|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/1085 |
26.5.2025 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/1085 ÓN gCOIMISIÚN
an 22 Bealtaine 2025
lena leasaítear Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 a mhéid a bhaineann leis na hiontrálacha a bhaineann le Ceanada, leis an Ríocht Aontaithe agus leis na Stáit Aontaithe ar na liostaí de thríú tíortha, de chríocha nó de chriosanna de thríú tír nó de chríoch atá údaraithe maidir le coinsíneachtaí d’éanlaith chlóis agus de tháirgí geirmeacha ó éanlaith chlóis, agus d’fheoil úr ó éanlaith chlóis agus ó éin ghéim a theacht isteach san Aontas
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (‘Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe’) (1), agus go háirithe Airteagal 230(1) agus Airteagal 232(1) agus (3) de.
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Foráiltear le Rialachán (AE) 2016/429 nach mór do choinsíneachtaí d’ainmhithe, de tháirgí geirmeacha agus de tháirgí de bhunadh ainmhíoch a theacht ó thríú tír nó ó chríoch, nó ó chrios nó ó dheighleog de thríú tír nó de chríoch, a liostaítear i gcomhréir le hAirteagal 230(1) den Rialachán sin chun teacht isteach san Aontas. |
|
(2) |
Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 ón gCoimisiún (2) leagtar síos na ceanglais sláinte ainmhithe nach mór do choinsíneachtaí de speicis agus catagóirí áirithe d’ainmhithe, de tháirgí geirmeacha agus de tháirgí de bhunadh ainmhíoch a chomhlíonadh chun teacht isteach san Aontas ó thríú tíortha nó ó chríocha nó ó chriosanna de thríú tír nó de chríoch, nó ó dheighleoga de thríú tír nó de chríoch i gcás ainmhithe uisceacha. |
|
(3) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 ón gCoimisiún (3) leagtar síos na liostaí de thríú tíortha, nó de chríocha nó criosanna de thríú tír nó de chríoch, óna gceadaítear na speicis agus na catagóirí ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch a thagann faoi raon feidhme Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 a theacht isteach san Aontas. Déantar na liostaí sin agus rialacha ginearálta áirithe maidir leis na liostaí sin a leagan amach in Iarscríbhinní I go XXII a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme sin. |
|
(4) |
Go háirithe, le hIarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 leagtar amach na liostaí de thríú tíortha, nó de chríocha, nó de chriosanna de thríú tír nó de chríoch atá údaraithe maidir le coinsíneachtaí d’éanlaith chlóis agus de tháirgí geirmeacha ó éanlaith chlóis, agus d’fheoil úr ó éanlaith chlóis agus ó éin ghéim a theacht isteach san Aontas. |
|
(5) |
Tá fógra tugtha ag Ceanada don Choimisiún faoi dhá ráig nua den fhliú éanúil ardphataigineach in éanlaith chlóis i gcúigí Manitoba agus Oileán Prince Edward, ráigeanna a deimhníodh an 7 Bealtaine 2025 agus an 15 Bealtaine 2025, faoi seach, le hanailís saotharlainne (ISP-CT). |
|
(6) |
Tá fógra tugtha ag na Stáit Aontaithe don Choimisiún faoi chúig ráig nua den fhliú éanúil ardphataigineach in éanlaith chlóis i stáit Florida, Illinois, New Jersey, North Dakota, agus South Dakota, ráigeanna a deimhníodh idir an 2 Bealtaine 2025 agus an 13 Bealtaine 2025 le hanailís saotharlainne (ISP-CT). |
|
(7) |
Tar éis na ráigeanna sin den fhliú éanúil ardphataigineach a tharla le déanaí, bhunaigh údaráis tréidliachta Cheanada agus na Stát Aontaithe criosanna srianta de 10 km ar a laghad timpeall ar na bunaíochtaí a bhí buailte agus chuir siad beartas díothaithe chun feidhme chun láithreacht an fhliú éanúil ardphataiginigh a rialú agus chun teorainn a chur le leathadh an ghalair sin. |
|
(8) |
Tá faisnéis curtha faoi bhráid an Choimisiúin ag Ceanada agus ag na Stáit Aontaithe maidir leis an staid eipidéimeolaíoch ar a gcríocha féin agus maidir leis na bearta atá déanta acu chun leathadh breise an fhliú éanúil ardphataiginigh a chosc tar éis na ráigeanna sin den an fhliú éanúil ardphataigineach a tharla le déanaí. |
|
(9) |
Rinne an Coimisiún meastóireacht ar an bhfaisnéis sin. I bhfianaise na staide sláinte ainmhithe sna limistéir atá faoi shrianta arna mbunú ag údaráis tréidliachta Cheanada, ba cheart teacht isteach coinsíneachtaí d’éanlaith chlóis agus de tháirgí geirmeacha ó éanlaith chlóis, agus d’fheoil úr ó éanlaith chlóis agus ó éin ghéim ó na limistéir sin lena mbaineann na ráigeanna a tharla le déanaí a chur ar fionraí san Aontas, chun stádas sláinte ainmhithe an Aontais a chosaint. Dá bhrí sin, ba cheart na hiontrálacha a bhaineann le Ceanada agus leis na Stáit Aontaithe sna táblaí a leagtar amach i Roinn B, Cuid 1 agus i gCuid 2 d’Iarscríbhinn V, agus sa tábla a leagtar amach i Roinn B, Cuid 1 d’Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 a leasú dá réir. |
|
(10) |
Ina theannta sin, tá faisnéis nuashonraithe soláthraithe ag Ceanada, ag an Ríocht Aontaithe agus ag na Stáit Aontaithe don Choimisiúin maidir leis an staid eipidéimeolaíoch ar a gcríocha a mhéid a bhaineann leis an bhfliú éanúil ardphataigineach ba chúis le teacht isteach coinsíneachtaí d’éanlaith chlóis agus de tháirgí geirmeacha ó éanlaith chlóis, agus feola úire ó éanlaith chlóis agus ó éin ghéim san Aontas a chur ar fionraí, mar a leagtar amach in Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404. |
|
(11) |
An 24 Aibreán 2025 agus an 1 Bealtaine 2025, chuir Ceanada isteach faisnéis cothrom le dáta maidir leis an staid eipidéimeolaíoch i ndáil le dhá ráig den fhliú éanúil ardphataigineach in éanlaith chlóis i gcúigí Talamh an Éisc agus Labradar agus Ontario, ráigeanna a deimhníodh an 12 Feabhra 2025 agus an 28 Feabhra 2025, faoi seach, le hanailís saotharlainne (ISP-CT). |
|
(12) |
An 14 Bealtaine 2025 agus an 15 Bealtaine 2025, chuir an Ríocht Aontaithe faisnéis nuashonraithe isteach maidir leis an staid sláinte ainmhithe agus na bearta atá déanta aici i ndáil le 8 ráig den fhliú éanúil ardphataigineach in éanlaith chlóis i gcontaetha Devon (1), Durham (1), Hampshire (2), Norfolk (1), agus Yorkshire Thuaidh (3), ráigeanna a deimhníodh idir an 31 Eanáir 2025 agus an 4 Aibreán 2025 le hanailís saotharlainne (ISP-CT). |
|
(13) |
An 13 Bealtaine 2025, chuir na Stáit Aontaithe faisnéis nuashonraithe isteach maidir leis an staid sláinte ainmhithe agus na bearta atá déanta acu i ndáil le 61 ráig den fhliú éanúil ardphataigineach in éanlaith chlóis in Arkansas (3), California (8), Delaware (1), Illinois (2), Indiana (5), Iowa (3), Maryland (4), Mississippi (1), Missouri (15), Montana (1), Nua Eabhrac (2), North Carolina (3), North Dakota (2), Ohio (4), Pennsylvania (6), agus Virginia (1), ráigeanna a deimhníodh idir an 12 Samhain 2024 agus 20 Márta 2025 le hanailís saotharlainne (ISP-CT). |
|
(14) |
Tar éis na ráigeanna sin den fhliú éanúil ardphataigineach, chuir Ceanada, an Ríocht Aontaithe agus na Stáit Aontaithe an Coimisiún ar an eolas gur chuir siad beartas díothaithe chun feidhme chun leathadh an ghalair sin a rialú agus chun teorainn a chur leis, agus gur chuir siad na bearta glantacháin agus díghalraithe is gá i gcrích freisin tar éis an beartas díothaithe maidir leis na bunaíochtaí éanlaithe clóis ionfhabhtaithe a chur chun feidhme ar a gcríoch. |
|
(15) |
Tá meastóireacht déanta ag an gCoimisiún ar an bhfaisnéis a chuir Ceanada, an Ríocht Aontaithe agus na Stáit Aontaithe faoina bhráid agus measann sé go bhfuil ráthaíochtaí iomchuí tugtha acu nach bagairt do shláinte ainmhithe ná do shláinte phoiblí laistigh den Aontas a thuilleadh í an staid sláinte ainmhithe ba chúis le teacht isteach coinsíneachtaí d’éanlaith chlóis agus de tháirgí geirmeacha ó éanlaith chlóis, agus d’fheoil úr ó éanlaith chlóis agus ó éin ghéim san Aontas a chur ar fionraí ó na criosanna atá buailte, mar a leagtar amach in Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404, agus, dá bhrí sin, maidir le teacht isteach na gcoinsíneachtaí sin san Aontas ó na criosanna atá buailte sa i gCeanada, sa Ríocht Aontaithe agus sna Stáit Aontaithe, óna raibh a dteacht isteach san Aontas curtha ar fionraí, ba cheart é a athúdarú. Dá bhrí sin, ba cheart na hiontrálacha a bhaineann leis na tríú tíortha sin sna táblaí a leagtar amach i Roinn B, Cuid 1 agus i gCuid 2 d’Iarscríbhinn V, agus sa tábla a leagtar amach i Roinn B, Cuid 1 d’Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 a leasú dá réir. |
|
(16) |
Agus na ráigeanna nua den fhliú éanúil ardphataigineach atá ann i gCeanada agus sna Stáit Aontaithe á gcur san áireamh agus chun aon chur isteach neamhriachtanach ar thrádáil le Ceanada, leis an Ríocht Aontaithe agus leis na Stáit Aontaithe a sheachaint, ba cheart éifeacht a bheith leis na leasuithe atá le déanamh ar Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 leis an Rialachán seo mar ábhar práinne. |
|
(17) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 22 Bealtaine 2025.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 84, 31.3.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/429/oj.
(2) Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 ón gCoimisiún an 30 Eanáir 2020 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha i dtaobh teacht isteach san Aontas, agus gluaiseacht agus láimhseáil coinsíneachtaí ainmhithe áirithe, táirgí geirmeacha áirithe agus táirgí áirithe de bhunadh ainmhíoch tar éis iad a thabhairt isteach (IO L 174, 3.6.2020, lch. 379, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2020/692/oj).
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 ón gCoimisiún an 24 Márta 2021 lena leagtar síos na liostaí de thríú tíortha, de thríú críocha nó de chriosanna díobh óna gceadaítear ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch teacht isteach san Aontas i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 114, 31.3.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/404/oj).
IARSCRÍBHINN
Leasaítear Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 mar a leanas:
|
(1) |
leasaítear Iarscríbhinn V mar a leanas:
|
|
(2) |
in Iarscríbhinn XIV, i gCuid 1, leasaítear Roinn B mar a leanas:
|
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1085/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)