|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/973 |
26.5.2025 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/973 ÓN gCOIMISIÚN
an 23 Bealtaine 2025
lena leasaítear agus lena gceartaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1165 lena n-údaraítear táirgí agus substaintí áirithe lena n-úsáid i dtáirgeadh orgánach agus lena mbunaítear a liostaí
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 24(9) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le hAirteagal 45(2) de Rialachán (AE) 2018/848 cumhachtaítear don Choimisiún údaruithe sonracha a dheonú chun táirgí agus substaintí a úsáid i dtáirgí orgánacha de thionscnamh tríú tíortha agus de thionscnamh na réigiún is forimeallaí den Aontas atá le cur ar an margadh san Aontas. Leagtar amach in Airteagal 10 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1165 ón gCoimisiún (2) an nós imeachta chun údaruithe den sórt sin a dheonú, ach sin i ndáil le tríú tíortha amháin. Is gá, dá bhrí sin, foráil a dhéanamh maidir leis an nós imeachta chun údaruithe sonracha a dheonú le haghaidh úsáid táirgí agus substaintí i dtáirgí orgánacha de thionscnamh na réigiún is forimeallaí den Aontas. Ar mhaithe leis an tsoiléireacht, ba cheart liosta na dtáirgí agus na substaintí atá á n-údarú sna réigiúin is forimeallaí den Aontas a chur le hIarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1165 a luaithe a bheidh sé ar fáil. |
|
(2) |
Rinneadh leasú ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 540/2011 ón gCoimisiún (3) tar éis athmheasúnú ar na substaintí gníomhacha seinicióáit lavandailile (4), carbónáit hidrigine potaisiam (5), fearamóin léipidipteire slabhra dhírigh (aicéatáití) (6), saill caoireola (7) agus gaineamh grianchloiche (8). Chun na leasuithe sin a léiriú, ba cheart na hiontrálacha maidir le carbónáit hidrigine potaisiam, saill caoireola agus gaineamh grianchloiche a bhaint de phointe 4 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1165 agus ba cheart na hiontrálacha maidir le seinicióáit lavandailile, carbónáit hidrigine potaisiam, fearamóin léipidipteire slabhra dhírigh (aicéatáití), saill caoireola agus gaineamh grianchloiche a áireamh i bpointe 2 den Iarscríbhinn sin, áit a liostaítear substaintí gníomhacha ísealriosca. |
|
(3) |
I gcomhréir leis an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 24(7) de Rialachán (AE) 2018/848, chuir na Ballstáit sainchomhaid maidir le substaintí áirithe faoi bhráid na mBallstát eile agus an Choimisiúin, d’fhonn na substaintí sin a údarú agus a áireamh in Iarscríbhinní I, II, III agus V a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1165 ón gCoimisiún. Rinne an Sainghrúpa um Chomhairle Theicniúil maidir le Táirgeacht Orgánach (‘EGTOP’) agus an Coimisiún na sainchomhaid sin a scrúdú. |
|
(4) |
Bunaithe ar an measúnú a rinneadh le déanaí ar fhearamóin léipidipteire slabhra dhírigh i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1251 ón gCoimisiún agus ar an treoirdhoiciméad maidir le séimiceimiceáin (9), cuirtear fearamóin agus séimiceimiceáin eile i bhfeidhm trí ghaistí nó trí dháileoirí, bídís gníomhach nó éighníomhach. Thairis sin, le hAirteagal 24(3), pointe (c)(ii), de Rialachán (AE) 2018/848, socraítear srianta ar chineál na dtáirgí a fhéadfar a chur i bhfeidhm go díreach ar na codanna inite de na barra, agus i gcás séimiceimiceáin, tá gaistí agus rannóirí le teagmháil leis an mbarr a chosc de bhun Chuid I, pointe 1.10.3, d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán sin. Dá bhrí sin, is iomchuí deireadh a chur leis an gcoinníoll nach n-úsáidfear fearamóin ná séimiceimiceáin eile ach i ngaistí agus i rannóirí san iontráil tábla maidir le ‘fearamóin agus séimiceimiceáin eile’ i bpointe 4 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1165. |
|
(5) |
I gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1165, féadfar táirgí agus seachtháirgí de thionscnamh plandaí a úsáid mar leasacháin i dtáirgeadh orgánach, ach freisin mar oiriúntóirí ithreach agus cothaithigh faoin Iarscríbhinn sin. Ba cheart, dá bhrí sin, an iontráil ‘táirgí agus seachtháirgí de thionscnamh plandaí le haghaidh leasachán’ a shoiléiriú agus a oiriúnú dá réir. |
|
(6) |
Bunaithe ar mholtaí ó EGTOP maidir le tithe gloine (10) agus leasacháin (11), ba cheart an iontráil a bhaineann le min chloch, créanna agus mianraí cré in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1165 a leasú trí tháirgí breise a chur léi. Ina theannta sin, ós rud é go bhféadfar min chloch, créanna agus mianraí cré a úsáid mar mheán támh i dtáirgeadh síolta péactha, ba cheart an úsáid sin a áireamh san iontráil sin i gcomhréir leis na coinníollacha sonracha a leagtar amach i gCuid I, pointe 1.3(a), d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/848. |
|
(7) |
Bunaithe ar mholtaí ó EGTOP maidir le tithe gloine agus leasacháin (12), ba cheart úsáid dé-ocsaíde carbóin a cheadú mar chothaitheach chun uisce a shaibhriú le haghaidh táirgeadh algaí i gcórais dhúnta ar talamh, agus ba cheart an tsubstaint a bheith ina substaint de ghrád bia chun aon éilliú uisce a sheachaint. Thairis sin, rinne EGTOP measúnú dearfach ar úsáid dé-ocsaíde carbóin i dtáirgeadh orgánach ceaptha teasa agus tháinig sé ar chonclúid dhearfach ina leith (13). Is iomchuí, dá bhrí sin, iontráil maidir le dé-ocsaíd charbóin a chur isteach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1165. |
|
(8) |
Bunaithe ar mholtaí ó EGTOP maidir le leasacháin (14), níor cheart úsáid aicéatáit chailciam a údarú ach amháin lena húsáid ar dhuilleoga ar ghlasraí i dtithe gloine agus ar chrainn úll chun easnamh i gcailciam a chosc. Bunaithe ar na moltaí sin, níor cheart úsáid fosfáite cailciam a údarú i dtáirgeadh orgánach ach amháin nuair a dhíorthaítear í ó luaith shloda séarachais agus nuair atá sí i dtáirgí a chomhlíonann ceanglais Rialachán (AE) 2019/1009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15), agus sa chás sin amháin. Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1165 a leasú dá réir. |
|
(9) |
Ar bhonn mholtaí EGTOP maidir le leasacháin (16), ba cheart úsáid mataí snáithín plandaí nach bhfuil aon leasachán, oiriúntóir ithreach ná cothaitheach eile curtha leo a cheadú mar mheán támh i dtáirgeadh síolta péactha i gcomhréir le Cuid I, pointe 1.3(a), d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/848. Thairis sin, ar bhonn an tsainchomhaid a tíolacadh, is iomchuí a cheangal nach ndéanfar mataí snáithín plandaí den sórt sin a mhonarú go meicniúil ach amháin gan breiseáin ná ceanglóirí a úsáid, agus gur de thionscnamh orgánach an snáithín plandaí a úsáidtear. Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1165 a leasú dá réir. |
|
(10) |
Ar bhonn mholtaí EGTOP maidir le leasacháin (17), ba cheart úsáid cailciam agus glúcónáite maignéisiam a údarú, ar choinníoll nach bhfaightear í ach amháin ó choipeadh miocróbach agus faoi theorainneacha dochta. Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1165 a leasú dá réir. |
|
(11) |
Le hIarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1165, ceadaítear ‘clóiríd chailciam’ agus ‘gliocól próipiléine’ (ábhair bheatha) chomh maith le ‘deastrán iarainn 10 %’ (breiseán cothaitheach) a úsáid mar bheatha atá beartaithe chun críoch cothaitheach áirithe. Ba cheart na coinníollacha agus na teorainneacha sonracha le haghaidh na húsáide sin a shoiléiriú chun tuiscint cheart ar na hiontrálacha ábhartha a áirithiú. Go sonrach, ba cheart tagairt a dhéanamh don sainmhíniú ar ‘bheatha atá beartaithe chun críoch cothaitheach áirithe’ i Rialachán (CE) Uimh. 767/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18) agus don chuspóir cothaitheach áirithe atá ag na substaintí sin faoi Rialachán (AE) 2020/354 ón gCoimisiún (19). |
|
(12) |
Bunaithe ar mholtaí ó EGTOP maidir le beatha (20) (21), ba cheart próitéiní aonchille ó Trichoderma viride agus Aspergillus oryzae agus táirgí ó Bacillus subtilis ina bhfuil saibhreas próitéine a úsáidtear mar ábhair bheatha, leicitiní a úsáidtear mar bhreiseáin bheathaithe i mbeatha le haghaidh gach ainmhí, agus eatánól agus paipin a úsáidtear mar áiseanna próiseála a údarú. Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1165 a leasú dá réir. |
|
(13) |
Le Rialachán (CE) Uimh. 2277/2003 ón gCoimisiún (22) údaraíodh stéaráit chailciam a úsáid mar bhreiseán beathaithe i dtáirgeadh orgánach. Mar sin féin, liostaíodh stéaráit chailciam i Rialachán (AE) Uimh. 892/2010 ón gCoimisiún (23) i measc na dtáirgí nach breiseáin bheatha iad. Dá bhrí sin, in 2012, baineadh é de liosta na mbreiseán beathaithe údaraithe i Rialachán (CE) Uimh. 889/2008 ón gCoimisiún (24) le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 505/2012 ón gCoimisiún (25). Faoi láthair, cumhdaítear stéaráit chailciam leis na hábhair bheatha a liostaítear sa tábla i gCuid C, pointe 13, uimhir 13.6.4, den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 68/2013 ón gCoimisiún (26). Dá bhrí sin, ba cheart stéaráit chailciam a údarú mar ábhar beatha le haghaidh táirgeadh orgánach. Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1165 ón gCoimisiún a leasú. |
|
(14) |
I gCuid B, pointe 1(a), d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1165, sainaithnítear breiseáin bheatha leis an uimhir Eorpach um breiseáin bia (E-uimhir). I gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (27), tá breiseáin bheatha le sainaithint de réir a bhfeidhmghrúpa. Ar mhaithe le comhsheasmhacht, ba cheart breiseáin bheatha a shainaithint freisin trína gcód feidhmghrúpa i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1165. Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1165 a leasú dá réir. |
|
(15) |
Sna moltaí ó EGTOP maidir le próipianáit chailciam a úsáid mar leasaitheach agus mar bheatha ainmhithe atá beartaithe chun críoch cothaitheach áirithe20, níor mhol sé go n-áireofaí mar bhreiseán beathaithe í, agus an t-údar ann gur féidir clóiríd chailciam a úsáid chun críoch cothaitheach áirithe agus nach bhfuil próipianáit chailciam le húsáid mar leasaitheach. Mar sin féin, déantar próipianáit chailciam a ionsú níos moille ná clóiríd chailciam agus cuirfidh sí cosc ar na héifeachtaí greannacha nuair nach n-úsáidtear ach clóiríd chailciam. Sa tábla i gCuid B, iontráil ‘60’, den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2020/354, liostaítear próipianáit chailciam mar bheatha ainmhithe atá beartaithe chun críoch cothaitheach áirithe. De bhun Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/415 ón gCoimisiún (28), is breiseán beathaithe é próipianáit chailciam. Dá bhrí sin, ba cheart próipianáit chailciam a liostú mar bhreiseán beathaithe ainmhithe údaraithe in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1165, ar choinníoll nach n-úsáidtear í ach mar bheatha ainmhithe atá beartaithe chun críoch cothaitheach áirithe. |
|
(16) |
Sna moltaí ó EGTOP maidir le fúmaráit iarainn (II) a úsáid mar bheatha ainmhithe atá beartaithe chun críoch cothaitheach áirithe (29), níor mhol sé go n-áireofaí fúmaráit iarainn (II) i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1165 toisc gur mheas sé gurb é an deastrán iarainn atá údaraithe sa Rialachán Cur Chun Feidhme sin an táirge is éifeachtaí le haghaidh easnamh iarainn. Mar sin féin, ní roghanna malartacha iad deastrán iarainn agus fúmaráit iarainn (II) ach tá gá leo araon mar gheall ar a staideanna éagsúla, mar gheall ar dheastrán iarainn a bheith leachtach agus fúmaráit iarainn (II) a bheith soladach. Dá bhrí sin, ba cheart fúmaráit iarainn (II) a liostú mar bhreiseán beathaithe in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1165. |
|
(17) |
Liostaíodh breiseáin bhia agus áiseanna próiseála bia a úsáidtear chun bia orgánach próiseáilte a tháirgeadh in dhá roinn éagsúla i gCuid A d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 2021/1165. Tá úsáid táirge mar bhreiseán bia nó mar áis phróiseála le cinneadh i gcomhréir leis na sainmhínithe ar bhreiseán bia agus ar áis phróiseála in Airteagal 3(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (30). Ag brath ar an bhfeidhm theicneolaíoch atá acu sa táirge deiridh, ba cheart, ina ionad sin, táirgí áirithe a aicmítear mar áiseanna próiseála a aicmiú mar bhreiseáin bhia agus ba cheart táirgí áirithe eile a aicmiú mar bhreiseáin bhia agus mar áiseanna próiseála bia de réir a n-úsáidí. Ar mhaithe leis an tsoiléireacht, ba cheart liostaí na mbreiseán bia agus na n-áiseanna próiseála bia i gCuid A, Ranna A1 agus A2, d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1165 a chumasc in aon liosta amháin, agus ba cheart coinníollacha sonracha breise a shocrú le haghaidh áiseanna próiseála is féidir a úsáid mar bhreiseáin bhia freisin. |
|
(18) |
Sa liosta cumaisc sin, an coinníoll sonrach nach bhfuil an breiseán ‘carbónáit chailciam’ le húsáid le haghaidh dathú ná saibhriú cailciam, ba cheart é a scriosadh toisc go bhfuil an coinníoll sin sna rialacha dá bhforáiltear i gCuid IV, pointí 2.2.2(c), (d) agus (f), d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/848 cheana féin. |
|
(19) |
Bunaithe ar mholtaí ó EGTOP maidir le bia (31), ba cheart fínéagar maolánaithe a áireamh mar bhreiseán bia ar liosta na mbreiseán bia údaraithe agus na n-áiseanna próiseála údaraithe i gCuid A d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1165. |
|
(20) |
I liosta na mbreiseán bia agus na n-áiseanna próiseála údaraithe i gCuid A d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1165, ba cheart na huasleibhéil le haghaidh níotráit sóidiam agus níotráit photaisiam a shloinneadh mar ian níotráite agus mar ian níotráite faoi seach, i gcomhréir leis na hIontógálacha Laethúla Inghlactha arna mbunú ag an Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (32). Chun na críche sin, ba cheart fachtóir coinbhéartachta 0,67 idir níotráit sóidiam agus ian níotráite agus fachtóir coinbhéartachta 0,73 idir níotráit sóidiam agus ian níotráite a chur i bhfeidhm. |
|
(21) |
I gCuid A, roinn A1, d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1165, liostaítear guma geileáin mar bhreiseán bia údaraithe atá le táirgeadh i gcomhréir le rialacha maidir le táirgeadh orgánach ón 1 Eanáir 2026 ar aghaidh. Braitheann táirgeadh guma geileáin ar cháilíochtaí sonracha agus comhsheasmhacha amhábhar a choinneáil ar bun le haghaidh an mhiocrorgánaigh. Go dtí seo, níor éirigh le hiarrachtaí guma geileáin a mhonarú trí úsáid a bhaint as amhábhair talmhaíochta orgánacha. Úsáidtear guma geileáin mar bhreiseán i mbia próiseáilte orgánach. Ionas nach gcuirfear isteach ar tháirgeadh bia phróiseáilte orgánaigh, ba cheart leanúint d’údarú a thabhairt do ghuma geileáin neamhorgánach a úsáid i dtáirgeadh orgánach. Ba cheart é sin a léiriú san iontráil le haghaidh guma geileáin sa liosta cumaisc de bhreiseáin bhia údaraithe agus d’áiseanna próiseála i gCuid A d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1165. |
|
(22) |
I gCuid A, roinn A1, d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1165, údaraítear aigéad hidreaclórach, sárocsaíd hidrigine agus tuaslagán amóinia a úsáid chun geilitín a tháirgeadh ar choinníoll go gcomhlíonann táirgeadh geilitín na rialacha maidir le táirgeadh geilitín a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (33). Ní gá an coinníoll sonrach sin a athlua sa liosta cumaisc de bhreiseáin bhia údaraithe agus d’áiseanna próiseála i gCuid A d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1165. |
|
(23) |
Sna moltaí ó EGTOP maidir le cothaithigh bunaithe ar ghiosta (34), dheimhnigh sé gur gníomhachtóirí coipthe fíor-riachtanacha iad cothaithigh a chomhfhreagraíonn do mhianraí, vitimíní agus aimíonaigéid chun cabhrú le táirgeadh giosta. Mar sin féin tháinig EGTOP ar an gconlúid nach raibh úsáid cothaitheach sintéiseach i gcomhréir le prionsabail an táirgthe orgánaigh. Dá bhrí sin, mhol EGTOP go n-údarófaí úsáid cothaitheach a dhíorthaítear go heisiach ó eastóscán giosta nó ó uathaláit ghiosta chun cabhrú le táirgeadh giosta i gcainníocht theoranta suas le 5 % den tsubstráit lena mbaineann arna ríomh de réir mheáchan an ábhair thirim. Dá bhrí sin, ba cheart gníomhachtóirí coipthe ina bhfuil cothaithigh ó eastóscán giosta nó uathaláit ghiosta a liostú i gCuid C d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1165 mar tháirgí údaraithe, laistigh de theorainn 5 % den tsubstráit. |
|
(24) |
I gcomhréir le Cuid VI, pointe 3.4, d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/848, thíolaic Ballstát sainchomhad le haghaidh údarú chun giostaí agus baictéir aigéid lachtaigh a úsáid mar rialtáin aigéadachta i dtáirgeadh fíona orgánaigh. I gcomhréir le Cuid D d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1165, údaraítear giostaí le haghaidh táirgeadh fíona agus baictéir aigéid lachtaigh mar oibreáin choipthe. Léiríonn na hoibreáin choipthe sin airíonna rialála aigéadachta freisin. Ós rud é gur roghanna malartacha oiriúnacha iad na hoibreáin choipthe sin ar rialtáin aigéadachta eile atá údaraithe cheana féin chun fíon orgánach a tháirgeadh, ba cheart a n-úsáid mar rialtáin aigéadachta a údarú, agus ba cheart Cuid D d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1165 a athrú dá réir. |
|
(25) |
Bunaithe ar mholtaí EGTOP maidir le táirgí cosanta plandaí (35), ba cheart úsáid eitiléine le haghaidh ionduchtú bláthanna san anann agus úsáid miocrorgánach nach de thionscnamh orgánach géinmhodhnaithe iad i mbarra orgánacha a cheadú lena n-úsáid i dtáirgeadh orgánach i dtríú tíortha mar shubstaintí gníomhacha atá i dtáirgí cosanta plandaí. Is iomchuí, dá bhrí sin, na substaintí sin agus na coinníollacha agus na teorainneacha sonracha maidir lena n-úsáid a áireamh in Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1165. |
|
(26) |
Liostaítear an tsubstaint bhunúsach ‘mianra sileacáite hidrigine maignéisiam (Talc E 553b)’ sa tábla i bpointe 1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1165. Mar sin féin, ní srian breise ar úsáid na substainte bunúsaí sin é an coinníoll sonrach a shonraítear sa cholún ‘coinníollacha agus teorainneacha sonracha’. Ba cheart, dá bhrí sin, an earráid sin a cheartú. |
|
(27) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1165 a leasú agus a cheartú dá réir. |
|
(28) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Tháirgeadh Orgánach, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1165
Leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1165 mar a leanas:
|
(1) |
Cuirtear an tAirteagal 10a seo a leanas isteach: ‘Airteagal 10a Nós imeachta maidir le húdarú sonrach a dheonú chun táirgí agus substaintí a úsáid sna réigiúin is forimeallaí den Aontas 1. I gcás ina measann Ballstát gur cheart údarú sonrach a dheonú do tháirge nó do shubstaint lena úsáid nó lena húsáid sna réigiún is forimeallaí den Aontas de thoradh na gcoinníollacha sonracha a leagtar amach in Airteagal 45(2) de Rialachán (AE) 2018/848, féadfaidh sé a iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh. Chun na críche sin, tabharfaidh sé fógra don Choimisiún faoi shainchomhad ina dtugtar tuairisc ar an táirge nó ar an tsubstaint lena mbaineann, ag tabhairt cúiseanna leis an údarú sonrach sin de dheasca na gcoinníollacha sonracha a leagtar amach in Airteagal 45(2) de Rialachán (AE) 2018/848 agus míniú ar an bhfáth nach bhfuil na táirgí ná na substaintí a údaraítear faoin Rialachán seo leordhóthanach lena n-úsáid de dheasca na gcoinníollacha sonracha sa réigiún is forimeallaí ábhartha. Áiritheoidh sé go bhfuil an sainchomhad oiriúnach lena chur ar fáil go poiblí faoi réir reachtaíocht an Aontais agus reachtaíocht náisiúnta na mBallstát maidir le cosaint sonraí. 2. Foilseoidh an Coimisiún aon iarraidh dá dtagraítear i mír 1. 3. Déanfaidh an Coimisiún anailís ar an sainchomhad dá dtagraítear i mír 1. Ní údaróidh an Coimisiún an táirge ná an tsubstaint i bhfianaise na gcoinníollacha sonracha dá dtagraítear sa sainchomhad ach amháin más rud é gurb é conclúid na hanailíse ina hiomláine:
4. Nuair a rachaidh an tréimhse 2 bhliain dá dtagraítear in Airteagal 45(2) de Rialachán (AE) 2018/848 in éag, déanfar an t-údarú a athnuachan go huathoibríoch ar feadh tréimhse 2 bhliain eile, ar choinníoll nach mbeidh aon eilimint nua ar fáil ná nach mbeidh agóid déanta ag aon Bhallstát ná údarás rialaithe ná comhlacht rialaithe a aithnítear faoi Airteagal 46(1) de Rialachán (AE) 2018/848, agus údar á thabhairt aige gur gá athmheasúnú a dhéanamh ar chonclúid an Choimisiúin dá dtagraítear i mír 3’; |
|
(2) |
leasaítear Iarscríbhinn I i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo; |
|
(3) |
Leasaítear Iarscríbhinn II i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo; |
|
(4) |
leasaítear Iarscríbhinn III i gcomhréir le hIarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo; |
|
(5) |
leasaítear Iarscríbhinn V i gcomhréir le hIarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán seo; |
|
(6) |
Cuirtear an téacs a leagtar amach in Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn VI. |
Airteagal 2
Ceartú ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1165
Sa tábla i bpointe 1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1165, cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontráil ‘19C’:
|
‘19C |
14807-96-6 |
Mianra sileacáite meitisileacáite hidrigine maignéisiam (Talc E 553b)’ |
|
Airteagal 3
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 Bealtaine 2025.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 150, 14.6.2018, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/848/oj.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1165 ón gCoimisiún an 15 Iúil 2021 lena n-údaraítear táirgí agus substaintí áirithe lena n-úsáid i dtáirgeadh orgánach agus lena mbunaítear a liostaí (IO L 253, 16.7.2021, lch. 13, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/1165/oj).
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún an 25 Bealtaine 2011 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le liosta na substaintí gníomhacha formheasta (IO L 153, 11.6.2011, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2011/540/oj).
(4) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/646 ón gCoimisiún an 13 Bealtaine 2020 lena bhformheastar an tsubstaint ghníomhach Seinicióáit lavandailile mar shubstaint ísealriosca i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh, agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (IO L 151, 14.5.2020, lch. 3, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2020/646/oj).
(5) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1452 ón gCoimisiún an 3 Meán Fómhair 2021 lena ndéantar formheas na substainte gníomhaí hidrigincharbónáit photaisiam a athnuachan i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh, agus lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (IO L 313, 6.9.2021, lch. 30, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/1452/oj).
(6) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1251 ón gCoimisiún an 19 Iúil 2022 lena ndéantar an formheas ar na substaintí gníomhacha Fearamóin Léipidipteire Slabhra Dhírigh (aicéatáití) mar shubstaintí gníomhacha ísealriosca, agus Fearamóin Léipidipteire Slabhra Dhírigh (aildéid agus alcóil) a athnuachan i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (IO L 191, 20.7.2022, lch. 35, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2022/1251/oj).
(7) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1474 ón gCoimisiún an 6 Meán Fómhair 2022 lena ndéantar formheas na substainte gníomhaí ísealriosca saill caoireola a athnuachan i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh, agus lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (IO L 232, 7.9.2022 lch. 3, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2022/1474/oj).
(8) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1488 ón gCoimisiún an 6 Iúil 2023 lena ndéantar formheas na substainte gníomhaí ísealriosca gaineamh grianchloiche a athnuachan i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (IO L 183, 20.7.2023, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/1488/oj).
(9) An Coimisiún Eorpach: An Ard-Stiúrthóireacht um Shláinte agus Sábháilteacht Bia, ‘Guidance document on semiochemical active substances and plant protection products [Treoirdhoiciméad maidir le substaintí gníomhacha séimiceimiceacha agus táirgí cosanta plandaí], SANTE/12815/2014 rev. 11, mí Eanáir 2024, https://food.ec.europa.eu/document/download/ae787d28-356b-4e42-8c15-89ed8c91faf2_en?filename=pesticides_ppp_app-proc_guide_doss_semiochemicals_202401.pdf.
(10) EGTOP, ‘ Final report on Greenhouses [Tuarascáil chríochnaitheach maidir le Tithe Gloine]’, an 19 Meitheamh 2016, https://agriculture.ec.europa.eu/document/download/7ae7f682-cf88-4c1e-8686-afd5617ec7ae_en?filename=final-report-etop-greenhouse-production.pdf.
(11) EGTOP, ‘ Final report on Plant Protection (X) and Fertilisers (VII) [Tuarascáil chríochnaitheach maidir le Cosaint Plandaí (X) agus Leasacháin (VII)]’, an 3 Bealtaine 2024, https://agriculture.ec.europa.eu/document/download/57c18571-67ba-4e28-b9df-139f2ac36b91_en?filename=egtop-report-ppp-10_and_fertilisers-7_en.pdf.
(12) EGTOP, ‘ Final report on Greenhouses [Tuarascáil chríochnaitheach maidir le Tithe Gloine]’, an 19 Meitheamh 2016, https://agriculture.ec.europa.eu/document/download/7ae7f682-cf88-4c1e-8686-afd5617ec7ae_en?filename=final-report-etop-greenhouse-production.pdf; EGTOP, ‘ Final report on Fertilisers (VI) and Plant Protection Products (VIII) [Tuarascáil chríochnaitheach maidir le Leasacháin (VI) agus Táirgí Cosanta Plandaí (VIII)]’, an 28 Lúnasa 2023, https://agriculture.ec.europa.eu/document/download/a4561074-266c-40dd-881b-c27f150e3d8a_en?filename=egtop-report-fertilisers-vi-and-ppp-viii_en.pdf.
(13) EGTOP, ‘ Final report on Greenhouses [Tuarascáil chríochnaitheach maidir le Tithe Gloine]’, an 19 Meitheamh 2016, https://agriculture.ec.europa.eu/document/download/7ae7f682-cf88-4c1e-8686-afd5617ec7ae_en?filename=final-report-etop-greenhouse-production.pdf.
(14) EGTOP, ‘ Final report on Plant Protection (X) and Fertilisers (VII) [Tuarascáil chríochnaitheach maidir le Cosaint Plandaí (X) agus Leasacháin (VII)]’, an 3 Bealtaine 2024, https://agriculture.ec.europa.eu/document/download/57c18571-67ba-4e28-b9df-139f2ac36b91_en?filename=egtop-report-ppp-10_and_fertilisers-7_en.pdf.
(15) Rialachán (AE) 2019/1009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 lena leagtar síos rialacha maidir le táirgí leasacháin AE a chur ar fáil ar an margadh agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2003/2003 (IO L 170, 25.6.2019, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/1009/oj).
(16) EGTOP, ‘ Final report on Fertilisers (VI) and Plant Protection Products (VIII) [Tuarascáil chríochnaitheach maidir le Leasacháin (VI) agus Táirgí Cosanta Plandaí (VIII)]’, an 28 Lúnasa 2023, https://agriculture.ec.europa.eu/document/download/a4561074-266c-40dd-881b-c27f150e3d8a_en?filename=egtop-report-fertilisers-vi-and-ppp-viii_en.pdf.
(17) EGTOP, ‘ Final report on Plant Protection (X) and Fertilisers (VII) [Tuarascáil chríochnaitheach maidir le Cosaint Plandaí (X) agus Leasacháin (VII)]’, an 3 Bealtaine 2024, https://agriculture.ec.europa.eu/document/download/57c18571-67ba-4e28-b9df-139f2ac36b91_en?filename=egtop-report-ppp-10_and_fertilisers-7_en.pdf.
(18) Rialachán (CE) Uimh. 767/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le beatha ainmhithe a chur ar an margadh agus a úsáid, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 79/373/CEE ón gComhairle, Treoir 80/511/CEE ón gCoimisiún, Treoracha 82/471/CEE, 83/228/CEE, 93/74/CEE, 93/113/CE agus 96/25/CE agus Cinneadh 2004/217/CE ón gCoimisiún (IO L 229, 1.9.2009, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2009/767/oj).
(19) Rialachán (AE) 2020/354 ón gCoimisiún an 4 Márta 2020 lena mbunaítear liosta d’úsáidí beartaithe le haghaidh beatha atá beartaithe chun críoch cothaitheach áirithe agus lena n-aisghairtear Treoir 2008/38/CE (IO L 67, 5.3.2020, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2020/354/oj).
(20) EGTOP, ‘ Final report on Feed (VII) and Pet Food (II) [Tuarascáil chríochnaitheach maidir le Beatha Ainmhithe (VII) agus Bia Peataí (II)]’, an 16 Márta 2023, https://agriculture.ec.europa.eu/document/download/46e56928-5332-4ae5-919e-c5c108422537_en?filename=egtop-report-feed-vii-and-petfood-ii_en.pdf.
(21) EGTOP, ‘ Final report on Feed (VIII) and Food (IX) [Tuarascáil chríochnaitheach maidir le Beatha Ainmhithe (VIII) agus Bia (IX)]’, an 1 Iúil 2024, https://agriculture.ec.europa.eu/document/download/88317fd1-c9d2-4dca-bbc3-64521f806d09_en?filename=egtop-report-feed-viii_and_food-ix_en.pdf.
(22) Rialachán (CE) Uimh. 2277/2003 ón gCoimisiún an 22 Nollaig 2003 lena leasaítear Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2092/91 ón gComhairle maidir le táirgeadh orgánach táirgí talmhaíochta agus tásca lena dtagraítear dó ar tháirgí talmhaíochta agus ar earraí bia (IO L 336, 23.12.2003, lch. 68, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2003/2277/oj).
(23) Rialachán (AE) Uimh. 892/2010 ón gCoimisiún an 8 Deireadh Fómhair 2010 maidir le stádas táirgí áirithe a mhéid a bhaineann le breiseáin bheatha faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 266, 9.10.2010, lch. 6, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2010/892/oj).
(24) Rialachán (CE) Uimh. 889/2008 ón gCoimisiún an 5 Meán Fómhair 2008 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha i dtaca le táirgeadh, lipéadú agus rialú orgánach (IO L 250, 18.9.2008, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2008/889/oj).
(25) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 505/2012 ón gCoimisiún an 14 Meitheamh 2012 lena leasaítear agus lena gceartaítear Rialachán (CE) Uimh. 889/2008 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha i dtaca le táirgeadh, lipéadú agus rialú orgánach (IO L 154, 15.6.2012, lch. 12, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2012/505/oj).
(26) Rialachán (AE) Uimh. 68/2013 ón gCoimisiún an 16 Eanáir 2013 maidir leis an gCatalóg d’ábhair bheatha (IO L 29, 30.1.2013, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/68/oj).
(27) Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le breiseáin lena n-úsáid i gcothú ainmhithe (IO L 268, 18.10.2003, lch. 29, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2003/1831/oj).
(28) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/415 ón gCoimisiún an 11 Márta 2022 maidir le haigéad malach, aigéad citreach arna tháirgeadh ag Aspergillus niger DSM 25794 nó CGMCC 4513/CGMCC 5751 nó CICC 40347/CGMCC 5343, aigéad sorbach agus sorbáit photaisiam, aigéad aicéiteach, dé-aicéatáit sóidiam agus aicéatáit chailciam, aigéad próipianach, próipianáit sóidiam, próipianáit chailciam agus próipianáit amóiniam, aigéad formach, formáit sóidiam, formáit chailciam agus formáit amóiniam, agus aigéad lachtach arna tháirgeadh ag Bacillus coagulans (LMG S-26145 nó DSM 23965), nó Bacillus smithii (LMG S-27890) nó Bacillus subtilis (LMG S-27889) agus lachtáit chailciam a údarú mar bhreiseáin bheathaithe le haghaidh speicis ainmhíocha áirithe (IO L 85, 14.3.2022, lch. 6, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2022/415/oj).
(29) EGTOP, ‘ Final report on Feed (VII) and Pet Food (II) [Tuarascáil chríochnaitheach maidir le Beatha Ainmhithe (VII) agus Bia Peataí (II)]’, an 16 Márta 2023, https://agriculture.ec.europa.eu/document/download/46e56928-5332-4ae5-919e-c5c108422537_en?filename=egtop-report-feed-vii-and-petfood-ii_en.pdf.
(30) Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le breiseáin bhia (IO L 354, 31.12.2008, lch. 16, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2008/1333/oj).
(31) EGTOP, ‘ Final report on Feed (VIII) and Food (IX) [Tuarascáil chríochnaitheach maidir le Beatha Ainmhithe (VIII) agus Bia (IX)]’, an 1 Iúil 2024, https://agriculture.ec.europa.eu/document/download/88317fd1-c9d2-4dca-bbc3-64521f806d09_en?filename=egtop-report-feed-viii_and_food-ix_en.pdf.
(32) EFSA, Re-evaluation of potassium nitrite (E 249) and sodium nitrite (E 250) as food additives [Athmheastóireacht ar níotráit photaisiam (E 249) agus níotráit sóidiam (E 250) mar bhreiseáin bhia], EFSA Journal 2017;15(6):4786, https://doi.org/10.2903/j.efsa.2017.786.
(33) Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 lena leagtar síos rialacha sonracha sláinteachais maidir le bia de bhunadh ainmhíoch (IO L 139, 30.4.2004, lch. 55, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2004/853/oj).
(34) EGTOP, ‘ Final report on Food (X) [Tuarascáil chríochnaitheach maidir le Bia (X)]’, an 31 Eanáir 2025, https://agriculture.ec.europa.eu/document/download/c4cef8da-34a4-48f7-9f5d-2c97f86f2a15_en?filename=egtop-report-food-x_en.pdf.
(35) EGTOP, ‘ Final report on Fertilisers (VI) and Plant Protection Products (VIII) [Tuarascáil chríochnaitheach maidir le Leasacháin (VI) agus Táirgí Cosanta Plandaí (VIII)]’, an 28 Lúnasa 2023, https://agriculture.ec.europa.eu/document/download/a4561074-266c-40dd-881b-c27f150e3d8a_en?filename=egtop-report-fertilisers-vi-and-ppp-viii_en.pdf; EGTOP, ‘ Final report on Plant Protection (IX) [Tuarascáil chríochnaitheach maidir le Cosaint Plandaí (IX)]’, an 14 Nollaig 2023, https://agriculture.ec.europa.eu/document/download/5a183a99-2e86-4add-a0ae-27fc519e5c11_en?filename=egtop-report-ppp-ix_en.pdf.
IARSCRÍBHINN I
Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1165 mar a leanas:
|
(1) |
i bpointe 2, leasaítear an tábla mar a leanas:
|
|
(2) |
i bpointe 4, leasaítear an tábla mar a leanas:
|
IARSCRÍBHINN II
Leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1165 mar a leanas:
|
(1) |
sa tábla, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála ‘táirgí agus seachtháirgí de thionscnamh plandaí le haghaidh leasachán’:
|
|
(2) |
sa tábla, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála ‘min chloiche, créanna agus mianraí cré’:
|
|
(3) |
sa tábla, cuirtear na hiontrálacha seo a leanas isteach i ndiaidh na hiontrála ‘salainn seiléiniam’:
|
(*1) Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn (IO L 328, 21.12.2018, lch. 82, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2018/2001/oj).’.
IARSCRÍBHINN III
Leasaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1165 mar a leanas:
|
(1) |
Leasaítear Cuid A mar a leanas:
|
|
(2) |
Leasaítear Cuid B mar a leanas:
|
(*1) Rialachán (AE) 2020/354 ón gCoimisiún an 4 Márta 2020 lena mbunaítear liosta d’úsáidí beartaithe le haghaidh beatha atá beartaithe chun críoch cothaitheach áirithe agus lena n-aisghairtear Treoir 2008/38/CE (IO L 67, 5.3.2020, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2020/354/oj).’;
IARSCRÍBHINN IV
Leasaítear Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1165 mar a leanas:
|
(1) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Chuid A: ‘CUID A Breiseáin bhia údaraithe agus áiseanna próiseála údaráithe dá dtagraítear in Airteagal 24(2), pointe (a), de Rialachán (AE) 2018/848, lena n-áirítear iompróirí agus substaintí eile a úsáidtear ar an mbealach céanna agus a bhfuil an cuspóir céanna acu le háiseanna próiseála Tá na hearraí bia orgánacha a bhféadfar breiseáin bhia a chur leo laistigh de theorainn na n-údaruithe a thugtar i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008. Beidh feidhm ag na coinníollacha agus na srianta sonracha a leagtar amach sa tábla thíos i dteannta choinníollacha na n-údaruithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008. Déanfar an úsáid mar bhreiseáin bhia nó mar áiseanna próiseála a shannadh ar bhonn cás ar chás i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 agus leis an reachtaíocht náisiúnta maidir le háiseanna próiseála. Chun céatadáin dá dtagraítear in Airteagal 30(5) de Rialachán (AE) 2018/848 a ríomh, déanfar na breiseáin bhia atá marcáilte le réiltín sa cholún ‘E-uimhir nó Einecs, nó iad araon’ a ríomh mar chomhábhair de thionscnamh talmhaíochta.
|
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(2) |
i gCuid C, sa tábla, cuirtear an iontráil seo a leanas isteach i ndiaidh na hiontrála ‘olaí plandúla’:
|
|
(3) |
i gCuid D, leasaítear an tábla mar a leanas:
|
(+) Fardal Eorpach de Shubstaintí Ceimiceacha Tráchtálacha Reatha (IO C 146, 15.6.1990, lch. 4).
(++) Catagóirí Bia i gCuid D d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le breiseáin bhia (IO L 354, 31.12.2008, lch. 16, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2008/1333/oj).
(+++) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 ón gCoimisiún an 28 Samhain 2019 lena mbunaítear coinníollacha aonfhoirmeacha maidir le cur chun feidhme Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le bearta cosantacha in aghaidh lotnaidí plandaí, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 690/2008 ón gCoimisiún agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 ón gCoimisiún (IO L 319, 10.12.2019, lch. 1; ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2019/2072/oj).
(++++) Treoir (AE) 2020/2184 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2020 maidir le cáilíocht an uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine (IO L 435, 23.12.2020, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2020/2184/oj).’;
IARSCRÍBHINN V
‘IARSCRÍBHINN VI
Táirgí agus substaintí atá údaraithe lena n-úsáid i dtáirgeadh orgánach i dtríú tíortha agus sna réigiúin is forimeallaí den Aontas de bhun Airteagal 45(2) de Rialachán (AE) 2018/848
CUID A
Táirgí agus substaintí atá údaraithe lena n-úsáid i dtáirgeadh orgánach i dtríú tíortha
Substaintí gníomhacha lena n-úsáid i dtáirgí cosanta plandaí
Féadfar substaintí gníomhacha a liostaítear sa tábla thíos a úsáid i dtáirgeadh orgánach i dtríú tíortha, ar choinníoll go gcomhlíonann siad an reachtaíocht ábhartha tríú tír, go bhfuil siad díolmhaithe ó uasleibhéil iarmhar i gcomhréir le treoirlínte Codex Alimentarius CXG 97-2022 (*1), go n-áirítear iad in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*2), nó gur socraíodh uasleibhéil shonracha iarmhar sa Rialachán sin. Tá siad faoi réir na gcoinníollacha agus na dteorainneacha sonracha comhfhreagracha a leagtar amach sa tábla sin.
|
Uimhir CAS |
Ainm na substainte gníomhaí |
Coinníollacha agus teorainneacha sonracha |
|
|
Miocrorgánaigh lena n-áirítear víris, agus iad in úsáid mar oibreáin rialaithe bhitheolaíoch |
gan bheith de thionscnamh OGM nach dtáirgtear trí úsáid a bhaint as damhnaí fáis de thionscnamh OGM |
|
74-85-1 |
Eitiléin |
le haghaidh ionduchtú bláth san anann |
CUID B
Táirgí agus substaintí atá údaraithe lena n-úsáid i dtáirgeadh orgánach sna réigiúin is forimeallaí den Aontas
Substaintí gníomhacha lena n-úsáid i dtáirgí cosanta plandaí
Féadfar substaintí gníomhacha a liostaítear sa tábla thíos a úsáid i dtáirgeadh orgánach sna réigiúin is forimeallaí den Aontas, ar choinníoll go gcomhlíonann siad forálacha ábhartha dhlí an Aontais agus, i gcás inarb infheidhme, forálacha náisiúnta bunaithe ar dhlí an Aontais.
(*1) https://www.fao.org/fao-who-codexalimentarius/codex-texts/guidelines/en.
(*2) Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Feabhra 2005 maidir le huasleibhéil iarmhar lotnaidicídí i mbia agus i mbeatha de bhunadh plandúil nó de bhunadh ainmhíoch nó ar bhia agus ar bheatha den chineál sin agus lena leasaítear Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (IO L 70, 16.3.2005, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2005/396/oj).’
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/973/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)