European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/1006

12.6.2025

CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 74/2025

an 14 Márta 2025

lena leasaítear Iarscríbhinn IX (Seirbhísí airgeadais) a ghabhann le Comhaontú LEE [2025/1006]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1651 ón gCoimisiún an 17 Bealtaine 2023 lena bhforlíontar Treoir (AE) 2019/2034 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála le haghaidh tomhas leachtachta sonrach gnólachtaí infheistíochta faoi Airteagal 42(6) den Treoir sin (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1668 ón gCoimisiún an 25 Bealtaine 2023 lena bhforlíontar Treoir (AE) 2019/2034 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear tomhas rioscaí nó eilimintí rioscaí nach gcumhdaítear nó nach gcumhdaítear go leordhóthanach leis na ceanglais cistí dílse a leagtar amach i gCodanna a Trí agus a Ceathair de Rialachán (AE) 2019/2033 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus na méadrachtaí cáilíochtúla táscacha do mhéideanna cistí dílse breise (2), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(3)

Ba cheart Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear na pointí seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 19dg (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1119 ón gCoimisiún) d’Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE:

‘19dh.

32023 R 1651: Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1651 ón gCoimisiún an 17 Bealtaine 2023 lena bhforlíontar Treoir (AE) 2019/2034 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála le haghaidh tomhas leachtachta sonrach gnólachtaí infheistíochta faoi Airteagal 42(6) den Treoir sin (IO L 208, 23.8.2023, lch. 3).

19di.

32023 R 1668: Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1668 ón gCoimisiún an 25 Bealtaine 2023 lena bhforlíontar Treoir (AE) 2019/2034 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear tomhas rioscaí nó eilimintí rioscaí nach gcumhdaítear nó nach gcumhdaítear go leordhóthanach leis na ceanglais cistí dílse a leagtar amach i gCodanna a Trí agus a Ceathair de Rialachán (AE) 2019/2033 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus na méadrachtaí cáilíochtúla táscacha do mhéideanna cistí dílse breise (IO L 214, 31.8.2023, lch. 1).’

Airteagal 2

Is téacsanna barántúla a bheidh i dtéacsanna Rialacháin (AE) 2023/1651 agus (AE) 2023/1668 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacsanna atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 15 Márta 2025, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile de réir Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1), nó ar lá theacht i bhfeidhm Chinneadh Uimh. 70/2025 ó Chomhchoiste LEE an 14 Márta 2025 (3), cibé acu is déanaí.

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 14 Márta 2025.

Thar ceann Chomhchoiste an LEE

An tUachtarán

Nicolas VON LINGEN


(1)   IO L 208, 23.8.2023, lch. 3.

(2)   IO L 214, 31.8.2023, lch. 1.

(*1)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.

(3)   IO L, 2025/986, 12.6.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/986/oj.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/1006/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)