|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/1038 |
12.6.2025 |
CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 59/2025
an 14 Márta 2025
lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2025/1038]
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2964 ón gCoimisiún an 29 Samhain 2024 lena bhformheastar na táirgí imoibriúcháin ó aigéad bórásach le dédheiciolaimín agus ocsaíd eitiléine (béitín polaiméireach) mar shubstaint ghníomhach atá ann cheana lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 8 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(2) |
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2402 ón gCoimisiún an 12 Meán Fómhair 2024 gan athnuachan a dhéanamh ar an bhformheas maidir le fluairíd sulfairile lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineálacha táirgí 8 agus 18 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(3) |
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2930 ón gCoimisiún an 28 Samhain 2024 lena gcuirtear ar atráth dáta éaga an fhormheasa maidir le dasaimeit lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 8 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(4) |
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2945 ón gCoimisiún an 29 Samhain 2024 lena gcuirtear ar atráth dáta éaga an fhormheasa maidir le tralaipiril lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 21 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(5) |
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2948 ón gCoimisiún an 29 Samhain 2024 maidir le neamh-fhormheas substaintí gníomhacha áirithe lena n-úsáid i dtáirgí bithicídeacha i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(6) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an pointe seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 12zzzzzzzzzzzk (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2712 ón gCoimisiún) de Chaibidil XV d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE:
|
‘12zzzzzzzzzzzl. |
32024 R 2964: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2964 ón gCoimisiún an 29 Samhain 2024 lena bhformheastar na táirgí imoibriúcháin ó aigéad bórásach le dédheiciolaimín agus ocsaíd eitiléine (béitín polaiméireach) mar shubstaint ghníomhach atá ann cheana lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 8 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L, 2024/2964, 2.12.2024). |
|
12zzzzzzzzzzzm. |
32024 D 2402: Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2402 ón gCoimisiún an 12 Meán Fómhair 2024 gan athnuachan a dhéanamh ar an bhformheas maidir le fluairíd sulfairile lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineálacha táirgí 8 agus 18 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L, 2024/2402, 13.9.2024). |
|
12zzzzzzzzzzzn. |
32024 D 2930: Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2930 ón gCoimisiún an 28 Samhain 2024 lena gcuirtear ar atráth dáta éaga an fhormheasa maidir le dasaimeit lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 8 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L, 2024/2930, 2.12.2024). |
|
12zzzzzzzzzzzo. |
32024 D 2945: Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2945 ón gCoimisiún an 29 Samhain 2024 lena gcuirtear ar atráth dáta éaga an fhormheasa maidir le tralaipiril lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 21 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L, 2024/2945, 2.12.2024). |
|
12zzzzzzzzzzzp. |
32024 D 2948: Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2948 ón gCoimisiún an 29 Samhain 2024 maidir le neamh-fhormheas substaintí gníomhacha áirithe lena n-úsáid i dtáirgí bithicídeacha i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L, 2024/2948. 3.12.2024).’ |
Airteagal 2
Is téacsanna barántúla a bheidh i dtéacsanna Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2964 agus Chinntí Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2402, (AE) 2024/2930, (AE) 2024/2945 agus (AE) 2024/2948 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacsanna atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 15 Márta 2025, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile de réir Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).
Airteagal 4
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 14 Márta 2025.
Thar ceann Chomhchoiste an LEE
An tUachtarán
Nicolas VON LINGEN
(1) IO L, 2024/2964, 2.12.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/2964/oj.
(2) IO L, 2024/2402, 13.9.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/2402/oj.
(3) IO L, 2024/2930, 2.12.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/2930/oj.
(4) IO L, 2024/2945, 2.12.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/2945/oj.
(5) IO L, 2024/2948, 3.12.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/2948/oj.
(*1) Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/1038/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)