|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/972 |
27.5.2025 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/972 ÓN gCOIMISIÚN
an 23 Bealtaine 2025
maidir le himréiteach chuntais ghníomhaireachtaí íocaíochta na mBallstát a bhaineann le caiteachas arna mhaoiniú leis an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) le haghaidh na bliana airgeadais 2024
(tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2025) 3167)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/2116 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 (1), agus go háirithe Airteagal 53(1), an chéad fhomhír, agus Airteagal 104, de,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 352/78, (CE) Uimh. 165/94, (CE) Uimh. 2799/98, (CE) Uimh. 814/2000, (CE) Uimh. 1290/2005 agus (CE) Uimh. 485/2008 ón gComhairle (2), agus go háirithe Airteagal 51 de,
Tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoiste um na Cistí Talmhaíochta,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le hAirteagal 104(1), an dara fomhír, pointe (a), de Rialachán (AE) 2021/2116, foráiltear go leanfaidh Airteagal 4(1), pointe (b), Airteagal 5, Airteagal 7(3), Airteagail 9, 17, 21 agus 34, Airteagal 35(4), Airteagail 36, 37, 38, 40 go 43, 51, 52, 54, 56, 59, 63, 64, 67, 68, 70 go 75, 77, 91 go 97, 99, 100, Airteagal 102(2) agus Airteagail 110 agus 111 de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 d’fheidhm a bheith acu, a mhéid a bhaineann leis an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta, i ndáil le caiteachas arna thabhú agus íocaíochtaí arna ndéanamh le haghaidh na bliana airgeadais 2024. |
|
(2) |
Le hAirteagal 64, an dara mír, pointe (a), de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/128 ón gCoimisiún (3), foráiltear go leanfaidh Airteagal 2, Airteagal 3(1), an chéad fhomhír, Airteagal 3(2), Airteagal 4(1), pointe (b), Airteagail 5, 6, 7, 21 go 25, 27, 28, 29, Airteagal 30(1), pointí (a), (b) agus (c), Airteagal 30(2), (3) agus (4), agus Airteagail 31 go 40 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 908/2014 ón gCoimisiún (4) d’fheidhm a bheith acu, a mhéid a bhaineann le CERT, i ndáil le caiteachas arna thabhú agus íocaíochtaí arna ndéanamh le haghaidh na bliana airgeadais 2024. |
|
(3) |
Le hAirteagal 64, an dara mír, pointe (c), de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/128, foráiltear go leanfaidh Iarscríbhinní II agus III a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 908/2014 d’fheidhm a bheith acu chun críocha Airteagal 32, pointí (f) agus (g), de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/128 le haghaidh na bliana airgeadais 2024. |
|
(4) |
Le hAirteagal 40, an dara mír, de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/127 ón gCoimisiún (5), foráiltear go leanfaidh Airteagal 5, Airteagal 5a, Airteagal 7(3) agus (4), Airteagal 10, Airteagal 11(1), an dara fomhír, Airteagal 11(2), Airteagail 12 agus 13 agus Airteagal 41(5) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 907/2014 ón gCoimisiún (6) d’fheidhm a bheith acu, a mhéid a bhaineann le CERT, i ndáil le caiteachas arna thabhú agus íocaíochtaí arna ndéanamh le haghaidh na bliana airgeadais 2024. |
|
(5) |
De bhun Airteagal 51 de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 agus Airteagal 53 de Rialachán (AE) 2021/2116, ar bhonn na gcuntas bliantúil arna gcur isteach ag na Ballstáit, agus an fhaisnéis is gá chun na cuntais a imréiteach ag gabháil leo chomh maith le tuairim iniúchóireachta maidir le hiomláine, cruinneas agus fírinneacht na gcuntas agus na dtuarascálacha arna mbunú ag na comhlachtaí deimhniúcháin, tá an Coimisiún le cuntais na ngníomhaireachtaí íocaíochta dá dtagraítear in Airteagal 7 de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 agus Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2021/2116 sin a imréiteach roimh an 31 Bealtaine an bhliain tar éis na bliana airgeadais i gceist. |
|
(6) |
I gcomhréir le hAirteagal 35 de Rialachán (AE) 2021/2116, cuirtear tús leis an mbliain airgeadais talmhaíochta an 16 Deireadh Fómhair de bhliain N-1 agus tagann deireadh léi an 15 Deireadh Fómhair i mbliain N. Agus cuntais á n-imréiteach le haghaidh na bliana airgeadais 2024, ba cheart caiteachas a thabhaigh na Ballstáit idir an 16 Deireadh Fómhair 2023 agus an 15 Deireadh Fómhair 2024 a chur san áireamh, i gcomhréir le hAirteagal 11(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 2022/128. |
|
(7) |
Le hAirteagal 33(2), an chéad fhomhír, de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 908/2014 agus le hAirteagal 35(2), an chéad fhomhír, de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/128, foráiltear go bhfuil na méideanna is in-aisghabhála ó na Ballstáit uile nó is iníoctha leo, i gcomhréir leis an gcinneadh maidir le himréiteach cuntas dá dtagraítear in Airteagal 33(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 908/2014 agus in Airteagal 35(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/128, go bhfuil siad le leagan síos trí na híocaíochtaí míosúla le haghaidh na bliana airgeadais lena mbaineann a asbhaint ón gcaiteachas a aithnítear le haghaidh na bliana sin i gcomhréir le hAirteagal 33(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 908/2014 agus le hAirteagal 35(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/128. Tá an Coimisiún leis an méid sin a asbhaint ón íocaíocht mhíosúil a bhaineann leis an gcaiteachas a dhéantar sa dara mí tar éis an chinnidh maidir le himréiteach cuntas nó tá an Coimisiún leis an méid sin a chur leis an íocaíocht sin. |
|
(8) |
Sheiceáil an Coimisiún an fhaisnéis a chuir na Ballstáit faoina bhráid agus chuir sé torthaí na seiceálacha in iúl do na Ballstáit, mar aon leis na leasuithe atá molta aige. |
|
(9) |
I gcás na ngníomhaireachtaí íocaíochta uile, cuireann na cuntais bhliantúla agus na doiciméid tionlacain ar a chumas don Choimisiún cinneadh a dhéanamh maidir le cruinneas, iomláine agus fírinneacht na gcuntas bliantúil a chuirtear faoina bhráid. |
|
(10) |
De bhun Airteagal 41(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 agus Airteagal 39(1) agus (2) de Rialachán (AE) 2021/2116, tá an Coimisiún le fíorú go gcomhlíonann na Ballstáit na tréimhsí íocaíochta agus na huasteorainneacha airgeadais a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais maidir le cabhair a íoc le tairbhithe agus tá sé le cinneadh a dhéanamh maidir le laghduithe a d’fhéadfaí a dhéanamh ar íocaíochtaí míosúla leis na Ballstáit. |
|
(11) |
De bhun Airteagal 40, an chéad fhomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 agus Airteagal 38 de Rialachán (AE) 2021/2116 i gcomhar le hAirteagal 5(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 907/2014 agus Airteagal 5(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/127, faoi seach, i gcás ina ndearnadh íocaíochtaí tar éis an dáta íocaíochta is déanaí is féidir, tá an Coimisiún le méid na n-íocaíochtaí míosúla a dheonaítear do na Ballstáit a laghdú agus tionchar airgeadais an laghdaithe a choigeartú i gcomhréir leis an moill ar íocaíocht trí na rátaí éagsúla dá bhforáiltear in Airteagal 5(2) agus (3) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 907/2014 agus Airteagal 5(2) agus (3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/127 a chur i bhfeidhm. I gcomhréir le hAirteagal 5(5), an dara fomhír, de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 907/2014 agus le hAirteagal 5(5), an dara fomhír, de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/127, cuirfear aon sárú ar sprioc-amanna íocaíochta san áireamh, ar a dhéanaí, sa chinneadh maidir le himréiteach cuntas. Rinneadh cuid den chaiteachas a dhearbhaigh Ballstáit áirithe le linn na bliana airgeadais 2024 tar éis na sprioc-amanna is infheidhme. Dá bhrí sin, leis an gCinneadh seo ba cheart na laghduithe ábhartha a leagan síos. |
|
(12) |
Leanfaidh Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) d’fheidhm a bheith aige maidir le hiarratais ar chabhair a bhaineann le blianta éilimh a thosaigh roimh an 1 Eanáir 2023, de bhun Airteagal 154(2) de Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8). I roinnt Rialacháin ón gCoimisiún lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013, leagtar síos uasteorainneacha airgeadais le haghaidh bearta áirithe arna maoiniú i leith íocaíochtaí díreacha faoi CERT. Tar éis an laghdú líneach, an smacht airgeadais agus an laghdú ar íocaíochtaí a leagtar síos in Airteagail 7, 8 agus 11, faoi seach, de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 a chur san áireamh, eascraíonn laghduithe ar na híocaíochtaí míosúla atá le déanamh leis an mBallstát lena mbaineann de bhun Airteagal 41(1), an dara fomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 as aon sárú ar na huasteorainneacha sin. Tar éis measúnú deiridh a dhéanamh i ndiaidh na cuntais bhliantúla a chur isteach, ba cheart aon sárú ar na huasteorainneacha a bhraitear agus nach n-asbhaintear ó na híocaíochtaí míosúla a chur san áireamh sa Chinneadh seo. |
|
(13) |
De bhun Airteagal 41 de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 agus Airteagal 39 de Rialachán (AE) 2021/2116, tá roinnt íocaíochtaí míosúla le haghaidh na bliana airgeadais 2024 laghdaithe ag an gCoimisiún cheana mar gheall ar chaiteachas nach ndearnadh i gcomhréir le rialacha an Aontais. Leis an gCinneadh seo, ba cheart don Choimisiún na méideanna sin a laghdaíodh a chur san áireamh chun aon íocaíocht nó aisíocaíocht mhíchuí nó mhíthráthúil a sheachaint, ar íocaíochtaí nó aisíocaíochtaí iad a d’fhéadfadh a bheith faoi réir ceartú airgeadais níos déanaí. Ba cheart scrúdú a dhéanamh ar na méideanna atá i gceist, i gcás inarb iomchuí, faoi imeachtaí imréitigh comhréireachta de bhun Airteagal 52 de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 agus Airteagal 55 de Rialachán (AE) 2021/2116 |
|
(14) |
Tá na híocaíochtaí míosúla ábhartha laghdaithe cheana ag an gCoimisiún le haghaidh na bliana airgeadais 2024 i gcás na méideanna atá dlite do CERT mar thoradh ar chinntí maidir le himréiteach comhréireachta agus airgeadais, de bhun Airteagail 51 agus 52 de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 agus Airteagail 53 agus 55 de Rialachán (AE) 2021/2116, arna bhforghníomhú ag an gCoimisiún sa bhliain airgeadais 2024. Cuirtear aon mhéid den sórt sin san áireamh sa Chinneadh seo. |
|
(15) |
De bhun Airteagal 54(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013, ba cheart don Bhallstát lena mbaineann 50 % de na hiarmhairtí airgeadais a eascraíonn ón neamh-aisghabháil neamhrialtachtaí a íoc, mura ndéantar an aisghabháil laistigh de 4 bliana ó dháta na hiarrata ar aisghabháil, nó laistigh de 8 mbliana i gcás ina dtugtar an aisghabháil os comhair na gcúirteanna náisiúnta. Le hAirteagal 54(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013, ceanglaítear ar na Ballstáit tábla a chur i gceangal leis na cuntais bhliantúla nach mór dóibh a chur faoi bhráid an Choimisiúin, de bhun Airteagal 29 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 908/2014, ar tábla deimhnithe é lena léirítear na méideanna atá le híoc acu faoi Airteagal 54(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013. Rialacha maidir le cur i bhfeidhm oibleagáid na mBallstát chun na méideanna atá le haisghabháil a thuairisciú, leagtar síos i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 908/2014 iad. Le hIarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 908/2014, leagtar amach an tsamhail den tábla ar cheart do na Ballstáit a úsáid chun faisnéis a sholáthar faoi na méideanna atá le haisghabháil. Ar bhonn na dtáblaí a líonann na Ballstáit isteach, ba cheart don Choimisiún na hiarmhairtí airgeadais a eascraíonn ón neamh-aisghabháil neamhrialtachtaí atá níos sine ná 4 nó 8 mbliana faoi seach a chinneadh. |
|
(16) |
De bhun Airteagal 54(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013, ar chúiseanna cuí-réasúnaithe, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh gan iarracht a dhéanamh aisghabháil a dhéanamh. Ní féidir cinneadh den sórt sin a dhéanamh ach amháin más mó na costais a tabhaíodh cheana in éineacht leis na costais is dócha a thabhófar, ná an méid atá le haisghabháil, nó má tá an aisghabháil dodhéanta mar gheall ar dhócmhainneacht an fhéichiúnaí nó na ndaoine a bhfuil freagracht dhlíthiúil orthu as an neamhrialtacht, ar dócmhainneacht í a cláraíodh agus a aithníodh faoin dlí náisiúnta. Má dhéantar an cinneadh laistigh de 4 bliana ó dháta na hiarrata ar aisghabháil, nó laistigh de 8 mbliana i gcás ina dtugtar an aisghabháil os comhair na gcúirteanna náisiúnta, ba cheart 100 % d’iarmhairtí airgeadais a eascraíonn ón neamh-aisghabháil a íoc as buiséad an Aontais. Na méideanna ar chinn Ballstát ar leith gan iarracht a dhéanamh iad a aisghabháil agus na forais lena chinneadh, cuimseofar iad sa tuarascáil achomair dá dtagraítear in Airteagal 54(4) den Rialachán sin. Dá bhrí sin, níor cheart na méideanna sin a ghearradh ar na Ballstáit lena mbaineann agus mar gheall air sin, tá siad le híoc as buiséad an Aontais. |
|
(17) |
I gcomhréir le hAirteagal 51 de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 agus le hAirteagal 53 de Rialachán (AE) 2021/2116, ba cheart an Cinneadh seo a bheith gan dochar do na cinntí a d’fhéadfadh an Coimisiún a dhéanamh ina dhiaidh seo chun caiteachas a eisiamh ó mhaoiniú ón Aontas de bhun Airteagal 52 de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 agus Airteagail 54 agus 55 de Rialachán (AE) 2021/2116, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Imréitítear leis seo cuntais ghníomhaireachtaí íocaíochta na mBallstát a mhéid a bhaineann le caiteachas arna mhaoiniú leis an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) i leith na bliana airgeadais 2024.
Leagtar amach in Iarscríbhinní I agus II a ghabhann leis an gCinneadh seo na méideanna is in-aisghabhála ó gach Ballstát, nó is iníoctha le gach Ballstát, lena n-áirítear na méideanna a eascraíonn ó chur i bhfeidhm Airteagal 54(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013, de bhun an Chinnidh seo.
Airteagal 2
Tá an Cinneadh seo gan dochar do chinntí a dhéanfaidh an Coimisiún amach anseo maidir le himréiteach comhréireachta, ar cinntí iad a d’fhéadfadh an Coimisiún a dhéanamh de bhun Airteagal 52 de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 agus Airteagal 55 de Rialachán (AE) 2021/2116 chun caiteachas nach ndéantar i gcomhréir le dlí an Aontais a eisiamh ó mhaoiniú ón Aontas, agus de bhun cinntí maidir le himréiteach feidhmíochta bliantúil a d’fhéadfadh an Coimisiún a dhéanamh amach anseo de bhun Airteagal 54 de Rialachán (AE) 2021/2116 chun caiteachas nach bhfuil aschur comhfhreagrach aige mar a thuairiscítear sa tuarascáil bhliantúil ar fheidhmíocht a eisiamh ó mhaoiniú ón Aontas.
Airteagal 3
Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Cinneadh seo.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 Bealtaine 2025.
Thar ceann an Choimisiúin
Christophe HANSEN
Comhalta den Choimisiún
(1) IO L 435, 6.12.2021, lch. 187, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/2116/oj.
(2) IO L 347, 20.12.2013, lch. 549, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/1306/oj.
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/128 ón gCoimisiún an 21 Nollaig 2021 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2021/2116 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le gníomhaireachtaí íocaíochta agus comhlachtaí eile, bainistíocht airgeadais, imréiteach cuntas, seiceálacha, urrúis agus trédhearcacht (IO L 20, 31.1.2022, lch. 131, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2022/128/oj).
(4) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 908/2014 ón gCoimisiún an 6 Lúnasa 2014 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le gníomhaireachtaí íocaíochta agus comhlachtaí eile, bainistíocht airgeadais, imréiteach cuntas, rialacha maidir le seiceálacha, urrúis agus trédhearcacht (IO L 255, 28.8.2014, lch. 59, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2014/908/oj).
(5) Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/127 ón gCoimisiún an 7 Nollaig 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2021/2116 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le rialacha maidir le gníomhaireachtaí íocaíochta agus comhlachtaí eile, bainistíocht airgeadais, imréiteach cuntas, urrúis agus úsáid an euro (IO L 20, 31.1.2022, lch. 95, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2022/127/oj).
(6) Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 907/2014 ón gCoimisiún an 11 Márta 2014 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le gníomhaireachtaí íocaíochta agus comhlachtaí eile, bainistíocht airgeadais, imréiteach cuntas, urrúis agus úsáid an euro (IO L 255, 28.8.2014, lch. 18, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2014/907/oj).
(7) Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear rialacha maidir le híocaíochtaí díreacha le feirmeoirí faoi scéimeanna tacaíochta faoi chuimsiú an chomhbheartais talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 637/2008 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 73/2009 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 608, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/1307/oj).
(8) Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 lena mbunaítear rialacha maidir le tacaíocht do phleananna straitéiseacha atá le tarraingt suas ag na Ballstáit faoin gcomhbheartas talmhaíochta (Pleananna Straitéiseacha CBT) agus le maoiniú ag an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus ag an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1305/2013 agus (AE) Uimh. 1307/2013 (IO L 435, 6.12.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/2115/oj).
IARSCRÍBHINN I
Imréiteach chuntais na nGníomhaireachtaí Íocaíochta
Bliain airgeadais 2024
An méid atá le haisghabháil ón mBallstát nó atá le híoc leis
|
Ballstát |
|
2024 – Caiteachas/Ioncam Sannta le haghaidh na nGníomhaireachtaí Íocaíochta a bhfuil na cuntais ina leith |
Iomlán a + b |
Laghduithe agus fionraíochtaí le haghaidh na bliana airgeadais ina hiomláine (1) |
An méid atá le gearradh i gcomhréir le hAirteagal 54(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 |
Iomlán lena n-áirítear laghduithe agus fionraí |
Íocaíochtaí a dhéantar leis an mBallstát le haghaidh na bliana airgeadais |
An méid atá le haisghabháil ón mBallstát (-) nó atá le híoc leis (+) (2) |
|
|
imréitithe |
scartha |
||||||||
|
= caiteachas/ioncam sannta a dearbhaíodh sa dearbhú bliantúil |
= iomlán an chaiteachais/an ioncaim shannta sna dearbhuithe míosúla |
||||||||
|
a |
b |
c=a+b |
d |
e |
f=c+d+e |
g |
h=f-g |
||
|
AT |
EUR |
696 565 001,42 |
0,00 |
696 565 001,42 |
994 767,54 |
-1 249,82 |
697 558 519,14 |
697 559 768,96 |
-1 249,82 |
|
BE |
EUR |
553 789 267,80 |
0,00 |
553 789 267,80 |
- 378 546,79 |
- 712,96 |
553 410 008,05 |
555 112 173,33 |
-1 702 165,28 |
|
BG |
BGN |
0,00 |
0,00 |
0,00 |
0,00 |
-2 373,84 |
-2 373,84 |
0,00 |
-2 373,84 |
|
BG |
EUR |
831 485 950,98 |
0,00 |
831 485 950,98 |
-7 338 177,33 |
0,00 |
824 147 773,65 |
824 072 466,75 |
75 306,90 |
|
CY |
EUR |
51 421 473,92 |
0,00 |
51 421 473,92 |
- 420 889,28 |
0,00 |
51 000 584,64 |
50 966 053,22 |
34 531,42 |
|
CZ |
CZK |
0,00 |
0,00 |
0,00 |
0,00 |
-6 066 994,45 |
-6 066 994,45 |
0,00 |
-6 066 994,45 |
|
CZ |
EUR |
841 755 023,99 |
0,00 |
841 755 023,99 |
-6 586 634,66 |
0,00 |
835 168 389,33 |
835 162 223,53 |
6 165,80 |
|
DE |
EUR |
4 482 474 369,03 |
0,00 |
4 482 474 369,03 |
- 735 627,02 |
- 127 844,49 |
4 481 610 897,52 |
4 482 069 049,38 |
- 458 151,86 |
|
DK |
DKK |
0,00 |
0,00 |
0,00 |
0,00 |
0,00 |
0,00 |
0,00 |
0,00 |
|
DK |
EUR |
828 180 124,86 |
0,00 |
828 180 124,86 |
-2 505 738,30 |
0,00 |
825 674 386,56 |
825 664 394,95 |
9 991,61 |
|
EE |
EUR |
195 875 127,07 |
0,00 |
195 875 127,07 |
- 979 787,87 |
0,00 |
194 895 339,20 |
194 873 329,16 |
22 010,04 |
|
ES |
EUR |
5 739 832 659,22 |
0,00 |
5 739 832 659,22 |
-79 833 500,17 |
- 339 847,31 |
5 659 659 311,74 |
5 658 623 885,05 |
1 035 426,69 |
|
FI |
EUR |
529 451 605,11 |
0,00 |
529 451 605,11 |
- 171 237,27 |
-25 137,06 |
529 255 230,78 |
529 277 936,12 |
-22 705,34 |
|
FR |
EUR |
7 408 295 093,00 |
0,00 |
7 408 295 093,00 |
-75 214 939,35 |
- 153 763,59 |
7 332 926 390,06 |
7 335 636 287,96 |
-2 709 897,90 |
|
EL |
EUR |
1 924 234 937,08 |
0,00 |
1 924 234 937,08 |
-32 408 441,27 |
- 330 284,96 |
1 891 496 210,85 |
1 902 226 963,94 |
-10 730 753,09 |
|
HR |
EUR |
380 706 854,55 |
0,00 |
380 706 854,55 |
-8 684 204,31 |
-17 188,53 |
372 005 461,71 |
371 808 187,11 |
197 274,60 |
|
HU |
EUR |
1 383 976 095,60 |
0,00 |
1 383 976 095,60 |
-7 670 199,90 |
0,00 |
1 376 305 895,70 |
1 376 356 298,97 |
-50 403,27 |
|
HU |
HUF |
0,00 |
0,00 |
0,00 |
0,00 |
-45 707 987,00 |
-45 707 987,00 |
0,00 |
-45 707 987,00 |
|
IE |
EUR |
1 192 122 143,92 |
0,00 |
1 192 122 143,92 |
-2 084 482,60 |
-2 428,52 |
1 190 035 232,80 |
1 188 889 885,20 |
1 145 347,60 |
|
IT |
EUR |
4 107 883 194,34 |
0,00 |
4 107 883 194,34 |
-42 222 430,09 |
-3 010 533,40 |
4 062 650 230,85 |
4 074 933 568,17 |
-12 283 337,32 |
|
LT |
EUR |
588 647 735,15 |
0,00 |
588 647 735,15 |
-5 578 381,94 |
-1 313,60 |
583 068 039,61 |
583 069 353,21 |
-1 313,60 |
|
LU |
EUR |
31 462 153,17 |
0,00 |
31 462 153,17 |
50 566,72 |
0,00 |
31 512 719,89 |
31 492 387,65 |
20 332,24 |
|
LV |
EUR |
338 523 858,99 |
0,00 |
338 523 858,99 |
-5 763,41 |
-1 588,29 |
338 516 507,29 |
338 518 095,58 |
-1 588,29 |
|
MT |
EUR |
10 121 490,08 |
0,00 |
10 121 490,08 |
- 324 309,63 |
0,00 |
9 797 180,45 |
9 797 177,40 |
3,05 |
|
NL |
EUR |
747 093 956,37 |
0,00 |
747 093 956,37 |
-22 504 736,93 |
-4 889,62 |
724 584 329,82 |
724 667 434,10 |
-83 104,28 |
|
PL |
EUR |
3 461 737 961,80 |
0,00 |
3 461 737 961,80 |
-1 318 807,21 |
0,00 |
3 460 419 154,59 |
3 460 445 279,99 |
-26 125,40 |
|
PL |
PLN |
0,00 |
0,00 |
0,00 |
0,00 |
-4 708 511,63 |
-4 708 511,63 |
0,00 |
-4 708 511,63 |
|
PT |
EUR |
864 560 699,11 |
0,00 |
864 560 699,11 |
-34 017 288,50 |
- 147 306,92 |
830 396 103,69 |
831 160 474,30 |
- 764 370,61 |
|
RO |
EUR |
1 964 397 334,11 |
0,00 |
1 964 397 334,11 |
-82 392 071,80 |
0,00 |
1 882 005 262,31 |
1 882 181 707,49 |
- 176 445,18 |
|
RO |
RON |
0,00 |
0,00 |
0,00 |
0,00 |
-3 238 745,29 |
-3 238 745,29 |
0,00 |
-3 238 745,29 |
|
SE |
EUR |
702 105 230,79 |
0,00 |
702 105 230,79 |
- 374 711,81 |
0,00 |
701 730 518,98 |
701 726 652,57 |
3 866,41 |
|
SE |
SEK |
0,00 |
0,00 |
0,00 |
0,00 |
0,00 |
0,00 |
0,00 |
0,00 |
|
SI |
EUR |
144 810 799,94 |
0,00 |
144 810 799,94 |
0,00 |
0,00 |
144 810 799,94 |
144 810 799,94 |
0,00 |
|
SK |
EUR |
407 254 054,62 |
0,00 |
407 254 054,62 |
- 380 686,22 |
- 247 925,07 |
406 625 443,33 |
407 315 696,94 |
- 690 253,61 |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Ballstát |
|
Caiteachas (3) |
Ioncam sannta (3) |
Airteagal 54(2) (=e) |
Iomlán (=h) |
||
|
08 02 06 01 |
6200 |
6200 |
|||||
|
i |
j |
k |
l=i+j+k |
||||
|
AT |
EUR |
0,00 |
0,00 |
-1 249,82 |
-1 249,82 |
||
|
BE |
EUR |
0,00 |
-1 701 452,32 |
- 712,96 |
-1 702 165,28 |
||
|
BG |
BGN |
0,00 |
0,00 |
-2 373,84 |
-2 373,84 |
||
|
BG |
EUR |
75 306,90 |
0,00 |
0,00 |
75 306,90 |
||
|
CY |
EUR |
46 988,56 |
-12 457,14 |
0,00 |
34 531,42 |
||
|
CZ |
CZK |
0,00 |
0,00 |
-6 066 994,45 |
-6 066 994,45 |
||
|
CZ |
EUR |
6 165,80 |
0,00 |
0,00 |
6 165,80 |
||
|
DE |
EUR |
0,00 |
- 330 307,37 |
- 127 844,49 |
- 458 151,86 |
||
|
DK |
DKK |
0,00 |
0,00 |
0,00 |
0,00 |
||
|
DK |
EUR |
9 991,61 |
0,00 |
0,00 |
9 991,61 |
||
|
EE |
EUR |
22 010,04 |
0,00 |
0,00 |
22 010,04 |
||
|
ES |
EUR |
1 409 290,03 |
-34 016,03 |
- 339 847,31 |
1 035 426,69 |
||
|
FI |
EUR |
46 781,65 |
-44 349,93 |
-25 137,06 |
-22 705,34 |
||
|
FR |
EUR |
0,00 |
-2 556 134,31 |
- 153 763,59 |
-2 709 897,90 |
||
|
EL |
EUR |
0,00 |
-10 400 468,13 |
- 330 284,96 |
-10 730 753,09 |
||
|
HR |
EUR |
257 773,69 |
-43 310,56 |
-17 188,53 |
197 274,60 |
||
|
HU |
EUR |
0,00 |
-50 403,27 |
0,00 |
-50 403,27 |
||
|
HU |
HUF |
0,00 |
0,00 |
-45 707 987,00 |
-45 707 987,00 |
||
|
IE |
EUR |
1 147 776,12 |
0,00 |
-2 428,52 |
1 145 347,60 |
||
|
IT |
EUR |
0,00 |
-9 272 803,92 |
-3 010 533,40 |
-12 283 337,32 |
||
|
LT |
EUR |
0,00 |
0,00 |
-1 313,60 |
-1 313,60 |
||
|
LU |
EUR |
20 332,24 |
0,00 |
0,00 |
20 332,24 |
||
|
LV |
EUR |
0,00 |
0,00 |
-1 588,29 |
-1 588,29 |
||
|
MT |
EUR |
3,05 |
0,00 |
0,00 |
3,05 |
||
|
NL |
EUR |
0,00 |
-78 214,66 |
-4 889,62 |
-83 104,28 |
||
|
PL |
EUR |
0,00 |
-26 125,40 |
0,00 |
-26 125,40 |
||
|
PL |
PLN |
0,00 |
0,00 |
-4 708 511,63 |
-4 708 511,63 |
||
|
PT |
EUR |
0,00 |
- 617 063,69 |
- 147 306,92 |
- 764 370,61 |
||
|
RO |
EUR |
0,00 |
- 176 445,18 |
0,00 |
- 176 445,18 |
||
|
RO |
RON |
0,00 |
0,00 |
-3 238 745,29 |
-3 238 745,29 |
||
|
SE |
EUR |
12 981,47 |
-9 115,06 |
0,00 |
3 866,41 |
||
|
SE |
SEK |
0,00 |
0,00 |
0,00 |
0,00 |
||
|
SI |
EUR |
0,00 |
0,00 |
0,00 |
0,00 |
||
|
SK |
EUR |
0,00 |
- 442 328,54 |
- 247 925,07 |
- 690 253,61 |
||
|
|
|
|
|
|
|
||
|
|||||||
(1) Is éard atá sna laghduithe agus sna fionraithe na cinn a chuirtear san áireamh sa chóras íocaíochta, lena gcuirtear na ceartúcháin go háirithe i dtaobh sprioc-amanna íocaíochta nach n-urramaítear agus laghduithe eile dá dtagraítear in Airteagal 41 de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 agus Airteagail 39-42 de Rialachán (AE) Uimh. 2021/2116.
(2) Maidir leis an méid atá le haisghabháil ón mBallstát nó atá le híoc leis a ríomh, is éard atá sa mhéid a chuirtear san áireamh iomlán an dearbhaithe bhliantúil le haghaidh an chaiteachais imréitithe agus iomlán na n-íocaíochtaí míosúla a dhéantar le haghaidh an chaiteachais imréitithe. Ráta malairte infheidhme i gcomhréir le hAirteagal 12(3) de Rialachán (AE) 2022/127.
(3) Roinnfear BL 08 02 06 01 idir na ceartúcháin dhiúltacha a bheidh ina n-ioncam sannta in BL 62 00 agus na ceartúcháin dhearfacha i bhfabhar BS a áireofar anois ar thaobh an chaiteachais 08 02 06 01 dá dtagraítear in Airteagal 43 de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 agus Airteagal 45 de Rialachán (AE) 2021/2116.
IARSCRÍBHINN II
Imréiteach chuntais na nGníomhaireachtaí Íocaíochta
Bliain airgeadais 2024 – CERT
Ceartúcháin i gcomhréir le hAirteagal 54(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 (*1)
|
Ballstát |
Airgeadra |
San Airgeadra náisiúnta |
In Euro |
|
CY |
EUR |
0,00 |
0,00 |
|
CZ |
CZK |
0,00 |
0,00 |
|
ES |
EUR |
0,00 |
0,00 |
|
HU |
HUF |
0,00 |
0,00 |
|
LT |
EUR |
0,00 |
0,00 |
|
LV |
EUR |
0,00 |
0,00 |
|
MT |
EUR |
0,00 |
0,00 |
|
PL |
PLN |
112 564,14 |
0,00 |
|
SI |
EUR |
0,00 |
0,00 |
|
SK |
EUR |
0,00 |
0,00 |
|
|
|
|
|
(*1) Méideanna atá le gearradh ar na Ballstáit mar thoradh ar chur i bhfeidhm Airteagal 54(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 maidir leis an Ionstraim Shealadach le haghaidh Forbairt Tuaithe (ISFT) arna mhaoiniú leis an gCiste Eorpach um Threoraíocht agus Ráthaíocht Talmhaíochta (CETRT) (Rialachán (CE) Uimh. 27/2004 ón gCoimisiún an 5 Eanáir 2004 lena leagtar síos forálacha mionsonraithe idirthréimhseacha le haghaidh chur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 1257/1999 ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis an maoiniú arna dhéanamh ag an Rannóg Ráthaíochta CETRT ar bhearta forbartha tuaithe i bPoblacht na Seice, an Eastóin, an Chipir, an Laitvia, an Liotuáin, an Ungáir, Málta, an Pholainn, an tSlóivéin agus an tSlóvaic (IO L 5, 9.1.2004, lch. 36)).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/972/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)