|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/1109 |
28.5.2025 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/1109 ÓN gCOIMISIÚN
an 26 Bealtaine 2025
lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/638 maidir le bearta éigeandála áirithe a bhaineann le hionfhabhtú le plá na n-athchogantach beag sa Rómáin
(tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2025) 3506)
(Is é an téacs Rómáinise amháin atá barántúil)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (‘Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe’) (1), agus go háirithe Airteagal 259(1) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Is galar víreasach tógálach é ionfhabhtú le plá na n-athchogantach beag a bhíonn ar ainmhithe den chineál gabhair agus den chineál caorach agus d’fhéadfadh tionchar tromchúiseach a bheith aige ar an daonra ainmhithe lena mbaineann agus ar bhrabúsacht na feirmeoireachta, rud a chuirfeadh isteach ar ghluaiseacht choinsíneachtaí na n-ainmhithe sin agus a dtáirgí laistigh den Aontas agus ar onnmhairí go tríú tíortha. |
|
(2) |
I gcás ráig d’ionfhabhtú le plá na n-athchogantach beag in ainmhithe den chineál gabhair nó den chineál caorach, tá riosca tromchúiseach ann go leathfadh an galar sin go bunaíochtaí eile ainmhithe den chineál gabhair nó den chineál caorach. |
|
(3) |
Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 ón gCoimisiún (2) forlíontar na rialacha maidir le rialú na ngalar liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 9(1), pointí (a), (b) agus (c) de Rialachán (AE) 2016/429, agus a shainmhínítear mar ghalair de chatagóirí A, B agus C i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1882 ón gCoimisiún (3). Go háirithe, déantar foráil le hAirteagail 21 agus 22 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 maidir le crios srianta a bhunú i gcás ráig de ghalar de chatagóir A, lena n-áirítear ionfhabhtú le plá na n-athchogantach beag, agus maidir le bearta áirithe a bheidh le cur i bhfeidhm ann. Ina theannta sin, déantar foráil le hAirteagal 21(1) den Rialachán Tarmligthe sin go gcuimseoidh an crios srianta crios cosanta, crios faireachais, agus, más gá, criosanna srianta breise timpeall na gcriosanna cosanta agus faireachais nó cóngarach dóibh. |
|
(4) |
Glacadh Cinneadh Cur Chun Feidhme 2025/638 ón gCoimisiún (4) ar bhonn Rialachán (AE) 2016/429 agus leagtar síos ann bearta éigeandála áirithe a bhaineann le hionfhabhtú le plá na n-athchogantach beag sa Rómáin mar fhreagairt ar an ráig a deimhníodh an 5 Márta 2025 i gcontae Bihor. Go sonrach, déantar foráil le hAirteagal 1 de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/638 maidir leis na criosanna cosanta, na criosanna faireachais agus na criosanna srianta breise atá le bunú ag an mBallstát sin, i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, go gcuimseoidh na criosanna sin ar a laghad na limistéir a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gCinneadh Cur Chun Feidhme sin. |
|
(5) |
Ina theannta sin, déantar foráil le hAirteagal 2 de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/638 go bhfuil an Rómáin chun na bearta is infheidhme a chur i bhfeidhm maidir le criosanna srianta breise, dá bhforáiltear i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, sna limistéir a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gCinneadh Cur Chun Feidhme sin, agus go dtí na dátaí a liostaítear san Iarscríbhinn sin. Foráiltear le hAirteagal 2 de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/638 freisin go mbeidh toirmeasc ar ghluaiseachtaí ainmhithe de chineál caorach agus de chineál gabhair lasmuigh d’imlínte seachtracha na limistéar sin go dtí na dátaí a liostaítear le haghaidh gach limistéir san Iarscríbhinn sin. Tá gá leis sin chun a áirithiú go mbeidh feidhm ag na bearta dá bhforáiltear in Airteagal 2 de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/638, go háirithe go mbeidh feidhm ag an toirmeasc ar ghluaiseachtaí ainmhithe de chineál caorach agus de chineál gabhair ar feadh tréimhse áirithe ama, tar éis dhul in éag dhátaí na mbeart dá bhforáiltear sna criosanna cosanta agus faireachais, mar a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gCinneadh Cur Chun Feidhme sin. |
|
(6) |
Ó glacadh Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/638, ní leor iad fós na sonraí atá ar fáil maidir le faireachas galair i gContae Bihor chun meastóireacht a dhéanamh ar an staid eipidéimeolaíoch maidir le hionfhabhtú le plá na n-athchogantach beag. Dá bhrí sin, is gá Contae Bihor a choinneáil laistigh de na limistéir ina bhfuil feidhm le bheith ag na bearta is infheidhme maidir le criosanna srianta breise, dá bhforáiltear i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687. Go háirithe, ba cheart leanúint de thoirmeasc a chur ar ghluaiseacht ainmhithe de chineál caorach agus de chineál gabhair ó Chontae Bihor chuig limistéir lasmuigh d’imlínte seachtracha an chontae sin. I bhfianaise na staide eipidéimeolaíche atá ann faoi láthair i gcontae Bihor, is gá síneadh a chur le fad an chreasa shrianta breise go dtí an 30 Meán Fómhair 2025. Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/638 a leasú dá réir. |
|
(7) |
I bhfianaise phráinn na staide eipidéimeolaíche san Aontas a mhéid a bhaineann le leathadh an ionfhabhtaithe le plá na n-athchogantach beag agus an ghá atá ann cosc a chur ar leathadh an ghalair sin ó na bunaíochtaí atá buailte sa Rómáin go codanna eile den Bhallstát sin nó go Ballstáit eile, ba cheart feidhm a bheith ag na leasuithe atá le déanamh ar Airteagal II de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/638 leis an gCinneadh seo, a luaithe is féidir. |
|
(8) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an téacs a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo in ionad Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/638.
Airteagal 2
Is chuig an Rómáin a dhírítear an Cinneadh seo.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 26 Bealtaine 2025.
Thar ceann an Choimisiúin
Olivér VÁRHELYI
Comhalta den Choimisiún
(1) IO L 84, 31.3.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/429/oj.
(2) Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le galair liostaithe áirithe a chosc agus a rialú (IO L 174, 3.6.2020, lch. 64, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2020/687/oj).
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1882 ón gCoimisiún an 3 Nollaig 2018 maidir le rialacha áirithe coiscthe agus rialaithe galar a chur i bhfeidhm i leith catagóirí galar liostaithe agus lena mbunaítear liosta speiceas agus grúpaí speiceas a bhfuil riosca suntasach ag gabháil leo maidir le leathadh na ngalar liostaithe sin (IO L 308, 4.12.2018, lch. 21, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2018/1882/oj).
(4) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/638 ón gCoimisiún an 25 Márta 2025 maidir le bearta éigeandála áirithe a bhaineann le hionfhabhtú le plá na n-athchogantach beag sa Rómáin agus lena n-aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/525 (IO L, 2025/638, 28.3.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/638/oj).
IARSCRÍBHINN
‘IARSCRÍBHINN II
|
Tír |
Limistéar riaracháin |
Limistéir dá dtagraítear in Airteagal 2 |
An dáta a bheidh sé infheidhme go dtí |
|
An Rómáin |
Contae Bihor |
Críoch iomlán chontae Bihor |
30.9.2025 |
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/1109/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)