European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/979

12.6.2025

CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 79/2025

an 14 Márta 2025

lena leasaítear Iarscríbhinn XIII (Iompar) a ghabhann le Comhaontú LEE [2025/979]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2018 ón gCoimisiún an 26 Iúil 2024 maidir le hathbhreithniú a dhéanamh ar na táillí agus na muirir is iníoctha le Gníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh agus coinníollacha íocaíochta na dtáillí agus na muirear sin (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Ba cheart Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointe 42fa (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/764 ón gCoimisiún) d’Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Comhaontú LEE:

‘—

32024 R 2018: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2018 ón gCoimisiún an 26 Iúil 2024 (IO L, 2024/2018, 29.7.2024).’

Airteagal 2

Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Rialachán (AE) 2018/764 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 15 Márta 2025, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile dá bhforáiltear faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 14 Márta 2025.

Thar ceann Chomhchoiste an LEE

An tUachtarán

Nicolas VON LINGEN


(1)   IO L, 2024/2018, 29.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/2018/oj.

(*1)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/979/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)