|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/942 |
19.5.2025 |
CINNEADH (AE) 2025/942 ÓN gCOMHAIRLE
an 12 Bealtaine 2025
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Choiste Speisialaithe Trádála um Chomhar Riaracháin in CBL agus um Aisghabháil Cánacha agus Dleachtanna arna bhunú leis an gComhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 113, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Maidir leis an gComhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile (1) (‘an Comhaontú Trádála agus Comhair’), thug an tAontas agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach i gcrích é an 30 Nollaig 2020 agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Bealtaine 2021. |
|
(2) |
Leis an gComhaontú Trádála agus Comhair, agus go háirithe a Phrótacal maidir le comhar riaracháin agus calaois a chomhrac i réimse na cánach breisluacha agus ar chúnamh frithpháirteach chun éilimh a bhaineann le cánacha agus dleachtanna a aisghabháil (‘an Prótacal’), déantar foráil maidir le creat láidir dlíthiúil i ndáil le comhar maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise agus maidir le héilimh a aisghabháil. Is chun tairbhe don chomhar sin a bheidh formhór na n-uirlisí a úsáideann na Ballstáit faoi láthair chun comhar riaracháin a dhéanamh agus chun éilimh a aisghabháil. |
|
(3) |
Tá an Coiste Speisialaithe Trádála um Chomhar Riaracháin in CBL agus um Aisghabháil Cánacha agus Dleachtanna, arna bhunú leis an gComhaontú Trádála agus Comhair (‘an Coiste Speisialaithe Trádála’), le moltaí a dhéanamh agus cinntí a ghlacadh chun feidhmiú agus cur chun feidhme cuí an Phrótacail a áirithiú. |
|
(4) |
Glacfaidh an Coiste Speisialaithe Trádála cinneadh maidir leis an nós imeachta a bhaineann le cur chun feidhme agus feidhmiú cuí an Phrótacail agus leagfaidh sé síos na foirmeacha caighdeánacha le haghaidh na cumarsáide. |
|
(5) |
Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Choiste Speisialaithe Trádála a bhunú, ós rud é go mbeidh an cinneadh lena leagtar síos na foirmeacha caighdeánacha le haghaidh na cumarsáide ina cheangal ar an Aontas. |
|
(6) |
I bhfianaise éabhlóid an chórais um malartú foirmeacha dá dtagraítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2019)2866 ón gCoimisiún agus an ghá atá leis na foirmeacha caighdeánacha de bhun Airteagal PVAT.19(1) a chur i gcomhréir leis an gCinneadh Cur Chun Feidhme sin, chomh maith leis an ngá a eascraíonn as an méid sin go gcuirfí na forbairtí sin san áireamh i seasamh an Aontais, ba cheart forálacha maidir le comhar agus comhordú a leagan síos, i gcomhréir le prionsabal an chomhair dhílis a leagtar amach in Airteagal 13(2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, le haghaidh shonraíocht sheasamh an Aontais. |
|
(7) |
Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) agus thug sé tuairim uaidh an 28 Aibreán 2025, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Choiste Speisialaithe Trádála um Chomhar Riaracháin in CBL agus um Aisghabháil Cánacha agus Dleachtanna arna bhunú leis an gComhaontú Trádála agus Comhair (‘an Coiste Speisialaithe Trádála’), leagtar amach é sa dréachtchinneadh atá i gceangal leis an gCinneadh seo.
Airteagal 2
1. Maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Choiste Speisialaithe Trádála, a mhéid a bhaineann le tuilleadh coigeartuithe a dhéanamh ar na foirmeacha caighdeánacha le haghaidh na cumarsáide de bhun Airteagal PVAT.19(1), tacóidh sé leis na coigeartuithe sin, ar choinníoll go bhfuil géarghá leis chun na foirmeacha caighdeánacha a chur i gcomhréir leis an gcóras um malartú foirmeacha dá dtagraítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2019)2866 ón gCoimisiún.
2. Tarchuirfidh an Coimisiún doiciméad i scríbhinn chuig an gComhairle ina leagfar amach sonraí an choigeartaithe atá beartaithe dá dtagraítear i mír 1. Sroichfidh an doiciméad sin i scríbhinn an Chomhairle luath go leor roimh an gcruinniú ábhartha den Choiste Speisialaithe Trádála chun go mbeidh deis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais a phlé agus a fhormhuiniú ag an gcruinniú ábhartha sin nó, de réir mar a bheidh, chun deireadh a chur le nós imeachta i scríbhinn de chuid an Choiste Speisialaithe Trádála ina ndéanfaidh sé cinneadh maidir leis na foirmeacha caighdeánacha a choigeartú.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 12 Bealtaine 2025.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
B. NOWACKA
(1) IO L 149, 30.4.2021, lch. 10, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2021/689(1)/oj.
(2) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1725/oj).
DRÉACHT
CINNEADH Uimh. 1/2025 ÓN gCOISTE SPEISIALTA TRÁDALA UM CHOMHAR RIARACHÁIN IN CBL AGUS UM AISGHABHÁIL CÁNACHA AGUS DLEACHTANNA ARNA BHUNÚ LEIS AN gCOMHAONTÚ TRÁDÁLA AGUS COMHAIR IDIR AN tAONTAS EORPACH AGUS AN COMHPHOBAL EORPACH DO FHUINNEAMH ADAMHACH, DE PHÁIRT, AGUS RÍOCHT AAONTAITHE NA BREATAINE MÓIRE AGUS THUAISCEART ÉIREANN, DEN PHÁIRT EILE,
an …
lena leasaítear Cinneadh Uimh. 4/2023 maidir le foirmeacha caighdeánacha chun faisnéis agus sonraí staidrimh a chur in iúl, maidir le tarchur faisnéise trí Líonra Cumarsáide Coiteann agus maidir leis na socruithe praiticiúla i dtaca le heagrú na dteagmhálacha idir na lároifigí idirchaidrimh agus na ranna idirchaidrimh
TÁ AN COISTE SPEISIALAITHE TRÁDÁLA,
Ag féachaint don Chomhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile, (1) agus go háirithe a Phrótacal maidir le comhar riaracháin agus calaois a chomhrac i réimse na cánach breisluacha agus ar chúnamh frithpháirteach chun éilimh a aisghabháil (‘an Prótacal’), go háirithe Airteagal PVAT.39(2), pointe (d) den Phrótacal,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
De réir Airteagal PVAT.39(2), pointe (d), den Phrótacal ar chomhar riaracháin agus calaois a chomhrac i réimse na cánach breisluacha agus ar chúnamh frithpháirteach chun éilimh a aisghabháil (‘an Prótacal’), tá an Coiste Speisialaithe Trádála um Chomhar Riaracháin in CBL agus um Aisghabháil Cánacha agus Dleachtanna (‘an Coiste Speisialaithe Trádála’) chun na foirmeacha caighdeánacha a leagan síos le haghaidh cumarsáid de bhun Airteagal PVAT.19(1), mar atá, iarrataí ar fhaisnéis, ar mhalartú faisnéise gan choinne, ar fhiosrúcháin riaracháin agus ar aiseolas idir Ballstáit an Aontais agus an Ríocht Aontaithe faoin bPrótacal. |
|
(2) |
Chun iarrataí, faisnéis agus aiseolas a chur in iúl faoi Theideal II den Phrótacal, úsáideann údaráis inniúla na foirmeacha caighdeánacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Uimh. 4/2023 ón gCoiste Speisialaithe Trádála. Éilíonn na foirmeacha caighdeánacha nuashonruithe rialta chun go leanfaidh siad de bheith ábhartha do na húdaráis chánach agus inúsáidte acu chun críocha an Phrótacail, chun faisnéis CBL a iarraidh agus aiseolas a sholáthar ina leith tar éis iarraidh ar fhaisnéis agus ar fhiosrúcháin riaracháin, agus i gcás malartú faisnéise gan choinne. |
|
(3) |
Is gá, dá bhrí sin, struchtúr na bhfoirmeacha caighdeánacha a mhodhnú agus lipéid agus ranna nua a thabhairt isteach chun iad a thabhairt i gcomhréir leis an gcóras um Malartú Foirmeacha dá dtagraítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2019)2866 ón gCoimisiún, arna leasú le Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2024)8903 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2024. Tá gá leis an modhnú sin chun creat feabhsaithe a bhunú lena gcuirfí ar a gcumas don dá pháirtí tairbhe a bhaint as an raon leathan uirlisí atá in úsáid faoi láthair ag Ballstáit an Aontais le haghaidh comhar riaracháin agus aisghabháil éileamh. |
|
(4) |
Dá bhrí sin, ba cheart, Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Uimh. 4/2023 (2) a ionadú, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an téacs san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo in ionad Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Uimh. 4/2023.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh in/sa …, …
Thar ceann an Choiste Speisialaithe Trádála
Na Comhchathaoirligh
(1) IO L 149, 30.4.2021, lch. 10, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2021/689(1)/oj.
(2) Cinneadh (AE) 2023/2408 ón gComhairle an 16 Deireadh Fómhair 2023 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Choiste Speisialaithe Trádála um Chomhar Riaracháin i dtaca le CBL agus Cánacha agus Dleachtanna a Aisghabháil arna bhunú leis an gComhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile (IO L, 2023/2408, 31.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2408/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/942/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)