European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/941

20.5.2025

RIALACHÁN (AE) 2025/941 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 7 Bealtaine 2025

maidir le staidreamh margaidh saothair an Aontais Eorpaigh i dtaca le gnólachtaí, lena n–aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 530/1999 ón gComhairle agus Rialacháin (CE) Uimh. 450/2003 agus (CE) Uimh. 453/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 338(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Is gá staidreamh margaidh saothair i dtaca le gnólachtaí san Aontas atá cruinn, tráthúil, intaofa agus inchomparáideach a bheith ann chun beartais de chuid an Aontais a cheapadh agus a chur chun feidhme agus chun meastóireacht a dhéanamh orthu, go háirithe na beartais sin lena dtugtar aghaidh ar chomhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach agus straitéis fostaíochta na hEorpa, agus i gcomhthéacs phrionsabail Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta. Tá an staidreamh sin ábhartha freisin i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh, phlean gníomhaíochta um Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta agus an phlean gníomhaíochta maidir leis an nGeilleagar Sóisialta. Tá sé tábhachtach freisin don Aontas chun a chúraimí faoi na Conarthaí a chomhlíonadh.

(2)

Chun míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha a chosc agus a cheartú de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) agus chun faireachán a dhéanamh ar phá íosta leordhóthanach de bhun Threoir (AE) 2022/2041 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), éilítear faisnéis chruinn maidir le héabhlóid na gcostas saothair in aghaidh na huaire agus na leibhéal pá, maidir le cumhdach na gcomhaontaithe comhchoiteanna pá agus maidir le sciar na n-oibrithe ar fud na mBallstát atá cumhdaithe i dtaca le pá íosta.

(3)

Baineann an Banc Ceannais Eorpach úsáid as staidreamh margaidh saothair Eorpach i dtaca le gnólachtaí, i gcomhthéacs an bheartais airgeadaíochta aonair, go háirithe an staidreamh sin maidir le héabhlóid na gcostas saothair agus an fháis pá. Dá bhrí sin, is gá staidreamh cruinn, tráthúil, iontaofa agus inchomparáide de chuid an Aontais a bheith ann maidir le héabhlóid na gcostas saothair.

(4)

Is gá cumhdach an staidrimh i dtaca le folúntais phoist agus tráthúlacht innéacs na gcostas saothair a leathnú toisc go bhfuil an dá tháscaire liostaithe i measc Phríomhtháscairí Eacnamaíocha na hEorpa i dteachtaireacht ón gCoimisiún an 27 Samhain 2002 dar teideal on eurozone statistics ‘towards improved methodologies for eurozone statistics and indicators’ [maidir le staidreamh an limistéir euro ‘i dtreo modheolaíochtaí feabhsaithe le haghaidh staidreamh agus tháscairí an limistéir euro’], a bhfuil gá leo chun faireachán a dhéanamh ar bheartais airgeadaíochta agus eacnamaíocha.

(5)

Is den tábhacht é, chun críoch anailíseach, go bhfuil méid iomchuí sonraí siarghabhálacha ar fáil ionas gur féidir measúnú a dhéanamh ar innéacsanna na gcostas saothair le himeacht ama.

(6)

Chun an sainmhíniú ar fhiontar sóisialta a oibríochtú, tá sé tábhachtach tús a chur le staidéir féidearthachta agus phíolótacha agus é mar aidhm leo sonraí sonracha a bhailiú maidir le fiontair shóisialta.

(7)

Is gá bunús dlí a bheith ann chun tarchur sonraí bliantúla maidir leis an mbearna phá idir na hinscní a rialáil chun faireachán a dhéanamh ar na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe faoi Chlár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe, go háirithe sprioc 5 maidir le Comhionannas Inscne.

(8)

Chun prionsabal an chomhionannais deiseanna agus na córa comhionainne idir fir agus mná i gcúrsaí fostaíochta agus slite beatha, mar a thuairiscítear i dTreoir 2006/54/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), a chur chun feidhme, éilítear sonraí inchomparáide faoin bpá a fhaigheann fir agus mná. Chun neartú a dhéanamh ar cur i bhfeidhm phrionsabal an phá chomhionainn as obair chomhionann nó obair ar comhionann a luach idir fir agus mná, le hAirteagal 31 de Threoir (AE) 2023/970 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), ceanglaítear ar na Ballstáit sonraí maidir leis an mbearna phá idir na hinscní atá cothrom le dáta a sholáthar don Choimisiún go bliantúil agus go tráthúil. Ba cheart an oibleagáid sin a chomhlánú leis an gcreat staidrimh iomchuí is gá chun sonraí maidir leis an mbearna phá idir na hinscní a thiomsú agus a tharchur, creat ar cheart na topaicí mionsonraithe, tréimhsiúlacht an tsoláthair sonraí, na tréimhsí tagartha agus an spriocdháta tarchurtha sonraí a áireamh ann.

(9)

Sainmhínítear coincheap na bearna pá idir na hinscní i dTreoir (AE) 2023/970. Ba cheart an sainmhíniú sin a oiriúnú chun go mbeifear in ann sonraí maidir leis an mbearna phá idir na hinscní a thiomsú agus a tharchur faoin Rialachán seo. Go háirithe, tá oibrithe i gcaidreamh fostaíochta, lena n-áirítear oiliúnaithe agus printísigh ar íocaíocht, le cumhdach leis an téarma ‘fostaí’.

(10)

Chun an léiriú ar dhifríochtaí pá a chomhlánú, ba cheart don Choimisiún (Eurostat) staidreamh maidir leis an tuilleamh iomlán bliantúil agus míosúil a thiomsú, agus na comhpháirteanna ar fad a chumhdach, i gcás fostaithe fireanna agus fostaithe baineanna, gach 4 bliana, bunaithe ar shonraí maidir le struchtúr tuillimh.

(11)

Is é atá sa bhearna phinsin idir na hinscní an difríocht choibhneasta idir na meán-ollphinsin a thuilleann mná agus fir. Is as gairmréimeanna éagsúla a eascraíonn an bhearna sin; i gcás na mban, is ísle an pá, is giorra an ghairmréim, is minice a chuirtear isteach ar an ngairmréim, agus is ísle líon na n-uaireanta a oibrítear. Mar thoradh air sin, is mó an baol do na mná go mbeidís bocht níos déanaí sa saol. Na sonraí a bhailítear i gcomhthéacs staidreamh margaidh saothair i dtaca le gnólachtaí i leith struchtúr tuillimh, an bhearna phá idir na hinscní agus struchtúr na gcostas saothair, is féidir leo cur le tuiscint níos fearr ar an mbearna phinsin idir na hinscní sna Ballstáit.

(12)

Chun an reachtaíocht atá ann cheana a shimpliú agus chun comhchuibhiú a chothú maidir le raon feidhme, coincheapa, sainmhínithe agus tuairisciú cáilíochta, ba cheart staidreamh margaidh saothair Eorpach uile i dtaca le gnólachtaí a chumhdach leis an Rialachán seo. Dá bhrí sin, is iomchuí Rialachán (CE) Uimh. 530/1999 ón gComhairle (7) agus Rialacháin (CE) Uimh. 450/2003 (8) agus (CE) Uimh. 453/2008 (9) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a aisghairm agus an Rialachán seo a chur ina n-ionad.

(13)

Is den ríthábhacht é go gcomhlíonfar leis an staidreamh a bhailítear faoin Rialachán seo critéir cháilíochta a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10). Is tomhas tábhachtach cáilíochta é an beachtas staidrimh i gcás sonraí a thagann ó shamplaí. Dá bhrí sin, is gá spriocanna beachtais a shonrú ar cheart díriú orthu nuair a shainítear scéimeanna samplála sna Bhallstáit. Chomh maith leis sin, chun críoch tuairiscithe cáilíochta, ba cheart don Choimisiún (Eurostat) treoir a chur ar fáil ina thuairisciú cáilíochta faoi mar is féidir tuilleadh feabhais a chur ar cháilíocht an staidrimh arna thiomsú faoin Rialachán seo. D’fhéadfadh na Ballstáit teicnící nuálacha a úsáid chun sonraí a bhailiú, amhail cnuaschóipeáil ón ngréasán chun sonraí a bhailiú ó shuíomhanna gréasáin. Ba cheart do na sonraí a bhailítear leis na teicnící sin na ceanglais cháilíochta is infheidhme a chomhlíonadh.

(14)

Leis an Rialachán seo, ba cheart riachtanais nua a chur san áireamh atá tagtha chun cinn mar thoradh ar fhorbairt an Aontais agus an limistéir euro, ar choinníoll nach bhforchuirtear le forálacha an Rialacháin seo costas ná ualach suntasach breise ar fhreagróirí ná ar údaráis náisiúnta staidrimh.

(15)

Chun teorainn a chur leis an ualach riaracháin agus airgeadais ar fhiontair, go háirithe ar fhiontair sóisialta, fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) agus micrifhiontair, ba cheart do na húdaráis náisiúnta staidrimh féachaint ar gach foinse atá ar fáil, eadhon foinsí riaracháin, foinsí nuálacha agus foinsí eile, nach é is príomhaidhm dóibh staidreamh a sholáthar, mar rud is féidir cur in ionad suirbhéanna staidrimh nó mar rud atá mar chomhlánú ar shuirbhéanna staidrimh, faoi réir na gceanglas cáilíochta maidir le staidreamh oifigiúil. Is féidir leis na forbairtí teicneolaíochta agus digiteacha is déanaí rannchuidiú leis an gcuspóir sin.

(16)

Ba cheart do na húdaráis náisiúnta staidrimh prionsabal na costéifeachtachta a chur san áireamh, mar aon leis an bprionsabal nár cheart ualach iomarcach a chur ar oibreoirí eacnamaíocha. Ba cheart do na Ballstáit iarracht a dhéanamh a áirithiú go ndéanfar sonraí ábhartha a chomhroinnt go leordhóthanach idir na húdaráis gan dochar do rúndacht staidrimh chun a áirithiú go mbeidh an t-ualach tuairiscithe atá ar fhiontair chomh beag agus is féidir.

(17)

Tá sé chomh tábhachtach céanna an t-ualach freagartha a laghdú agus atá sé riachtanais nua a bhaineann le sonraí a ionchorprú agus staidreamh Eorpach á tháirgeadh. Ba cheart don Choimisiún (Eurostat) athbhreithniú rialta a dhéanamh ar úsáid agus inúsáidteacht sonraí agus deireadh a chur le hathróga agus le topaicí mionsonraithe nuair nach dtugann riachtanais an úsáideora ábhartha údar leo a thuilleadh.

(18)

Ba cheart an creat lena rialaítear staidreamh margaidh saothair i dtaca le gnólachtaí a fheabhsú go leanúnach. Áirítear leis sin gnéithe a bhaineann le cáilíocht sonraí chomh maith le hualaí eacnamaíocha míchuí a laghdú. Mar sin féin, ba cheart modhanna agus nósanna imeachta nua a thástáil go cuí sula ndéanfaí iad a ionchorprú i ngníomhaíochtaí laethúla na n-údarás náisiúnta staidrimh. Chun na críche sin, ba cheart don Choimisiún (Eurostat) agus d’údaráis náisiúnta staidrimh staidéir féidearthachta agus phíolótacha a dhéanamh. Ba cheart don Choimisiún staidéir den sórt sin a thionscnamh agus ba cheart an deis a bheith ag údaráis náisiúnta staidrimh páirt a ghlacadh iontu ar bhonn deonach. Chun an tátal ceart a bhaint astu, ba cheart don Choimisiún agus d’údaráis náisiúnta staidrimh anailís chúramach a dhéanamh ar thorthaí na staidéar sin. Ba cheart an anailís sin a chur ar fáil don phobal staidrimh agus don phobal i gcoitinne.

(19)

Chun feabhas a chur ar éifeachtúlacht na bpróiseas táirgthe staidrimh le haghaidh staidreamh margaidh saothair agus chun an t-ualach staidrimh ar fhreagróirí a laghdú, ba cheart an ceart a bheith ag údaráis náisiúnta staidrimh rochtain a bheith acu ar na sonraí riaracháin náisiúnta uile, ar shonraí atá i seilbh phríobháideach agus ar fhoinsí eile, agus na sonraí sin a úsáid, go pras agus saor in aisce, agus iad a chomhtháthú le staidreamh, a mhéid is gá chun staidreamh margaidh saothair an Aontais Eorpaigh i dtaca le gnólachtaí a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 223/2009.

(20)

Tagraíonn sonraí atá i seilbh phríobháideach don mhéid ollmhór sonraí atá i seilbh sealbhóirí sonraí príobháideacha a fuarthas mar thoradh ar a ngníomhaíocht, sonraí a d’fhéadfadh údaráis staidrimh a úsáid chun staidreamh oifigiúil a tháirgeadh. D’fhéadfadh sonraí atá i seilbh eagraíochtaí na sochaí sibhialta, i measc nithe eile, a bheith san áireamh iontu.

(21)

Tá Rialachán Uimh. (CE) Uimh. 223/2009 ina chreat tagartha don Rialachán seo, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann le cosaint sonraí rúnda, lena n-áirítear sonraí pearsanta.

(22)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon creat comhchoiteann a bhunú chun staidreamh ardcháilíochta margaidh saothair an Aontais Eorpaigh i dtaca le gnólachtaí a tháirgeadh go córasach, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr na comhsheasmhachta agus na hinchomparáideachta, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach.

(23)

Ba cheart an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) a tharmligean chuig an gCoimisiún chun leasú a dhéanamh ar liosta na dtopaicí mionsonraithe is gá a chumhdach le sonraí staidrimh margaidh saothair i dtaca le gnólachtaí agus chun an Rialachán seo a fhorlíonadh chun sonraí breise a tháirgeadh go sealadach le go mbeifear in ann aghaidh a thabhairt ar riachtanais bhreise maidir le sonraí staidrimh nach féidir a chomhlíonadh ar shlí eile. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (11). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(24)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun na heilimintí le haghaidh gach topaice is gá a chumhdach le sonraí staidrimh margaidh saothair i dtaca le gnólachtaí a shonrú. Ar an gcaoi chéanna, ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun na socruithe praiticiúla a leagan amach le haghaidh na dtuarascálacha cáilíochta agus ábhar na dtuarascálacha cáilíochta sin, agus chun maoluithe a dheonú do na Ballstáit i gcás inar ghá go ndéanfaí mórathruithe ar chóras náisiúnta staidrimh de chuid Ballstáit, chun an Rialachán seo, nó na gníomhartha tarmligthe nó cur chun feidhme arna nglacadh dá bhun, a chur chun feidhme. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12).

(25)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13), agus thug an Maoirseoir tuairim an 25 Meán Fómhair 2023.

(26)

Chun a áirithiú go gcuirfear an Rialachán seo chun feidhme go hiomchuí sna Ballstáit, is gá fanacht 12 mhí ar a laghad tar éis an dáta teacht i bhfeidhm sula ndéanfaí na chéad sonraí a bhailiú.

(27)

Ní dochar an Rialachán seo do Rialacháin (AE) 2016/679 (14) ná (AE) 2018/1725 ná do Threoir 2002/58/CE (15) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Faoi chuimsiú a raon feidhme faoi seach, tá feidhm le bheith ag na Rialacháin sin agus an Treoir sin maidir le próiseáil sonraí pearsanta faoin Rialachán seo. Chun na coimircí arna nglacadh faoi Airteagal 89 de Rialachán (AE) 2016/679 agus Airteagal 13 de Rialachán (AE) 2018/1725 a ráthú, b’fhearr sonraí anaithnidithe nó sonraí bréagainmnithe a úsáid chun sonraí pearsanta a phróiseáil, a chomhroinnt agus a chartlannú chun críoch staidrimh faoin Rialachán seo.

(28)

Chuathas i gcomhairle leis an gCoiste um an gCóras Staidrimh Eorpach,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar

Bunaítear leis an Rialachán seo creat dlíthiúil comhchoiteann chun staidreamh margaidh saothair i dtaca le gnólachtaí san Aontas a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn ‘aonad staidrimh’ eintiteas ar a mbailítear sonraí agus ar a dtiomsaítear staidreamh;

(2)

ciallaíonn ‘fiontar’ an comhcheangal is lú d’aonaid dlí mar a shainmhínítear i Rialachán (CEE) Uimh. 696/93 ón gComhairle (16); áirítear leis sin táirgeoirí neamh-mhargaidh agus aonaid institiúideacha eile ar cuid d’earnáil an rialtais ghinearálta iad;

(3)

ciallaíonn ‘fiontar sóisialta’ eintiteas arna rialú ag an dlí príobháideach, ar féidir é a bhunú i bhfoirmeacha dlíthiúla éagsúla, a sholáthraíonn earraí agus seirbhísí don mhargadh ar bhealach fiontraíoch agus i gcomhréir le prionsabail agus gnéithe an gheilleagair shóisialta, arb iad cuspóirí sóisialta nó comhshaoil is cúis lena ghníomhaíocht tráchtála;

(4)

ciallaíonn ‘aonad áitiúil’ fiontar, nó cuid de, atá suite in áit atá sainaitheanta go geografach mar a shainmhínítear i Rialachán (CEE) Uimh. 696/93;

(5)

ciallaíonn ‘fiontar cónaitheach’ fiontar a dhéanann gníomhaíochtaí eacnamaíocha a chuireann leis an olltáirgeacht intíre (OTI) mar a leagtar síos i gCaibidil 1 d’Iarscríbhinn A a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 549/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17);

(6)

ciallaíonn ‘aonad áitiúil cónaitheach’ aonad áitiúil a dhéanann gníomhaíochtaí eacnamaíocha a chuireann leis an OTI mar a leagtar síos i gCaibidil 1 d’Iarscríbhinn A a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 549/2013;

(7)

ciallaíonn ‘fostaí’ aon duine, gan beann ar náisiúntacht nó cónaitheacht an duine sin nó ar an am atá caite ag an duine sin ag obair i mBallstát, a bhfuil caidreamh fostaíochta díreach aige nó aici le fostóir, arna bhunú le conradh foirmiúil nó le comhaontú neamhfhoirmiúil, agus a fhaigheann luach saothair, gan beann ar an gcineál oibre a dhéantar, ar líon na n-uaireanta a oibrítear (lánaimseartha nó páirtaimseartha) nó ar fhad an chonartha nó an chomhaontaithe (seasta nó éiginnte, séasúrach san áireamh); is féidir pá nó tuarastal, lena n-áirítear bónais, pá as tascobair agus uainobair, liúntais, táillí, coimisiún agus luach saothair comhchineáil, a bheith i gceist le luach saothair fostaí;

(8)

ciallaíonn ‘fostóir’ fiontar nó aonad áitiúil a bhfuil caidreamh fostaíochta díreach aige le fostaí, arna bhunú le conradh foirmiúil nó le comhaontú neamhfhoirmiúil;

(9)

ciallaíonn ‘réimse’ tacar sonraí amháin nó níos mó a chumhdaíonn topaicí áirithe;

(10)

ciallaíonn ‘topaic’ inneachar na faisnéise atá le tiomsú, agus topaic mhionsonraithe amháin nó níos mó á cumhdach le gach topaic;

(11)

ciallaíonn ‘topaic mhionsonraithe’ inneachar mionsonraithe na faisnéise atá le tiomsú a bhaineann le topaic ar leith, agus athróg amháin nó níos mó á cumhdach le gach topaic mhionsonraithe;

(12)

ciallaíonn ‘athróg’ saintréith aonaid nó tacair aonad inar féidir níos mó ná luach amháin de thacar luachanna a áireamh;

(13)

ciallaíonn ‘miondealú’ tacar luachanna atá réamhshainithe, scoite, uileghabhálach agus comheisiatach ar a chéile ar féidir é a shannadh d’athróg atá ina saintréith d’aonaid staidrimh;

(14)

ciallaíonn ‘micreashonraí’ breathnóireachtaí nó tomhais aonair ar shaintréithe aonad staidrimh nach ngabhann aitheantóir díreach leo;

(15)

ciallaíonn ‘sonraí comhiomlánaithe’ sonraí a bhaineann le tacar de roinnt aonad staidrimh;

(16)

ciallaíonn ‘daonra staidrimh’ an tacar aonad staidrimh a bhfuil faisnéis ag teastáil ina leith;

(17)

ciallaíonn ‘creat samplála’ liosta, léarscáil nó sonraíocht eile de na haonaid lena gcinntear daonra staidrimh atá le háireamh nó le sampláil go hiomlán;

(18)

ciallaíonn ‘sampla’ fothacar de chreat samplála a roghnaítear a eilimintí bunaithe ar phróiseas a bhfuil dóchúlacht aitheanta ann go roghnófar iad, atá ceaptha chun gur féidir meastacháin bhailí a fháil don daonra staidrimh;

(19)

ciallaíonn ‘freagróir’ an t-aonad a sholáthraíonn sonraí;

(20)

ciallaíonn ‘suirbhé staidrimh’ sonraí a bhailiú ó shampla d’fhreagróirí, ar féidir iad a eachtarshuíomh chuig an daonra staidrimh trí mhodhanna staidrimh iomchuí a úsáid;

(21)

ciallaíonn ‘sonraí riaracháin’ sonraí arna nginiúint ag foinse nach foinse staidrimh í, de ghnáth clár atá i seilbh comhlachta phoiblí, agus nach é is príomhaidhm dó staidreamh a sholáthar;

(22)

ciallaíonn ‘foinsí eile’ sonraí a thagann ó fhoinsí seachas na foinsí a liostaítear in Airteagal 3(1), pointí (a), (b) agus (c), amhail suíomhanna gréasáin agus bunachair sonraí, nach é is príomhaidhm dóibh staidreamh oifigiúil a sholáthar;

(23)

ciallaíonn ‘aicmiú staidrimh’ liosta eagraithe, ina bhfuil leibhéal sonraí amháin nó níos mó, de chatagóirí gaolmhara atá comheisiatach ar a chéile, a úsáidtear chun faisnéis a struchtúrú i réimse staidrimh ar leith de réir a cosúlachtaí;

(24)

ciallaíonn ‘tréimhse thagartha’ an t-eatramh ama dá dtagraíonn an staidreamh;

(25)

ciallaíonn ‘meiteashonraí’ an fhaisnéis is gá chun staidreamh a úsáid agus a léiriú agus a thugann tuairisc ar shonraí ar bhealach struchtúrtha;

(26)

ciallaíonn ‘sonraí réamhsheiceáilte’ sonraí arna bhfíorú ag na Ballstáit ar bhonn rialacha comhchoiteanna maidir le bailíochtú;

(27)

ciallaíonn ‘tuarascáil cháilíochta’ tuarascáil ina gcuirtear faisnéis in iúl maidir le cáilíocht táirge staidrimh nó próisis staidrimh.

(28)

ciallaíonn ‘bearna phá idir na hinscní’ an difríocht sa mheán-olltuilleamh in aghaidh na huaire a thuilleann fostaithe fireanna agus fostaithe baineanna arna sloinneadh mar chéatadán de mheán-olltuilleamh na bhfostaithe fireanna in aghaidh na huaire.

Airteagal 3

Foinsí agus modhanna

1.   Bainfidh na Ballstáit úsáid as ceann amháin nó meascán de na foinsí sonraí seo a leanas, ar choinníoll go gceadaítear leo staidreamh a tháirgeadh a chomhlíonann na ceanglais cháilíochta a leagtar síos in Airteagal 7:

(a)

suirbhéanna staidrimh nó bailiú eile de shonraí staidrimh;

(b)

sonraí riaracháin;

(c)

sonraí arna gcur ar fáil ag sealbhóirí sonraí príobháideacha;

(d)

foinsí eile.

2.   Féachfaidh na Ballstáit agus an Coimisiún (Eurostat) le modhanna agus foinsí sonraí nuálacha a úsáid chun feabhas a chur ar staidreamh a thiomsaítear de bhun an Rialacháin seo agus chun an t-ualach freagartha a laghdú, ar choinníoll go gceadaítear leis na modhanna agus na foinsí sin staidreamh a tháirgeadh a chomhlíonann na ceanglais cháilíochta a leagtar síos in Airteagal 7.

3.   I gcás inar le sonraí pearsanta a bhaineann iarraidh arna tíolacadh ag institiúid náisiúnta staidrimh nó ag an gCoimisiún (Eurostat) chuig sealbhóir sonraí príobháideach i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 223/2009, beidh an iarraidh sin teoranta do na catagóirí sonraí pearsanta a chumhdaítear leis na réimsí agus na topaicí a shonraítear in Airteagal 4 den Rialachán seo.

4.   Beidh na suirbhéanna a úsáidtear chun críoch staidrimh margaidh saothair i dtaca le gnólachtaí bunaithe ar shamplaí atá ionadaíoch don daonra staidrimh. Déanfar samplaí d’fhiontair nó d’aonaid áitiúla a tharraingt as na cláir ghnó staidrimh náisiúnta a dtugtar tuairisc orthu in Airteagal 8(4) de Rialachán (AE) 2019/2152 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18).

5.   Tarchuirfidh na Ballstáit chuig an gCoimisiún (Eurostat) na tuarascálacha cáilíochta dá dtagraítear in Airteagal 7(4), ina mbeidh faisnéis mhionsonraithe faoi na foinsí agus na modhanna a úsáideadh.

Airteagal 4

Ceanglais maidir le sonraí

1.   Cumhdófar leis an staidreamh margaidh saothair i dtaca le gnólachtaí na réimsí agus na topaicí seo a leanas:

(a)

tuilleamh:

(i)

struchtúr an tuillimh;

(ii)

an bhearna phá idir na hinscní;

(b)

costais saothair:

(i)

struchtúr na gcostas saothair;

(ii)

innéacs na gcostas saothair;

(c)

éileamh ar shaothar:

(i)

folúntais phoist.

Ar na topaicí innéacs na gcostas saothair, dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (b)(ii), agus folúntais phoist, dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (c)(i), áireofar a meastacháin luatha faoi seach dá dtagraítear in Airteagal 5.

2.   I gcás gach topaice a liostaítear i mír 1, is mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a bheidh na topaicí mionsonraithe, a dtréimhsiúlacht chomhfhreagrach, a dtréimhsí tagartha, lena n-áirítear an chéad tréimhse thagartha, agus a spriocdhátaí tarchurtha sonraí.

3.   I gcomhréir le hAirteagal 12, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun liosta na dtopaicí mionsonraithe a leagtar amach san Iarscríbhinn a leasú. I gcás ina dtugtar isteach topaic mhionsonraithe nua le gníomh tarmligthe, féadfar an tréimhsiúlacht, an tréimhse thagartha agus an spriocdháta tarchuir a áireamh sa ghníomh tarmligthe sin freisin. Glacfar na gníomhartha tarmligthe 18 mí ar a laghad roimh thús na tréimhse tagartha ábhartha.

4.   Agus an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh de bhun mhír 3 á feidhmiú aige, áiritheoidh an Coimisiún an méid seo a leanas:

(a)

nach bhforchuirfear leis na gníomhartha tarmligthe, in aon chás, costas ná ualach suntasach breise ar na Ballstáit ná ar na freagróirí;

(b)

go ndéanfar staidéir féidearthachta nó phíolótacha mar a leagtar amach in Airteagal 8 agus go ndéanfar measúnú cuí ar thorthaí na staidéar sin agus go gcuirfear san áireamh iad sula nglacfar aon ghníomh tarmligthe.

Is i gcomhréir le hAirteagal 9 a mhaoineofar na staidéir dá dtagraítear i mír 4, pointe (b).

5.   Tarchuirfear na sonraí chuig an gCoimisiún (Eurostat) i bhfoirm sonraí comhiomlánaithe, cé is moite den topaic struchtúr tuillimh, dá dtagraítear i mír 1, pointe (a)(i), a dtarchuirfear micreashonraí ina leith maidir le fostaithe aonair agus maidir le haonaid áitiúla.

6.   Le haghaidh gach tacair sonraí, soláthróidh na Ballstáit sonraí réamhsheiceáilte agus meiteashonraí gaolmhara trí fhormáid theicniúil arna sonrú ag an gCoimisiún (Eurostat) a úsáid. Úsáidfear seirbhísí an phointe teagmhála aonair chun na sonraí a sholáthar don Choimisiún (Eurostat).

7.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagtar amach na heilimintí seo a leanas le haghaidh gach topaice:

(a)

liosta d’athróga agus tuairisc orthu agus a sonraíochtaí teicniúla;

(b)

aicmithe staidrimh agus miondealuithe; ní féidir le miondealuithe geografacha dul faoi bhun leibhéal NUTS1;

(c)

spriocanna beachtais;

(d)

na meiteashonraí atá le tarchur faoin tréimhsiúlacht chéanna, faoin tréimhse thagartha chéanna agus faoi na spriocdhátaí céanna leis na sonraí dá dtagraíonn siad.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 13(2), ar a laghad 18 mí roimh thús na tréimhse tagartha ábhartha, cé is moite den chéad tréimhse thagartha mar a luaitear san Iarscríbhinn, a mbeidh tréimhse 12 mhí i bhfeidhm ina leith. Glacfar an gníomh cur chun feidhme i gcás na topaice struchtúr tuillimh roimh an 1 Meán Fómhair 2025 le haghaidh na chéad tréimhse tagartha dar tús 2026. Áiritheoidh an Coimisiún go gcomhlíonfaidh na gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh de bhun na míre seo prionsabal na comhréireachta agus nach bhforchuirfear leo costas ná ualach suntasach breise ar na Ballstáit ná ar ghnólachtaí.

8.   Déanfar staidéir féidearthachta nó phíolótacha mar a leagtar amach in Airteagal 8 agus déanfar measúnú cuí ar thorthaí na staidéar sin agus cuirfear san áireamh iad sula ndéanfar aon mhodhnú ar na miondealuithe sonraí dá dtagraítear i mír 7, an chéad fhomhír, pointe (b), den Airteagal seo.

9.   I gcomhréir le hAirteagal 12, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh lena bhforlíontar an Rialachán seo tríd an bhfaisnéis a leagan amach atá le soláthar ag na Ballstáit ar feadh uastréimhse 3 bliana tagartha i gcás ina meastar, faoi raon feidhme an Rialacháin seo, gur gá faisnéis bhreise a tháirgeadh chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais bhreise maidir le sonraí staidrimh, ar riachtanais iad nach féidir a chomhlíonadh ar bhealach ar bith eile.

Go háirithe, ní bheidh oibleagáid ann suirbhé nua staidrimh a dhéanamh ar ghnólachtaí mar thoradh ar na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear sa mhír seo.

Leagfar amach an méid seo a leanas sna gníomhartha tarmligthe sin:

(a)

na topaicí mionsonraithe atá le cumhdach de bhun na míre seo a bhaineann leis na réimsí agus na topaicí a shonraítear in Airteagal 4 agus na cúiseanna atá le riachtanais bhreise den sórt sin maidir le sonraí staidrimh;

(b)

an tréimhsiúlacht, na tréimhsí tagartha agus na spriocdhátaí tarchuir.

Ní bheidh feidhm ag na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear sa mhír seo maidir le tréimhsí tagartha roimh 2029 agus beidh 2 bhliain ar a laghad acu idir gach táirgeadh breise sonraí ag tosú ón spriocdháta chun sonraí an táirgthe breise sonraí is déanaí a tharchur.

Déanfar staidéir féidearthachta nó phíolótacha mar a leagtar amach in Airteagal 8 agus déanfar measúnú cuí ar thorthaí na staidéar sin agus cuirfear san áireamh iad sula nglacfar aon ghníomh tarmligthe.

Is i gcomhréir le hAirteagal 9 a mhaoineofar na staidéir dá dtagraítear sa chúigiú fomhír den mhír seo.

10.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagtar amach an fhaisnéis bhreise dá dtagraítear i mír 9 agus meiteashonraí. Leagfar amach sna gníomhartha cur chun feidhme sin na heilimintí teicniúla seo a leanas, i gcás inarb iomchuí:

(a)

liosta d’athróga agus tuairisc orthu agus a sonraíochtaí teicniúla;

(b)

aicmithe staidrimh agus miondealuithe; ní féidir le miondealuithe geografacha dul faoi bhun leibhéal NUTS1;

(c)

sonraíochtaí mionsonraithe na n-aonad staidrimh a chumhdaítear;

(d)

spriocanna beachtais;

(e)

na meiteashonraí atá le tarchur.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 13(2) tráth nach déanaí ná 18 mí roimh thús na tréimhse tagartha ábhartha.

Déanfar staidéir féidearthachta nó phíolótacha mar a leagtar amach in Airteagal 8 agus déanfar measúnú cuí ar thorthaí na staidéar sin agus cuirfear san áireamh iad sula nglacfar aon ghníomh cur chun feidhme.

Airteagal 5

Meastacháin luatha

1.   Tarchuirfidh na Ballstáit seo a leanas meastacháin luatha maidir leis an innéacs costais saothair dá dtagraítear in Airteagal 4(1), pointe (b)(ii), agus maidir leis na folúntais phoist dá dtagraítear in Airteagal 4(1), pointe (c)(i):

(a)

Ballstáit ar mó a líon bliantúil fostaithe ná 3 % de líon iomlán fostaithe an Aontais, le haghaidh gach ceann de na 3 bliana is déanaí as a chéile; agus

(b)

Ballstáit sa limistéar euro ar mó a líon bliantúil fostaithe ná 3 % de líon iomlán na bhfostaithe sa limistéar euro, le haghaidh gach ceann de na 3 bliana is déanaí as a chéile.

2.   Déanfaidh an Coimisiún (Eurostat) measúnú ar chion na bhfostaithe as an líon iomlán san Aontas agus as an líon iomlán sa limistéar euro a luaitear i mír 1, bunaithe ar shonraí bliantúla shuirbhé an Aontais Eorpaigh ar an bhfórsa saothair atá ar fáil.

3.   I gcás ina bhfuil aon athrú ar liosta na mBallstát a bhfuil a líon fostaithe bliantúil níos airde ná na tairseacha dá dtagraítear i mír 1, pointí (a) agus (b), tabharfaidh an Coimisiún (Eurostat) fógra do na Ballstáit lena mbaineann laistigh de 6 mhí tar éis dheireadh na tréimhse a úsáideadh chun measúnú a dhéanamh ar an tairseach 3 %. Má thiteann cion nuashonraithe na bhfostaithe faoi bhun na dtairseach faoi seach dá dtagraítear i mír 1, pointí (a) agus (b), féadfaidh na Ballstáit lena mbaineann stop a chur le meastacháin luatha a tharchur ón ráithe thagartha den chéad bhliain féilire tar éis dháta an fhógra. Má tá an cion nuashonraithe os cionn na dtairseach sin, déanfaidh na Ballstáit lena mbaineann na meastacháin luatha a tharchur ón gcéad ráithe thagartha den tríú bliain féilire tar éis dháta an fhógra.

Airteagal 6

Aonaid staidrimh agus daonra staidrimh

1.   Déanfar staidreamh faoin Rialachán seo a thiomsú maidir le haonad staidrimh amháin nó níos mó díobh seo a leanas:

(a)

fiontair;

(b)

aonaid áitiúla;

(c)

fostaithe.

2.   I gcás na dtopaicí innéacs na gcostas saothair, dá dtagraítear in Airteagal 4(1), pointe (b)(ii), agus folúntais phoist, dá dtagraítear in Airteagal 4(1), pointe (c)(i), is é a bheidh sa daonra staidrimh fiontair chónaitheacha uile nó aonaid áitiúla chónaitheacha uile an Bhallstáit a chomhlíonann na coinníollacha seo a leanas:

(a)

áirítear a bpríomhghníomhaíocht eacnamaíoch in aon roinn d’aicmiú NACE a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19), seachas ‘Talmhaíocht, foraoiseacht agus iascaireacht’, ‘Gníomhaíochtaí teaghlach mar fhostóirí agus gníomhaíochtaí táirgthe earraí agus seirbhísí neamhdhifreáilte ag teaghlaigh dá n-úsáid féin’ agus ‘Gníomhaíochtaí eagraíochtaí agus comhlachtaí allchríche’; agus

(b)

tá fostaí amháin nó níos mó acu.

3.   I gcás na dtopaicí struchtúr tuillimh, dá dtagraítear in Airteagal 4(1), pointe (a)(i), agus an bhearna phá idir na hinscní, dá dtagraítear in Airteagal 4(1), pointe (a)(ii), a mhéid a bhaineann le sonraí faoin bhfostóir, is é a bheidh sa daonra staidrimh aonaid áitiúla chónaitheacha an Bhallstáit a chomhlíonann na coinníollacha seo a leanas:

(a)

áirítear a ngníomhaíocht eacnamaíoch in aon roinn d’aicmiú NACE, seachas‘Talmhaíocht, foraoiseacht agus iascaireacht’, ‘Gníomhaíochtaí teaghlach mar fhostóirí agus gníomhaíochtaí táirgthe earraí agus seirbhísí neamhdhifreáilte ag teaghlaigh dá n-úsáid féin’ agus ‘Gníomhaíochtaí eagraíochtaí agus comhlachtaí allchríche’ agus aon sonraí laistigh den ‘Riarachán poiblí agus den chosaint, slándála sóisialta éigeantaí’ a bhaineann le cosaint agus slándáil náisiúnta a mheastar a bheith rúnda i mBallstát i gcomhréir lena dhlí náisiúnta; agus

(b)

tá fostaí amháin nó níos mó acu.

I gcás na dtopaicí struchtúr tuillimh agus an bhearna phá idir na hinscní, a mhéid a bhaineann le sonraí faoin bhfostaí, is é a bheidh sa daonra staidrimh gach fostaí a mbaineann a n-aonad áitiúil leis an daonra staidrimh dá dtagraítear sa chéad fhomhír.

4.   I gcás na topaice struchtúr na gcostas saothair, dá dtagraítear in Airteagal 4(1), pointe (b)(i), is é a bheidh sa daonra staidrimh aonaid áitiúla uile an Bhallstáit a chomhlíonann na coinníollacha seo a leanas:

(a)

áirítear a ngníomhaíocht eacnamaíoch in aon roinn d’aicmiú NACE, seachas ‘Talmhaíocht, foraoiseacht agus iascaireacht’, ‘Gníomhaíochtaí teaghlach mar fhostóirí agus gníomhaíochtaí táirgthe earraí agus seirbhísí neamhdhifreáilte ag teaghlaigh dá n-úsáid féin’ agus ‘Gníomhaíochtaí eagraíochtaí agus comhlachtaí allchríche’; agus

(b)

is cuid d’fhiontair ina bhfuil 10 bhfostaí nó níos mó iad.

Airteagal 7

Ceanglais cháilíochta agus tuairisciú cáilíochta

1.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun cáilíocht na sonraí agus na meiteashonraí arna dtarchur a áirithiú.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go gcumhdófar go hiomlán, leis na sonraí a tháirgtear faoin Rialachán seo, na haonaid staidrimh agus an daonra staidrimh a shainítear in Airteagal 6, agus go dtugtar meastacháin cruinn orthu.

3.   Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na critéir cháilíochta a leagtar amach in Airteagal 12(1) de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009.

4.   Tarchuirfidh na Ballstáit tuarascálacha cáilíochta maidir leis na foinsí agus na modhanna a bhaineann le gach ceann de na topaicí a liostaítear in Airteagal 4.

5.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagtar amach socruithe praiticiúla le haghaidh na dtuarascálacha cáilíochta agus ábhar na dtuarascálacha cáilíochta sin. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 13(2) agus ní fhorchuirfear leo costas ná ualach suntasach breise ar na Ballstáit.

6.   Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún (Eurostat) ar an eolas maidir le haon fhaisnéis nó aon athrú ábhartha maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo a mbeadh tionchar aici nó aige ar cháilíocht na sonraí arna dtarchur. Soláthrófar an fhaisnéis sin a luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná 3 mhí tar éis d’aon athrú den sórt sin tarlú.

7.   Ar iarraidh chuí-réasúnaithe a fháil ón gCoimisiún (Eurostat), déanfaidh na Ballstáit an fhaisnéis bhreise is gá a sholáthar dó chun meastóireacht a dhéanamh ar cháilíocht na faisnéise staidrimh.

8.   Déanfaidh an Coimisiún (Eurostat) measúnú ar cháilíocht na sonraí arna dtarchur, ar na foinsí agus ar na modhanna arna n-úsáid agus ar na creataí samplála. Ullmhóidh agus foilseoidh an Coimisiún (Eurostat) tuarascálacha maidir le cáilíocht na sonraí arna dtarchur agus na foinsí agus na modhanna arna n-úsáid. Sna tuarascálacha sin, cuirfidh an Coimisiún (Eurostat) treoir ar fáil faoi mar is féidir tuilleadh feabhais a chur ar cháilíocht an staidrimh arna thiomsú faoin Rialachán seo.

Airteagal 8

Staidéir féidearthachta agus phíolótacha

1.   Chun staidreamh margaidh saothair i dtaca le gnólachtaí a fheabhsú nó chun an t-ualach riaracháin agus airgeadais ar fhiontair a theorannú, go háirithe do FBManna agus do mhicrifhiontair, féadfaidh an Coimisiún (Eurostat) staidéir féidearthachta agus phíolótacha a thionscnamh. Beidh ceann amháin ar a laghad de na heilimintí seo a leanas san áireamh ar chuspóir staidéar den sórt sin:

(a)

cáilíocht agus inchomparáideacht sonraí a fheabhsú;

(b)

féidearthachtaí nua a fhiosrú agus gnéithe nua a chur chun feidhme chun freagairt do riachtanais na n-úsáideoirí, lena n-áirítear go háirithe chun sonraí maidir le fiontair shóisialta a sholáthar;

(c)

comhtháthú idir suirbhéanna agus foinsí eile sonraí a fheabhsú;

(d)

an t-ualach ar fhreagróirí a laghdú;

(e)

feabhas a chur ar chostéifeachtacht an bhailithe sonraí;

(f)

féidearthacht na n-ábhar a chumhdaítear sna gníomhartha tarmligthe agus sna gníomhartha cur chun feidhme a áirithiú.

Cuirfear san áireamh sna staidéir dá dtagraítear sa chéad fhomhír forbairtí teicneolaíochta agus digiteacha.

2.   Féadfaidh na Ballstáit páirt a ghlacadh sna staidéir sin ar bhonn deonach. Áiritheoidh siad, i gcomhar leis an gCoimisiún (Eurostat), go mbeidh na staidéir ionadaíoch ar leibhéal an Aontais.

3.   Déanfaidh an Coimisiún (Eurostat), i gcomhar leis na Ballstáit agus leis na príomhpháirtithe leasmhara, lena n-áirítear comhpháirtithe sóisialta, meastóireacht ar thorthaí na staidéar sin. Ullmhóidh an Coimisiún (Eurostat), i gcomhar leis na Ballstáit, tuarascálacha ar thorthaí na staidéar, lena n-áirítear an úsáid a d’fhéadfaí a bhaint as na torthaí amach anseo. Cuirfear na tuarascálacha sin ar fáil go poiblí.

Airteagal 9

Maoiniú

1.   Maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo, cuirfear ranníocaíocht airgeadais ar fáil ó Chlár an Mhargaidh Aonair a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/690 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (20) agus i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (21) do na hinstitiúidí náisiúnta staidrimh agus d’údaráis náisiúnta eile, dá dtagraítear in Airteagal 5(2) de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009, chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

feabhas a chur ar fhoinsí agus ar mhodhanna, lena n-áirítear creataí samplála, le haghaidh staidreamh margaidh saothair i dtaca le gnólachtaí;

(b)

tacú le rannpháirtíocht na mBallstát sna staidéir phíolótacha agus féidearthachta dá dtagraítear in Airteagal 8 den Rialachán seo.

Féadfar ranníocaíocht airgeadais a chur ar fáil freisin ó bhuiséad ginearálta an Aontais.

2.   Bunófar méid na ranníocaíochta airgeadais ón Aontas faoi mhír 1, an chéad fhomhír, i gcomhréir le rialacha Chlár an Mhargaidh Aonair mar chuid den nós imeachta buiséadach bliantúil, faoi réir infhaighteacht an chistithe. Cinnfidh an t-údarás buiséadach na leithreasuithe a bheidh ar fáil gach bliain.

3.   Ní rachaidh an ranníocaíocht airgeadais ón Aontas thar 90 % de na costais incháilithe.

Airteagal 10

Leasanna airgeadais an Aontais a chosaint

1.   Déanfaidh an Coimisiún bearta iomchuí chun a áirithiú, nuair a chuirtear gníomhaíochtaí arna maoiniú faoin Rialachán seo chun feidhme, go gcosnófar leasanna airgeadais an Aontais trí bhearta coisctheacha a chur i bhfeidhm i gcoinne na calaoise, an éillithe agus aon ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile, trí sheiceálacha éifeachtacha a dhéanamh agus, má bhraitear neamhrialtachtaí, trí na méideanna a íocadh go mícheart a aisghabháil agus, i gcás inarb iomchuí, trí phionóis riaracháin agus airgeadais a ghearradh a bheidh éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

2.   Beidh an chumhacht ag an gCoimisiún nó ag a ionadaithe agus ag an gCúirt Iniúchóirí iniúchtaí a dhéanamh, ar bhonn seiceálacha ar dhoiciméid agus seiceálacha ar an láthair, ar gach tairbhí deontais, ar gach conraitheoir agus ar gach fochonraitheoir a fuair cistí de chuid an Aontais faoin Rialachán seo.

3.   Féadfaidh an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) imscrúduithe a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, i gcomhréir leis na forálacha agus na nósanna imeachta a leagtar síos i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (22) agus Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle (23) d’fhonn a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais i ndáil le comhaontú deontais nó le cinneadh deontais nó le conradh arna chistiú faoin Rialachán seo.

4.   Gan dochar do mhíreanna 1, 2 agus 3, beidh i gcomhaontuithe comhair le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta, i gconarthaí, i gcomhaontuithe deontais agus i gcinntí deontais a thagann ó chur chun feidhme an Rialacháin seo, forálacha lena dtugtar cumhacht shainráite don Choimisiún, don Chúirt Iniúchóirí, d’Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh agus do OLAF iniúchtaí agus imscrúduithe den sórt sin a dhéanamh i gcomhréir lena n-inniúlachtaí faoi seach.

Airteagal 11

Maoluithe

1.   I gcás ina gceanglaítear, le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, nó na ngníomhartha tarmligthe nó cur chun feidhme a glacadh dá bhun, go ndéanfar mórathruithe ar chóras náisiúnta staidrimh de chuid Ballstáit, féadfaidh an Coimisiún maoluithe a bhfuil údar cuí leo a dheonú, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, do Bhallstát ar feadh uastréimhse dar fad bliain amháin i gcás sonraí a bhfuil tréimhsiúlacht ráithiúil acu, 2 bhliain i gcás sonraí a bhfuil tréimhsiúlacht bhliantúil acu, agus 4 bliana i gcás sonraí a bhfuil tréimhsiúlacht ilbhliantúil acu. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 13(2). Cuirfidh an Ballstát ábhartha iarraidh a bhfuil údar cuí léi faoi bhráid an Choimisiúin laistigh de 3 mhí ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo nó na ngníomhartha tarmligthe nó cur chun feidhme a glacadh dá bhun.

Agus na maoluithe á ndeonú aige, cuirfidh an Coimisiún san áireamh inchomparáideacht staidreamh na mBallstát agus ríomh tráthúil na gcomhiomlán Eorpach ionadaíoch iontaofa is gá. Áiritheoidh an Coimisiún freisin, i dtaca leis na ceanglais maidir le staidreamh, meiteashonraí agus cáilíocht a chumhdaítear faoin Rialachán seo agus a cumhdaíodh roimhe sin faoi na rialacháin aisghairthe, go leanfar de na ceanglais sin a chomhlíonadh gan bhriseadh.

2.   I gcás ina bhfuil údar fós le maolú ag deireadh na tréimhse dár deonaíodh é, féadfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme a ghlacadh lena ndeonaítear maolú breise ar feadh uastréimhse dar fad bliain amháin. Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann iarraidh i dtaca leis an síneadh sin faoi bhráid an Choimisiúin ina leagtar amach na cúiseanna agus na forais réasúnaithe atá leis an síneadh sin tráth nach déanaí ná 6 mhí roimh dheireadh thréimhse bhailíochta an mhaolaithe reatha arna dheonú de bhun mhír 1.

Airteagal 12

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 4(3) agus in Airteagal 4(9) don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana ón an 9 Meitheamh 2025. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 4(3) agus in Airteagal 4(9) a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Tiocfaidh sé i bhfeidhm an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 4(3) ná Airteagal 4(9) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 3 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 3 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 13

Nós imeachta coiste

1.   Déanfaidh an Coiste um an gCóras Staidrimh Eorpach, a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 223/2009, cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 14

Aisghairm

1.   Aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 530/1999 le héifeacht ón 1 Eanáir 2026 agus aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 450/2003 agus (CE) Uimh. 453/2008 le héifeacht ón 1 Eanáir 2027, gan dochar do na hoibleagáidí a leagtar amach sna rialacháin sin a bhaineann le tarchur sonraí agus meiteashonraí, lena n-áirítear tuarascálacha cáilíochta, maidir le tréimhsí tagartha a thagann, go hiomlán nó go páirteach, roimh an dáta sin.

2.   Déanfar tagairtí do na Rialacháin aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo.

Airteagal 15

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2026.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 7 Bealtaine 2025.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. SZŁAPKA


(1)   IO C, C/2024/668, 12.1.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/668/oj.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 24 Aibreán 2024 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh an 24 Márta 2025 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil). Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 6 Bealtaine 2025 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Samhain 2011 maidir le míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha a chosc agus a cheartú (IO L 306, 23.11.2011, lch. 25, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2011/1176/oj).

(4)  Treoir (AE) 2022/2041 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2022 maidir le pá íosta leordhóthanach san Aontas Eorpach (IO L 275, 25.10.2022, lch. 33, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2022/2041/oj).

(5)  Treoir 2006/54/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2006 maidir le cur chun feidhme phrionsabal an chomhionannais deiseanna agus na córa comhionainne idir na fir agus na mná i gcúrsaí fostaíochta agus slí bheatha (IO L 204, 26.7.2006, lch. 23, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2006/54/oj).

(6)  Treoir (AE) 2023/970 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Bealtaine 2023 chun cur i bhfeidhm phrionsabal an phá chomhionainn as obair chomhionann nó obair ar comhionann a luach idir fir agus mná a neartú trí shásraí trédhearcachta pá agus forfheidhmithe (IO L 132, 17.5.2023, lch. 21, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2023/970/oj).

(7)  Rialachán (CE) Uimh. 530/1999 ón gComhairle an 9 Márta 1999 maidir le staidreamh struchtúrach ar thuilleamh agus ar chostais saothair (IO L 63, 12.3.1999, lch. 6, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/1999/530/oj).

(8)  Rialachán (CE) Uimh. 450/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Feabhra 2003 maidir le hinnéacs na gcostas saothair (IO L 69, 13.3.2003, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2003/450/oj).

(9)  Rialachán (CE) Uimh. 453/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2008 maidir le staidreamh ráithiúil ar fholúntais sa Chomhphobal (IO L 145, 4.6.2008, lch. 234, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2008/453/oj).

(10)  Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le Staidreamh Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1101/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tarchur sonraí atá faoi réir rúndachta staidrimh chuig Oifig Staidrimh na gComhphobal Eorpach, Rialachán (CE) Uimh. 322/97 ón gComhairle maidir le Staidreamh Comhphobail, agus Cinneadh 89/382/CEE, Euratom ón gComhairle lena mbunaítear Coiste um Chláir Staidrimh na gComhphobal Eorpach (IO L 87, 31.3.2009, lch. 164, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2009/223/oj).

(11)   IO L 123, 12.5.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_interinstit/2016/512/oj.

(12)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2011/182/oj).

(13)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1725/oj).

(14)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/679/oj).

(15)  Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2002 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le príobháideachas a chosaint san earnáil cumarsáide leictreonaí (an Treoir um príobháideachas agus cumarsáid leictreonach) (IO L 201, 31.7.2002, lch. 37, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2002/58/oj).

(16)  Rialachán (CEE) Uimh. 696/93 ón gComhairle an 15 Márta 1993 maidir leis na haonaid staidrimh chun breathnú ar an gcóras táirgeachta sa Chomhphobal agus chun anailís a dhéanamh air (IO L 76, 30.3.1993, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/1993/696/oj).

(17)  Rialachán (AE) Uimh. 549/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir leis an gcóras Eorpach cuntas náisiúnta agus réigiúnach san Aontas Eorpach (IO L 174, 26.6.2013, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/549/oj).

(18)  Rialachán (AE) 2019/2152 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir le staidreamh gnó Eorpach, lena n-aisghairtear 10 ngníomh dlí i réimse an staidrimh gnó (IO L 327, 17.12.2019, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/2152/oj).

(19)  Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 2006 lena mbunaítear an t-aicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha NACE Athbhreithniú 2 agus lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 3037/90 ón gComhairle chomh maith le Rialacháin CE áirithe maidir le réimsí sonracha staidrimh (IO L 393, 30.12.2006, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2006/1893/oj).

(20)  Rialachán (AE) 2021/690 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear clár don mhargadh inmheánach, d’iomaíochas fiontar, lena n-áirítear fiontair bheaga agus mheánmhéide, do réimse na bplandaí, na n-ainmhithe, an bhia agus na beatha, agus don staidreamh Eorpach (Clár an Mhargaidh Aonair) agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 99/2013, (AE) Uimh. 1287/2013, (AE) Uimh. 254/2014 agus (AE) Uimh. 652/2014 (IO L 153, 3.5.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/690/oj).

(21)  Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2024 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais (IO L, 2024/2509, 26.9.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2509/oj).

(22)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/883/oj).

(23)  Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint ar an gcalaois agus neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/1996/2185/oj).


IARSCRÍBHINN

Réimsí, topaicí agus topaicí mionsonraithe; tréimhsiúlacht an tsoláthair sonraí, tréimhsí tagartha agus spriocdháta tarchurtha sonraí in aghaidh topaice

Réimse

Topaic

Topaic mhionsonraithe

Tréimhsiúlacht

Tréimhse thagartha

Spriocdháta tarchurtha sonraí (1)  (2)

An chéad tréimhse thagartha

Tuilleamh

Struchtúr Tuillimh

Tuilleamh

Tuilleamh bliantúil agus míosúil iomlán agus a gcomhpháirteanna uile, chomh maith le tuilleamh in aghaidh na huaire a íoctar le gach fostaí a sampláladh

Gach 4 bliana

Bliain féilire agus mí ionadaíoch sa bhliain sin

T+16 mhí

2026

Saintréithe an fhostóra

Faisnéis eacnamaíoch, dhlíthiúil, gheografach agus fostaíochta faoin aonad áitiúil lena bhfuil gach fostaí a sampláladh ceangailte, agus faoina fhiontar, lena n-áirítear comhaontuithe comhchoiteanna pá

Saintréithe an fhostaí

Faisnéis dhéimeagrafach, oideachasúil, chonarthach agus cheirde ar leith maidir le gach fostaí a sampláladh

Tréimhsí oibre

Faisnéis maidir le tréimhsí oibre íoctha, maidir le gach fostaí a sampláladh

Míreanna teicniúla an tsuirbhé

Faisnéis samplála agus bailithe sonraí maidir le gach fostaí a sampláladh agus i leith a f(h)ostóra (e.g., ualaí)

An Bhearna Phá idir na hInscní

Tuilleamh in aghaidh na huaire

Tuilleamh in aghaidh na huaire maidir le fostaithe fireanna agus baineanna de réir phríomhthréithe an fhostóra agus an fhostaí agus difríochtaí coibhneasta comhfhreagracha idir tuilleamh in aghaidh na huaire d’fhostaithe fireanna agus baineanna

Gach bliain

Bliain féilire

T+13 mhí

2027

Fostaithe

Líon na bhfostaithe fireanna agus baineanna de réir shaintréithe an fhostóra agus an fhostaí

Costais saothair

Struchtúr na gcostas saothair

Costais saothair

Costais iomlána a íocann an fostóir as lucht saothair a fhostú agus comhpháirteanna de na costais sin

Gach 4 bliana

Bliain féilire

T+18 mhí

2028

Líon na n-uaireanta a oibríodh

Uaireanta an chloig iarbhír a oibríodh de réir príomhchineálacha fostaithe

Uaireanta an chloig a íocadh

Uaireanta an chloig a íocadh de réir príomhchineálacha fostaithe

Fostaithe

Líon na bhfostaithe de réir príomhchineálacha

Aonaid áitiúla

Faisnéis maidir le haonaid áitiúla sa sampla

Innéacs na gcostas saothair

Innéacs ráithiúil na gcostas saothair in aghaidh na huaire a oibríodh

Innéacs ráithiúil na gcostas saothair in aghaidh na huaire a oibríodh, de réir chineál na gcostas; amshraith neamhchoigeartaithe agus amshraith choigeartaithe

Gach ráithe

Ráithe féilire

Meastacháin luatha: T+45 lá

Sonraí deireanacha: T+65 lá

An chéad ráithe de 2027

Innéacs ráithiúil na gcostas saothair iomlán

Amshraith neamhchoigeartaithe agus amshraith choigeartaithe  (3)

Innéacs ráithiúil na n-uaireanta a oibríodh

Amshraith neamhchoigeartaithe agus amshraith choigeartaithe  (3)

Costais saothair bhliantúla

Leibhéil bhliantúla na gcostas saothair (ualaí) de réir chineál na gcostas.

Gach bliain

Bliain féilire

T+155 lá

Éileamh saothair

Folúntais phoist

Poist fholmha

Faisnéis arna taifeadadh faoi phoist fholmha; amshraith neamhchoigeartaithe agus amshraith choigeartaithe.

Gach ráithe

Ráithe féilire

Meastacháin luatha: T+45 lá

Sonraí deireanacha: T+70 lá

An chéad ráithe de 2027

Poist ghafa

Faisnéis arna taifeadadh faoi phoist ghafa; amshraith neamhchoigeartaithe agus amshraith choigeartaithe.


(1)  Tar éis dheireadh na tréimhse tagartha ‘T’.

(2)  I gcás ina dtitfidh na spriocdhátaí thuasluaite ar an Satharn nó ar an Domhnach, is go dtí an Luan dár gcionn roimh 12:00 pm (CET) a bhogfar an spriocdháta éifeachtach.

(3)  Le soláthar ar bhonn dheonach.


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/941/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)