireacht um Oibríochtaí Margaidh, cinntí áirithe a dhéanamh go comhpháirteach, i gcomhréir le hAirteagal 2, maidir le foilsiú smachtbhannaí i gcás nach sealbhaítear na cúlchistí íosta arna bhforchur de bhun Airteagal 7(1) de Rialachán (CE) Uimh 2531/98.
Airteagal 2
Critéir maidir le cinntí tarmligthe a ghlacadh
Déanfar cinntí maidir le smachtbhannaí a fhoilsiú i gcás nach sealbhaítear cúlchistí íosta a ghlacadh de bhun tharmligean na gcumhachtaí a leagtar síos in Airteagal 1 i gcás ina gcomhlíontar na critéir seo a leanas:
|
(a) |
tá agóid déanta ag an ngnóthas lena mbaineann i gcoinne smachtbhanna a fhoilsiú as mainneachtain cúlchistí íosta a shealbhú, ach ní i gcoinne an smachtbhanna féin; |
|
(b) |
tá na hagóidí i gcoinne an fhoilsithe arna n-ardú ag an ngnóthas lena mbaineann agus measúnú teicniúil agus dlíthiúil BCE ar na hagóidí sin cosúil leis na hagóidí sin atá mar bhonn le cinntí a rinneadh roimhe seo maidir le smachtbhannaí a fhoilsiú i gcás nach sealbhaítear cúlchistí íosta atá déanta ag an mBord Feidhmiúcháin; |
|
(c) |
is é an measúnú teicniúil agus dlíthiúil a luaitear i bpointe (b) is bonn leis an gcinneadh nach bhfuil feidhm ag aon cheann de na heisceachtaí dá bhforáiltear in Airteagal 9(1) de Rialachán (CE) Uimh. 2157/1999 (BCE/1999/4) agus gur cheart an smachtbhanna a fhoilsiú; |
|
(d) |
an banc ceannais náisiúnta inniúil a thug fógra don ghnóthas lena mbaineann, ag gníomhú dó thar ceann an Bhoird Feidhmiúcháin, faoin mainneachtain líomhnaithe cúlchistí íosta a shealbhú agus faoin smachtbhanna comhfhreagrach, aontaíonn sé leis an measúnú dá dtagraítear i bpointe (c). |
Airteagal 3
Oibleagáid tuairiscithe
Na comhaltaí den Bhord Feidhmiúcháin a dtuairisceoidh Ard-Stiúrthóireacht na Seirbhísí Dlí agus an Ard-Stiúrthóireacht d’Oibríochtaí an Mhargaidh dóibh go comhpháirteach, tuairisceoidh siad go comhpháirteach don Bhord Feidhmiúcháin ar bhonn bliantúil maidir le haon chinneadh a rinneadh de bhun Airteagal 1 le linn na bliana féilire roimhe sin.
Airteagal 4
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar an deichiú lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh in Frankfurt am Main, an 20 Bealtaine 2025.
Uachtarán BCE
Christine LAGARDE
(1) IO L 318, 27.11.1998, lch. 4, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/1998/2532/oj.
(2) IO L 264, 12.10.1999, lch. 21, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/1998/2532/oj.
(3) Rialachán (CE) Uimh. 2531/98 ón gComhairle an 23 Samhain 1998 maidir le cúlchistí íosta a chur i bhfeidhm ag an mBanc Ceannais Eorpach (IO L 318, 27.11.1998, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/1998/2531/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/1114/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)