European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/1059

28.5.2025

CINNEADH (AE) 2025/1059 ÓN gCOIMISIÚN

an 19 Bealtaine 2025

maidir le comhsheasmhacht na spriocanna feidhmíochta atá sa dréachtphlean feidhmíochta a chuir an Phortaingéil isteach de bhun Rialachán (CE) Uimh. 549/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle leis na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais le haghaidh an cheathrú tréimhse thagartha den scéim feidhmíochta agus muirearaithe le haghaidh an Aerspáis Eorpaigh Aonair

(tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2025)2929)

(Is é an téacs Portaingéilise amháin atá barántúil)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 549/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2004 lena leagtar síos an creat chun an tAerspás Eorpach Aonair a chruthú (an creat-Rialachán) (1), agus go háirithe Airteagal 11(3), pointe (c), de,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/2803 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2024 maidir le cur chun feidhme an Aerspáis Eorpaigh Aonair (2), agus go háirithe Airteagal 58(3) de,

Ag féachaint do Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317 ón gCoimisiún an 11 Feabhra 2019 lena leagtar síos scéim feidhmíochta agus muirearaithe le haghaidh an aerspáis Eorpaigh aonair agus lena n-aisghairtear Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 390/2013 agus (AE) Uimh. 391/2013 (3), agus go háirithe Airteagal 14(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

BREITHNITHE GINEARÁLTA

(1)

De bhun Airteagal 11 de Rialachán (CE) Uimh. 549/2004, tá na Ballstáit le pleananna a tharraingt suas, ar an leibhéal náisiúnta nó ar leibhéal na mbloc feidhme aerspáis, lena n-áirítear spriocanna feidhmíochta, le haghaidh gach tréimhse tagartha den scéim feidhmíochta agus muirearaithe le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta agus feidhmeanna líonra. Áireofar sna pleananna sin spriocanna feidhmíochta áitiúla atá comhsheasmhach leis na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais le haghaidh na tréimhse tagartha lena mbaineann.

(2)

Leagadh síos na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais le haghaidh an cheathrú tréimhse thagartha (‘TT4’, 2025-2029) i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1688 ón gCoimisiún (4).

(3)

Tá dréachtphlean feidhmíochta tarraingthe suas ag gach Ballstát le haghaidh TT4, pleananna a cuireadh faoi bhráid an Choimisiúin lena measúnú faoin 1 Deireadh Fómhair 2024. Tar éis don Choimisiún a fhíorú gurbh iomlán do na dréachtphleananna feidhmíochta sin, d’iarr sé ar na Ballstáit dréachtphleananna feidhmíochta cothrom le dáta a chur isteach faoin 15 Samhain 2024.

(4)

An measúnú ón gCoimisiún a chuirtear i láthair sa Chinneadh seo, tá sé bunaithe ar an dréachtphlean feidhmíochta cothrom le dáta le haghaidh TT4 a chuir an Phortaingéil isteach (‘an dréachtphlean feidhmíochta’).

(5)

An Comhlacht Athbhreithnithe Feidhmíochta (‘CAF’), comhlacht a thugann cúnamh don Choimisiún chun an scéim feidhmíochta a chur chun feidhme, chuir sé tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin ina bhfuil comhairle uaidh faoin measúnú ar na dréachtphleananna feidhmíochta.

(6)

I gcomhréir le hAirteagal 14(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, rinne an Coimisiún measúnú ar chomhsheasmhacht na spriocanna feidhmíochta áitiúla a chuimsítear sa dréachtphlean feidhmíochta ar bhonn na gcritéar a leagtar síos i bpointe 1 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme sin, agus imthosca áitiúla á gcur san áireamh i gcás inarb ábhartha.

(7)

Chomhlánaigh an Coimisiún a mheasúnú ar an dréachtphlean feidhmíochta le hathbhreithniú ar na heilimintí a leagtar amach i bpointe 2 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme sin. Maidir le pointe 2.1(d)(vii) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, tugann an Coimisiún dá aire nach ndearna sé, mar chuid den athbhreithniú sin, anailís mhionsonraithe ar an modheolaíocht a d’úsáid an Phortaingéil chun costais a leithdháileadh idir seirbhísí faoi bhealach agus seirbhísí críochfoirt le linn TT4. Dá bhrí sin, níor tháinig an Coimisiún ar aon chonclúid, ag an gcéim seo, maidir lena mhéid a chomhlíonann an mhodheolaíochtaí sin maidir le leithdháileadh costas pointí (e) agus (f) d’Airteagal 15(2) de Rialachán (CE) Uimh. 550/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) agus Airteagal 22(5) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317.

MEASÚNÚ ÓN gCOIMISIÚN

Measúnú ar na spriocanna sábháilteachta

(8)

Maidir leis an réimse tábhachtach feidhmíochta a bhaineann leis an tsábháilteacht, rinneadh measúnú ar chomhsheasmhacht na spriocanna atá sa dréachtphlean feidhmíochta i gcomhréir le pointe 1.1 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317.

(9)

Is iad seo a leanas na spriocanna feidhmíochta a mholann an Phortaingéil sa réimse tábhachtach feidhmíochta a bhaineann leis an tsábháilteacht i leith éifeachtacht na bainistíochta sábháilteachta, arna miondealú de réir an chuspóra bainistíochta sábháilteachta agus arna léiriú mar leibhéal cur chun feidhme:

an Phortaingéil

Spriocanna le haghaidh éifeachtacht na bainistíochta sábháilteachta, arna léiriú mar leibhéal cur chun feidhme, i raon idir leibhéil A agus D de chuid EASA

Soláthraí seirbhíse aerloingseoireachta

An cuspóir bainistíochta sábháilteachta

2025

2026

2027

2028

2029

NAV Portugal

Beartas sábháilteachta agus cuspóirí

C

C

C

C

C

Bainistíocht riosca sábháilteachta

C

C

C

D

D

Dearbhú sábháilteachta

C

C

C

C

C

Cur chun cinn sábháilteachta

C

C

C

C

C

Cultúr sábháilteachta

C

C

C

C

C

(10)

Fuair an Coimisiún gurb ionann na spriocanna feidhmíochta sábháilteachta a mholann an Phortaingéil le haghaidh an tsoláthraí seirbhísí aerloingseoireachta ‘NAV Portugal’ agus na spriocanna sábháilteachta uile-Aontais i leith gach bliana féilire ó 2025 go 2029, cé is moite den chuspóir ‘bainistiú riosca sábháilteachta’ a bhfuil sé beartaithe leibhéal na sprice uile-Aontais a bhaint amach ina leith sa bhliain 2029.

(11)

Tugann an Coimisiún dá aire go leagtar amach sa dréachtphlean feidhmíochta bearta le haghaidh NAV Portugal chun na spriocanna sábháilteachta áitiúla a bhaint amach, cuir i gcás ról agus foireann na n-aonad inmheánach atá ábhartha don tsábháilteacht a neartú, agus uirlisí agus modheolaíochtaí tuarthacha a thabhairt isteach i ngníomhaíochtaí bainistíochta sábháilteachta.

(12)

Ar bhonn na dtorthaí a leagtar amach in aithrisí (9), (10) agus (11), agus de bhrí nach mór na spriocanna feidhmíochta sábháilteachta uile-Aontais a leagtar amach i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1688 a bhaint amach faoi bhliain dheireanach TT4, is é sin 2029, ba cheart a mheas, maidir leis na spriocanna feidhmíochta sábháilteachta áitiúla a chuimsítear sa dréachtphlean feidhmíochta, go bhfuil siad comhsheasmhach leis na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais.

Measúnú ar na spriocanna comhshaoil

(13)

Maidir leis an réimse tábhachtach feidhmíochta a bhaineann leis an gcomhshaol, rinneadh measúnú ar chomhsheasmhacht na spriocanna atá sa dréachtphlean feidhmíochta maidir le meánéifeachtúlacht chothrománach eitilte faoi bhealach an ruthaig eitilte iarbhír, ar bhonn an chritéir a leagtar síos i bpointe 1.2 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317. Dá réir sin, cuireadh spriocanna comhshaoil na Portaingéile i gcomparáid leis na luachanna tagartha ábhartha le haghaidh éifeachtúlacht chothrománach na heitilte faoi bhealach a leagtar amach i bPlean Feabhsúcháin Líonra Aerbhealaí na hEorpa, arna tharraingt suas i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/123 ón gCoimisiún (6) agus a bhí ar fáil tráth a glacadh na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais le haghaidh TT4, is é sin an 2 Iúil 2024.

(14)

Is iad seo a leanas na spriocanna feidhmíochta comhshaoil a mholann an Phortaingéil le haghaidh TT4 mar aon leis na luachanna tagartha náisiúnta comhfhreagracha ó Phlean Feabhsúcháin Líonra Aerbhealaí na hEorpa, arna léiriú mar mheánéifeachtúlacht chothrománach eitilte faoi bhealach an ruthaig eitilte iarbhír:

an Phortaingéil

2025

2026

2027

2028

2029

Spriocanna sa réimse tábhachtach feidhmíochta a bhaineann leis an gcomhshaol, arna léiriú mar mheánéifeachtúlacht chothrománach eitilte faoi bhealach an ruthaig eitilte iarbhír

1,48  %

1,46  %

1,44  %

1,42  %

1,40  %

Luachanna tagartha

1,48  %

1,46  %

1,44  %

1,42  %

1,40  %

(15)

Tugann an Coimisiún faoi deara gurb ionann na spriocanna comhshaoil a mholann an Phortaingéil agus na luachanna tagartha náisiúnta comhfhreagracha i gcás gach bliana féilire in TT4.

(16)

Tugann an Coimisiún dá aire go bhfuil bearta curtha i láthair ag an bPortaingéil, sa dréachtphlean feidhmíochta, chun na spriocanna comhshaoil áitiúla a bhaint amach, lena n-áirítear aerspás saorbhealaigh trasteorann agus athstruchtúrú ar an aerspás i gcomhar leis an mBainisteoir Líonra.

(17)

Ar bhonn na dtorthaí a leagtar amach in aithrisí (14), (15) agus (16), ba cheart a mheas go bhfuil na spriocanna i dtaca leis an réimse tábhachtach feidhmíochta a bhaineann leis an gcomhshaol atá sa dréachtphlean feidhmíochta comhsheasmhach leis na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais le haghaidh TT4.

Measúnú ar na spriocanna acmhainneachta

(18)

Maidir leis an réimse tábhachtach feidhmíochta a bhaineann le hacmhainneacht, rinneadh measúnú ar chomhsheasmhacht na spriocanna atá sa dréachtphlean feidhmíochta maidir leis an meánmhoill bainistíochta sreibhe aerthráchta (‘BSAT’) faoi bhealach in aghaidh na heitilte, ar bhonn an chritéir a leagtar síos i bpointe 1.3. d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317. Dá réir sin, cuireadh na spriocanna acmhainneachta faoi bhealach a mholann an Phortaingéil i gcomparáid leis na luachanna tagartha ábhartha a leagtar amach sa Phlean Oibríochtaí Líonra, arna tharraingt suas i gcomhréir le hAirteagal 9 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/123 ón gCoimisiún agus a bhí ar fáil tráth a glacadh na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais le haghaidh TT4, is é sin an 2 Iúil 2024.

(19)

Is iad seo a leanas na spriocanna acmhainneachta faoi bhealach a mholann an Phortaingéil le haghaidh TT4, arna léiriú i nóiméid moille BSAT in aghaidh na heitilte, mar aon leis na luachanna tagartha comhfhreagracha ón bPlean Oibríochtaí Líonra:

an Phortaingéil

2025

2026

2027

2028

2029

Spriocanna sa réimse tábhachtach feidhmíochta a bhaineann le hacmhainneacht, arna léiriú i nóiméid moille BSAT faoi bhealach in aghaidh na heitilte

0,30

0,23

0,19

0,16

0,16

Luachanna tagartha

0,30

0,23

0,19

0,16

0,16

(20)

Tugann an Coimisiún faoi deara gurb ionann na spriocanna acmhainneachta faoi bhealach a mholann an Phortaingéil agus na luachanna tagartha náisiúnta comhfhreagracha i gcás gach bliana féilire in TT4.

(21)

Tugann an Coimisiún dá aire gur chuir an Phortaingéil i láthair sa dréachtphlean feidhmíochta bearta chun a spriocanna acmhainneachta faoi bhealach a bhaint amach. Áirítear ar na bearta sin méadú suntasach ar líon na rialtóirí aerthráchta in oibríochtaí ag an lárionad rialaithe limistéir, agus athstruchtúrú aerspáis chun an acmhainneacht atá ar fáil a fheabhsú agus na scrogaill acmhainne atá ann faoi láthair a mhaolú. Ag féachaint do thorthaí CAF, measann an Coimisiún gur cheart don Phortaingéil gealltanas a thabhairt go gcuirfí chun feidhme na bearta oibríochtúla ar fad a leagtar amach sa Phlean Oibríochtaí Líonra an 2 Iúil 2024 chun tacú le baint amach a spriocanna feidhmíochta acmhainneachta le haghaidh TT4.

(22)

Ar bhonn na dtorthaí a leagtar amach in aithrisí (19), (20) agus (21), ba cheart a mheas go bhfuil na spriocanna i dtaca leis an réimse tábhachtach feidhmíochta a bhaineann le hacmhainneacht atá sa dréachtphlean feidhmíochta comhsheasmhach leis na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais le haghaidh TT4.

Athbhreithniú ar na spriocanna acmhainneachta le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta críochfoirt

(23)

I gcomhréir le pointe 2.1(b) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, chomhlánaigh an Coimisiún a mheasúnú ar an dréachtphlean feidhmíochta trí athbhreithniú a dhéanamh ar na spriocanna feidhmíochta acmhainneachta le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta críochfoirt a leagtar amach i leith na n-aerfort dá dtagraítear in Airteagal 1(3) agus (4) den Rialachán Cur Chun Feidhme sin. Fuarthas amach nach bhfuil na spriocanna sin ina gcúis imní.

Measúnú ar na spriocanna costéifeachtúlachta

(24)

Maidir leis an réimse tábhachtach feidhmíochta a bhaineann le costéifeachtúlacht, rinneadh measúnú ar chomhsheasmhacht na spriocanna atá sa dréachtphlean feidhmíochta maidir leis an gcostas aonaid arna shuí (‘CAAS’) le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta eitiltí faoi bhealach, ar bhonn na gcritéar a leagtar síos i bpointí 1.4(a), (b) agus (c) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317. Is iad na critéir sin an treocht CAAS le linn TT4, an treocht fhadtéarmach CAAS le linn an tríú tréimhse thagartha (‘TT3’) agus TT4 (2020-2029), agus an luach bonnlíne CAAS ar leibhéal an limistéir muirearaithe i gcomparáid le meánluach na limistéar muirearaithe a bhfuil timpeallacht oibríochtúil agus eacnamaíoch chomhchosúil ag soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta iontu.

(25)

Is iad seo a leanas na spriocanna costéifeachtúlachta faoi bhealach a mholann an Phortaingéil le haghaidh TT4, mar aon leis na luachanna bonnlíne gaolmhara:

Limistéar muirearaithe faoi bhealach na Portaingéile

Luach bonnlíne 2019

Luach bonnlíne 2024

2025

2026

2027

2028

2029

Spriocanna agus luachanna bonnlíne sa réimse tábhachtach feidhmíochta a bhaineann le costéifeachtúlacht, arna léiriú mar chostas aonaid arna shuí (i dtéarmaí réadacha ag praghsanna 2022)

EUR 38,15

EUR 37,42

EUR 36,94

EUR 36,92

EUR 36,48

EUR 35,27

EUR 33,71

(26)

Maidir leis an gcritéar measúnaithe a leagtar amach i bpointe 1.4(a) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, tugann an Coimisiún faoi deara go sáraíonn treocht CAAS na Portaingéile ar leibhéal an limistéir muirearaithe le linn TT4, mar atá -2,1 %, an treocht uile-Aontais le linn na tréimhse céanna, mar atá -1,2 %.

(27)

Maidir leis an gcritéar measúnaithe a leagtar amach i bpointe 1.4(b) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, tugann an Coimisiún faoi deara go sáraíonn treocht fhadtéarmach CAAS na Portaingéile ar leibhéal an limistéir muirearaithe le linn TT3 agus TT4, mar atá -1,4 %, an treocht fhadtéarmach uile-Aontais le linn na tréimhse céanna, mar atá -1,0 %.

(28)

Maidir leis an gcritéar measúnaithe a leagtar amach i bpointe 1.4(c) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, tugann an Coimisiún faoi deara go bhfuil luach bonnlíne na Portaingéile le haghaidh CAAS, mar atá EUR 37.42 i dtéarmaí réadacha ag praghsanna 2022 (‘EUR2022’), +49.3 % níos airde ná meánluach bonnlíne an ghrúpa comparáide ábhartha a leagtar amach in Airteagal 7 de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1688, is é sin EUR 25.06 in EUR2022.

(29)

Mar a shonraítear in aithrisí (26) agus(27), is léir go sáraíonn an Phortaingéil an CAAS uile-Aontais le haghaidh TT4 le corrlach suntasach agus gur fearr í ná an treocht fhadtéarmach CAAS uile-Aontais freisin. Dá bhrí sin, léiríonn an Phortaingéil go mbaintear gnóthachain chostéifeachtúlachta éifeachtacha amach sa mheántéarma agus san fhadtéarma araon. Dá bhrí sin, measann an Coimisiún nach bac é an diall idir luach bonnlíne na Portaingéile agus an ghrúpa comparáide ábhartha dá dtagraítear in aithris (28) ar an bPortaingéil a bheith comhsheasmhach leis na spriocanna feidhmíochta costéifeachtúlachta uile-Aontais.

(30)

Ar bhonn na dtorthaí a leagtar amach in aithrisí (25) go (29), ba cheart a mheas go bhfuil na spriocanna i dtaca leis an réimse tábhachtach feidhmíochta a bhaineann le costéifeachtúlacht atá sa dréachtphlean feidhmíochta comhsheasmhach leis na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais le haghaidh TT4.

Athbhreithniú ar na spriocanna costéifeachtúlachta le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta críochfoirt

(31)

I gcomhréir le pointe 2.1(c) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, chomhlánaigh an Coimisiún a mheasúnú ar an dréachtphlean feidhmíochta trí athbhreithniú a dhéanamh ar na spriocanna feidhmíochta costéifeachtúlachta le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta críochfoirt a leagtar amach i leith na n-aerfort dá dtagraítear in Airteagal 1(3) agus (4) den Rialachán Cur Chun Feidhme sin sin. Fuarthas amach nach bhfuil na spriocanna sin ina gcúis imní.

CONCLÚIDÍ

(32)

I bhfianaise an mhéid thuas, ba cheart a mheas go bhfuil na spriocanna feidhmíochta atá i ndréachtphlean feidhmíochta na Portaingéile comhsheasmhach leis na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais le haghaidh TT4,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Na spriocanna feidhmíochta atá sa dréachtphlean feidhmíochta a chuir an Phortaingéil isteach le haghaidh an cheathrú tréimhse thagartha (‘TT4’), agus a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo, tá siad comhsheasmhach leis na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais le haghaidh TT4 a leagtar amach i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1688.

Airteagal 2

Dírítear an Cinneadh seo chuig Poblacht na Portaingéile.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 19 Bealtaine 2025.

Thar ceann an Choimisiúin

Apostolos TZITZIKOSTAS

Comhalta den Choimisiún


(1)   IO L 96, 31.3.2004, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2004/549/oj.

(2)   IO L, 2024/2803, 11.11.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2803/oj.

(3)   IO L 56, 25.2.2019, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2019/317/oj.

(4)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1688 ón gCoimisiún an 12 Meitheamh 2024 lena leagtar síos spriocanna feidhmíochta ar fud an Aontais le haghaidh an líonra um bainistíocht aerthráchta i ndáil leis an gceathrú tréimhse thagartha dar tús an 1 Eanáir 2025 agus dar críoch an 31 Nollaig 2029 (IO L, 2024/1688, 17.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/1688/oj).

(5)  Rialachán (CE) Uimh. 550/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2004 maidir le soláthar seirbhísí aerloingseoireachta san aerspás Eorpach aonair (an Rialachán maidir le Soláthar Seirbhísí) (IO L 96, 31.3.2004, lch. 10, ELI http://data.europa.eu/eli/reg/2004/550/oj).

(6)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/123 ón gCoimisiún an 24 Eanáir 2019 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le feidhmeanna líonra bainistíochta aerthráchta (BAT) a chur chun feidhme agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 677/2011 ón gCoimisiún (IO L 28, 31.1.2019, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2019/123/oj).


IARSCRÍBHINN

Na spriocanna feidhmíochta atá i ndréachtphlean feidhmíochta na Portaingéile, agus a bhfuarthas go bhfuil siad comhsheasmhach leis na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais le haghaidh an cheathrú tréimhse thagartha

AN RÉIMSE TÁBHACHTACH FEIDHMÍOCHTA A BHAINEANN LEIS AN tSÁBHÁILTEACHT

an Phortaingéil

Spriocanna maidir le héifeachtacht na bainistíochta sábháilteachta, arna léiriú mar leibhéal cur chun feidhme, i raon idir leibhéil A agus D de chuid Ghníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh (‘EASA’)

Soláthraí seirbhíse aerloingseoireachta

An cuspóir bainistíochta sábháilteachta

2025

2026

2027

2028

2029

NAV Portugal

Beartas sábháilteachta agus cuspóirí

C

C

C

C

C

Bainistíocht riosca sábháilteachta

C

C

C

D

D

Dearbhú sábháilteachta

C

C

C

C

C

Cur chun cinn sábháilteachta

C

C

C

C

C

Cultúr sábháilteachta

C

C

C

C

C

AN RÉIMSE TÁBHACHTACH FEIDHMÍOCHTA A BHAINEANN LEIS AN gCOMHSHAOL

an Phortaingéil

2025

2026

2027

2028

2029

Spriocanna sa réimse tábhachtach feidhmíochta a bhaineann leis an gcomhshaol, arna léiriú mar mheánéifeachtúlacht chothrománach eitilte faoi bhealach an ruthaig eitilte iarbhír

1,48  %

1,46  %

1,44  %

1,42  %

1,40  %

AN RÉIMSE TÁBHACHTACH FEIDHMÍOCHTA A BHAINEANN LE hACMHAINNEACHT

an Phortaingéil

2025

2026

2027

2028

2029

Spriocanna sa réimse tábhachtach feidhmíochta acmhainneachta, arna léiriú i nóiméid moille BSAT faoi bhealach in aghaidh na heitilte

0,30

0,23

0,19

0,16

0,16

AN RÉIMSE TÁBHACHTACH FEIDHMÍOCHTA A BHAINEANN LE COSTÉIFEACHTÚLACHT

Limistéar muirearaithe faoi bhealach na Portaingéile

Luach bonnlíne 2019

Luach bonnlíne 2024

2025

2026

2027

2028

2029

Spriocanna agus luachanna bonnlíne sa réimse tábhachtach feidhmíochta a bhaineann le costéifeachtúlacht, arna léiriú mar chostas aonaid arna shuí (i dtéarmaí réadacha ag praghsanna 2022)

EUR 38,15

EUR 37,42

EUR 36,94

EUR 36,92

EUR 36,48

EUR 35,27

EUR 33,71


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/1059/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)