|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/952 |
23.5.2025 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/952 ÓN gCOIMISIÚN
an 22 Bealtaine 2025
lena gcuirtear ar atráth dáta éaga an fhormheasa maidir le S-meitipréin lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 18 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid (1), agus go háirithe Airteagal 14(5) de,
Tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBuanchoiste um Tháirgí Bithicídeacha,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 91/2014 ón gCoimisiún (2), formheasadh S-meitipréin mar shubstaint ghníomhach lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 18 faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán sin. |
|
(2) |
An formheas maidir le S-meitipréin lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 18 (‘an formheas’), rachaidh sé in éag an 31 Lúnasa 2025. An 28 Feabhra 2024 cuireadh iarratas isteach i gcomhréir le hAirteagal 13(1) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 chun athnuachan a dhéanamh ar an bhformheas (‘an t-iarratas’). |
|
(3) |
An 19 Meitheamh 2024 chuir údarás inniúil meastóireachta na hÉireann an Coimisiún ar an eolas gur chinn sé, de bhun Airteagal 14(1) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, gur ghá meastóireacht iomlán a dhéanamh ar an iarratas. De bhun Airteagal 8(1) den Rialachán sin, tá an t-údarás inniúil meastóireachta le meastóireacht iomlán a dhéanamh ar an iarratas laistigh de 365 lá tar éis a bhailíochtaithe. |
|
(4) |
Féadfaidh an t-údarás inniúil meastóireachta, de réir mar is iomchuí, é a chur de cheangal ar an iarratasóir sonraí leordhóthanacha a sholáthar chun an mheastóireacht a dhéanamh, i gcomhréir le hAirteagal 8(2) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012. Sa chás sin, cuirtear an tréimhse 365 lá ar fionraí ar feadh tréimhse nach faide ná 180 lá ar an iomlán ach amháin má tá údar maith le fionraí níos faide mar gheall ar chineál na sonraí a iarrtar nó mar gheall ar imthosca eisceachtúla. |
|
(5) |
Laistigh de 270 lá tar éis don Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán moladh a fháil ón údarás inniúil meastóireachta, déanfaidh sí tuairim maidir le hathnuachan ar fhormheas na substainte gníomhaí a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Choimisiúin, i gcomhréir le hAirteagal 14(3) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012. |
|
(6) |
Dá réir sin, ar chúiseanna nach bhfuil neart ag an iarratasóir orthu, is dócha go rachaidh an formheas in éag sula ndéanfar cinneadh maidir lena athnuachan. Dá bhrí sin, is iomchuí dáta éaga an fhormheasa a chur ar atráth go ceann tréimhse leordhóthanach chun gur féidir scrúdú a dhéanamh ar an iarratas. Agus aird á tabhairt ar na teorainneacha ama le haghaidh na meastóireachta ag an údarás inniúil meastóireachta agus le haghaidh ullmhú agus chur isteach na tuairime ón nGníomhaireacht Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, agus ar an am atá de dhíth ar an gCoimisiún cinneadh a dhéanamh an ndéanfar athnuachan ar an bhformheas, ba cheart an dáta éaga a chur ar atráth go dtí an 29 Feabhra 2028. |
|
(7) |
Tar éis dáta éaga an fhormheasa a chur ar atráth, beidh S-meitipréin formheasta go fóill lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 18 faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 91/2014 ón gCoimisiún, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Dáta éaga an fhormheasa maidir le S-meitipréin lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 18 a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 91/2014, cuirfear ar atráth go dtí an 29 Feabhra 2028 é.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 22 Bealtaine 2025.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 167, 27.6.2012, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2012/528/oj.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 91/2014 ón gCoimisiún an 31 Eanáir 2014 lena bhformheastar S-meitipréin mar shubstaint ghníomhach atá ann cheana lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 18 (IO L 32, 1.2.2014, lch. 13, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2014/91/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/952/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)