European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/939

19.5.2025

CINNEADH (AE) 2025/939 ÓN gCOMHAIRLE

an 13 Bealtaine 2025

lena gceaptar beirt chomhaltaí mhalartacha, arna moladh ag Poblacht na hOstaire, de Choiste na Réigiún

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 305 de,

Ag féachaint do Chinneadh (AE) 2019/852 ón gComhairle an 21 Bealtaine 2019 lena gcinntear comhdhéanamh Choiste na Réigiún (1),

Ag féachaint don togra ó rialtas na hOstaire,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

De bhun Airteagal 300(3) den Chonradh, tá Coiste na Réigiún le bheith comhdhéanta d’ionadaithe do chomhlachtaí réigiúnacha agus áitiúla a bhfuil acu sainordú toghchánach in údarás réigiúnach nó áitiúil nó atá freagrach go polaitiúil do thionól tofa.

(2)

An 10 Nollaig 2024, ghlac an Chomhairle Cinneadh (AE) 2025/71 (2), lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha Choiste na Réigiún don tréimhse ón 26 Eanáir 2025 go dtí an 25 Eanáir 2030.

(3)

Tá suíochán bheirt chomhaltaí mhalartacha ar Choiste na Réigiún tagtha chun bheith folamh tar éis do Barbara EIBINGER-MIEDL éirí as oifig agus tar éis deireadh a theacht leis an sainordú náisiúnta ar dá bhun a moladh Heinrich DORNER a cheapadh.

(4)

Mhol Rialtas na hOstaire na hionadaithe seo a leanas, ar ionadaithe do chomhlachtaí réigiúnacha iad a bhfuil acu sainordú toghchánach in údarás réigiúnach, mar chomhaltaí malartacha de Choiste na Réigiún ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, a leanfaidh go dtí an 25 Eanáir 2030: Robert HERGOVICH, Abgeordneter des Burgenländischen Landtags (Comhalta de Pharlaimint Stáit Burgenland), agus Karlheinz Manuel KORNHÄUSL, Landesrat der Steiermärkischen Landesregierung (Comhalta de Rialtas Stáit Styria),

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, ceaptar na hionadaithe seo a leanas, ar ionadaithe do chomhlachtaí réigiúnacha iad agus a bhfuil acu sainordú toghchánach, mar chomhaltaí malartacha de Choiste na Réigiún ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, a leanfaidh go dtí an 25 Eanáir 2030:

Robert HERGOVICH, Abgeordneter des Burgenländischen Landtags (Comhalta de Pharlaimint Stáit Burgenland),

Karlheinz Manuel KORNHÄUSL, Landesrat der Steiermärkischen Landesregierung (Comhalta de Rialtas Stáit Styria).

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 13 Bealtaine 2025.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. DOMAŃSKI


(1)   IO L 139, 27.5.2019, lch. 13, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2019/852/oj.

(2)  Cinneadh (AE) 2025/71 ón gComhairle an 10 Nollaig 2024 lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha de Choiste na Réigiún don tréimhse ón 26 Eanáir 2025 go dtí an 25 Eanáir 2030 (IO L, 2025/71, 16.1.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/71/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/939/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)