European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/954

22.5.2025

CINNEADH (AE) 2025/954 ÓN gCOMHAIRLE

an 13 Bealtaine 2025

lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha de Choiste na Réigiún don tréimhse ón 13 Bealtaine 2025 go dtí an 25 Eanáir 2030 agus lena leasaítear Cinneadh (AE) 2025/71

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 300(3) agus Airteagal 305 de,

Ag féachaint do Chinneadh (AE) 2019/852 ón gComhairle an 21 Bealtaine 2019 lena gcinntear comhdhéanamh Choiste na Réigiún (1),

Ag féachaint do na moltaí arna ndéanamh ag Rialtas na Seice, Rialtas na Gearmáine agus Rialtas na hOstaire,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Foráiltear le hAirteagal 300(3) den Chonradh go bhfuil Coiste na Réigiún le bheith comhdhéanta d’ionadaithe do chomhlachtaí réigiúnacha agus áitiúla a bhfuil acu sainordú toghchánach in údarás réigiúnach nó áitiúil nó atá freagrach go polaitiúil do thionól tofa.

(2)

Foráiltear le hAirteagal 305 den Chonradh go ndéanfaidh an Chomhairle comhaltaí Choiste na Réigiún mar aon lena chomhlíon de chomhaltaí malartacha a cheapadh go ceann téarma 5 bliana i gcomhréir leis na moltaí arna ndéanamh ag gach Ballstát.

(3)

Ós rud é go ndeachaigh téarma oifige chomhaltaí agus chomhaltaí malartacha Choiste na Réigiún in éag an 25 Eanáir 2025, ba cheart comhaltaí nua agus comhaltaí malartacha nua a cheapadh.

(4)

An 10 Nollaig 2024, ghlac an Chomhairle Cinneadh (AE) 2025/71 (2). Leis an gCinneadh sin, cheap sí na comhaltaí agus na comhaltaí malartacha de Choiste na Réigiún arna moladh ag rialtas na hEastóine, na hÉireann, na Cróite, na Cipire, na Laitvia, Lucsamburg, Mhálta, na hÍsiltíre, na hOstaire, na Portaingéile, na Slóivéine, na Slóvaice, na Fionlainne, agus na Sualainne don tréimhse ón 26 Eanáir 2025 go dtí an 25 Eanáir 2030. Le Cinneadh (AE) 2025/71, cheap an Chomhairle don tréimhse chéanna, 12 chomhalta agus 9 gcomhalta mhalartacha arna moladh ag Rialtas na Seice, 7 gcomhalta agus 9 gcomhalta mhalartacha arna moladh ag Rialtas na Danmhairge, 23 chomhalta agus 19 gcomhalta mhalartacha arna moladh ag Rialtas na Gearmáine, 11 chomhalta agus 12 chomhalta mhalartacha arna moladh ag Rialtas na Gréige, 20 comhalta agus 20 comhalta malartach arna moladh ag Rialtas na Spáinne, 22 chomhalta agus 24 chomhalta mhalartacha arna moladh ag Rialtas na hIodáile, 21 chomhalta agus 20 comhalta malartach arna moladh ag Rialtas na Polainne, agus 9 gcomhalta agus 9 gcomhalta mhalartacha arna moladh ag Rialtas na Rómáine. Ní fhéadfaí na comhaltaí ná na comhaltaí malartacha ina leith siúd nár cuireadh moltaí lena gceapadh in iúl don Chomhairle roimh an 22 Samhain 2024 a chur san áireamh i gCinneadh (AE) 2025/71.

(5)

An 21 Eanáir 2025, ghlac an Chomhairle Cinneadh (AE) 2025/201 (3). Leis an gCinneadh sin, cheap sí don tréimhse ón 26 Eanáir 2025 go dtí an 25 Eanáir 2030, na comhaltaí agus na comhaltaí malartacha de Choiste na Réigiún a mhol Rialtais na Bulgáire, na Liotuáine agus na hUngáire, mar aon le 10 gcomhalta agus 10 gcomhalta mhalartacha a mhol Rialtas na Beilge, agus 24 chomhalta agus 23 chomhalta mhalartacha a mhol Rialtas na Fraince. Thairis sin, le Cinneadh (AE) 2025/201, cheap an Chomhairle 2 chomhalta agus comhalta malartach amháin a mhol Rialtas na Danmhairge, agus ceapadh duine de na comhaltaí sin mar chomhalta malartach ar dtús le Cinneadh (AE) 2025/71. Cheap sí freisin comhalta malartach amháin a mhol Rialtas na hIodáile tar éis do chomhalta malartach arna cheapadh le Cinneadh (AE) 2025/71 éirí as oifig. Ní fhéadfaí na comhaltaí ná na comhaltaí malartacha ina leith siúd nár cuireadh moltaí lena gceapadh in iúl don Chomhairle roimh an 31 Nollaig 2024 a chur san áireamh i gCinneadh (AE) 2025/201.

(6)

An 18 Feabhra 2025, ghlac an Chomhairle Cinneadh (AE) 2025/378 (4). Leis an gCinneadh sin, cheap sí, don tréimhse ón 18 Feabhra 2025 go dtí an 25 Eanáir 2030, beirt chomhaltaí agus beirt chomhaltaí mhalartacha de Choiste na Réigiún a mhol Rialtas na Beilge, beirt chomhaltaí mhalartacha a mhol Rialtas na Gearmáine, comhalta amháin a mhol Rialtas na Gréige, comhalta amháin agus comhalta malartach amháin a mhol Rialtas na Spáinne, beirt chomhaltaí a mhol Rialtas na hIodáile, seisear comhaltaí agus seisear comhaltaí malartacha a mhol Rialtas na Rómáine, agus comhalta malartach amháin a mhol Rialtas na Polainne. Thairis sin, le Cinneadh (AE) 2025/378, cheap an Chomhairle comhalta amháin a mhol Rialtas na Gearmáine tar éis do chomhalta arna cheapadh le Cinneadh (AE) 2025/71 éirí as oifig. Ní fhéadfaí na comhaltaí ná na comhaltaí malartacha ina leith siúd nár cuireadh moltaí lena gceapadh in iúl don Chomhairle roimh an 7 Feabhra 2025 a chur san áireamh i gCinneadh (AE) 2025/378.

(7)

Faoin 30 Aibreán 2025, cuireadh liosta breise faoi bhráid na Comhairle, eadhon liosta ar a raibh triúr comhaltaí malartacha de Choiste na Réigiún a mhol Rialtas na Seice, agus liosta ar a raibh comhalta amháin agus comhalta malartach amháin a mhol Rialtas na Gearmáine. Ba cheart an comhalta agus na comhaltaí malartacha sin a cheapadh don tréimhse ón 13 Bealtaine 2025 go dtí an 25 Eanáir 2030.

(8)

Le Cinneadh (AE) 2025/71, ceapadh Malte Krückels ina chomhalta de Choiste na Réigiún don tréimhse ón 26 Eanáir 2025 go dtí an 25 Eanáir 2030. Mar sin féin, tháinig deireadh an 14 Nollaig 2024 leis an sainordú ar dá bhun a moladh é a cheapadh ar Choiste na Réigiún. I ndiaidh dheireadh an tsainordaithe sin, mhol Rialtas na Gearmáine go gceapfaí André KNAPP ina chomhalta de Choiste na Réigiún. Dá bhrí sin, ba cheart André KNAPP a cheapadh ina chomhalta de Choiste na Réigiún agus ba cheart an liosta de na comhaltaí thar ceann na Gearmáine i gCinneadh (AE) 2025/71 a oiriúnú dá réir.

(9)

Le Cinneadh (AE) 2025/71 ceapadh Werner AMON ina chomhalta de Choiste na Réigiún don tréimhse ón 26 Eanáir 2025 go dtí an 25 Eanáir 2030. Mar sin féin, tháinig deireadh an 18 Nollaig 2024 leis an sainordú ar dá bhun a moladh é a cheapadh ar Choiste na Réigiún. I ndiaidh dheireadh an tsainordaithe sin, mhol Rialtas na hOstaire go gceapfaí Manuela KHOM ina comhalta de Choiste na Réigiún. Dá bhrí sin, ba cheart Manuela KHOM a cheapadh ina comhalta de Choiste na Réigiún agus ba cheart an liosta de na comhaltaí thar ceann na hOstaire i gCinneadh (AE) 2025/71 a oiriúnú dá réir.

(10)

Nuair a bheidh na comhaltaí agus na comhaltaí malartacha de Choiste na Réigiún ceaptha trí bhíthin an Chinnidh seo, leanfar, ar dháta níos faide anonn, de chomhaltaí malartacha eile a cheapadh, ar ina leith nár cuireadh na moltaí lena gceapadh in iúl don Chomhairle faoi 30 Aibreán 2025,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, déantar na daoine a leanas a cheapadh ar Choiste na Réigiún don tréimhse ón 13 Bealtaine 2025 go dtí an 25 Eanáir 2030:

ina gcomhaltaí, na daoine a liostaítear de réir Ballstáit in Iarscríbhinn I,

ina gcomhaltaí malartacha, na daoine a liostaítear de réir Ballstáit in Iarscríbhinn II.

Airteagal 2

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh (AE) 2025/71 mar a leanas:

(1)

sa liosta don Ghearmáin, scriostar an iontráil seo a leanas:

‘Malte KRÜCKELS

Staatssekretär für Medien und Europa, Bevollmächtigter Thüringens beim Bund (Státrúnaí na Meán agus na hEorpa, Ionadaí Shaorstát Thuringia chuig an Rialtas Cónaidhme)’

;

(2)

sa liosta don Ostair, scriostar an iontráil seo a leanas:

‘Werner AMON

Landesrat der Steiermärkischen Landesregierung (Comhalta de Státrialtas Styria)’.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 13 Bealtaine 2025.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. DOMAŃSKI


(1)   IO L 139, 27.5.2019, lch. 13, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2019/852/oj.

(2)  Cinneadh (AE) 2025/71 ón gComhairle an 10 Nollaig 2024 lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha de Choiste na Réigiún don tréimhse ón 26 Eanáir 2025 go dtí an 25 Eanáir 2030 (IO L, 2025/71, 16.1.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/71/oj).

(3)  Cinneadh (AE) 2025/201 ón gComhairle an 21 Eanáir 2025 lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha de Choiste na Réigiún don tréimhse ón 26 Eanáir 2025 go dtí an 25 Eanáir 2030 agus lena leasaítear Cinneadh (AE) 2025/71 (IO L, 2025/201, 31.1.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/201/oj).

(4)  Cinneadh (AE) 2025/378 ón gComhairle an 18 Feabhra lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha de Choiste na Réigiún don tréimhse ón 18 Feabhra 2025 go dtí an 25 Eanáir 2030 agus lena leasaítear Cinneadh (AE) 2025/71 (IO L, 2025/378, 6.3.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/378/oj).


IARSCRÍBHINN I

ПРИЛОЖЕНИЕ I - ANEXO I - PŘÍLOHA I - BILAG I - ANHANG I - I LISA - ΠΑΡΑΡΤΗΜΑ Ι - ANNEX I - ANNEXE I - IARSCRÍBHINN I - PRILOG I - ALLEGATO I - I PIELIKUMS - I PRIEDAS - I. MELLÉKLET - ANNESS I - BIJLAGE I - ZAŁĄCZNIK I - ANEXO I - ANEXA I - PRÍLOHA I - PRILOGA I - LIITE I - BILAGA I

Членове / Miembros / Členové / Medlemmer / Mitglieder / Liikmed / Μέλη / Members / Membres / Comhaltaí / Članovi / Membri / Locekļi / Nariai / Tagok / Membri / Leden / Członkowie / Membros / Membri / Členovia / Člani / Jäsenet / Ledamöter

DEUTSCHLAND

André KNAPP

Oberbürgermeister der kreisfreien Stadt Suhl (Ardmhéara Chathair Suhl)

Volker-Gerd WESTPHAL

Staatssekretär im Ministerium der Finanzen und für Europa des Landes Brandenburg (Státrúnaí ag an Aireacht Airgeadais agus Gnóthaí Eorpacha Stát Brandenburg)

ÖSTERREICH

Manuela KHOM

Landeshauptmann-Stellvertreterin der Steiermark, Steiermärkische Landesregierung (Leas-Ghobharnóir Styria, Státrialtas Styria)


IARSCRÍBHINN II

ПРИЛОЖЕНИЕ II - ANEXO II - PŘÍLOHA II - BILAG II - ANHANG II - II LISA - ΠΑΡΑΡΤΗΜΑ ΙΙ - ANNEX II - ANNEXE II - IARSCRÍBHINN II - PRILOG II - ALLEGATO II - II PIELIKUMS - II PRIEDAS - II. MELLÉKLET - ANNESS II - BIJLAGE II - ZAŁĄCZNIK II - ANEXO II - ANEXA II - PRÍLOHA II - PRILOGA II - LIITE II - BILAGA II

Заместник-членове / Suplentes / Náhradníci / Suppleanter / Stellvertreter / Asendusliikmed / Αναπληρωτές / Alternate members / Suppléants / Comhaltaí malartacha / Zamjenici članova / Supplenti / Aizstājēji / Pakaitiniai nariai / Póttagok / Membri Supplenti / Plaatsvervangers / Zastępcy członków / Suplentes / Supleanți / Náhradníci / Nadomestni člani / Varajäsenet / Suppleanter

ČESKO

Martin HURAJČÍK

Člen zastupitelstva Karlovarského kraje (Comhalta de Thionól Réigiúnach Réigiún Karlovy Vary)

Martin NETOLICKÝ

Člen zastupitelstva Pardubického kraje (Comhalta de Thionól Réigiúnach Réigiún Pardubice)

Radka VLADYKOVÁ

Zastupitelka za město Jesenice (Comhalta de Thionól Áitiúil Bhaile Jesenice)

DEUTSCHLAND

Robert CZAPLINSKI

Bürgermeister der Stadt Beeskow (Méara chathair Beeskow)


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/954/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)