European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/987

12.6.2025

CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 61/2025

an 14 Márta 2025

lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2025/987]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1206 ón gCoimisiún an 29 Aibreán 2024 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a mhéid a bhaineann le síneadh a chur le tréimhsí formheasa na substaintí gníomhacha 1-deacanól, 6-beinsioladainín, sulfáit alúmanaim, asadaraictin, búipireamáit, déthianón, dóidín, fluaimeatúrón, heicsitiasocs, iosocsaibein, sulfar aoil, ola oráiste, prósulfúrón, cuinmeireac, sintifein, tiasulfáit airgid sóidiam, tó-fluvailionáit, teabúifeanóisíd, teambaitrí-ón agus foisfíd since (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1207 ón gCoimisiún an 29 Aibreán 2024 maidir le neamh-athnuachan ar fhormheas na substainte gníomhaí démheatomorf, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (2), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(3)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1217 ón gCoimisiún an 29 Aibreán 2024 maidir le neamh-athnuachan ar fhormheas na substainte gníomhaí meapainipirim, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (3), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(4)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Caibidil XV d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE, leasófar í mar a leanas:

1.

Cuirtear na fleasca seo a leanas isteach i bpointe 13a (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún):

‘—

32024 R 1206: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1206 ón gCoimisiún an 29 Aibreán 2024 (IO L, 2024/1206, 30.4.2024),

32024 R 1207: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1207 ón gCoimisiún an 29 Aibreán 2024 (IO L, 2024/1207, 30.4.2024),

32024 R 1217: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1217 ón gCoimisiún an 29 Aibreán 2024 (IO L, 2024/1217, 30.4.2024).’

2.

Cuirtear na pointí seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 13zzzzzzzzzzzzzzt (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2198 ón gCoimisiún):

‘13zzzzzzzzzzzzzzu.

32024 R 1207: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1207 ón gCoimisiún an 29 Aibreán 2024 maidir le neamh-athnuachan ar fhormheas na substainte gníomhaí démheatomorf, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (IO L 2024/1207, 30.4.2024). ELI:

13zzzzzzzzzzzzzzv.

32024 R 1217: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1217 ón gCoimisiún an 29 Aibreán 2024 maidir le neamh-athnuachan ar fhormheas na substainte gníomhaí meapainipirim, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (IO L 2024/1217, 30.4.2024).’

Airteagal 2

Is téacsanna barántúla a bheidh i dtéacsanna Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1207 agus (AE) 2024/1217 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacsanna atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 15 Márta 2025, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile de réir Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 14 Márta 2025.

Thar ceann Chomhchoiste an LEE

An tUachtarán

Nicolas VON LINGEN


(1)   IO L, 2024/1206, 30.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1206/oj.

(2)   IO L, 2024/1207, 30.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1207/oj.

(3)   IO L, 2024/1217, 30.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1217/oj.

(*1)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/987/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)