|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/943 |
21.5.2025 |
CINNEADH (CBES) 2025/943 ÓN gCOMHAIRLE
an 20 Bealtaine 2025
lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2023/855 maidir le Misean Comhpháirtíochta de chuid an Aontais Eorpaigh sa Mholdóiv (EUPM Moldova)
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagail 42(4) agus 43(2) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 24 Aibreán 2023, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2023/855 (1), lenar bunaíodh Misean Comhpháirtíochta de chuid an Aontais Eorpaigh sa Mholdóiv (EUPM Moldova) ar feadh tréimhse 2 bhliain ón dáta a seoladh an Misean. |
|
(2) |
An 22 Bealtaine 2023, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2023/993 (2) lenar seoladh EUPM Moldova agus lenar tugadh méid tagartha airgeadais don mhisean le haghaidh na tréimhse ón 24 Aibreán 2023 go dtí an 21 Bealtaine 2025. |
|
(3) |
I gcomhthéacs an Athbhreithnithe Straitéisigh ar EUPM Moldova, chomhaontaigh an Coiste Polaitiúil agus Slándála gur cheart síneadh a chur le EUPM Moldova go dtí an 31 Bealtaine 2027. Ina theannta sin, chomhaontaigh an Coiste Polaitiúil agus Slándála gur cheart do EUPM Moldova comhairle straitéiseach bhreise a thabhairt d’údaráis na Moldóive in earnáil na slándála agus gur cheart dá Aonad Tionscadail díriú ar thionscadail i gcomhréir leis an gcomhairle straitéiseach a chuir EUPM Moldova ar fáil faoina shainordú. |
|
(4) |
Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh (CBES) 2023/855 a leasú dá réir sin. |
|
(5) |
Cuirfear EUPM Moldova i gcrích i gcomhthéacs staid a d’fhéadfadh dul in olcas agus a d’fhéadfadh bac a chur ar bhaint amach chuspóirí ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais mar a leagtar amach in Airteagal 21 den Chonradh iad, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Cinneadh (CBES) 2023/855 mar a leanas:
|
(1) |
in Airteagal 2(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):
; |
|
(2) |
leasaítear Airteagal 13(1) mar a leanas:
|
|
(3) |
leasaítear Airteagal 14 mar a leanas:
|
|
(4) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 18, an dara mír: ‘Beidh feidhm aige go dtí an 31 Bealtaine 2027.’. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 20 Bealtaine 2025.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
K. KALLAS
(1) Cinneadh (CBES) 2023/855 ón gComhairle an 24 Aibreán 2023 maidir le Misean Comhpháirtíochta de chuid an Aontais Eorpaigh sa Mholdóiv (EUPM Moldova) (IO L 110, 25.4.2023, lch. 30, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/855/oj).
(2) Cinneadh (CBES) 2023/993 ón gComhairle an 22 Bealtaine 2023 lena seoltar Misean Comhpháirtíochta an Aontais Eorpaigh sa Mholdóiv (EUPM Moldova) (IO L 135, 23.5.2023, lch. 118, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/993/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/943/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)