|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/968 |
21.5.2025 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/968 ÓN gCOMHAIRLE
an 20 Bealtaine 2025
lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2024/2642 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí díchobhsaitheacha na Rúise
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/2642 ón gComhairle an 8 Deireadh Fómhair 2024 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí díchobhsaitheacha na Rúise (1), agus go háirithe Airteagal 13(3) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 8 Deireadh Fómhair 2024, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) 2024/2642. |
|
(2) |
Ar bhonn athbhreithniú ar Chinneadh (CBES) 2024/2643 (2), measann an Chomhairle go bhfuil an fhaisnéis aitheantais agus an ráiteas ar chúiseanna san iontráil a bhaineann le duine nádúrtha amháin i liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2024/2643 le leasú. |
|
(3) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) 2024/2642 a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2024/2642 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 20 Bealtaine 2025.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
K. KALLAS
(1) IO L, 2024/2642, 9.10.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2642/oj.
(2) Cinneadh (CBES) 2024/2643 ón gComhairle an 8 Deireadh Fómhair 2024 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí díchobhsaitheacha na Rúise (IO L, 2024/2643, 9.10.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/2643/oj).
IARSCRÍBHINN
In Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2024/2642, faoin gceannteideal ‘A. Daoine nádúrtha’, cuirtear isteach an iontráil seo a leanas:
|
|
Ainm |
Faisnéis aitheantais |
Ráiteas ar chúiseanna |
Dáta an liostaithe |
|
‘14. |
Anatolii PRIZENKO |
Fear gnó Dáta breithe: 26.11.1974 Áit bhreithe: Poblacht Shóivéadach Shóisialach na Moldóive (Poblacht na Moldóive anois) Náisiúntacht: Moldóvach Inscne: fireann |
Is fear gnó i bPoblacht na Moldóive é Anatolii Prizenko. Ag deireadh mhí Dheireadh Fómhair 2023, chomhordaigh sé roinnt saoránach de chuid Phoblacht na Moldóive a chur chun na Fraince, áit ar phéinteáil siad Réalta Dháiví ar na sráideanna agus íocadh iad as sin a dhéanamh. Thuairiscigh na meáin an oibríocht sin go forleathan agus bhí éifeacht dhíchobhsaitheach shuntasach aici i gcomhthéacs na coinbhleachta idir Iosrael agus Hamas tar éis na n-ionsaithe an 7 Deireadh Fómhair 2023. Scaip an líonra meán Recent Reliable News íomhánna den oibríocht sin ar dtús, líonra a bhfuil baint aige le Rialtas Chónaidhm na Rúise agus a úsáideann gníomhaithe na Rúise chun feachtais bhréagaisnéise a stiúradh. Ghlac Anatolii Prizenko freagracht go poiblí as an oibríocht sin a eagrú. De réir tuairiscí sna meáin, rinneadh an oibríocht dhíchobhsaitheach sin ar mhaithe le seirbhís faisnéise míleata na Rúise, GRU, agus bhí mar aidhm aici teannas a spreagadh i sochaí na Fraince. Dá bhrí sin, tá Anatolii Prizenko freagrach as gníomhaíochtaí nó beartais de chuid Rialtas Chónaidhm na Rúise a chur chun feidhme, as tacú leo nó as tairbhe a bhaint astu, ar gníomhaíochtaí nó beartais iad lena mbaintear an bonn den chobhsaíocht i mBallstát agus, dá bhrí sin, san Aontas, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin, trí úsáid ionramhála agus cur isteach comhordaithe ar fhaisnéis a phleanáil, a stiúradh nó páirt dhíreach nó indíreach a ghlacadh inti. |
16.12.2024’. |
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/968/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)