European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/1092

3.6.2025

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/1092 ÓN gCOIMISIÚN

an 2 Meitheamh 2025

lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún chun liosta na substaintí gníomhacha atá formheasta nó a mheastar a bheith formheasta faoi Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a thabhairt cothrom le dáta

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoir 79/117/CEE agus Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 78(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

San Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (2), liostaítear na substaintí gníomhacha atá formheasta nó a mheastar a bheith formheasta faoi Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009.

(2)

I gcás na substaintí gníomhacha granalaivíreas Adoxophyes orana, aigéad L-ascorbach, Bacillus firmus I-1582, Bacillus pumilus QST 2808, bispireabac, crómaifeinisíd, dóideamorf, feinpiorasaimín, fluibeindé-aimíd, fluimeitrilin, gáma-ciahalaitrin, meiptildéineacap, meiteaflumasón, peanfluifein, olaí plandaí/ola citronella, pireadailil, spíonatóram, spirimeisifein, spiriteitreamat agus Víreas Mósáice Buí Cuirséid - tréithchineál lag, ar substaintí iad atá liostaithe faoi láthair san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011, níor cuireadh isteach iarratais ar athnuachan nó cuireadh isteach iarratais agus tarraingíodh siar iad agus tar éis dul in éag dá dtréimhsí formheasa, níl siad formheasta a thuilleadh nó ní mheastar iad a bheith formheasta. Dá bhrí sin, ba cheart na substaintí gníomhacha sin a scriosadh ón Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ar mhaithe le soiléireacht agus trédhearcacht.

(3)

Liostaítear tréithchineálacha T11 agus IMI 206040 de Trichoderma atroviride (ar a dtugtaí T. harzianum roimhe seo) le chéile mar iontráil aonair i gCuid A den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011. I gcás thréithchineál IMI 206040 níor cuireadh isteach iarratas ar athnuachan agus tar éis dul in éag dá thréimhse formheasa, ní mheastar é a bheith formheasta a thuilleadh. Dá bhrí sin, ba cheart an tréithchineál sin a scriosadh ón Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ar mhaithe le soiléireacht agus trédhearcacht.

(4)

Aigéad caprach, aigéad capraileach, aigéid shailleacha C7-C18 agus salainn photaisiam neamhsháithithe C18, agus eistir mheitile d’aigéid shailleacha C8-C10 (deacánóáit mheitile agus ochtánóáit mheitile), aigéad lárach, aigéad oiléach agus aigéad peileargónach, liostaítear le chéile iad mar iontráil aonair i gCuid A den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011. I gcás eistir mheitile d’aigéid shailleacha C8-C10 (deacánóáit mheitile agus ochtánóáit mheitile), aigéad lárach agus aigéad oiléach, níor cuireadh isteach iarratais ar athnuachan agus tar éis dul in éag dá dtréimhsí formheasa, ní mheastar iad a bheith formheasta a thuilleadh. Dá bhrí sin, ba cheart na substaintí gníomhacha sin a scriosadh ón Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ar mhaithe le soiléireacht agus trédhearcacht.

(5)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a leasú dá réir sin.

(6)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 2 Meitheamh 2025.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 309, 24.11.2009, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2009/1107/oj.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún an 25 Bealtaine 2011 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le liosta na substaintí gníomhacha formheasta (IO L 153, 11.6.2011, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2011/540/oj).


IARSCRÍBHINN

Leasaítear mar a leanas an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011:

1.

Leasaítear Cuid A mar a leanas:

(1)

scriostar iontráil 240, olaí plandaí/ola citronella agus iontráil 264, dóideamorf;

(2)

(a)

cuirtear an iontráil seo a leanas in ionad iontráil 204, Trichoderma atroviride (ar a dtugtaí T. harzianum roimhe seo):

Uimhir

Gnáthainm, Uimhreacha Aitheantais

Ainm IUPAC

Íonacht (1)

Dáta formheasa

Dul in éag an fhormheasa

Forálacha sonracha

‘204

Trichoderma atroviride

(ar a dtugtaí T. harzianum roimhe seo)

TRÉITHCHINEÁL: T-11

Bailiúchán saothrán: Uimh.

Bailiúchán na Spáinne de shaothráin tíopaí CECT 20498, díreach comhionann le IMI 352941

Ní bhaineann le hábhar

Gan eisíontas ábhartha

1 Bealtaine 2009

30 Samhain 2026

CUID A

Ní fhéadfar ach úsáidí mar fhuingicíd a údarú.

CUID B

Maidir le cur chun feidhme na bprionsabal aonfhoirmeach dá dtagraítear in Airteagal 29(6) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, cuirfear san áireamh conclúidí na tuarascála maidir le hathbhreithniú i ndáil le Trichoderma atroviride (ar a dtugtaí T. harzianum roimhe seo) T-11 (SANCO/1841/2008), agus go háirithe Foscríbhinní I agus II di, arna dtabhairt chun críche sa Bhuanchoiste um an mBiashlabhra agus um Shláinte Ainmhithe.

Áireofar ar na coinníollacha úsáide, i gcás inarb iomchuí, bearta maolaithe riosca.’

(b)

cuirtear an iontráil seo a leanas in ionad iontráil 230, aigéid shailleacha C7 go C20:

Uimhir

Gnáthainm,

Uimhreacha Aitheantais

Ainm IUPAC

Íonacht (2)

Dáta formheasa

Dul in éag an fhormheasa

Forálacha sonracha

‘230

Aigéid shailleacha C7 go C20

Uimh. CAS 112-05-0 (Aigéad Peileargónach)

Uimh. CAS 67701-09-1 (Aigéid shailleacha C7-C18 agus salainn photaisiam neamhsháithithe C18)

124-07-2 (Aigéad Capraileach)

334-48-5 (Aigéad Caprach)

Uimh. CIPAC: gan aon uimhir sannta

Aigéad naonánóch

Aigéad Capraileach, Aigéad Caprach (ISO i ngach cás)

Aigéad Ochtánóch, Aigéad Deacánóch (IUPAC i ngach cás)

≥ 889 g/kg (Aigéad Peileargónach)

≥ 838 g/kg aigéid shailleacha

1 Meán Fómhair 2009

1 Nollaig 2026

CUID A

Ní fhéadfar ach úsáidí mar fheithidicíd, acairicíd, agus luibhicíd agus rialaitheoir fáis plandaí a údarú.

CUID B

Maidir le cur chun feidhme na bprionsabal aonfhoirmeach dá dtagraítear in Airteagal 29(6) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, cuirfear san áireamh conclúidí na tuarascála maidir le hathbhreithniú i ndáil le haigéid shailleacha (SANCO/2610/2008), agus go háirithe Foscríbhinní I agus II di, arna dtabhairt chun críche sa Bhuanchoiste um an mBiashlabhra agus um Shláinte Ainmhithe.

Áireofar ar na coinníollacha úsáide, i gcás inarb iomchuí, bearta maolaithe riosca.’

2.

I gCuid B, scriostar na hiontrálacha seo a leanas:

(1)

iontráil 1, bispireabac;

(2)

iontráil 25, feinpiorasaimín;

(3)

iontráil 26, granalaivíreasAdoxophyes orana;

(4)

iontráil 30, Víreas Mósáice Buí Cuirséid - tréithchineál lag;

(5)

iontráil 36, Bacillus firmus I-1582;

(6)

iontráil 41, spirimeisifein;

(7)

iontráil 55, peanfluifein;

(8)

iontráil 60, spiriteitreamat;

(9)

iontráil 64, pireadailil;

(10)

iontráil 66, aigéad L-ascorbach;

(11)

iontráil 67, spíonatóram;

(12)

iontráil 74, fluibeindé-aimíd;

(13)

iontráil 75, Bacillus pumilus QST 2808;

(14)

iontráil 78, meiteaflumasón;

(15)

iontráil 80, meiptildéineacap;

(16)

iontráil 81, crómaifeinisíd;

(17)

iontráil 82, gáma-ciahalaitrin.

3.

I gCuid E, scriostar iontráil 1, fluimeitrilin.


(1)  Sa tuarascáil athnuachana soláthraítear mionsonraí breise maidir le haitheantas agus sonraíocht na substainte gníomhaí.

(2)  Sa tuarascáil athnuachana soláthraítear mionsonraí breise maidir le haitheantas agus sonraíocht na substainte gníomhaí.


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1092/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)