|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/1065 |
12.8.2025 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2025/1065 ÓN gCOIMISIÚN
an 28 Bealtaine 2025
lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 748/2012 a mhéid a bhaineann leis na tagairtí do na ceanglais maidir le cosaint an chomhshaoil a thabhairt cothrom le dáta agus lena gceartaítear an Rialachán sin
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2018 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh, agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 2111/2005, (CE) Uimh. 1008/2008, (AE) Uimh. 996/2010, (AE) Uimh. 376/2014 agus Treoracha 2014/30/AE agus 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 552/2004 agus (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CEE) Uimh. 3922/91 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagail 19(1) agus (3) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 28 Feabhra 2025 ghlac an Coimisiún Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/870 (2) lena dtugtar cothrom le dáta na tagairtí a dhéantar in Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2018/1139 do na ceanglais maidir le cosaint an chomhshaoil in Iarscríbhinn 16 a ghabhann leis an gCoinbhinsiún um Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta, a síníodh in Chicago an 7 Nollaig 1944 (‘Coinbhinsiún Chicago’). Ní mór d’aerárthaí, seachas aerárthaí gan foireann, maille lena n-innill, liáin, páirteanna agus trealamh neamhshuiteáilte, na ceanglais sin maidir le cosaint an chomhshaoil a chomhlíonadh. |
|
(2) |
Ba cheart na forálacha atá ann cheana maidir le cosaint an chomhshaoil i Rialachán (AE) Uimh. 748/2012 ón gCoimisiún (3) a thabhairt cothrom le dáta chun go gcuirfear chun feidhme go comhsheasmhach na ceanglais is infheidhme maidir le cosaint an chomhshaoil. |
|
(3) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 748/2012 a leasú dá réir. |
|
(4) |
Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1358 ón gCoimisiún (4) fágadh teideal Iarscríbhinn Ib a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 748/2012 ar lár de thaisme. Dá bhrí sin, ba cheart teideal Iarscríbhinn Ib a chur isteach. |
|
(5) |
Le Rialacháin Tharmligthe (AE) 2022/1358, (AE) 2023/1028 (5) agus (AE) 2024/1108 (6) ón gCoimisiún leasaíodh Airteagal 9 de Rialachán (AE) Uimh. 748/2012 i ndiaidh a chéile agus tugadh isteach tagairtí agus iomarcaíochtaí neamhréireacha de thaisme. Dá bhrí sin, ba cheart Airteagal 9 de Rialachán (AE) Uimh. 748/2012 a cheartú. |
|
(6) |
Le roinnt forálacha den Rialachán seo leasaítear agus ceartaítear forálacha Rialachán (AE) Uimh. 748/2012 arna leasú le Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/1108 a thiocfaidh i bhfeidhm an 1 Bealtaine 2025. Dá bhrí sin, ba cheart an Rialachán seo a bheith infheidhme ar an dáta céanna sin. |
|
(7) |
Tá na tuairimí dá bhforáiltear sa Rialachán seo bunaithe ar Thuairim Uimh. 02/2024 a d’eisigh Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le hAirteagal 76(1) de Rialachán (AE) 2018/1139, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 748/2012 mar a leanas:
|
(1) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil: ‘Rialachán (AE) Uimh. 748/2012 an 3 Lúnasa 2012 ón gCoimisiún lena leagtar síos rialacha cur chun feidhme le haghaidh deimhniúchán aeracmhainneachta agus deimhniúchán cosanta comhshaoil nó dearbhú comhlíontachta aerárthaí agus táirgí gaolmhara, comhpháirteanna gaolmhara agus fearas gaolmhar, aonad rialúcháin agus faireacháin agus comhchodanna aonad rialúcháin agus faireacháin, agus le haghaidh ceanglais cumais eagraíochtaí deartha agus táirgthe (athmhúnlú)’; |
|
(2) |
in Airteagal 1(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta réamhráití: ‘Leagtar síos leis an Rialachán seo, i gcomhréir le hAirteagail 19, 58 agus 62 de Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1), ceanglais theicniúla agus nósanna imeachta riaracháin coiteanna le haghaidh deimhniúchán aeracmhainneachta agus deimhniúchán cosanta comhshaoil nó dearbhú comhlíontachta táirgí, páirteanna, fearas, aonaid rialúcháin agus faireacháin agus comhchodanna aonad rialúcháin agus faireacháin lena sonraítear: (*1) Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2018 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta na hEorpa, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005, Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008, Rialachán (AE)Uimh. 996/2010, Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 agus Treoir 2014/30/AE agus Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 552/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CEE) Uimh. 3922/91 ón gComhairle (IO L 212, 22.8.2018, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1139/oj).’;" |
|
(3) |
Leasaítear Airteagal 9 mar seo a leanas:
|
|
(4) |
Leasaítear Iarscríbhinn I (Cuid 21) i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo. |
Airteagal 2
Ceartaítear Rialachán (AE) Uimh. 748/2012 mar a leanas:
|
(1) |
Ceartaítear Iarscríbhinn I (Cuid 21) i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo; |
|
(2) |
in Iarscríbhinn Ib (Cuid 21 Éadrom), cuirtear an teideal seo a leanas isteach roimh chlár na n-ábhar: ‘ IARSCRÍBHINN Ib CUID 21 ÉADROM Deimhniú agus dearbhú comhlíontachta maidir le dearadh aerárthaí seachas aerárthaí gan foireann atá ceaptha go príomha don eitlíocht a dhéantar mar spórt agus mar chaitheamh aimsire agus táirgí agus comhpháirteanna gaolmhara, agus dearbhú maidir le cumas deartha agus táirgthe eagraíochtaí’. |
Airteagal 3
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 1 Bealtaine 2025.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 28 Bealtaine 2025.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 212, 22.8.2018, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1139/oj.
(2) Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/870 ón gCoimisiún an 28 Feabhra 2025 lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann leis na tagairtí d’fhorálacha Choinbhinsiún Chicago (IO L, 2025/870, 5.5.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2025/870/oj).
(3) Rialachán (AE) Uimh. 748/2012 ón gCoimisiún an 3 Lúnasa 2012 lena leagtar síos rialacha cur chun feidhme le haghaidh deimhniúchán aeracmhainneachta agus deimhniúchán comhshaoil aerárthaí agus táirgí gaolmhara, comhpháirteanna gaolmhara agus fearas gaolmhar, agus le haghaidh ceanglais cumais eagraíochtaí deartha agus táirgthe (IO L 224, 21.8.2012, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2012/748/oj).
(4) Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1358 ón gCoimisiún an 2 Meitheamh 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 748/2012 a mhéid a bhaineann le ceanglais níos comhréirí a chur chun feidhme maidir le haerárthaí a úsáidtear don eitlíocht a dhéantar mar spórt agus mar chaitheamh aimsire (IO L 205, 5.8.2022, lch. 7, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2022/1358/oj).
(5) Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1028 ón gCoimisiún an 20 Márta 2023 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 748/2012 a mhéid a bhaineann leis an sainmhíniú ar aerárthach atá á chumhachtú le mótair choimpléascacha agus lena gceartaítear an Rialachán sin ( IO L 139, 26.5.2023, lch. 10, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2023/1028/oj).
(6) Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/1108 ón gCoimisiún an 13 Márta 2024 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 748/2012 a mhéid a bhaineann le haeracmhainneacht tosaigh na gcóras aerárthaí gan foireann faoi réir deimhniúcháin agus Rialacháin Tarmligthe (AE) 2019/945 a mhéid a bhaineann le córais aerárthaí gan foireann agus oibreoirí tríú tír chórais aerárthaí gan foireann (IO L, 2024/1108, 23.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2024/1108/oj).
IARSCRÍBHINN I
Leasaítear Iarscríbhinn I (Cuid 21) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 748/2012 mar a leanas:
|
(1) |
leasaítear an clár ábhar (‘Clár Ábhar’) mar a leanas:
|
|
(2) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 21.A.91:
|
|
(3) |
i bpointe 21.A.95(b), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 3:
|
|
(4) |
i bpointe 21.A.432C, leasaítear pointe (b) mar a leanas:
|
|
(5) |
i bpointe 21.A.433(a), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (1) agus (2):
|
|
(6) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 21.B.70:
Eiseoidh an Ghníomhaireacht, i gcomhréir le hAirteagal 76(3) de Rialachán (AE) 2018/1139, sonraíochtaí deimhniúcháin agus sonraíochtaí mionsonraithe eile, lena n-áirítear sonraíochtaí deimhniúcháin maidir le haeracmhainneacht agus sonraí maidir le hoiriúnacht oibríochtúil, a fhéadfaidh údaráis inniúla, eagraíochtaí agus pearsanra a úsáid chun a léiriú go gcomhlíonann táirgí, comhpháirteanna, fearais, UAS, CMUnna agus comhchodanna ARF na ceanglais fhíor-riachtanacha ábhartha a leagtar amach in Iarscríbhinní II, IV, V agus IX a ghabhann leis an Rialachán sin. Beidh na sonraíochtaí sin mionsonraithe agus sonrach a ndóthain chun na coinníollacha faoina ndéanfar deimhnithe a eisiúint, a leasú nó a fhorlíonadh a léiriú d’iarratasóirí.’; |
|
(7) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 21.B.85:
|
|
(8) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Fhoscríbhinn VII: |
‘Foscríbhinn VII
|
Le húsáid ag Stát an chláraithe |
|
|
||||||||||||||||||
|
||||||||||||||||||||
|
|
|
||||||||||||||||||
|
… |
… |
… |
||||||||||||||||||
|
|
|||||||||||||||||||
|
… |
… |
|||||||||||||||||||
|
|
|
||||||||||||||||||
|
… |
… |
… |
||||||||||||||||||
|
||||||||||||||||||||
|
|
|
|
|
||||||||||||||||
|
… |
… |
… |
… |
… |
||||||||||||||||
|
Nótaí: |
||||||||||||||||||||
|
||||||||||||||||||||
|
|
|||||||||||||||||||
Foirm 45 Ghníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh (EASA) – Eagrán 2’.
(1) Féadfar na boscaí sin a fhágáil ar lár ag brath ar an gcaighdeán deimhniúcháin torainn.
IARSCRÍBHINN II
Ceartaítear Iarscríbhinn I (Cuid 21) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 748/2012 mar a leanas:
|
(1) |
ceartaítear an clár ábhar (‘Clár Ábhar’) mar a leanas:
|
|
(2) |
i bpointe 21.A.15(b), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (6):
|
|
(3) |
i bpointe 21.A.93(b)3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (iii):
|
|
(4) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 21.A.147:
|
|
(5) |
i bpointe 21.A.165(c)(3), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte réamhráití: ‘ina theannta sin, i gcás chosaint an chomhshaoil, an méid seo a leanas a chinneadh:’; |
|
(6) |
i bpointe 21.A.243, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d):
|
|
(7) |
i bpointe 21.A.245(e) cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 2:
|
|
(8) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 21.A.247:
|
|
(9) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 21.A.251:
|
|
(10) |
i bpointe 21.A.432C(b), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 2:
|
|
(11) |
i bpointe 21.A.701(a), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 14:
|
|
(12) |
i bpointe 21.B.100(a), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an fhrása réamhráitigh: ‘Cinnfidh an Ghníomhaireacht a rannpháirtíocht i bhfíorú gníomhaíochtaí léirithe comhlíontachta agus sonraí a bhaineann leis an iarratas ar dheimhniú cineáil, ar dheimhniú srianta ar chineál, mórathruithe a fhormheas, deimhniú cineáil forlíontach, mórdheisiúchán deartha a fhormheas nó údarú ETSO maidir le APUnna. Déanfaidh sé sin ar bhonn measúnú ar ghrúpaí bríocha de ghníomhaíochtaí léirithe comhlíontachta agus sonraí ón gclár deimhniúcháin. Tabharfar aghaidh sa mheasúnú ar an méid a leanas:
agus breithneofar na gnéithe a leanas ar a laghad:’; |
|
(13) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 21.B.105:
|
|
(14) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 21.B.109:
|
|
(15) |
i bpointe 21.B.450, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:
|
|
(16) |
ceartaítear pointe 21.B.453 mar seo a leanas:
|
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2025/1065/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)