|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/1081 |
27.5.2025 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/1081 ÓN gCOMHAIRLE
an 26 Bealtaine 2025
lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2024/1485 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Rúis
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/1485 ón gComhairle an 27 Bealtaine 2024 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Rúis (1), agus go háirithe Airteagal 17(4) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 27 Bealtaine 2024, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) 2024/1485. |
|
(2) |
Ar bhonn athbhreithnithe ar Chinneadh (CBES) 2024/1484 (2), measann an Chomhairle gur cheart na hiontrálacha maidir le beirt daoine nádúrtha a leasú. |
|
(3) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) 2024/1485 a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) 2024/1485 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 26 Bealtaine 2025.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
C. SIEKIERSKI
(1) IO L, 2024/1485, 27.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1485/oj.
(2) Cinneadh (CBES) 2024/1484 an 27 Bealtaine 2024 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Rúis (IO L, 2024/1484, 27.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1484/oj.)
IARSCRÍBHINN
In Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) 2024/1485, i roinn ‘A. Daoine nádúrtha’ cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontrálacha 11 agus 18:
|
|
Ainm |
Faisnéis aitheantais |
Ráiteas ar chúiseanna |
Dáta an liostaithe |
|
‘11. |
Kirill Sergeevich NIKIFOROV (Кирилл Сергеевич НИКИФОРОВ) |
Feidhm: Breitheamh de Chúirt Réigiúnach Réigiún Vladimir Iarbhreitheamh de Chúirt Chathair Kovrov de Réigiún Vladimir Dáta breithe: 14.3.1992 Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: fireann |
Ba bhreitheamh é Kirill Sergeevich Nikiforov de Chúirt Chathair Kovrov de Réigiún Vladimir. Ó 2022 i leith, bhí baint dhíreach aige le dálaí céastóireachta a chruthú do Alexei Navalny agus na dálaí sin a choinneáil ar bun trí dhiúltú arís is arís eile do mhaímh Alexei Navalny i gcoinne choilíneacht phionósach IK-6 faoin mbealach ar caitheadh leis, áit a raibh pianbhreith 12 bhliain á cur isteach aige mar thoradh ar ionchúiseamh ar chúiseanna polaitiúla. Dá bhrí sin, tá Kirill Sergeevich Nikiforov freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa Rúis, lena n-áirítear céastóireacht, agus íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach, gabhálacha gan chúis, agus sáruithe ar an tsaoirse tuairimíochta, agus ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh. Tá sé gníomhach go fóill sa chóras breithiúnach sa Rúis agus i mí na Nollag 2024 tugadh ardú céime dó go post mar bhreitheamh i gCúirt Réigiúnach Réigiún Vladimir. |
27.5.2024 |
|
18. |
Oksana Vasilyevna DEMYASHEVA (Оксана Васильевна ДЕМЯШЕВА) |
Feidhm: Leas-Chathaoirleach ar Chúirt Dúiche Kalininsky i gCathair Pheadair Iarbhreitheamh de Chúirt Dúiche Vasileostrovsky i gCathair Pheadair Dáta breithe: 10.3.1980 Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: baineann |
Sa phost a bhí aici mar bhreitheamh i gCúirt Dúiche Vasileostrovsky i gCathair Pheadair, ghearr Oksana Vasilyevna Demyasheva pianbhreith 7 mbliana ar Alexandra Skochilenko, ealaíontóir, ar chúiseanna a bhfuil údar polaitiúil leo as ucht “bréagnuacht”, mar a thugtar uirthi, faoi arm na Rúise a scaipeadh. Gabhadh Skochilenko as clibeanna praghais in ollmhargadh a mhalartú le greamáin in aghaidh an chogaidh. Bhí sí ar dhuine de na chéad daoine ar gearradh pianbhreith orthu faoin ndlí nua coiriúil lena gcuirtear cosc ar an “bréagnuacht”, mar a thugtar uirthi, faoi arm na Rúise, agus tharraing a triail aird leathan an phobail ar an mbrú gan fasach a bhí uirthi ó riarachán an phríosúin, ón mbreitheamh agus ón ionchúiseamh. Dá bhrí sin, tá an breitheamh Oksana Vasilyevna Demyasheva freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa Rúis, tríd an tsaoirse tuairimíochta agus an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh a shárú. Tá sí gníomhach go fóill sa chóras breithiúnach sa Rúis agus i mí an Mheithimh 2024 ceapadh í ina leaschathaoirleach ar Chúirt Dúiche Kalininsky i gCathair Pheadair. |
27.5.2024’. |
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1081/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)