European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/960

20.5.2025

CINNEADH (CBES) 2025/960 ÓN gCOMHAIRLE

an 20 Bealtaine 2025

lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2018/1544 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne leathadh agus úsáid arm ceimiceach

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 15 Deireadh Fómhair 2018, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2018/1544 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne leathadh agus úsáid arm ceimiceach (1).

(2)

An 18 Samhain 2024 agus an 14 Feabhra 2025, d’eisigh an Eagraíocht um Thoirmeasc ar Airm Cheimiceacha (‘ETAC’) tuarascálacha ó dhá chuairt cúnaimh theicniúil inar dearbhaíodh gur ann d’oibreán smachtaithe círéibe CS agus comhdhúile gaolmhara sna samplaí a bailíodh, a léiríonn patrún den smachtú círéibe a úsáid mar mhodh cogaíochta sna línte tosaigh san Úcráin, rud atá toirmiscthe faoi Airteagal I, mír 5, den Choinbhinsiún maidir le hAirm Cheimiceacha.

(3)

Sa chomhthéacs sin, agus i bhfianaise na bagartha leanúnaí ó leathadh agus úsáid arm ceimiceach, ba cheart trí eintiteas a áireamh ar liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir na mbeart sriantach a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2018/1544.

(4)

Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh (CBES) 2018/1544 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2018/1544 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 20 Bealtaine 2025.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

K. KALLAS


(1)  Cinneadh (CBES) 2018/1544 ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 2018 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne leathadh agus úsáid arm ceimiceach (IO L 259, 16.10.2018, lch. 25, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2018/1544/oj).


IARSCRÍBHINN

San Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2018/1544, faoin gceannteideal ‘B. Daoine dlítheanacha, eintitis agus comhlachtaí’, cuirtear isteach na hiontrálacha seo a leanas:

 

Ainm

Faisnéis aitheantais

Forais ainmniúcháin

Dáta liostaithe

‘4.

Radiological Chemical and Biological Defence Troops of the Ministry of Defence of the Russian Federation (Trúpaí um an gCosaint Raideolaíoch, Cheimiceach agus Bhitheolaíoch de chuid Aireacht Cosanta Chónaidhm na Rúise)

(Войска радиационной, химической и биологической защиты Министерства обороны Российской Федерации)

Seoladh: Corpus 2, Building 22, Frunze Embankment, 119160 Moscó, Cónaidhm na Rúise

Suíomh gréasáin: https://eng.mil.ru/en/structure/forces/ground/structure/rhbz.htm

Uimhir chlárúcháin: 1037739635890

Uimhir Aitheantais Phearsanta Cháiníocóra (INN): 7704195013

Is iad na Radiological, Chemical and Biological Defence Troops (Trúpaí um an gCosaint Raideolaíoch, Cheimiceach agus Bhitheolaíoch) an t-eintiteas inniúil i bhFórsaí Armtha na Rúise atá i gceannas ar chogaíocht cheimiceach agus bhitheolaíoch. Sa cháil sin, tá baint ag na Trúpaí um an gCosaint Raideolaíoch, Cheimiceach agus Bhitheolaíoch leis an úsáid a bhaineann Cónaidhm na Rúise as airm cheimiceacha. Áirítear orthu sin oibreáin smachtaithe círéibe, mar shampla gás CS, a d’úsáid fórsaí na Rúise san Úcráin mar mhodh cogaíochta, de shárú ar Airteagal I, mír 5 den Choinbhinsiún maidir le hAirm Cheimiceacha, a bhfuil an Rúis ina Páirtí Stáit ann. Dearbhaíodh úsáid gáis CS i dtuarascálacha a d’fhoilsigh an Eagraíocht um Thoirmeasc ar Airm Cheimiceacha (ETAC) i mí na Samhna 2024 agus i mí Feabhra 2025, tar éis cuairteanna cúnaimh theicniúil san Úcráin.

Dá bhrí sin, tá baint ag na Trúpaí um an gCosaint Raideolaíoch, Cheimiceach agus Bhitheolaíoch le húsáid arm ceimiceach.

20.5.2025

5.

27th Scientific Centre of the Ministry of Defence of the Russian Federation (27ú Lárionad Eolaíochta de chuid Aireacht Cosanta Chónaidhm na Rúise)

(27-й Центральный научно-исследовательский институт Министерства обороны Российской Федерации)

Seoladh: 51 st Khoroshevsky Passage, 123007 Moscó, Cónaidhm na Rúise

Teil.: + 7 (495) 945 76 96

Uimhir Aitheantais Phearsanta Cháiníocóra (INN): 7714676767

Suíomh gréasáin:

http://eng.mil.ru/en/science/sro/information.htm?id=10992@morfOrgScience

Ríomhphost: fin27cnii@mail.ru

Eintiteas comhlachaithe: Radiological Chemical and Biological Defence Troops of the Ministry of Defence of the Russian Federation (Trúpaí um an gCosaint Raideolaíoch, Cheimiceach agus Bhitheolaíoch de chuid Aireacht Cosanta Chónaidhm na Rúise)

Is fo-aonad de na Radiological, Chemical and Biological Defence Troops (Trúpaí um an gCosaint Raideolaíoch, Cheimiceach agus Bhitheolaíoch) é an Russian Ministry of Defence 27th Scientific Centre (27ú Lárionad Eolaíochta de chuid Aireacht Cosanta na Rúise). Mar phríomheintiteas taighde laistigh d’arm na Rúise, is le harm na Rúise é agus tá baint aige le forbairt agus úsáid oibreán ceimiceach.

Dá bhrí sin, tá baint ag an 27ú Lárionad Eolaíochta de chuid Aireacht Cosanta na Rúise leis na Trúpaí um an gCosaint Raideolaíoch, Cheimiceach agus Bhitheolaíoch.

20.5.2025

6.

33rd Central Scientific Research and Testing Institute of the Ministry of Defence of the Russian Federation

(33ú Institiúid Lárnach don Taighde Eolaíoch agus don Tástáil de chuid Aireacht Cosanta Chónaidhm na Rúise)

(33 Центральный научно-исследовательский испытательный институт Министерства обороны Российской Федерации)

Seoladh: 1 Ulitsa Krasnoznamennaya, Volsk-18/Shikhany, Saratov Oblast, Cónaidhm na Rúise; Krasnoznamennaya Street 1, Volsk-18, Saratov, 412918 Cónaidhm na Rúise

Teil.: + 7 (343) 255 99 88

Uimhir Aitheantais Phearsanta Cháiníocóra (INN): 6441013942 / 644101001

Suíomh gréasáin: https://ens.mil.ru/science/SRI/information.htm?id=12027@morfOrgScience

Ríomhphost: 33cnii-fes@mil.ru

Eintiteas comhlachaithe: Radiological Chemical and Biological Defence Troops of the Ministry of Defence of the Russian Federation (Trúpaí um an gCosaint Raideolaíoch, Cheimiceach agus Bhitheolaíoch de chuid Aireacht Cosanta Chónaidhm na Rúise)

Is fo-aonad de na Radiological, Biological and Chemical Defence Troops (Trúpaí um an gCosaint Raideolaíoch, Cheimiceach agus Bhitheolaíoch) é an Russian Ministry 33rd Central Scientific Research and Testing Institute (33ú Institiúid Lárnach don Taighde Eolaíoch agus don Tástáil). Mar phríomheintiteas taighde cheimicigh agus tástála ceimicí laistigh d’arm na Rúise, is le harm na Rúise é agus tá baint aige le forbairt agus úsáid oibreán ceimiceach.

Dá bhrí sin, tá baint ag an 33ú Institiúid Lárnach don Taighde Eolaíoch agus don Tástáil de chuid Aireacht Cosanta na Rúise leis na Trúpaí um an gCosaint Raideolaíoch, Cheimiceach agus Bhitheolaíoch.

20.5.2025’


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/960/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)