European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/1073

4.6.2025

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/1073 ÓN gCOIMISIÚN

an 2 Meitheamh 2025

maidir le síneadh a chur leis an ngníomhaíocht a rinne Gníomhaireacht Comhshaoil Lucsamburg lena gceadaítear an táirge bithicídeach Biobor JF a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2025) 3310)

(Is é an téacs Fraincise amháin atá barántúil)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid (1), agus go háirithe Airteagal 55(1), an tríú fomhír, de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 6 Bealtaine 2024 ghlac Gníomhaireacht Comhshaoil Lucsamburg (‘údarás inniúil Lucsamburg’) cinneadh i gcomhréir le hAirteagal 55(1), an chéad fhomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, ionas go gceadófaí an táirge bithicídeach Biobor JF a chur ar fáil ar an margadh d’úsáideoirí gairmiúla, agus a úsáid ag úsáideoirí gairmiúla, chun cóireáil fhrithmhiocróbach a dhéanamh ar umair bhreosla aerárthaí agus ar chórais bhreosla aerárthaí go dtí an 2 Samhain 2024 (‘an ghníomhaíocht’). Chuir údarás inniúil Lucsamburg an Coimisiún agus údaráis inniúla na mBallstát eile ar an eolas faoin ngníomhaíocht agus faoin údar a bhí léi i gcomhréir le hAirteagal 55(1), an dara fomhír, den Rialachán sin.

(2)

De réir na faisnéise a chuir údarás inniúil Lucsamburg ar fáil, bhí gá leis an ngníomhaíocht chun an tsláinte phoiblí a chosaint. Miocrorgánaigh, amhail baictéir, múscán agus giosta, a fhásann i mbodharuisce agus a chothaíonn iad féin ar na hidreacarbóin sa bhreosla a fhaightear ag an gcomhéadan breosla le huisce, is iad is cúis le héilliú miocróbach umar breosla agus córas breosla aerárthaí. I gcás nach ndéantar cóireáil ar éilliú miocróbach umar breosla agus córas breosla aerárthaí, d’fhéadfadh mífheidhmeanna ó thaobh inneall an aerárthaigh de teacht chun cinn agus aeracmhainneacht an aerárthaigh a chur i mbaol, rud a chuirfeadh sábháilteacht paisinéirí agus criúnna i mbaol. Dá bhrí sin, tá sé ríthábhachtach éilliú miocróbach a chosc, agus cóireáil a dhéanamh ar an éilliú sin nuair a bhraitear é, chun fadhbanna oibríochtúla aerárthaí a sheachaint.

(3)

Is iad 2,2’-(1-meitiltrímheitiléindé-ocsa)bios-(4-meitil-1,3,2-dé-ocsabóranán) (uimhir CAS 2665-13-6) agus 2,2’-ocsaibios(4,4,6-trímheitil-1,3,2-dé-ocsabóranán) (uimhir CAS 14697-50-8) na substaintí gníomhacha atá in Biobor JF. Is táirge bithicídeach de chineál táirge 6 é Biobor JF (‘leasaithigh do tháirgí le linn dóibh a bheith á stóráil’), mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012. Níl meastóireacht déanta ar 2,2’-(1-meitiltrímheitiléindé-ocsa)bios-(4-meitil-1,3,2-dé-ocsabóranán) ná ar 2,2’-ocsaibios(4,4,6-trímheitil-1,3,2-dé-ocsabóranán) i ndáil lena n-úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 6. Ós rud é nach liostaítear na substaintí sin i measc na dteaglamaí de shubstaintí/cineálacha táirgí atá i gclár athbhreithnithe an 17 Márta 2022, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1062/2014 ón gCoimisiún (2), níl chuimsítear iad sa chlár oibre chun scrúdú córasach a dhéanamh ar gach substaint ghníomhach atá ann cheana i dtáirgí bithicídeacha, clár oibre dá dtagraítear i Rialachán (AE) Uimh. 528/2012. Dá bhrí sin, níl feidhm ag Airteagal 89 de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 maidir leis na substaintí gníomhacha sin agus ní mór measúnú a dhéanamh orthu agus iad a fhormheas sular féidir táirgí bithicídeacha ina bhfuil na táirgí sin a údarú ar an leibhéal náisiúnta freisin.

(4)

An 18 Samhain 2024 fuair an Coimisiún iarraidh réasúnaithe ó údarás inniúil Lucsamburg chun síneadh a cheadú don ghníomhaíocht i gcomhréir le hAirteagal 55(1), an tríú fomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012. Rinneadh an iarraidh réasúnaithe ar bhonn na himní atá ann go bhféadfadh sábháilteacht an aeriompair a bheith fós i mbaol ó éilliú miocróbach umar breosla agus córas breosla aerárthaí, agus ar bhonn na hargóinte gur gá Biobor JF chun an t-éilliú miocróbach sin a rialú.

(5)

De réir na faisnéise a sholáthair údarás inniúil Lucsamburg, an t-aon táirge bithicídeach malartach amháin arna mholadh ag monaróirí aerárthaí agus monaróirí inneall aerárthaí maidir le héilliú miocróbach a chóireáil, is é sin Kathon™ FP 1.5, tarraingíodh siar ón margadh é i mí an Mhárta 2020 mar gheall ar aimhrialtachtaí tromchúiseacha in innill aerárthaí a tugadh faoi deara tar éis a gcóireála leis an táirge sin. Dá bhrí sin, is é Biobor JF an t-aon táirge amháin atá ar fáil arna mholadh ag monaróirí aerárthaí agus monaróirí inneall aerárthaí le haghaidh na húsáide sin.

(6)

Mar atá curtha in iúl ag údarás inniúil Lucsamburg, ní féidir i gcónaí cóireáil mheicniúil a dhéanamh ar éilliú miocróbach umar breosla agus córas breosla aerárthaí agus, de réir na nósanna imeachta a mholann monaróirí inneall, tá gá le cóireáil le táirge bithicídeach fiú nuair atá glanadh meicniúil indéanta. Thairis sin, le cóireáil mheicniúil chuirfí na hoibrithe i dteagmháil le gáis thocsaineacha agus dá bhrí sin ba cheart í a sheachaint.

(7)

De réir na faisnéise atá ar fáil a soláthraíodh don Choimisiún, tá bearta déanta ag monaróir Biobor JF chun go n-údarófar an táirge. Tá coinne leis go gcuirfear iarratas isteach faoi lár na bliana 2025 ar fhormheas na substaintí gníomhacha atá in Biobor JF. Formheas na substaintí gníomhacha agus údarú an táirge bhithicídigh, is réiteach buan a bheadh sa mhéid sin le haghaidh na todhchaí, ach bheadh gá le tréimhse ama shuntasach le haghaidh chur i gcrích na nósanna imeachta údaraithe agus formheasa sin.

(8)

An easpa rialaithe ar éilliú miocróbach umar breosla agus córas breosla aerárthaí, d’fhéadfadh sé sin sábháilteacht an aeriompair a chur i mbaol, agus ní féidir an baol sin a rialú go leordhóthanach trí tháirge bithicídeach eile a úsáid ná ar mhodhanna eile. Dá bhrí sin, is iomchuí cead a thabhairt d’údarás inniúil Lucsamburg síneadh a chur leis an ngníomhaíocht.

(9)

Ós rud é go ndeachaigh an ghníomhaíocht in éag an 2 Samhain 2024, ba cheart feidhm chúlghabhálach a bheith ag an gCinneadh seo.

(10)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Tháirgí Bithicídeacha,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Maidir leis an ngníomhaíocht lena gceadaítear an táirge bithicídeach Biobor JF a chur ar fáil ar an margadh d’úsáideoirí gairmiúla agus a úsáid ag úsáideoirí gairmiúla chun cóireáil fhrithmhiocróbach a dhéanamh ar umair bhreosla aerárthaí agus ar chórais bhreosla aerárthaí, féadfaidh Gníomhaireacht Comhshaoil Lucsamburg síneadh a chur leis an ngníomhaíocht sin go dtí an 7 Bealtaine 2026.

Airteagal 2

Is chuig Gníomhaireacht Comhshaoil Lucsamburg a dhírítear an Cinneadh seo.

Beidh feidhm aige ón 3 Samhain 2024.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 2 Meitheamh 2025.

Thar ceann an Choimisiúin

Olivér VÁRHELYI

Comhalta den Choimisiún


(1)   IO L 167, 27.6.2012, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2012/528/oj.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1062/2014 ón gCoimisiún an 4 Lúnasa 2014 maidir leis an gclár oibre chun scrúdú córasach a dhéanamh ar gach substaint ghníomhach atá ann cheana i dtáirgí bithicídeacha, clár oibre dá dtagraítear i Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 294, 10.10.2014, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2014/1062/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/1073/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)