European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/986

12.6.2025

CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 70/2025

an 14 Márta 2025

lena leasaítear Iarscríbhinn IX (Seirbhísí airgeadais) a ghabhann le Comhaontú LEE [2025/986]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rialachán (AE) 2019/2033 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir leis na ceanglais stuamachta ar ghnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010, (AE) Uimh. 575/2013/AE, (AE) Uimh. 600/2014, agus (AE) Uimh. 806/2014 (1), arna cheartú le IO L 20, 24.1.2020, lch. 26 agus IO L 405, 2.12.2020, lch. 79, tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Treoir (AE) 2019/2034 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir le maoirseacht stuamachta ar ghnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Treoracha 2002/87/CE, 2009/65/CE, 2011/61/AE, 2013/36/AE, 2014/59/AE agus 2014/65/AE (2), arna cheartú le IO L 405, 2.12.2020, lch. 84, tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(3)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE, leasófar í mar a leanas:

1.

Leasaítear téacs phointe 14 (Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle) mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad cheannteideal an ghnímh:

‘Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n-aisghairtear Treoracha 2006/48/CE agus 2006/49/CE’;

(ii)

cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach:

‘—

32019 L 2034: Treoir (AE) 2019/2034 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 (IO L 314, 5.12.2019, lch. 64), arna ceartú le IO L 405, 2.12.2020, lch. 84.’

(iii)

cuirtear an méid a leanas in ionad théacs oiriúnú (p):

‘In Airteagail 134(2), cuirfear na focail ‘nó, i gcás fógra ó Stát CSTE, d’Údarás Faireacháin CSTE’ isteach i ndiaidh na bhfocal ‘don Choimisiún’.’

2.

Leasaítear pointe 14a (Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle) mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad cheannteideal an ghnímh:

‘Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012’;

(ii)

cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach:

‘—

32019 R 2033: Rialachán (AE) 2019/2033 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 (IO L 314, 5.12.2019, lch. 1), arna cheartú le IO L 20, 24.1.2020, lch. 26 agus le IO L 405, 2.12.2020, lch. 79.’

3.

Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointe 19b (Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle), i bpointe 30 (Treoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle) agus i bpointe 31bb (Treoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle):

‘—

32019 L 2034: Treoir (AE) 2019/2034 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 (IO L 314, 5.12.2019, lch. 64), arna ceartú le IO L 405, 2.12.2020, lch. 84.’.

4.

Leasaítear pointe 31ea (Treoir 2002/87/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle) mar a leanas:

(i)

cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach:

‘—

32019 L 2034: Treoir (AE) 2019/2034 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 (IO L 314, 5.12.2019, lch. 64), arna ceartú le IO L 405, 2.12.2020, lch. 84.’

(ii)

athuimhrítear an t-oiriúnú mar oiriúnú (a);

(iii)

cuirtear an t-oiriúnú a leanas isteach i ndiaidh oiriúnú (a):

‘(b)

In Airteagal 2(7), cuirfear na focail ‘forálacha Chomhaontú LEE’ in ionad na bhfocal ‘gníomhartha dlí de chuid an Aontais’.’

5.

Cuirtear an méid seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 19br (Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1340 ón gCoimisiún):

‘19c.

32019 R 2033: Rialachán (AE) 2019/2033 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir leis na ceanglais stuamachta ar ghnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010, (AE) Uimh. 575/2013/AE, (AE) Uimh. 600/2014, agus (AE) Uimh. 806/2014 (IO L 314, 5.12.2019, lch. 1), arna cheartú le IO L 20, 24.1.2020, lch. 26 agus IO L 405, 2.12.2020, lch. 79.

Chun críocha an Chomhaontaithe seo, tá forálacha an Rialacháin oiriúnaithe mar a leanas:

(a)

In Airteagal 57, a mhéid a bhaineann le Stáit CSTE, dé réir mar is cuí, is ‘ó dháta theacht i bhfeidhm Chinneadh Uimh. 70/2025 ó Chomhchoiste LEE an 14 Márta 2025’ a bheidh in ionad na bhfocal ‘ón 26 Meitheamh 2021’, is ‘ar dháta theacht i bhfeidhm Chinneadh Uimh. 70/2025 ó Chomhchoiste LEE an 14 Márta 2025 nó roimhe sin’ a bheidh in ionad na bhfocal ‘an 26 Meitheamh 2021 nó roimhe sin’, is ‘roimh dháta theacht i bhfeidhm Chinneadh Uimh. 70/2025 ó Chomhchoiste LEE an 14 Márta 2025 nó roimhe sin’ a bheidh in ionad na bhfocal ‘roimh an 26 Meitheamh 2021’, is ‘ar dháta theacht i bhfeidhm Chinneadh Uimh. 70/2025 ó Chomhchoiste LEE an 14 Márta 2025, nó dá éis sin’ a bheidh in ionad na bhfocal ‘an 26 Meitheamh 2021, nó dá éis sin’.

(b)

In Airteagal 57(6), Airteagal 9(4)(b) agus Airteagal 29(4), a mhéid a bhaineann le Stáit CSTE, is ‘dháta theacht i bhfeidhm Chinneadh Uimh. 70/2025 ó Chomhchoiste LEE an 14 Márta 2025’ a léifear in ionad na bhfocal ‘an 25 Nollaig 2019’.’

(c)

In Airteagal 65, cuirfear na focail ‘i bhforálacha Chomhaontú LEE’ in ionad na bhfocal ‘i ngníomhartha dlí eile de chuid an Aontais’.

(d)

In Airteagal 66, a mhéid a bhaineann le Stáit CSTE:

(i)

i mír 2, léifear na focail ‘ón 26 Meitheamh 2021’ mar ‘ó dháta theacht i bhfeidhm Chinneadh Uimh. 70/2025 ó Chomhchoiste LEE an 14 Márta 2025 nó ó dháta arna ainmniú faoin dlí náisiúnta tráth nach déanaí ná an 26 Meitheamh 2025’;

(ii)

ní bheidh feidhm ag mír 3, a mhéid a bhaineann le Stáit CSTE.

19d.

32019 L 2034: Treoir (AE) 2019/2034 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir le maoirseacht stuamachta ar ghnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Treoracha 2002/87/CE, 2009/65/CE, 2011/61/AE, 2013/36/AE, 2014/59/AE agus 2014/65/AE (IO L 314, 5.12.2019, lch. 64), arna ceartú le IO L 405, 2.12.2020, lch. 84.

Chun críocha an Chomhaontaithe seo, tá forálacha na Treorach oiriúnaithe mar a leanas:

(a)

D’ainneoin fhorálacha Phrótacal 1 a ghabhann leis an gComhaontú seo, agus mura bhforáiltear a mhalairt sa Chomhaontú seo, maidir leis na téarmaí ‘Ballstát/Ballstáit’ agus ‘údaráis inniúla’, tuigfear go bhfuil Stáit CSTE agus a n-údaráis inniúla ar áireamh iontu faoi seach, sa bhreis ar bhrí na dtéarmaí sin sa Treoir.

(b)

Tagairtí do chumhachtaí ÚBE faoi Airteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle sa Treoir, tuigfear go dtagraíonn siad, sna cásanna dá bhforáiltear i bpointe 31g den Iarscríbhinn seo agus i gcomhréir leis, do chumhachtaí Údarás Faireacháin CSTE a mhéid a bhaineann le Stáit CSTE.

(c)

Cuirfear an méid seo a leanas isteach i ndiaidh na bhfocal “páirtithe eile in CEMA” i bpointe (a) de mhír 2 d’Airteagal 7:

‘. Oibreoidh údaráis inniúla Bhallstáit an Aontais i gcomhar le húdaráis inniúla Stáit CSTE ar an mbealach céanna’.

(d)

Cuirfear an mhír seo a leanas le hAirteagal 7:

‘3.

Áiritheoidh Stáit CSTE go n-oibreoidh údaráis inniúla i gcomhar le chéile le hiontaoibh agus lánurraim fhrithpháirteach á tabhairt acu dá chéile, go háirithe agus malartú faisnéise iomchuí, iontaofa agus uileghabhálach á áirithiú eatarthu féin agus idir na páirtithe in CEMA agus Údarás Faireacháin CSTE.’.

(e)

In Airteagal 10, cuirfear na focail ‘i bhforálacha Chomhaontú LEE’ in ionad na bhfocal ‘i ngníomhartha dlí eile de chuid an Aontais’.

(f)

Ní bheidh feidhm ag Airteagail 16 agus 56 maidir le Stáit CSTE.

(g)

In Airteagal 65, cuirfear na focail ‘i bhforálacha Chomhaontú LEE’ in ionad na bhfocal ‘i ngníomhartha dlí eile de chuid an Aontais’.

(h)

In Airteagal 67, a mhéid a bhaineann le Stáit CSTE:

(i)

i mír 2, léifear na focail ‘faoin 26 Meitheamh 2021’ mar ‘faoi dháta theacht i bhfeidhm Chinneadh Uimh. 70/2025 ó Chomhchoiste LEE an 14 Márta 2025 nó faoi dháta arna ainmniú faoin dlí náisiúnta tráth nach déanaí ná an 26 Meitheamh 2025’ agus léifear na focail ‘ón 26 Meitheamh 2021’ mar ‘ó dháta theacht i bhfeidhm Chinneadh Uimh. 70/2025 ó Chomhchoiste LEE an 14 Márta 2025 nó ó dháta arna ainmniú faoin dlí náisiúnta tráth nach déanaí ná an 26 Meitheamh 2025’ ;

(ii)

i mír 1, an dara fomhír, ní bheidh feidhm ag na focail ‘Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun pointe (6) d'Airteagal 62 a chomhlíonadh a mhéid a bhaineann le hAirteagal 8a(3) de Threoir 2013/36/AE a chur i bhfeidhm faoin 27 Nollaig 2020, agus na bearta is gá chun pointe (5) d'Airteagal 64 a chur i bhfeidhm a chomhlíonadh ón 26 Márta 2020, áfach.’

6.

Leasaítear pointe 31ba (Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle) mar a leanas:

(i)

cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach:

‘—

32019 L 2034: Treoir (AE) 2019/2034 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 (IO L 314, 5.12.2019, lch. 64), arna ceartú le IO L 405, 2.12.2020, lch. 84.’

(ii)

cuirfear an méid seo a leanas in ionad oiriúnú (g):

‘In Airteagal 41:

(i)

i mír 2, cuirfear na focail ‘gnólachtaí sa LEE’ in ionad na bhfocal ‘gnólachtaí de chuid an Aontais’;

(ii)

i mír 3, cuirfear na focail ‘ar chontrapháirtithe LEE’ in ionad na bhfocal ‘ar chontrapháirtithe AE’.’

(iii)

Cuirtear an t-oiriúnú seo a leanas isteach i ndiaidh oiriúnú (m):

‘(n)

In Airteagal 95a, a mhéid a bhaineann le Stáit CSTE, léifear na focail ‘roimh dháta theacht i bhfeidhm Chinneadh Uimh. 70/2025 ó Chomhchoiste LEE an 14 Márta 2025’ in ionad ‘roimh an 25 Nollaig 2019’.’

7.

Cuirtear an méid seo a leanas isteach i bpointe 31baa (Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle) agus 31g (Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle):

‘—

32019 R 2033: Rialachán (AE) 2019/2033 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 (IO L 314, 5.12.2019, lch. 1), arna cheartú le IO L 20, 24.1.2020, lch. 26 agus le IO L 405, 2.12.2020, lch. 79.’

Airteagal 2

Is téacsanna barántúla a bheidh i dtéacsanna Rialachán (AE) 2019/2033, arna cheartú le IO L 20, 24.1.2020, lch. 26 agus IO L 405, 2.12.2020, lch. 79, agus Threoir (AE) 2019/2034, arna cheartú le IO L 405, 2.12.2020, lch. 84, san Íoslainnis agus san Ioruais, téacsanna atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 15 Márta 2025, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile de réir Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 14 Márta 2025.

Thar ceann Chomhchoiste an LEE

An tUachtarán

Nicolas VON LINGEN


(1)   IO L 314, 5.12.2019, lch. 1.

(2)   IO L 314, 5.12.2019, lch. 64.

(*1)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/986/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)