European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/933

20.5.2025

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/933 ÓN gCOMHAIRLE

an 20 Bealtaine 2025

lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 ón gComhairle an 17 Márta 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (1), go háirithe Airteagal 14(1) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 17 Márta 2014, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) Uimh. 269/2014.

(2)

Sna conclúidí uaithi an 19 Nollaig 2024, d’athdhearbhaigh an Chomhairle Eorpach an géarcháineadh a rinne sí ar chogadh foghach na Rúise ar an Úcráin, ar sárú follasach é ar Chairt na Náisiún Aontaithe, agus d’athdhearbhaigh sí go dtacaíonn sí i gcónaí le neamhspleáchas, ceannasacht agus iomláine chríochach na hÚcráine laistigh dá teorainneacha mar a aithnítear go hidirnáisiúnta iad. Chur an Chomhairle Eorpach in iúil gur cheart leanúint de na hiarrachtaí chun cumas feartha cogaidh na Rúise a shrianadh a thuilleadh. Chuir sí in iúl freisin go bhfuil an tAontas faoi réir i gcónaí chun tuilleadh brú a chur ar an Rúis, lena n-áirítear trí smachtbhannaí breise a ghlacadh.

(3)

I bhfianaise a thromchúisí atá an staid, is iomchuí bearta sriantacha breise a ghlacadh.

(4)

Measann an Chomhairle go háirithe gur cheart 17 duine agus 58 eintiteas atá freagrach as gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin, a chur le liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir na mbeart sriantach a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 269/2014.

(5)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 20 Bealtaine 2025.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

K. KALLAS


(1)   IO L 78, 17.3.2014, lch. 6, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2014/269/oj.


IARSCRÍBHINN

Cuirtear na daoine agus na heintitis seo a leanas le liosta na ndaoine, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 269/2014:

Daoine

 

Ainm

Faisnéis aitheantais

Cúiseanna

Dáta an liostaithe

‘1928.

Alexey Nikolaevich VYAZNIKOV

Rúisis: Алексей Николаевич ВЯЗНИКОВ

Feidhm: Ard-Stiúrthóir JSC Central Research Institute “Elektron”)

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Uimhir Aitheantais Chánach: 352532426650

Is Ard-Stiúrthóir é Alexey Vyaznikov ar JSC Central Research Institute “Elektron”, cuideachta taighde agus monaraíochta Rúiseach, a bhuaigh conradh soláthair rialtais chun comhpháirteanna leictreonacha ardteicneolaíochta a fhorbairt agus a tháirgeadh do thionscal cosanta na Rúise. Dá bhrí sin, tá Alexey Nikolaevich Vyaznikov ag tacú le coimpléasc tionsclaíoch agus míleata na Rúise agus ag baint tairbhe as.

20.5.2025

1929.

Alexey Alexeyevich SHASHKOV

Rúisis: Алексей Алексеевич ШАШКОВ

Feidhm: Ard-Stiúrthóir JSC Research Institute of Space Instrumentation

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Uimhir Aitheantais Chánach: 241102592856

Eintitis chomhlachaithe: JSC Research Institute of Space Instrumentation

Is Ard-Stiúrthóir é Alexey Shashkov ar JSC Research Institute of Space Instrumentation, cuideachta taighde agus monaraíochta Rúiseach a bhuaigh conradh soláthair rialtais chun comhpháirteanna leictreonacha ardteicneolaíochta a fhorbairt agus a tháirgeadh do thionscal cosanta na Rúise. Dá bhrí sin, mar Ard-Stiúrthóir ar JSC Research Institute of Space Instrumentation, tá Alexey Shashkov ag tacú le coimpléasc tionsclaíoch agus míleata na Rúise agus ag baint tairbhe as. Tá baint aige le JSC Research Institute of Space Instrumentation .

20.5.2025

1930.

Victor Anatolievich POLYAKOV

Rúisis: Виктор Анатольевич ПОЛЯКОВ

ar a dtugtar freisin Viktor Anatolyevich POLYAKOV

Feidhm: Stiúrthóir Bainistíochta PJSC “UEC-Saturn”

Dáta breithe: 26.4.1953

Áit bhreithe: Kursk, APSS (Cónaidhm na Rúise anois)

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Uimhir Aitheantais Chánach: 761002622912

Eintitis chomhlachaithe: PJSC UEC-Saturn

Is é Victor Anatolievich Polyakov Stiúrthóir Bainistíochta PJSC “UEC-Saturn”, atá mar chuid de JSC United Engine Corporation Russia (UECRUS), a bhaineann le State Corporation Rostec.

Monaraíonn PJSC “UEC-Saturn” innill do na haerárthaí míleata Su-30, Su-35 agus Su-57 a mbaineann Fórsaí Armtha Chónaidhm na Rúise úsáid astu i gcogadh foghach na Rúise ar an Úcráin. Thairis sin, táirgeann sé innill le haghaidh na ndiúracán cúrsála straitéiseach aer go talamh Kh-101 a úsáideann Fórsaí Armtha Chónaidhm na Rúise san Úcráin.

Mar Stiúrthóir Bainistíochta PJSC “UEC-Saturn”, tá Victor Anatolievich Polyakov ag tacú go hábharach le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin. Tá sé ag tacú freisin le coimpléasc tionsclaíoch agus míleata na Rúise agus tá baint aige le PJSC “UEC-Saturn”.

20.5.2025

1931.

Konstantin Yuryevich NIKOLAYEV

Rúisis: Константин Юрьевич НИКОЛАЕВ

Feidhm: Duine gnó Rúiseach

Dáta breithe: 5.3.1971

Áit bhreithe: Dniepropetrovsk, APSS (an Úcráin anois)

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Uimhir Aitheantais Chánach: 771201297011

Is duine gnó Rúiseach é Konstantin Nikolayev a bhfuil leasanna gnó aige i gcoimpléasc tionsclaíoch agus míleata na Rúise. Go háirithe, tá leasanna aige sna cuideachtaí Rúiseacha Promtekhnologiya LLC, ScanEx agus Tula Cartridge Plant. Oibríonn na cuideachtaí sin i gcomhar le seirbhísí míleata agus slándála na Rúise, agus soláthraíonn siad crua-earraí míleata dóibh a úsáideadh i gcogadh foghach na Rúise ar an Úcráin. Cuireann Konstantin Nikolayev a úinéireacht agus leas sna gnólachtaí sin i bhfolach, lena n-áirítear trína bhean chéile Svetlana Nikolayeva a shuí i bpoist bhainistíochta shofheicthe. Thairis sin, trína ghnólachtaí, mhaoinigh sé grúpaí amhais atá ag troid ar son Chónaidhm na Rúise san Úcráin.

Dá bhrí sin, tá Konstantin Nikolayev ag tacú le Rialtas na Rúise agus ag baint tairbhe as, agus tá sé ag tacú le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, nó de chobhsaíocht nó shlándáil san Úcráin, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin. Tá sé ag tacú freisin le coimpléasc tionsclaíoch agus míleata na Rúise, lena n-áirítear trí bheith rannpháirteach i bhforbairt, táirgeadh nó soláthar teicneolaíochta míleata agus trealaimh mhíleata.

20.5.2025

1932.

Nikolay Yevgenyevich LOBAEV

Rúisis: Николай Евгеньевич ЛОБАЕВ

Feidhm: Comhbhunaitheoir ghrúpa eintiteas Lobaev; scairshealbhóir agus iarArd-Stiúrthóir LLC “Trading House ‘Lobaev Arms’”

Dáta breithe: 1.6.1974

Áit bhreithe: Rostov-on-Don, APSS (Cónaidhm na Rúise anois)

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Uimhir Aitheantais Chánach: 771986198929

Eintitis chomhlachaithe: LLC “Trading House ‘Lobaev Arms’”

Daoine aonair comhlachaithe: Vladislav Yevgenyevich Lobaev

Is scairshealbhóir de LLC “Trading House ‘Lobaev Arms’” (Lobaev Arms) é Nikolay Lobaev, agus in éineacht lena dheartháir, Vladislav Lobaev, tá sé ina chomhbhunaitheoir ar ghrúpa eintiteas Lobaev. Tá sé ina iarArd-Stiúrthóir ar Lobaev Arms freisin. Olltáirgeann agus saincheapann Lobaev Arms raidhfilí a úsáideann Fórsaí Armtha na Rúise i gcogadh foghach na Rúise ar an Úcráin. Mar scairshealbhóir de chuid Lobaev Arms, tá sé ag baint tairbhe airgeadúil as Rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine. Thairis sin, tá baint aige le Lobaev Arms agus lena dheartháir Vladislav Lobaev.

20.5.2025

1933.

Elena Anatolyevna LOBAEVA

Rúisis: Елена Анатольевна ЛОБАЕВА

Feidhm: Úinéir LLC Construction Bureau of Integrated Systems

Dáta breithe: 23.1.1974

Áit bhreithe: Volgograd, APSS (Cónaidhm na Rúise anois)

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: baineann

Uimhir Aitheantais Chánach: 770471404343

Eintitis chomhlachaithe: LLC Construction Bureau of Integrated Systems; LLC “Trading House ‘Lobaev Arms’”

Is í Elena Lobaeva úinéir LLC Construction Bureau of Integrated Systems (LLC KBIS). Tá LLC KBIS mar chuid de ghrúpa eintiteas Lobaev, a mhonaraíonn raidhfilí ardchruinnis. Déanann LLC KBIS speisialtóireacht i bhforbairt agus i dtáirgeadh píolótach arm ardchruinnis agus fadraoin, córas lámhaigh, agus táirgí nuálacha eile. Is é LLC KBIS sealbhóir na dtrádmharcanna “Lobaev Robotics” agus “Lobaev Arms”. Úsáideann Fórsaí Armtha na Rúise raidhfilí Lobaev Arms (a mhonaraíonn LLC “Trading House ‘Lobaev Arms’”) i gcogadh foghach na Rúise ar an Úcráin. Ceannaíonn Aireacht Cosanta Chónaidhm na Rúise raidhfilí Lobaev Arms go hoifigiúil. Dá bhrí sin, tá Elena Lobaeva ag tacú le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, agus ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin, agus tá sí ag tacú le Rialtas Chónaidhm na Rúise, rialtas atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine, agus baineann sí tairbhe as.

Ina theannta sin, tá baint ag Elena Lobaeva le LLC “Trading House ‘Lobaev Arms’” agus le LLC KBIS.

20.5.2025

1934.

Viktor Alekseevich NOVIKOV

Rúisis: Виктор Алексеевич НОВИКОВ

Feidhm: Ard-Stiúrthóir JSC UAP “Gidravlika”

Dáta breithe: 14.3.1967

Áit bhreithe: Ishimbay, APSS (Cónaidhm na Rúise anois)

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Uimhir Aitheantais Chánach: 027412035777

Eintitis chomhlachaithe: JSC UAP “Gidravlika”

Is é Viktor Novikov Ard-Stiúrthóir JSC UAP “Gidravlika”. Tá UAP “Gidravlika” mar chuid de JSC “Technodinamika” agus is cuideachta tionscail mhíleata Rúiseach é. Is forbróir, monaróir agus deisitheoir comhpháirteanna (lena n-áirítear innill agus scagairí) le haghaidh trealamh eitlíochta agus míleata í an chuideachta. Cuireann JSC UAP “Gidravlika” tacaíocht ábhartha ar fáil (lena n-áirítear líonta duaithníochta arna ndéanamh ag oibrithe na cuideachta) do shaighdiúirí Rúiseacha ag an bhfronta san Úcráin. Dá bhrí sin, mar Ard-Stiúrthóir JSC UAP “Gidravlika”, tá Viktor Novikov ag tacú le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, agus ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin, agus ag tacú go hábharach le Rialtas Chónaidhm na Rúise, rialtas atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine, agus tá sé ag baint tairbhe as.

20.5.2025

1935.

Alexey Mikhaylovich YEFREMOV

Rúisis: Алексей Михайлович ЕФРЕМОВ

ar a dtugtar freisin Alexey Mikhaylovich EFREMOV

Feidhm: Ard-Stiúrthóir ar State Unitary Enterprise “State Grain Operator”

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Uimhir Aitheantais Chánach: 615435962020

Eintitis chomhlachaithe: State Unitary Enterprise “State Grain Operator” (Fiontar Aonadach Stáit “Oibreoir Grán Stáit”)

Is Ard-Stiúrthóir é Alexey Yefremov ar State Unitary Enterprise “State Grain Operator”, eintiteas atá bunaithe ag na húdaráis forghabhála i réigiún Zaporizhzhia na hÚcráine atá faoi fhorghabháil neamhdhleathach. Ó 2022 i leith, tá saoráidí áitiúla talmhaíochta gráin á gcomhtháthú agus a dtáirgeadh á saothrú ag SUE “State Grain Operator”, rud a théann chun tairbhe na n-údarás forghabhála. Dá bhrí sin, tá Alexey Yefremov ag tacú le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin agus tá baint aige le SUE “State Grain Operator”.

20.5.2025

1936.

Nikolay Konstantinovich ZHERNOV

Rúisis: Николай Константинович ЖЕРНОВ

Feidhm: Stiúrthóir LLC “Aerofregat”

Dáta breithe: 24.2.1981

Áit bhreithe: Novosibirsk, APSS (Cónaidhm na Rúise anois)

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Eintitis chomhlachaithe: LLC “Aerofregat”

Is é Nikolay Zhernov Stiúrthóir LLC “Aerofregat”. Tá an chuideachta sin gníomhach i gcoimpléasc tionsclaíoch agus míleata na Rúise, eadhon i bhforbairt agus táirgeadh aerárthaí gan foireann. Ó 2024 i leith, d’fhorbair an chuideachta dhá shamhail shonracha aerárthaí gan foireann, ar a dtugtar “Kasatka” agus “Tribunal”, a bhfuil feidhmeanna míleata ag an dá cheann acu agus a úsáideadh i gcogadh foghach na Rúise ar an Úcráin.

Dá bhrí sin, tá Nikolay Zhernov ag tacú le gníomhaíochtaí nó beartais, agus cuireann sé chun feidhme iad, ar gníomhaíochtaí nó beartais iad lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairt iad na gníomhaíochtaí nó na beartais sin ar an méid sin.

20.5.2025

1937.

Elena Alexandrovna MOROZOVA

Rúisis: Елена Александровна МОРОЗОВА

Feidhm: Stiúrthóir State Museum-Preserve “Tauric Chersonese” (Músaem Caomhnaithe Stáit “Tauric Chersonese”)

Dáta breithe: 7.2.1972

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: baineann

Uimhir Cánach Aonair: 780428224742

Is í Elena Morozova Stiúrthóir State Museum-Preserve “Tauric Chersonese” (Músaem Caomhnaithe Stáit “Tauric Chersonese”), músaem in Sevastopol. Ó rinneadh ionghabháil ar an gCrimé, tá an músaem tar éis an bonn a bhaint go gníomhach d’oidhreacht chultúrtha na hÚcráine trí insintí ar son na Rúise maidir le tábhacht chultúrtha na ndéantán agus na suíomhanna tochailte a riarann sé a chur chun cinn. Tar éis ionradh iomlán na Rúise ar an Úcráin, bhain an músaem úsáid as a chuid ardán chun an t-ionradh agus na gníomhaithe a bhí ina bhun a chur chun cinn, lena n-áirítear seachadtaí soláthairtí a eagrú chuig na línte tosaigh. Dá bhrí sin, tá Elena Morozova freagrach as gníomhaíochtaí nó beartais lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, nó de chobhsaíocht nó shlándáil san Úcráin, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí nó na beartais sin ar an méid sin.

20.5.2025

1938.

Dmitry Vasilevich KUZYAKIN

Rúisis: Дмитрий Васильевич КУЗЯКИН

Feidhm: Ard-Stiúrthóir agus comhúinéir LLC “Center for Integrated Unmanned Solutions”

Dáta breithe: 29.6.1974

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Uimhir Aitheantais Chánach: 501306766736

Is é Dmitry Kuzyakin bunaitheoir, Ard-Stiúrthóir agus chomhúinéir LLC “Center for Integrated Unmanned Solutions”, cuideachta atá mar chuid de choimpléasc tionsclaíoch agus míleata na Rúise. Bíonn LLC “Center for Integrated Unmanned Solutions” ag plé le timthriall iomlán na gcóras radhairc céadphearsan le haghaidh úsáid chomhraic, ó oiliúint a chur ar phearsanra maidir le píolótú agus úsáid éifeachtach go táirgeadh feistí deiridh agus trealaimh talún. Lonnaithe in Zhukovsky, i réigiún Mhoscó arb é croílár thaighde eitlíochta na Rúise, forbraíonn agus táirgeann LLC “Center for Integrated Unmanned Solutions” aerárthaí gan foireann a chuirtear ar fáil d’Fhórsaí Armtha na Rúise agus a úsáidtear i gcogadh foghach na Rúise ar an Úcráin.

Dá bhrí sin, tá Dmitry Kuzyakin ag tacú go hábharach le gníomhaíochtaí nó beartais lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, nó de chobhsaíocht nó shlándáil san Úcráin, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí nó na beartais sin ar an méid sin. Tá sé ag tacú freisin le coimpléasc tionsclaíoch agus míleata na Rúise, lena n-áirítear trí bheith rannpháirteach i bhforbairt, táirgeadh nó soláthar teicneolaíochta míleata agus trealaimh mhíleata.

20.5.2025

1939.

Sergey Anatolyevich KOGOGIN

Rúisis: Сергей Анатольевич КОГОГИН

Feidhm: Ard-Stiúrthóir Bhord Bainistíochta KAMAZ PJSC

Dáta breithe: 16.11.1957

Áit bhreithe: Bolshie Klyuchi, Tatarstan, APSS (Cónaidhm na Rúise anois)

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Uimhir Aitheantais Chánach: 164804995925

Is é Sergey Kogogin Ard-Stiúrthóir KAMAZ Publicly Traded Company (KAMAZ PJSC).

Is forbróir agus monaróir feithiclí agus trealaimh mhíleata de chuid na Rúise é KAMAZ PJSC. Tháirg sé na feithiclí KAMAZ-5350, KAMAZ-6350 agus KAMAZ-6560, feithiclí a mbaineann Fórsaí Armtha Chónaidhm na Rúise úsáid astu le linn chogadh foghach na Rúise ar an Úcráin. I mí na Samhna, luaigh KAMAZ PJSC go raibh a mhonarcha ag oibriú ag na teorainneacha acmhainneachta a bhí aige chun orduithe arm a chomhlíonadh. D’eisigh sé físeán freisin i mí Aibreáin 2022 inar baineadh úsáid as an tsiombail “Z”, a léiríonn tacaíocht don oibríocht san Úcráin.

Dá bhrí sin, agus é ina Ard-Stiúrthóir ar KAMAZ PJSC, tá Sergey Kogogin ag tacú le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin. Tá sé ag tacú freisin le coimpléasc tionsclaíoch agus míleata na Rúise agus tá baint aige le KAMAZ PJSC.

20.5.2025

1940.

Vladislav Vladimirovich KUZHEL

Rúisis: Владислав Владимирович КУЖЕЛЬ

Feidhm: Scairshealbhóir de chuid LLC “Moscow Arms Company”

Dáta breithe: 6.8.1971

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Uimhir Aitheantais Chánach: 572500836211

Is é Vladislav Kuzhel an t-aon scairshealbhóir ag LLC “Moscow Arms Company” a mhonaraíonn airm agus armlón, go háirithe raidhfilí naoscaire de shraith Raptor Tactical agus Specter, d’Fhórsaí Armtha Chónaidhm na Rúise. Ó 2022 i leith, baineann naoscairí Fhórsaí Armtha na Rúise úsáid as raidhfilí naoscaire den tsraith Raptor i gcogadh foghach na Rúise ar an Úcráin. Cuireann LLC “Moscow Arms Company” feabhas ar dhearadh a raidhfilí monaraithe i gcomhar le Fórsaí Armtha na Rúise agus le hOllscoil Fhórsaí Speisialta na Rúise (Gudermes). Baineann naoscairí Rúiseacha úsáid as raidhfilí a tháirgeann‘ LLC “Moscow Arms Company” ag an túslíne. Cuireadh ar a laghad 350 coimpléasc raidhfil naoscaire a mhonaraigh LLC “Moscow Arms Company” ar fáil d’Fhórsaí Armtha na Rúise.

Dá bhrí sin, tá Vladislav Kuzhel ag tacú le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin.

20.5.2025

1941.

Yaroslav Viktorovich TABOLSKY

Rúisis: Ярослав Викторович ТАБОЛЬСКИЙ

Feidhm: Ard-Bhainisteoir LLC “Moscow Arms Company”

Dáta breithe: 6.8.1981

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Uimhir Aitheantais Chánach: 772577927403

Is é Yaroslav Tabolsky Ard-Bhainisteoir LLC “Moscow Arms Company”, a mhonaraíonn airm agus armlón, go háirithe raidhfilí naoscaire de shraith Raptor Tactical agus Specter, d’Fhórsaí Armtha Chónaidhm na Rúise. Ó 2022 i leith, baineann naoscairí Fhórsaí Armtha na Rúise úsáid as raidhfilí naoscaire den tsraith Raptor i gcogadh foghach na Rúise ar an Úcráin. Cuireann LLC “Moscow Arms Company” feabhas ar dhearadh a raidhfilí monaraithe i gcomhar le Fórsaí Armtha na Rúise agus le hOllscoil Fhórsaí Speisialta na Rúise (Gudermes). Baineann naoscairí Rúiseacha úsáid as raidhfilí a tháirgeann LLC “Moscow Arms Company” ag an túslíne. Cuireadh ar a laghad 350 coimpléasc raidhfil naoscaire a mhonaraigh LLC “Moscow Arms Company” ar fáil d’Fhórsaí Armtha na Rúise.

Dá bhrí sin, tá Yaroslav Tabolsky ag tacú le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin.

20.5.2025

1942.

Nikolay Dmitrievich ROGALEV

Rúisis: Николай Дмитриевич РОГАЛЁВ

ar a dtugtar freisin Nikolay Dmitrievich Rogalyov

Feidhm: Reachtaire na hOllscoile Náisiúnta Taighde “Moscow Power Engineering Institute” (Institiúid Innealtóireachta Cumhachta Mhoscó)

Dáta breithe: 17.2.1962

Áit bhreithe: Urussu, APSS (Cónaidhm na Rúise anois)

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Uimhir Aitheantais Chánach: 501707136280

Is é Nikolay Rogalev reachtaire na hOllscoile Náisiúnta Taighde “Moscow Power Engineering Institute” (“Institiúid Innealtóireachta Cumhachta Mhoscó”), ollscoil phoiblí sa Rúis. Tá an ollscoil rannpháirteach go gníomhach san fheachtas “Universities for the Front!” (Ollscoileanna don Fhronta!), ar feachtas é atá á chomhordú ag Aireacht Eolaíochta agus Ardoideachais Chónaidhm na Rúise. Mar chuid den fheachtas sin, seolann ollscoileanna na Rúise cúnamh ábhartha chuig saighdiúirí Rúiseacha atá ag glacadh páirt sa chogadh foghach ar an Úcráin. Tá Institiúid Innealtóireachta Cumhachta Mhoscó rannpháirteach sna gníomhaíochta sin. Seolann a mic léinn agus a foireann trealamh (mar shampla málaí droma, veisteanna piléardhíonacha, fearais gharchabhrach oirbheartaíochta agus sínteáin) chuig saighdiúirí. Ag saotharlann thurgnamhach na hInstitiúide, táirgeadh trealamh súpaire agus soirn do shaighdiúirí agus seoladh ansin iad chuig saighdiúirí ag na línte tosaigh. Ina cháil mar reachtaire na hOllscoile Náisiúnta Taighde “Institiúid Innealtóireachta Fuinnimh Mhoscó”, tá Nikolay Rogalev freagrach as tacú le gníomhaíochtaí nó beartais, nó as iad a chur chun feidhme, ar gníomhaíochtaí nó beartais iad lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad ar an méid sin.

20.5.2025

1943.

Ravil Ramilievich NURGALEEV

Rúisis: Равиль Рамильевич НУРГАЛЕЕВ

Feidhm: Ard-Stiúrthóir LLC “Molot-Oruzhie”

Dáta breithe: 9.10.1974

Áit bhreithe: Sosnovka, Dúiche Vyatsko-Polyansky, réigiún Kirov, APSS (Cónaidhm na Rúise anois)

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Is Ard-Stiúrthóir é Ravil Nurgaleev ar LLC “Molot-Oruzhie”, cuideachta Rúiseach a dhearann agus a mhonaraíonn airm, go háirithe gránghunnaí de shraith Vepr-12, d’Fhórsaí Armtha Chónaidhm na Rúise, a mbaintear úsáid astu i gcogadh foghach na Rúise ar an Úcráin. Táirgeann an chuideachta modhnuithe éagsúla ar an meaisínghunna RPK 74 agus ar an lainseálaí gránáide uathoibríoch ASG-17, a úsáidtear i gcogadh foghach na Rúise ar an Úcráin.

Tá LLC “Molot-Oruzhie” faoi úinéireacht LLC “NORTEX”, atá faoi úinéireacht Ravil Nurgaleev. Dá bhrí sin, ní hamháin gurb é Ravil Nurgaleev Ard-Stiúrthóir LLC Molot-Oruzhie, ach is é a úinéir tairbhiúil é freisin. Thairis sin, mar ionadaí de thionól reachtach réigiún Kirov, mar chomhalta den pháirtí polaitiúil “United Russia” agus mar chomhalta de bhord na n-iontaobhaithe den “Za Vyatka Charitable Foundation”, tá Ravil Nurgaleev ag tacú go hábharach le Rialtas Chónaidhm na Rúise.

Dá bhrí sin, mar Ard-Stiúrthóir agus úinéir tairbhiúil LLC “Molot-Oruzhie”, tá Ravil Nurgaleev ag tacú le gníomhaíochtaí agus beartais lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairt iad na gníomhaíochtaí agus beartais sin ar an méid sin, agus tá sé ag tacú go hábharach le Rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine.

20.5.2025

1944.

Alexey Viktorovich CHADAYEV

Rúisis: Алексей Викторович ЧАДАЕВ

Feidhm: Stiúrthóir ar f Scientific-Research Centre “Ushkuynik”

Dáta breithe: 30.9.1978

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Tá Alexey Chadayev ina Stiúrthóir ar Scientific-Research Centre “Ushkuynik”, cuideachta a tháirgeann aerárthaí gan foireann chun tairbhe d’fhórsaí míleata na Rúise. Is é a phríomhtháirge an t-aerárthach gan foireann dlúth-raoin snáthoptaice atá frithsheasmhach in aghaidh cogaíochta leictreonaí, ar a dtugtar “Kniaz Vandal Novgorodskiy” (KVN), a úsáidtear i gcogadh foghach na Rúise ar an Úcráin. Tá cead ag an gcuideachta freisin ó Rialtas na Rúise iarrachtaí innealtóirí aerárthaí gan foireann agus cuideachtaí tógála a aontú agus a chomhordú chun cineálacha aerárthaí gan foireann a chruthú agus a thástáil in Veliky Novgorod.

Dá bhrí sin, tá Alexey Chadayev ag tacú go hábharach le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin. Thairis sin, tá sé ag tacú go hábharach le Rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine.

20.5.2025’;

Eintitis

 

Ainm

Faisnéis aitheantais

Cúiseanna

Dáta an liostaithe

‘543.

Joint Stock Company “Research Institute of Space Instrumentation”

Rúisis: Акционерное общество “Научно-Исследовательский Институт Космического Приборостроения”

ar a dtugtar freisin JSC Research Institute of Space Instrumentation

ar a dtugtar freisin АО “НИИ КП”

Seoladh: Aviamotornaya 53, Moscó, Cónaidhm na Rúise

An cineál eintitis: Cuideachta Comhstoic

Áit chlárúcháin: Cónaidhm na Rúise

Dáta clárúcháin: 25.5.2020

Uimhir chlárúcháin: 1207700173581

Príomháit ghnó: Cónaidhm na Rúise

Uimhir Aitheantais Chánach: 7722488005

Daoine aonair comhlachaithe: Alexey Alekseevich Shashkov

Is cuideachta taighde agus monaraíochta Rúiseach í JSC Research Institute of Space Instrumentation, a bhuaigh conradh soláthair rialtais chun comhpháirteanna leictreonacha ardteicneolaíochta a fhorbairt agus a tháirgeadh do thionscal cosanta na Rúise. Dá bhrí sin, tá JSC Research Institute of Space Instrumentation mar chuid de choimpléasc tionsclaíoch agus míleata na Rúise, lena n-áirítear trí bheith rannpháirteach i bhforbairt, táirgeadh nó soláthar teicneolaíochta míleata agus trealaimh mhíleata..

20.5.2025

544.

Limited Liability Company “Construction Bureau of Integrated Systems”

Rúisis: Oбщество с ограниченной ответственностью “Конструкторское Бюро Интегрированных Систем”

ar a dtugtar freisin ООО “Конструкторское Бюро Интегрированных Систем”

ar a dtugtar freisin LLC KBIS

ar a dtugtar freisin LLC Design Bureau of Integrated Systems

ar a dtugtar freisin LLC Design Bureau of Integration Systems

ar a dtugtar freisin ООО КБИС

Seoladh: 249100, Cónaidhm na Rúise, Kaluga region, Tarus district, Tarusa, Lenin street, Zd. 61, Str. 1, Office 1

An cineál eintitis: Cuideachta faoi Dhliteanas Teoranta

Áit chlárúcháin: Cónaidhm na Rúise

Dáta clárúcháin: 8.5.2003

Uimhir chlárúcháin: 1037703022158

Uimhir Aitheantais Chánach: 7703371192

Uimhir KPP: 401801001

Seoltaí ríomhphoist: kbis111olga@mail.ru; cannon49@mail.ru

Tá LLC Construction Bureau of Integrated Systems(LLC KBIS) mar chuid de ghrúpa eintiteas Lobaev, a mhonaraíonn raidhfilí ardchruinnis. Déanann LLC KBIS speisialtóireacht i bhforbairt agus i dtáirgeadh píolótach arm ardchruinnis agus fadraoin, córas lámhaigh agus táirgí nuálacha eile. Is é LLC KBIS sealbhóir na dtrádmharcanna “Lobaev Robotics” agus “Lobaev Arms”. Ceannaíonn Aireacht Cosanta Chónaidhm na Rúise raidhfilí Lobaev Arms (a mhonaraíonn LLC “Trading House ‘Lobaev Arms’”) go hoifigiúil agus úsáideann Fórsaí Armtha na Rúise iad i gcogadh foghach na Rúise ar an Úcráin.

Dá bhrí sin, tá LLC KBIS ag tacú le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, agus ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin, agus tá sé ag tacú le Rialtas Chónaidhm na Rúise, rialtas atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine, agus baineann sé tairbhe as. Ós rud é go bhfuil sé ag glacadh páirt i bhforbairt na teicneolaíochta míleata agus an trealaimh mhíleata, tá LLC KBIS ag tacú go hábharthach le coimpléasc tionsclaíoch agus míleata na Rúise agus baineann sé tairbhe as.

Ina theannta sin, tá LLC KBIS bainteach le LLC “Trading House ‘Lobaev Arms’” toisc gur ag LLC KBIS a bhfuil an trádmharc “Lobaev Arms,” agus forbraíonn sé raidhfilí Lobaev Arms, agus tá LLC “Trading House ‘Lobaev Arms’” freagrach as olltáirgeadh agus saincheapadh na raidhfilí sin.

20.5.2025

545.

Limited Liability Company “Trading House ‘Lobaev Arms’”

Rúisis: Oбщество с ограниченной ответственностью “Торговый Дом ‘Лобаев Армс’”

ar a dtugtar freisin ООО Торговый Дом Лобаев Армс

ar a dtugtar freisin Лобаев Армс

Seoladh: 249100, Cónaidhm na Rúise, Kaluga region, Tarus district, Tarusa, Lenin street, Zd. 61, Str. 1, Office 1

An cineál eintitis: Cuideachta faoi Dhliteanas Teoranta

Áit chlárúcháin: Cónaidhm na Rúise

Dáta clárúcháin: 15.7.2016

Uimhir chlárúcháin: 1164027059382

Uimhir Aitheantais Chánach: 4018011096

KPP: 401801001

Is díoltóir miondíola arm é LLC “Trading House ‘Lobaev Arms’” (LLC Lobaev Arms), lena n-áirítear raidhfilí Lobaev Arms, agus armlón. Baineann Fórsaí Armtha na Rúise úsáid as raidhfilí arna ndéanamh ag Lobaev Arms i gcogadh foghach na Rúise ar an Úcráin. Tá úsáid fhorleathan na raidhfilí a tháirgeann Lobaev Arms ar cheann de shiombailí chogadh foghach na Rúise. Dá bhrí sin, tá LLC Lobaev Arms ag tacú go hábharthach le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin. Ceannaíonn Aireacht Cosanta Chónaidhm na Rúise raidhfilí Lobaev Arms go hoifigiúil, agus, dá bhrí sin, tá LLC Lobaev Arms ag tacú le Rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine, agus baineann sé tairbhe as an méid sin.

Ina theannta sin, tá baint ag LLC Lobaev Arms le LLC Construction Bureau of Integrated Systems, a bhfuil an trádmharc “Lobaev Arms” aige agus atá freagrach as raidhfilí Lobaev Arms a fhorbairt.

20.5.2025

546.

Limited Liability Company “Stan”

Rúisis: Общество с ограниченной ответственностью “Стан”

ar a dtugtar freisin СТАН OOO

ar a dtugtar freisin STAN LLC

ar a dtugtar freisin OOO “Стан”

Seoladh: 127018, Cónaidhm na Rúise, Moscó, Ul. Sushchevskiy Val, D. 18

An cineál eintitis: Cuideachta faoi Dhliteanas Teoranta

Áit chlárúcháin: Cónaidhm na Rúise

Dáta clárúcháin: 17.12.2009

Uimhir chlárúcháin: 1097746813010

Uimhir Aitheantais Chánach: 7703712332

KPP: 771501001

Suíomh gréasáin: https://stan-company.ru/

Is monaróir meaisín-uirlise Rúiseach é LLC Stan a tháirgeann meaisíní rialaithe uimhriúil nua-aimseartha le haghaidh tionscail ardteicneolaíochta, lena n-áirítear an t-aeraspás agus an chosaint. Oibríonn an chuideachta faoi RT-Capital de State Corporation Rostec, agus soláthraíonn sí ardmheaisíní druileála agus muilleála, mar shampla an VMB 55, le haghaidh na bhfiontar a bhfuil baint acu le monarú aerárthaí agus inneall. Sholáthair LLC Stan innealra mór le haghaidh Tupolev PJSC, a tháirgeann na hiompróirí diúracán straitéiseacha, Tu-160. Shínigh LLC Stan conarthaí dar luach breis agus 14 bhilliún rúbal le príomhfhiontair chosanta, lena n-áirítear UEC-Kuznetsov, Uralvagonzavod agus Admiralty Shipyards. Rannchuidigh LLC Stan le trealamh teicniúil a sholáthar athuair do 123rd Aircraft Repair Plant agus do Tactical Missile Armament Corporation. Ina theannta sin, úsáidtear a mheaisín-uirlisí chun innill PD-8 agus PD-14 a tháirgeadh le haghaidh aerárthaí míleata, lena n-áirítear aerárthaí amfaibiacha SJ-100 agus Be-200. Tá Be-200 á oibriú ag an 859ú Lárionad um Úsáid Chomhraic na hEitlíochta Cabhlaigh in Yeysk. Dá bhrí sin, tá LLC Stan ag tacú le Rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine, agus baineann sé tairbhe as an méid sin. Tá LLC Stan ag tacú freisin le coimpléasc tionsclaíoch agus míleata na Rúise.

20.5.2025

547.

Joint Stock Company “Soedinitel”

Rúisis: Акционерное общество “Соединитель”

ar a dtugtar freisin JSC “Soedinitel”

ar a dtugtar freisin AO “Соединитель”

Seoladh: 456313, Chelyabinsk region, Miass district, Miass, Turgoyak highway, 11/5, Cónaidhm na Rúise

An cineál eintitis: Cuideachta Comhstoic

Áit chlárúcháin: Cónaidhm na Rúise

Dáta clárúcháin: 24.3.1993

Uimhir chlárúcháin: 1027400875149

Príomháit ghnó: Cónaidhm na Rúise

Uimhir Aitheantais Chánach: 7415015198

OKPO: 21620758

Is fiontar é JSC Soedinitel a fhorbraíonn agus a mhonaraíonn nascóirí, chomh maith le cóimeálacha cábla sainchuspóireacha dar feidhm oibriú i dtimpeallachtaí ionsaitheacha, creimneacha, agus ar féidir leo brúnna arda agus athruithe suntasacha teochta a sheasamh. Déanann JSC Soedinitel taighde agus forbairt ar mhaithe leis Aireacht Cosanta agus Aireacht Tionscail agus Trádála Chónaidhm na Rúise, agus tá ceadúnas aige chun trealamh míleata a fhorbairt, a tháirgeadh agus a dhíol, agus tá ceadúnas aige rochtain a fháil ar fhaisnéis rúnaicmithe. Úsáideann JSC Soedinitel (amh)ábhair agus (amh)c(h)omhpháirteanna de mhonarú na Rúise, agus cuireann sé clár ionadaithe allmhairiúcháin na Rúise chun feidhme go gníomhach, agus monaraíonn sé táirgí do choimpléasc tionsclaíoch agus míleata Chónaidhm na Rúise. Dá bhrí sin, tá JSC Soedinitel ag tacú le coimpléasc tionsclaíoch agus míleata na Rúise agus baineann sé tairbhe as, lena n-áirítear trína bheith rannpháirteach i bhforbairt, táirgeadh agus soláthar teicneolaíochta míleata agus trealaimh mhíleata, agus tá sé ag tacú freisin le Rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as díchobhsú na hÚcráine.

20.5.2025

548.

Joint Stock Company Volga Shipping

Rúisis: Акционерное Общество “Судоходная Компания ‘Волжское Пароходство’”

ar a dtugtar freisin JSC Volga Shipping

Seoladh: 603001, Nizhny Novgorod Region, Nizhny Novgorod, Markina Sq., Bldg.15A, Cónaidhm na Rúise

An cineál eintitis: Cuideachta Comhstoic

Uimhir chlárúcháin: 1025203016717

Dáta clárúcháin: 21.8.2002

Uimhir Aitheantais Chánach: 5260902190

KPP: 526001001

Tá JSC Volga Shipping ar cheann de na príomhchuideachtaí loingseoireachta Rúiseacha. Bainistíonn sé na soithí a iompraíonn amhola agus táirgí ola ar muir, lena n-áirítear chun críoch onnmhairithe. Soláthraíonn an earnáil fuinnimh, go háirithe an earnáil ola, ioncam suntasach do Rialtas Chónaidhm na Rúise.

Dá bhrí sin, is eintiteas é JSC Volga Shipping atá rannpháirteach in earnáil eacnamaíoch ar foinse shuntasach ioncaim do Rialtas Chónaidhm na Rúise í, rialtas atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus díchobhsú na hÚcráine.

20.5.2025

549.

Petropavlovsk PLC

ar a dtugtar freisin Atlas Mining LLC

Seoladh: Opus Restructuring LLP, 1 Radian Court, Knowlhill, Milton Keynes, Buckinghamshire, MK5 8PJ, an Ríocht Aontaithe

Amur region, Blagoveshchensk, st. Lenina, 140/1, Cónaidhm na Rúise

An cineál eintitis: Cuideachta Phoiblí Theoranta

Uimhir chlárúcháin: 04343841 (an Ríocht Aontaithe)

Dáta clárúcháin: 1994

Suíomh gréasáin: https://petropavlovskplc.com/ru/

Is cuideachta mianadóireachta óir Rúiseach é Petropavlovsk PLC atá ag feidhmiú in earnáil óir na Rúise, earnáil a sholáthraíonn ioncam suntasach do Rialtas Chónaidhm na Rúise. Dá bhrí sin, tá Petropavlovsk PLC páirteach in earnáil eacnamaíoch a sholáthraíonn foinse shuntasach ioncaim do Rialtas Chónaidhm na Rúise.

20.5.2025

550.

Joint Stock Company “41 Central Plant of Railway Equipment”

Rúisis: Aкционерное общество “41 Центральный Завод Железнодорожной Техники”

ar a dtugtar freisin АО “41 Центральный Завод”

ar a dtugtar freisin АО “41 Центральный Завод Железнодорожной Техники”

ar a dtugtar freisin JSC “41 Central Plant”

Seoladh: 140008, Cónaidhm na Rúise, Lyubertsy, Proezd Proektiruemyi 4296, Vladenie 3

An cineál eintitis: Cuideachta Comhstoic

Áit chlárúcháin: Cónaidhm na Rúise

Dáta clárúcháin: 18.6.2009

Uimhir chlárúcháin: 1095027006722

Príomháit ghnó: Cónaidhm na Rúise

Uimhir Aitheantais Chánach: 5027150193

KPP: 502701001

Suíomh gréasáin: http://41zavod.ru

Fón: + 7 (495) 500-10-20

Is cuideachta tionscail mhíleata Rúiseach é JSC “41 Central Plant of Railway Equipment” a mhonaraíonn agus a sholáthraíonn coimpléisc deisiúcháin shoghluaiste d’Aireacht Cosanta na Rúise. Tá sé speisialaithe i dtrealamh a sholáthar do Thrúpaí Iarnróid Fhórsaí Armtha na Rúise. Dá bhrí sin, tá JSC “41 Central Plant of Railway Equipment” ag tacú go hábharach le Rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine.

20.5.2025

551.

Joint Stock Company “Airburg”

Rúisis: Акционерное Общество “Эйрбург”

ar a dtugtar freisin AO “Airburg”

ar a dtugtar freisin JSC “Airburg”

Seoladh: 620063, Sverdlovsk Region, City of Yekaterinburg, G Yekaterinburg, March 8 Street, St. 49, Cónaidhm na Rúise

An cineál eintitis: Cuideachta Comhstoic Neamhphoiblí

Áit chlárúcháin: Cónaidhm na Rúise

Dáta clárúcháin: 9.7.2021

Uimhir chlárúcháin: 1216600040194

Príomháit ghnó: Cónaidhm na Rúise

Uimhir Aitheantais Chánach: 6671172432

OKPO: 49681112

Is cuideachta tionscail mhíleata é JSC Airburg atá speisialaithe i ndearadh agus i dtáirgeadh aerárthaí le foireann agus aerárthaí gan foireann. Ceann dá phríomhfhorbairtí is ea an Phaeton, ar aerárthach gan foireann é lena mbaineann buntáistí móra maidir le raon, an t-am eitilte, agus éascaíocht éirí de thalamh agus tuirlingthe. A bhuí le tacaíocht ó Aireacht Tionscail agus Trádála Chónaidhm na Rúise, sheol JSC Airburg láithreán monarchan nua le déanaí. Tá os cionn 380 milliún rúbal leithdháilte ag an Aireacht Tionscail agus Trádála chun an táirgeadh a nuachóiriú agus a leathnú, rud a neartaíonn ról na cuideachta a thuilleadh maidir le teicneolaíocht aerárthaí gan foireann na Rúise a chur chun cinn. Baineann an Rúis úsáid as na haerárthaí gan foireann a tháirg JSC Airburg ina cogadh foghach ar an Úcráin.

Dá bhrí sin, tá JSC Airburg freagrach as tacaíocht a thabhairt do ghníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht nó de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin. Ina theannta sin, tá JSC Airburg ag tacú le Rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine, agus baineann sé tairbhe as an méid sin.

20.5.2025

552.

Open Joint Stock Company “Elektrostal Chemical and Mechanical Plant named after N.D. Zelinsky”

Rúisis: Открытое акционерное общество “Электростальский Химико-Механический Завод Имени Н.Д. Зелинского”

ar a dtugtar freisin ОАО “Электростальский Химико-Механический Завод Имени Н.Д.”

ar a dtugtar freisin “ЭХМЗ им Н.Д. Зелинского”

ar a dtugtar freisin OJSC EHMZ named after N. D. Zelinsky

ar a dtugtar freisin JSC “N.D. Zelinsky EHMZ”

Seoladh: 144001, Cónaidhm na Rúise, réigiún Mhoscó, Electrostal, Karl Marx St., 1

An cineál eintitis: Cuideachta Comhstoic Oscailte

Áit chlárúcháin: Cónaidhm na Rúise

Dáta clárúcháin: 6.5.1994 (dáta corpraithe: 18.7.2002)

Uimhir chlárúcháin: 1025007108390

Príomháit ghnó: Cónaidhm na Rúise

Uimhir Aitheantais Chánach: 5053002307

KPP: 505301001

Suíomh gréasáin: https://ehmz.ru/

Fón: + 7 (800) 707-00-76

Ríomhphost: ehmz@zelinskygroup.com

Is monaróir Rúiseach de threalamh cosanta de chineál scagaire pearsanta agus comhchoiteann é OJSC “EHMZ named after N. D. Zelinsky”, lena n-áirítear d’Aireacht Cosanta Chónaidhm na Rúise agus d’institiúidí rialtais eile na Rúise. Ina theannta sin, táirgeann an chuideachta scagairí le haghaidh tancanna, feithiclí armúrtha agus aerárthaí míleata, a úsáideann arm na Rúise. Dá bhrí sin, tá OJSC “EHMZ named after N. D. Zelinsky” ag tacú go hábharthach le Rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine.

20.5.2025

553.

Joint Stock Company “Elektrotyaga”

Rúisis: Aкционерное общество “Электротяга”

ar a dtugtar freisin AO “Электротяга”

ar a dtugtar freisin AO “Electrotyaga”

ar a dtugtar freisin JSC “Elektrotyaga”

Seoladh: 198099, Cónaidhm na Rúise, Cathair Pheadair, Kalinina str., 50 A

An cineál eintitis: Cuideachta Comhstoic

Áit chlárúcháin: Cónaidhm na Rúise

Dáta clárúcháin: 1.11.2001, 20.9.2002

Uimhir Chlárúcháin: 1027802718437

Príomháit ghnó: Cónaidhm na Rúise

Uimhir Aitheantais Chánach: 7805230257

KPP: 780501001

Suíomh gréasáin: https://gidropribor.ru/about/departments/electrotyaga.html

Teileafón: + 7 (812) 786-32-19, + 7 (812) 240-12-90, + 7 (812) 786-3244, + 7 (812) 786-9759, + 7 (812) 786-9719

Ríomhphost: aelektrotyaga@mail.ru, contact@aoelectrotyaga.ru

Eintitis chomhlachaithe: JSC MPO-Gidropribor; JSC Tactical Missiles Corporation

Is cuid é JSC Elektrotyaga d’fhiontar tionsclaíoch-míleata stáit na Rúise JSC “MPO-Gidropribor”, atá mar chuid de JSC “Tactical Missiles Corporation”, agus soláthraíonn sé a tháirgí don earnáil thionsclaíoch mhíleata. Is monaróir ceallraí é JSC Elektrotyaga, go háirithe, lena n-áirítear ceallraí fuireachais éigeandála agus ceallraí luaidhe-aigéadacha in-athluchtaithe d’fhomhuireáin Chabhlach na Rúise.

Dá bhrí sin, tá JSC Elektrotyaga ag tacú go hábharach le rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine.

Ina theannta sin, tá baint ag JSC Elektrotyaga le JSC “MPO-Gidropribor” agus “JSC ‘Tactical Missiles Corporation’”.

20.5.2025

554.

Joint Stock Company Ufa Aggregate Enterprise “Gidravlika”

Rúisis: Aкционерное общество Уфимское Агрегатное Предприятие “Гидравлика”

ar a dtugtar freisin АО Уфимское Агрегатное Предприятие “Гидравлика”

ar a dtugtar freisin JSC UAP “Gidravlika”

ar a dtugtar freisin АО УАП “Гидравлика”

Seoladh: 450001, Cónaidhm na Rúise, Republic of Bashkortostan, Ufa, Volodarskogo st., 2

An cineál eintitis: Cuideachta Comhstoic

Áit chlárúcháin: Cónaidhm na Rúise

Dáta clárúcháin: 1.7.2011

Uimhir Chlárúcháin: 1110280031531

Príomháit ghnó: Cónaidhm na Rúise

Uimhir Aitheantais Chánach: 0278179819

KPP: 027801001

Suíomh gréasáin: gidravlika-ufa.ru

Teileafón: + 7 347 246-70-66

Ríomhphost: info@gidravlika-ufa.ru, gidravlika@tdhc.ru

Is cuideachta mhíleata é JSC UAP “Gidravlika” atá mar chuid de ghabháltas Technodinamika de State Corporation Rostec agus forbraíonn agus monaraíonn sé táirgí le haghaidh trealamh eitlíochta agus míleata, mar shampla MS-21, Il-114, Su-57 agus Il-96-400M.

Cuireann JSC UAP “Gidravlika” tacaíocht ábhartha ar fáil (lena n-áirítear líonta duaithníochta arna ndéanamh ag oibrithe na cuideachta) do shaighdiúirí Rúiseacha atá ag an bhfronta san Úcráin. Mar chuid den ordú cosanta stáit, fuair an chuideachta fóirdheontas cónaidhme.

Dá bhrí sin, tá JSC UAP “Gidravlika” ag tacú go hábharach le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, agus ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin, agus ag tacú go hábharach sé le Rialtas Chónaidhm na Rúise, rialtas atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine, agus baineann sé tairbhe as.

20.5.2025

555.

Joint Stock Company “Scientific Research Institute of Engines”

Rúisis: Aкционерное общество “Научно-Исследовательский Институт Двигателей”

ar a dtugtar freisin AO “Научно-Исследовательский Институт Двигателей”

ar a dtugtar freisin JSC “Research Institute of Engines”

ar a dtugtar freisin JSC “NIID”

ar a dtugtar freisin АО “НИИД”

Seoladh: 127055, Cónaidhm na Rúise, Moscó, Novoslobodskaya str., 37, bldg. 1, floor. 2, pom. 1, room. 8-9

An cineál eintitis: Cuideachta Comhstoic

Áit chlárúcháin: Cónaidhm na Rúise

Dáta clárúcháin: 27.1.2009

Uimhir Chlárúcháin: 1097746030030

Príomháit ghnó: Cónaidhm na Rúise

Uimhir Aitheantais Chánach: 7707696113

KPP: 770701001

Suíomh gréasáin: http://niidmsk.ru/, http://niid.su/

Teileafón: + 7 343 538-04-27, + 7 968 052-92-97, + 7 499 978-13-97

Ríomhphost: dis_agree@mail.ru, info@niid.uvz.ru, sebniid@mail.ru

Is forbróir teicneolaíochtaí agus trealaimh é JSC “Scientific Research Institute of Engines” (JSC NIID) a úsáidtear chun innill agus aonaid gástuirbín aerárthaí a tháirgeadh agus a dheisiú. Is cuid í an chuideachta de PJSC “United Engine Corporation” agus soláthraíonn sí a tairgí d’aireacht cosanta na Rúise.

Dá bhrí sin, tá JSC NIID ag tacú go hábharach le coimpléasc tionsclaíoch agus míleata na Rúise agus le Rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine.

20.5.2025

556.

Joint Stock Company “Research Institute of Communication and Control Systems”

Rúisis: Акционерное общество “Научно-Исследовательский Институт Систем Связи и Управления”

ar a dtugtar freisin АО “Научно-Исследовательский Институт Систем Связи и Управления”

ar a dtugtar freisin JSC “NIISSU”

ar a dtugtar freisin AO NIISSU

ar a dtugtar freisin АО “НИИССУ”

Seoladh: 117630, Cónaidhm na Rúise, Moscó, Starokaluzhskoe shosse, 58

An cineál eintitis: Cuideachta Comhstoic

Áit chlárúcháin: Cónaidhm na Rúise

Dáta clárúcháin: 9.4.2012

Uimhir Chlárúcháin: 1127746262390

Príomháit ghnó: Cónaidhm na Rúise

Uimhir Aitheantais Chánach: 7728804257

KPP: 772801001

Suíomh gréasáin: http://www.niissu.ru

Teileafón: + 7 (495) 333-7503

Ríomhphost: niissu@niissu.ru

Is cuideachta tionscail mhíleata Rúiseach é JSC “Research Institute of Communication and Control Systems” (JSC NIISSU) agus is cuid de JSC Sozvezdie Concern é, agus dá bhrí sin is cuid de State Corporation Rostec é. Tá baint ag JSC NIISSU le trealamh míleata a fhorbairt, toisc go bhforbraíonn sé agus go soláthraíonn sé coimpléisc agus eilimintí de chórais chumarsáide dhigiteacha ar leibhéal na talún agus de chórais uathrialúcháin d’arm Chónaidhm na Rúise. Dá bhrí sin, tá JSC NIISSU ag tacú go hábharach le coimpléasc tionsclaíoch agus míleata na Rúise agus le Rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine.

20.5.2025

557.

Joint Stock Company “Novosibirsk Instrument Making Plant”

Rúisis: Акционерное общество “Новосибирский Приборостроительный Завод”

ar a dtugtar freisin АО “Новосибирский Приборостроительный Завод”

ar a dtugtar freisin JSC “Novosibirsk Instrument-Making Plant”

ar a dtugtar freisin AO NPZ

ar a dtugtar freisin JSC “Refinery”

ar a dtugtar freisin АО “НПЗ”

Seoladh: 630049, Cónaidhm na Rúise, Novosibirsk, street Dusi Kovalchuk, 179/2

An cineál eintitis: Cuideachta Comhstoic

Áit chlárúcháin: Cónaidhm na Rúise

Dáta clárúcháin: 1.2.2011

Uimhir Chlárúcháin: 1115476008889

Príomháit ghnó: Cónaidhm na Rúise

Uimhir Aitheantais Chánach: 5402534361

KPP: 540201001

Suíomh gréasáin: https://npzoptics.ru/

Teileafón: + 7(383)216-08-37, + 7(383)216-08-46, + 7(383)216-08-48, + 7(383)236-77-31, + 7(383)225-58-96, + 7(383)216-08-15

Ríomhphost: npzkanc@ponpz.ru, salesru@npzoptics.ru, sales@npzoptics.ru

Is monaróir Rúiseach mionarm agus optaic breathnóireachta é JSC “Novosibirsk Instrument Making Plant”. Is cuid de struchtúr coinneála Shvabe JSC é agus, dá bhrí sin, is cuid de State Corporation Rostec é. Soláthraíonn an chuideachta a cuid táirgí, lena n-áirítear an “treoir optúil 1P97”, d’eintitis tionscail mhíleata, a ionchorpraíonn na táirgí i dtrealamh míleata, mar shampla raidhfilí naoscaire Chukavin a úsáideann Fórsaí Armtha na Rúise ina gcogadh foghach ar an Úcráin.

Dá bhrí sin, tá JSC “Novosibirsk Instrument Making Plant” mar chuid de choimpléasc tionsclaíoch agus míleata na Rúise agus tá sé ag tacú go hábharach le Rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine. Thairis sin, tá Joint Stock Company “Novosibirsk Instrument Making Plant” ag tacú go hábharach le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin.

20.5.2025

558.

Joint Stock Company “Ryazan Radio-Plant”

Rúisis: Акционерное Общество “Рязанский Радиозавод”

ar a dtugtar freisin JSC Ryazan Radio-Plant

ar a dtugtar freisin АО “Рязанский Радиозавод”

Seoladh: 390023, Ryazan Oblast, Ryazan Lermontova Str., 11, Cónaidhm na Rúise

An cineál eintitis: Cuideachta Comhstoic Neamhphoiblí

Áit chlárúcháin: Cónaidhm na Rúise

Dáta clárúcháin: 25.10.2002

Uimhir Chlárúcháin: 1026201260447

Príomháit ghnó: Cónaidhm na Rúise

Uimhir Aitheantais Chánach: 6231006875

KPP: 623401001

Is monaróir trealaimh cumarsáide raidió é JSC Ryazan Radio-Plant a úsáideann Fórsaí Armtha na Rúise agus is táirgeoir córas é lena n-áirithítear cumarsáid chriptithe d’aonaid mhíleata. Táirgeann an gléasra trealamh chun críoch freagartha sibhialtaigh agus práinnfhreagartha freisin, arb é is aidhm dó cumais cumarsáide míleata a fheabhsú. Comhoibríonn an chuideachta leis an Aireacht Cosanta agus le gníomhaireachtaí slándála eile agus comhlíonann sí orduithe cosanta stáit. Sa chomhthéacs sin, tá JSC Ryazan Radio-Plant ag gníomhú mar sholáthróir d’fhórsaí talún na Rúise, do thrúpaí aerbheirthe agus d’aonaid cogaíochta leictreonaí, rud a rannchuidíonn go díreach le bonneagar cumarsáide oirbheartaíochta agus straitéiseach arm na Rúise. Tá trealamh cumarsáide raidió an ghléasra suiteáilte in umair agus i bhfeithiclí coisithe a úsáideann Fórsaí Armtha na Rúise i gcogadh foghach na Rúise ar an Úcráin, mar shampla raidiónna de shraith R-168, lena n-áirítear raidiónna de shraith R-168-25U-2 atá suiteáilte i bhfeithiclí coisithe BMD-4M, in umair T-72B3M agus T-80, agus i bhfeithicil cogaíochta leictreonaí Tigr-M Leer-2.

Dá bhrí sin, tá JSC Ryazan Radio-Plant mar chuid de choimpléasc tionsclaíoch agus míleata na Rúise agus thairis sin tá sé ag tacú go hábharach le Rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine. Agus trealamh cumarsáide a úsáidtear i gcogadh foghach na Rúise ar an Úcráin á sholáthar aige don arm, tá JSC Ryazan Radio-Plant ag tacú le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin.

20.5.2025

559.

Public Joint Stock Company “Instrument Plant ‘Signal’”

Rúisis: Публичное акционерное общество “Приборный Завод ‘Сигнал’”

ar a dtugtar freisin ПАО “Приборный Завод ‘Сигнал’”

ar a dtugtar freisin PJSC PZ “Signal”

ar a dtugtar freisin ПАО ПЗ “Сигнал”

Seoladh: 249038, Cónaidhm na Rúise, Kaluga region, Obninsk city, Lenin ave., 121

An cineál eintitis: Cuideachta Comhstoic Phoiblí

Áit chlárúcháin: Cónaidhm na Rúise

Dáta clárúcháin: 24.3.1993, 31.12.2002

Uimhir Chlárúcháin: 1024000947464

Príomháit ghnó: Cónaidhm na Rúise

Uimhir Aitheantais Chánach: 4025019280

KPP: 402501001

Suíomh gréasáin: https://pz-signal.ru/

Teileafón: + 7 (484) 399-35-50, + 7 (484) 399-35-88

Ríomhphost: alarm@pz-signal.ru

Is monaróir Rúiseach gléasann agus gaireas é PJSC “Instrument Plant ‘Signal’”, ionstraimí agus gairis a úsáidtear chun cainníochtaí leictreacha nó radaíocht ianúcháin a thomhas. Soláthraítear a chuid táirgí d’fhiontair thionsclaíocha agus d’institiúidí rialtais. Úsáidtear táirgí na cuideachta (lena n-áirítear coimpléisc gléasanna PKUZ-1A) i dtrealamh míleata freisin, chun gámaradaíocht agus substaintí tocsaineacha a bhrath. Chruthaigh PJSC “Instrument Plant ‘Signal’” an eagraíocht teicneolaíochta “Signal” chun borradh a chur faoin acmhainneacht thionsclaíoch agus tá tacaíocht aige ó Rialtas na Rúise leis. Dá bhrí sin, tá PJSC “Instrument Plant ‘Signal’” ag tacú go hábharach le coimpléasc tionsclaíoch agus míleata na Rúise agus le Rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine, agus baineann sé tairbhe as an méid sin.

20.5.2025

560.

Limited Liability Company “Stanko”

Rúisis: Общество с ограниченной

ответственностью “СТАНКО”

ar a dtugtar freisin LLC “Stanko”

ar a dtugtar freisin ООО “Станко”

Seoladh: 344064, g. Rostov-on-Don, st. Vavilova, 71/1, Cónaidhm na Rúise

344064, g. Rostov-on-Don, st. Vavilova, 62/1, Room 3N, Cónaidhm na Rúise

An cineál eintitis: Cuideachta faoi Dhliteanas Teoranta

Áit chlárúcháin: Cónaidhm na Rúise

Dáta clárúcháin: 8.7.2011

Uimhir Chlárúcháin: 1116165003635

Príomháit ghnó: Cónaidhm na Rúise

Uimhir Aitheantais Chánach: 6165169426

Is cuideachta Rúiseach é LLC Stanko a bhfuil baint aige leis an earnáil thionsclaíoch. Feidhmíonn sé mar an chuideachta atá mar éadan poiblí de Stanko Group of companies, ar soláthróir tábhachtach Rúiseach meaisín-uirlisí é, go háirithe do mhonaróirí Síneacha, agus seirbhísí gaolmhara do mhargadh na Rúise, lena n-úsáid ag coimpléasc tionsclaíoch agus míleata na Rúise freisin. Dá bhrí sin, tá LLC Stanko ag tacú le coimpléasc tionsclaíoch agus míleata na Rúise.

20.5.2025

561.

General Technology Group Dalian Machine Tool Co., Ltd

Sínis: 通用技术集团 大连机床有限责任公司

ar a dtugtar freisin Dalian Machine Tool Group

ar a dtugtar freisin DMTG

Seoladh: No. 97, Huaihe East Road, Dongjiagou Street, Ceantar Jinzhou, Dalian, Daon-Phoblacht na Síne

An cineál eintitis: Cuideachta faoi Dhliteanas Teoranta

Cód creidmheasa sóisialta aontaithe: 91210213MA0YKTWE4K

Is cuideachta Shíneach é General Technology Group Dalian Machine Tool Co., Ltd. a bhfuil baint aige leis an earnáil thionsclaíoch. Trí Stanko Group of companies, soláthróir tábhachtach meaisín-uirlisí agus seirbhísí gaolmhara de chuid na Rúise, díolann sé meaisín-uirlisí ar mhargadh na Rúise, lena n-áirítear lena n-úsáid ag coimpléasc tionsclaíoch agus míleata na Rúise. Dá bhrí sin, tá General Technology Group Dalian Machine Tool Co., Ltd ag tacú freisin le coimpléasc tionsclaíoch agus míleata na Rúise, lena n-áirítear trí bheith rannpháirteach i bhforbairt, táirgeadh nó soláthar teicneolaíochta míleata agus trealaimh mhíleata.

20.5.2025

562.

General Technology Group Dalian Machine Tool Import and Export Co., Ltd.

Sínis: 通用技术集团大连机床进出口有限公司

Seoladh: No. 100, Liaohe East Road, Dalian Economic and Technological Development Zone, Liaoning Province – East District 1, Daon-Phoblacht na Síne

An cineál eintitis: Cuideachta faoi Dhliteanas Teoranta

Dáta clárúcháin: 19.6.2020

Cód creidmheasa sóisialta aontaithe: 91210242MA10F83X1K

Is cuideachta Shíneach é General Technology Group Dalian Machine Tool Import and Export Co., Ltd. a bhfuil baint aige leis an earnáil thionsclaíoch. Gníomhaíonn sé mar idirghabhálaí General Technology Group Dalian Machine Tool Co., Ltd.,, a onnmhairíonn, trí Stanko Group of companies, meaisín-uirlisí ar mhargadh na Rúise, lena n-áirítear lena n-úsáid ag coimpléasc tionsclaíoch agus míleata na Rúise. Dá bhrí sin, tá General Technology Group Dalian Machine Tool Co., Import and Export Co., Ltd. ag tacú freisin le coimpléasc tionsclaíoch agus míleata na Rúise, lena n-áirítear trí bheith rannpháirteach i bhforbairt, táirgeadh nó soláthar teicneolaíochta míleata agus trealaimh mhíleata.

20.5.2025

563.

Limited Liability Company “Intervesp Company”

Rúisis: Общество с Ограниченной Ответственностью “Компания Интервесп”

ar a dtugtar freisin LLC Intervesp

ar a dtugtar freisin ООО “Компания Интервесп”

Seoladh:109390, Moscó, 6B Artyukhina Street, Room 605, Cónaidhm na Rúise

Seoladh: 111141, Moscó, 7 Plekhanova St., floor 6, Conaidhm na Rúise

An cineál eintitis: Cuideachta faoi Dhliteanas Teoranta

Áit chlárúcháin: Cónaidhm na Rúise

Dáta clárúcháin: 29.11.2017

Uimhir chlárúcháin: 5177746268530

Príomháit ghnó: Cónaidhm na Rúise

Eintitis chomhlachaithe eile: Intervesp-M LLC

Uimhir Aitheantais Chánach: 9723038796

Suíomh gréasáin: https://intervesp.ru; https://intervespco.ru/

Is cuideachta Rúiseach é LLC Intervesp Company a bhfuil baint aige leis an earnáil thionsclaíoch. Mar chuid den ghrúpa “Intervesp Company”, soláthraíonn sé meaisín-uirlisí do mhargadh na Rúise, lena n-áirítear d’eintitis atá gníomhach i gcoimpléasc tionsclaíoch agus míleata na Rúise. Dá bhrí sin, tá LLC Intervesp Company ag tacú le coimpléasc tionsclaíoch agus míleata na Rúise agus tá baint aige le Intervesp-M LLC.

20.5.2025

564.

Intervesp-M Limited Liability Company

Rúisis: Общество с Ограниченной Ответственностью “Интервесп-M”

ar a dtugtar freisin Intervesp-M LLC

Ar a dtugtar freisin OOO “Интервесп-M”

Seoladh: 111397, Moscó, Zeleny Ave, 20, Fl. 12 Room I Room 4, Cónaidhm na Rúise

An cineál eintitis: Cuideachta faoi Dhliteanas Teoranta

Áit chlárúcháin: Cónaidhm na Rúise

Dáta clárúcháin: 13.9.2016

Uimhir chlárúcháin: 1167746856738

Príomháit ghnó: Cónaidhm na Rúise

Eintitis chomhlachaithe: LLC “Intervesp Company”

Uimhir Aitheantais Chánach: 7706441909

Suíomh gréasáin: https://intervesp.ru/; https://metal-stanki.ru

Is cuideachta Rúiseach é Intervesp-M LLC a bhfuil baint aici leis an earnáil thionsclaíoch. Mar chuid den ghrúpa “Intervesp Company”, soláthraíonn sé meaisín-uirlisí do mhargadh na Rúise, lena n-áirítear d’eintitis atá gníomhach i gcoimpléasc tionsclaíoch agus míleata na Rúise. Dá bhrí sin, tá Intervesp-M LLC ag tacú le coimpléasc tionsclaíoch agus míleata na Rúise, lena n-áirítear trí bheith rannpháirteach i bhforbairt, táirgeadh nó soláthar teicneolaíochta míleata agus trealaimh mhíleata.

20.5.2025

565.

Shandong OreeLaser Technology Co., Ltd

Sínis: 山东欧锐激光科技有限公司

ar a dtugtar freisin Shandong Ou Rui Laser Technology Co., Ltd

Seoladh: Room 302, Building 45, Liancheng Cyberport Intelligent Manufacturing Industrial Park, No. 96 Chengbohu Road, Jibei Street Office, Jiyang District, Jinan City, Shandong Province, Daon-Phoblacht na Síne

No. 19-1, Industrial Park, Jiyang Street, Jiyang District, Jinan City, Shandong Province, Daon-Phoblacht na Síne

An cineál eintitis: Cuideachta faoi Dhliteanas Teoranta

Áit chlárúcháin: Daon-Phoblacht na Síne

Dáta clárúcháin: 28.6.2017

Príomháit ghnó: Daon-Phoblacht na Síne; Cónaidhm na Rúise

Cód creidmheasa sóisialta aontaithe: 91370125MA3F547335

Suíomh gréasáin: https://www.oreelaser.cn; https://oree-stanki.ru/

Is eintiteas Síneach é Shandong OreeLaser Technology Co., Ltd atá speisialaithe i monarú meaisín-uirlisí. Go háirithe trí ghrúpa Rúiseach “Intervesp Company”, soláthraíonn sé meaisín-uirlisí gearrtha léasair ar mhargadh na Rúise. Tá meaisín-uirlisí den chineál sin riachtanach do choimpléasc tionsclaíoch agus míleata na Rúise. Dá bhrí sin, tá Shandong OreeLaser Co., Ltd ag tacú le coimpléasc tionsclaíoch agus míleata na Rúise agus tá baint aige freisin le Intervesp-M LLC agus LLC Intervesp Company.

20.5.2025

566.

State Unitary Enterprise “State Grain Operator”

Rúisis: Государственное унитарное предприятие “Государственный Зерновой Оператор”

Ar a dtugtar freisin ГУП “Государственный Зерновой Оператор”

ar a dtugtar freisin SUE “SGO”

Seoladh: 272311, Zaporizhskiy Region (Zaporizhzhia Oblast faoi fhorghabháil), Melitopol, Vakulenchuka str., 99, an Úcráin

An cineál eintitis: Fiontar Aonadach Stáit

Dáta clárúcháin: 15.5.2022

Dáta corpraithe: 15.5.2022

Uimhir chlárúcháin: 1229000019346

Uimhir Aitheantais Chánach: 9001011019

Is eintiteas é State Unitary Enterprise “State Grain Operator” atá bunaithe ag na húdaráis forghabhála i réigiún Zaporizhzhia na hÚcráine atá faoi fhorghabháil neamhdhleathach. Ó 2022 i leith, tá saoráidí áitiúla talmhaíochta gráin á gcomhtháthú agus a dtáirgeadh á saothrú ag SUE “State Grain Operator”, rud a théann chun tairbhe na n-údarás forghabhála. Dá bhrí sin, tá SUE “State Grain Operator” freagrach as tacaíocht a thabhairt do ghníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht nó de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin.

20.5.2025

567.

Skywalker Technology Co. Ltd

Sínis: 武汉思凯沃克科技有限公司

ar a dtugtar freisin Wuhan Skywalker Technology Co. Ltd

Seoladh: Room 1, 3rd Floor, Workshop No. 8, Oil Temperature Controller Production, North of Huanhu Second Road, Jinghe Street, Ceantar Dongxihu, Wuhan, Daon-Phoblacht na Síne

3rd floor, Building 8, Xinghong industrial park, Huanhu Middle Road, Ceantar Dongxihu, Wuhan, Hubei, Daon-Phoblacht na Síne

An cineál eintitis: Cuideachta faoi Dhliteanas Teoranta

Áit chlárúcháin: Daon-Phoblacht na Síne

Dáta clárúcháin: 21.12.2009

Cód creidmheasa sóisialta aontaithe: 914201126983165914

Is eintiteas Síneach é Skywalker Technology Co. Ltd a tháirgeann mionsamhlacha aerárthaí. Bhí sé ar cheann de tháirgeoirí agus forbróirí aerárthach gan foireann “Gerbera”, aithris ar aerárthaí gan foireann Shahed-36 agus a táirgeadh ar deireadh i Crios Eacnamaíoch Speisialta Alabuga. Óstálann Crios Eacnamaíoch Speisialta Alabuga saoráidí monaraíochta a tháirgeann aerárthaí gan foireann a úsáideann fórsaí míleata na Rúise san Úcráin. Bhain fórsaí míleata na Rúise úsáid as aerárthaí gan foireann “Gerbera” san Úcráin, go háirithe mar dhíthreoraí aerárthaí gan foireann chun córais chosanta na hÚcráine a shárú.

Dá bhrí sin, tá Skywalker Technology Co. Ltd ag tacú le gníomhaíochtaí a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin.

20.5.2025

568.

State Unitary Enterprise of the Donetsk People’s Republic “Republican Telecommunications Operator”

Rúisis: Государственное Унитарное Предприятие Донецкой Народной Республыкы “Республыканский Оператор Связи” (“Оператор Мобильной Связи ‘Феникс’”)

ar a dtugtar freisin SUE DPR “RTO”

ar a dtugtar freisin ГУП ДНР “РОС”

Seoladh: 283004, Artema Str. 169K, Donetsk, an Úcráin

An cineál eintitis: Fiontar Aonadach Stáit

Dáta clárúcháin: 16.2.2023

Uimhir chlárúcháin: 1229300088423

Uimhir Aitheantais Chánach: 930801335

Is oibreoir teileachumarsáide é State Unitary Enterprise of the Donetsk People’s Republic “Republican Telecommunications Operator” (SUE DPR “RTO”) a oibríonn i réigiún Donetsk na hÚcráine atá faoi fhorghabháil neamhdhleathach. “Donetsk People’s Republic” (“Daon-Phoblacht Donetsk”), mar a thugtar uirthi, a bhunaigh é ar bhonn shócmhainní na cuideachta teileachumarsáide “Kyivstar”, ar cuideachta de chuid na hÚcráine é, a dhíshealbhaigh na húdaráis forghabhála go neamhdhleathach. Tá SUE DPR “RTO” á bhainistiú ag Aireacht Cumarsáide “Daon-Phoblacht Donetsk”, mar a thugtar uirthi, agus soláthraíonn sé seirbhísí teileachumarsáide, lena n-áirítear tríd an mbranda “Phoenix”.

Dá bhrí sin, tá State Unitary Enterprise of the Donetsk People’s Republic “Republican Telecommunications Operator” freagrach as gníomhaíochtaí a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin. Tá baint aige freisin le “Daon-Phoblacht Donetsk”, mar a thugtar uirthi.

20.5.2025

569.

State Museum-Preserve “Tauric Chersonese”

Rúisis: ФГБУК Государственный историко-археологический музей-заповедник “Херсонес Таврический”

Seoladh: 299045, Sevastopol, Drevnyaya street 1, an Chrimé, an Úcráin

An cineál eintitis: Músaem

Áit chlárúcháin: an Chrimé, an Úcráin

Uimhir chlárúcháin: 1149204071675

Uimhir Aitheantais Chánach: 9201502053

Rphost: info@chersonesos-sev.ru

Teileafón: + 7 (8692) 455-007

Suíomh gréasáin: https://chersonesos-sev.ru/

Is músaem in Sevastopol é State Museum-Preserve “Tauric Chersonese” (Músaem Caomhnaithe Stáit “Tauric Chersonese”). Ó rinneadh ionghabháil ar an gCrimé, tá an músaem tar éis an bonn a bhaint go gníomhach d’oidhreacht chultúrtha na hÚcráine trí insintí ar son na Rúise maidir le tábhacht chultúrtha na ndéantán agus na suíomhanna tochailte a riarann sé a chur chun cinn. Tar éis ionradh iomlán na Rúise ar an Úcráin, bhain an músaem úsáid as an t-ardán atá aige chun an t-ionradh agus na gníomhaithe a bhí ina bhun a chur chun cinn, lena n-áirítear seachadtaí soláthairtí a eagrú chuig na línte tosaigh. Dá bhrí sin, tá Músaem Caomhnaithe Stáit “Tauric Chersonese” freagrach as gníomhaíochtaí nó beartais lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, nó de chobhsaíocht nó shlándáil san Úcráin, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí nó na beartais sin ar an méid sin.

20.5.2025

570.

Poly Technologies INC

Sínis: 保利科技有限公司

ar a dtugtar freisin Poly Science and Technology Corporation

Seoladh: 27th Floor, Xinbaoli Building, No. 1 Chaoyangmen North Street, Dongcheng District, Béising, Daon-Phoblacht na Síne

Dáta clárúcháin: 28.12.1983

Uimhir chlárúcháin: 100000000001523

Príomhionad gnó: Daon-Phoblacht na Síne

Cód creidmheasa sóisialta aontaithe: 91110000100001529B

Is eintiteas Síneach é Poly Technologies INC atá ag soláthar comhpháirteanna le haghaidh héileacaptair mhíleata do chuideachtaí Rúiseacha atá mar chuid de choimpléasc tionsclaíoch agus míleata na Rúise. Dá bhrí sin, tá Poly Technologies INC ag tacú freisin le coimpléasc tionsclaíoch agus míleata na Rúise, lena n-áirítear trí bheith rannpháirteach i bhforbairt, táirgeadh nó soláthar teicneolaíochta míleata agus trealaimh mhíleata.

20.5.2025

571.

Limited Liability Company “Aerofregat”

Rúisis: Общество с ограниченной ответственностью “Аэрофрегат”

ar a dtugtar freisin LLC “Aerofregat”

Seoladh: 630001, Novosibirsk region, urban district, city of Novosibirsk, Sukharnaya street, bldg. 35A, office 3, Cónaidhm na Rúise

An cineál eintitis: Cuideachta faoi Dhliteanas Teoranta

Áit chlárúcháin: Cónaidhm na Rúise

Dáta clárúcháin: 27.2.2024

Uimhir chlárúcháin: 1245400007346

Príomháit ghnó: Cónaidhm na Rúise

Tá LLC Aerofregat gníomhach i gcoimpléasc tionsclaíoch agus míleata na Rúise, eadhon i bhforbairt agus táirgeadh aerárthaí gan foireann. Ó 2024 i leith, d’fhorbair an chuideachta dhá shamhail shonracha aerárthaí gan foireann, ar a dtugtar “Kasatka” agus “Tribunal”, a bhfuil feidhmeanna míleata ag an dá cheann acu agus a úsáideadh i gcogadh foghach na Rúise ar an Úcráin.

Dá bhrí sin, tá LLC Aerofregat freagrach as tacaíocht a thabhairt do ghníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin.

20.5.2025

572.

Joint Stock Company Stratim

Rúisis: Акционерное Общество “Стратим”

ar a dtugtar freisin JSC Stratim

Seoladh: Pr-kt Federativnyi, D. 5, Korp. 1, Pomeshch. 1/1, 111399 Moscó, Cónaidhm na Rúise

An cineál eintitis: Cuideachta Comhstoic

Áit chlárúcháin: Cónaidhm na Rúise

Dáta clárúcháin: 3.7.2023

Uimhir chlárúcháin: 1237700447324

Príomháit ghnó: Cónaidhm na Rúise

Uimhir Aitheantais Chánach: 7726030449

Is cuideachta Rúiseach é JSC Stratim a d’fhorbair agus a tháirg aerárthaí gan foireann a úsáideann fórsaí míleata na Rúise san Úcráin. Dá bhrí sin, tá JSC Stratim freagrach as tacaíocht a thabhairt do ghníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin. Tá an chuideachta mar chuid freisin de choimpléasc tionsclaíoch agus míleata na Rúise, lena n-áirítear trí bheith rannpháirteach i bhforbairt, táirgeadh nó soláthar teicneolaíochta míleata agus trealaimh mhíleata.

20.5.2025

573.

Mile Hao Xiang Technology Co., Ltd

Sínis:

弥勒浩翔科技有限公司

ar a dtugtar freisin Maitreya Haoxiang Technology Co., Ltd

Seoladh: Miyang Industrial Zone, Maitreya Industrial Park, Maitreya, Honghe Prefecture, Yunnan 652399, Daon-Phoblacht na Síne

An cineál eintitis: Cuideachta faoi Dhliteanas Teoranta

Áit chlárúcháin: Daon-Phoblacht na Síne

Dáta clárúcháin: 25.12.2007

Príomháit ghnó: Daon-Phoblacht na Síne

Cód creidmheasa sóisialta aontaithe: 91532526670858444Q

Is eintiteas Síneach é Mile Hao Xiang Technology Co., Ltd a chuireann comhpháirteanna míleata ladrann ar fáil do thionscail mhíleata agus chosanta na Rúise, lena n-áirítear lena n-úsáid san Úcráin. Dá bhrí sin, tá Mile Hao Xiang Technology Co., Ltd ag tacú le gníomhaíochtaí a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin. Tá an chuideachta mar chuid freisin de choimpléasc tionsclaíoch agus míleata na Rúise, lena n-áirítear trí bheith rannpháirteach i bhforbairt, táirgeadh nó soláthar teicneolaíochta míleata agus trealaimh mhíleata.

20.5.2025

574.

Limited Liability Company Unmanned Systems

Rúisis: Общество с Ограниченной Ответственностью “Беспилотные Системы”

ar a dtugtar freisin ООО “Беспилотные Системы”

ar a dtugtar freisin LLC Company Unmanned Systems

Seoladh: 426011, Udmurt Republic, Izhevsk, str. 10 Let Oktyabrya, 24, flat 62, Cónaidhm na Rúise

An cineál eintitis: Cuideachta faoi Dhliteanas Teoranta

Áit chlárúcháin: Cónaidhm na Rúise

Dáta clárúcháin: 3.11.2005

Uimhir chlárúcháin: 1121831007759

Príomháit ghnó: Cónaidhm na Rúise

Uimhir Aitheantais Chánach: 1831156383

Is cuideachta Rúiseach é LLC Unmanned Systems. Mar chuid den ghrúpa cuideachtaí “Unmanned Systems”, bhí baint aige le haerfheithiclí gan foireann a úsáidtear ar láthair an chatha san Úcráin a sholáthar d’Fhórsaí Armtha na Rúise. Dá bhrí sin, tá LLC Unmanned Systems freagrach as tacaíocht a thabhairt do ghníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin. Tá an chuideachta mar chuid de choimpléasc tionsclaíoch agus míleata na Rúise freisin.

20.5.2025

575.

Eiger Shipping DMCC

Araibis: إيجر شيبينغ م.د.م.س

Seoladh: Uptown Tower, Dubai, PO Box 48800, Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha

An cineál eintitis: Cuideachta Shaorchreasa

Áit chlárúcháin: Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha

Dáta clárúcháin: 17.6.2022

Uimhir chlárúcháin: DMCC-850120

Is cuideachta é Eiger Shipping DMCC atá lonnaithe in Dubai agus a bhfuil naisc láidre aige le tionscal fuinnimh na Rúise. Chumasaigh Eiger Shipping DMCC soláthar roinnt soithí atá mar chuid den “scáthchabhlach”, mar a thugtar air. Tá na soithí sin tar éis ola a iompar ón Rúis agus iad ag múchadh nó ag ionramháil a dtrasfhreagróirí AIS, agus gan árachas dliteanais leordhóthanach ná slándáil airgeadais eile a bheith acu, agus oibríochtaí muirí neamhshábháilte á ndéanamh acu. Dá bhrí sin, is eintiteas é Eiger Shipping DMCC atá i bhfeighil ar shoithí a iompraíonn amhola nó táirgí peitriliam, ar de thionscnamh na Rúise nó a onnmhairítear ón Rúis iad agus cleachtais loingseoireachta neamhrialta ardriosca a dhéanamh acu mar a leagtar amach i rún A.1192(33) ó Chomhthionól Ginearálta na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta a rialaíonn, a bhainistíonn nó a oibríonn na soithí sin, nó a sholáthraíonn tacaíocht ábhartha, theicniúil nó airgeadais ar bhealach eile d’oibríochtaí na soithí sin.

20.5.2025

576.

Limited Liability Company “Center for Integrated Unmanned Solutions”

Rúisis: Общество с Ограниченной Ответственностью “Центр Комплексных Беспилотных Решений”

ar a dtugtar freisin Complex Unmanned Solutions Center Ltd

ar a dtugtar freisin USC LTD

ar a dtugtar freisin ООО “ЦКБР”

Seoladh: 24/1 Luch Str., 2nd floor, app. 112, Zhukovsky, Moscow Oblast, Cónaidhm na Rúise

An cineál eintitis: Cuideachta faoi Dhliteanas Teoranta

Áit chlárúcháin: Cónaidhm na Rúise

Dáta clárúcháin: 20.1.2022

Uimhir chlárúcháin: 1225000003458

Príomháit ghnó: Cónaidhm na Rúise

Uimhir Aitheantais Chánach: 5040176793

Is cuideachta é LLC “Center for Integrated Unmanned Solutions” atá lonnaithe in Zhukovsky i Réigiún Mhoscó agus atá mar chuid de choimpléasc tionsclaíoch agus míleata na Rúise. Bíonn LLC “Center for Integrated Unmanned Solutions” ag plé le timthriall iomlán na gcóras radhairc céadphearsan le haghaidh úsáid chomhraic, ó oiliúint a chur ar phearsanra maidir le píolótú agus úsáid éifeachtach go táirgeadh feistí deiridh agus trealaimh talún. Forbraíonn agus táirgeann LLC “Center for Integrated Unmanned Solutions” aerárthaí gan foireann a chuirtear ar fáil d’Fhórsaí Armtha na Rúise agus a úsáidtear i gcogadh foghach na Rúise ar an Úcráin.

Dá bhrí sin, tá LLC “Center for Integrated Unmanned Solutions” ag tacú go hábharach le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht nó de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin. Tá an chuideachta mar chuid freisin de choimpléasc tionsclaíoch agus míleata na Rúise, lena n-áirítear trí bheith rannpháirteach i bhforbairt, táirgeadh nó soláthar teicneolaíochta míleata agus trealaimh mhíleata.

20.5.2025

577.

Joint Stock Company “Gléasra Optúil agus Meicniúil Zagorsk”

Rúisis: Aкционерное общество “Загорский Оптико-Механический Завод”

ar a dtugtar freisin АО “Загорский Оптико-Механический Завод”

ar a dtugtar freisin JSC “ZOMZ”

ar a dtugtar freisin JSC “ZOMP”

ar a dtugtar freisin АО “ЗОМЗ”

Seoladh: 141310, Cónaidhm na Rúise, Sergiev Posad, Moscow Region, Red Army Ave., 212V, building 5, room 212

An cineál eintitis: Cuideachta Comhstoic

Áit chlárúcháin: Cónaidhm na Rúise

Dáta clárúcháin: 15.9.1992

Uimhir chlárúcháin: 1025005326202

Príomháit ghnó: Cónaidhm na Rúise

Dáta corpraithe: 16.10.2002

Uimhir aitheantais chánach: 5042010793

KPP: 504201001

Suíomh gréasáin: http://zomz.ru

Teileafón: + 7 (495) 540-62-45, + 7 (495)728-77-98

Ríomhphost: info@zomz.ru

Is eintiteas tionscail mhíleata de chuid na Rúise é JSC “Zagorsk Optical and Mechanical Plant” (JSC ZOMZ). Monaraíonn JSC ZOMZ gairis optúla, lena n-áirítear déshúiligh agus gairis iomháthaithe theirmigh, agus comhpháirteanna le haghaidh táirgí míleata. Tá JSC ZOMZ mar chuid d’eintiteas tionscail mhíleata JSC “Shvabe” atá faoi úinéireacht an Stáit, ar cuid de State Corporation Rostec é, agus soláthraíonn sé táirgí a úsáidtear i dtrealamh míleata na Rúise. Dá bhrí sin, tá JSC ZOMZ ag tacú le coimpléasc tionsclaíoch agus le míleata na Rúise agus Rialtas Chónaidhm na Rúise, rialtas atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine.

20.5.2025

578.

Design Bureau “Mikrob”

Rúisis: Конструкторское бюро “Микроб”

ar a dtugtar freisin KB “Mikrob”

Seoladh: Novosibirsk Academic Town (Novosibirsk Akademgorodok), Cónaidhm na Rúise

Is eintiteas Rúiseach é Design Bureau Mikrob a tháirgeann aerárthaí gan foireann radhairc céadphearsan d’arm na Rúise. In 2024, d’fhógair an chuideachta pleananna chun 3 000 aerárthach gan foireann atá feistithe le huathphíolóta intleachta saorga a sheachadadh chuig an líne tosaigh san Úcráin. I mí Lúnasa 2024, d’éirigh le hoibreoirí ó 35th Motorised Rifle Guards Aleyskaya Brigade of the 41st Armyrm an Microb-10 UAV a imscaradh go rathúil i gcoinne tanc Úcránach. Sheol saoránaigh de Novosibirsk, atá mar chuid den eagraíocht All-Russia People’s Front, 40 aerárthach comhraic radhairc céadphearsan chuig trúpaí na Rúise a raibh baint acu le cogadh foghach na Rúise ar an Úcráin.

Dá bhrí sin, tá Design Bureau Mikrob ag tacú go hábharach le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin. Ina theannta sin, tá an chuideachta ag tacú go hábharach le Rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine, agus baineann sé tairbhe as an méid sin.

20.5.2025

579.

Insurance Joint Stock Company “VSK”

Rúisis: Страховое акционерное общество “ВСК”

ar a dtugtar freisin JSC “VSK”

Seoladh: Cónaidhm na Rúise, 4 Sráid Ostrovnaya, 121552 Moscó

An cineál eintitis: Cuideachta Comhstoic Árachais

Dáta clárúcháin: 11.2.1992

Uimhir chlárúcháin: 1027700186062

Uimhir Aitheantais Chánach: 7710026574

KPP: 773101001

Suíomh gréasáin: www.vsk.ru

Is cuideachta Rúiseach é Insurance Joint Stock Company “VSK” (JSC VSK) a sholáthraíonn árachas d’earnáil fuinnimh na Rúise, agus a thairgeann raon leathan seirbhísí árachais agus airgeadais d’eintitis laistigh den earnáil sin. Go háirithe, cuireann JSC VSK oibreoirí lóistíochta na Rúise faoi árachas, lena n-áirítear soithí iompair, chun onnmhairiú ola na Rúise a éascú, ar príomhcholún ioncaim é do bhuiséad náisiúnta Chónaidhm na Rúise. Ina theannta sin, is príomhchonraitheoir de chuid Rialtas na Rúise é JSC VSK, a thacaíonn leis trí sheirbhísí árachais a sholáthar do phearsanra míleata agus slándála na Rúise agus do shaoráidí straitéiseacha móra, ar nós aerárthaí ar le hAireacht Cosanta na Rúise iad.

Thairis sin, soláthraíonn JSC VSK seirbhísí árachais do chuideachta bhonneagair Rúiseach atá faoi úinéireacht stáit sa Chrimé atá faoi fhorghabháil agus do sheirbhísí lóistíochta na Rúise san Úcráin atá faoi fhorghabháil na Rúise i gcomhar le hAireacht Iompair na Rúise. Dá bhrí sin, tá JSC VSK ag tacú le rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine.

20.5.2025

580.

Public Joint Stock Company Surgutneftegaz

Rúisis: Публичное Акционерное

Общество “Сургутнефтегаз”

ar a dtugtar freisin PJSC “Surgutneftegaz”

ar a dtugtar freisin ПАО “Сургутнефтегаз”

Seoladh: 628415, Khanti-Mansiysk Autonomous Region, Yugra, ulitsa Grigoiya Kukuyevitskogo d. 1 k. 1, Cónaidhm na Rúise

An cineál eintitis: Cuideachta Comhstoic Phoiblí

Dáta clárúcháin: 18.9.2002

Uimhir chlárúcháin: 1028600584540

Príomháit ghnó: Cónaidhm na Rúise

Uimhir Aitheantais Chánach: 8602060555

Is cuideachta é PJSC Surgutneftegaz atá gníomhach in earnáil fuinnimh na Rúise. Déanann an chuideachta sirtheoireacht agus taiscéalaíocht ar hidreacarbóin agus déanann sé iad a tháirgeadh i dtrí chúige ola agus gáis Rúiseacha, eadhon an tSibéir Thiar, an tSibéir Thoir agus Timan-Pechora. Soláthraíonn an earnáil fuinnimh, go háirithe an earnáil ola agus gáis, ioncam suntasach do Rialtas Chónaidhm na Rúise. Dá bhrí sin, tá PJSC Surgutneftegaz rannpháirteach in earnáil eacnamaíoch ar foinse shuntasach ioncaim do Rialtas Chónaidhm na Rúise í, an rialtas atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus díchobhsú na hÚcráine.

20.5.2025

581.

Limited Liability Company “Finko”

Rúisis: ООО “Финко”

Seoladh: 426011, Udmurt Republic, Izhevsk, St. 10 Years of October, 24, flat 62, Cónaidhm na Rúise

An cineál eintitis: Cuideachta faoi Dhliteanas Teoranta

Dáta clárúcháin: 10.12.2010

Uimhir chlárúcháin: 1101831006144

Uimhir Aitheantais Chánach: 1831144571

Is monaróir aerárthaí gan foireann Supercam é LLC Finko. Cuireann sé aerárthaí gan foireann ar fáil do Rialtas Chónaidhm na Rúise. Go háirithe, úsáideann fórsaí míleata na Rúise a aerárthaí gan foireann “S350 Supercam” le haghaidh faireachán aeir, grianghrafadóireachta agus scanadh léasair i gcogadh foghach na Rúise ar an Úcráin.

Dá bhrí sin, tá LLC Finko ag tacú go hábharach le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin. Thairis sin, tá sé ag tacú go hábharach le Rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine.

20.5.2025

582.

Autonomous non-profit Organisation “Scientific and Production Center for Testing and Competence in the Field of Development of Unmanned Aircraft Systems and Means of Protection Against their Illegal Use ‘Ushkuynik’”

Rúisis: Автономная Некоммерческая организация “Научно-Производственный Центр Испытаний и Компетенций в Сфере Развития Беспилотных Авиационных Систем и Средств Защиты От Их Противоправного Применения ‘Ушкуйник’”

ar a dtugtar freisin Scientific-Research Centre “Ushkuynik”

ar a dtugtar freisin АНО “НПЦ ‘Ушкуйник’”

Seoladh: 173003, Veliky Novgorod, Lazarevskaya 11, Cónaidhm na Rúise

Uimhir chlárúcháin: 1235300003685

Uimhir Aitheantais Chánach: 5300010714

Ríomhphost: ushkuynick53@yandex.ru

Suíomh gréasáin: https://nvgushkuynik.ru/

Is cuideachta é Scientific-Research Centre “Ushkuynik” a tháirgeann aerárthaí gan foireann a théann chun tairbhe d’fhorsaí míleata na Rúise. Is é a phríomhtháirge an t-aerárthach gan foireann darb ainm “Kniaz Vandal Novgorodskiy” (KVN), a úsáideann an Rúis ina cogadh foghach ar an Úcráin. Tá cead ag an gcuideachta freisin ó Rialtas na Rúise iarrachtaí innealtóirí aerárthaí gan foireann agus cuideachtaí tógála a aontú agus a chomhordú chun cineálacha aerárthaí gan foireann a chruthú agus a thástáil in Veliky Novgorod.

Dá bhrí sin, tá Scientific-Research Centre “Ushkuynik” ag tacú go hábharach le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin. Thairis sin, tá sé ag tacú go hábharach le Rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine.

20.5.2025

583.

Limited Liability Company “Moscow Arms Company”)

Rúisis: Общество с Ограниченной Ответственностью “Московская Оружейная Компания”

ar a dtugtar freisin LLC “Moscow Arms Company”

ar a dtugtar freisin OOO “Московская Оружейная Компания”

ar a dtugtar freisin BespokeGun

Seoladh: 141009, Moscow region, Mytishchi urban district, Mytishchi city, Novoslobodskaya street, building 1, Cónaidhm na Rúise

Dáta clárúcháin: 22.10.2014

Uimhir chlárúcháin: 1145012005335

Príomháit ghnó: Cónaidhm na Rúise

Uimhir Aitheantais Chánach: 5012086643

OKPO: 34893133

Déanann LLC “Moscow Arms Company” (ainm branda “BespokeGun”) airm a dhearadh agus a mhonarú, go háirithe raidhfilí naoscaire de shraith Raptor Tactical agus Specter, d’Fhórsaí Armtha Chónaidhm na Rúise. Ó 2022 i leith, baineann naoscairí Fhórsaí Armtha na Rúise úsáid as raidhfilí naoscaire den tsraith Raptor i gcogadh foghach na Rúise ar an Úcráin. Cuireann LLC “Moscow Arms Company” feabhas ar dhearadh a raidhfilí monaraithe i gcomhar le Fórsaí Armtha na Rúise agus le hOllscoil Fhórsaí Speisialta na Rúise (Gudermes). Baineann naoscairí Rúiseacha úsáid gníomhach as raidhfilí a tháirgeann LLC “Moscow Arms Company” ag an túslíne. Cuireadh ar a laghad 350 coimpléasc raidhfil naoscaire arna monarú ag LLC “Moscow Arms Company” ar fáil d’Fhórsaí Armtha na Rúise.

Dá bhrí sin, tá LLC “Moscow Arms Company” ag tacú go hábharach le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin.

20.5.2025

584.

Limited Liability Company “Scientific And Production Association Rustecdrone”

Rúisis: Общество с ограниченной ответственностью “Научно-Производственное Объединение Рустехдрон”

ar a dtugtar freisin LLC NPO Rustecdrone

ar a dtugtar freisin OOO “НПО Рустехдрон”

Seoladh: 111675, Moscó, vn.ter.g. Municipal District

Kosino-Ukhtomsky, Pekhorskaya str. 1/3, p. 4, Cónaidhm na Rúise

An cineál eintitis: Cuideachta faoi Dhliteanas Teoranta

Uimhir chlárúcháin: 1235000022179

Uimhir Aitheantais Chánach: 5003155499

Teileafón: + 7 (963) 664-65-89

Ríomhphost: info@rustecdrone.ru; mo@rustecdrone.ru

Suíomh gréasáin: https://rustecdrone.ru/

Tá LLC “Scientific And Production Association Rustecdrone” (NPO Rustecdrone) ar cheann de mhórfhorbróirí agus príomhtháirgeoirí na gcóras aerárthaí gan foireann sa Rúis, agus soláthraíonn sé córais aerárthaí gan foireann d’Aireacht Cosanta na Rúise. Úsáideann arm na Rúise a aerárthaí gan foireann, eadhon an RTD-4M agus na aerárthaí gan foireann Inferno, i gcogadh foghach na Rúise ar an Úcráin.

Dá bhrí sin, tá NPO Rustecdrone ag tacú go hábharach le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin. Thairis sin, tá sé ag tacú go hábharach le Rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine.

20.5.2025

585.

Joint-Stock Company “V.V. Bakhirev State Scientific Research Institute Of Mechanical Engineering”

Rúisis: Акционерное Общество “Государственный Научно-Исследовательский Институт Машиностроения Имени В.В. Бахирева”

ar a dtugtar freisin State Scientific Research Institute of Machine Building Bakhirev

ar a dtugtar freisin JSC “GosNIImash”

ar a dtugtar freisin JSC NIMI Named After V.V. Bahirev

Seoladh: 125212, Cónaidhm na Rúise, Moscó, Leningradskoye Shosse, 58;

606002, Cónaidhm na Rúise, Nizhny Novgorod region, Dzerzhinsk, Sverdlova ave., 11, k.a

An cineál eintitis: Cuideachta Comhstoic

Áit chlárúcháin: Cónaidhm na Rúise

Dáta clárúcháin: 11.12.2012

Uimhir chlárúcháin: 1127747236341

Uimhir Aitheantais Chánach: 7743873015

KPP: 774301001

Suíomh gréasáin: http://www.gosniimash.ru/

Teileafón: + 7 (8313) 36-70-00, + 7 (831) 324-90-00

Ríomhphost: niimash@mts-nn.ru

Is cuideachta thionsclaíoch mhíleata Rúiseach é JSC “V.V. Bakhirev State Scientific Research Institute Of Mechanical Engineering” (JSC GosNIImash). Forbraíonn agus monaraíonn JSC GosNIImash teicneolaíochtaí agus uirlisí éagsúla, chomh maith le soic phléascáin, agus is cuid é de JSC Tactical Missiles Corporation. Dá bhrí sin, tá GosNIImash ag tacú go hábharach le coimpléasc tionsclaíoch agus míleata na Rúise, lena n-áirítear trí bheith rannpháirteach i dteicneolaíocht mhíleata agus trealamh míleata a fhorbairt.

20.5.2025

586.

Moonlight Ship management L.L.C – FZ

Araibis: مونلايت لادارة السفن ش.ذ.م.م-منطقة

ar a dtugtar freisin Avebury Ship management L.L.C – FZ

ar a dtugtar freisin افيبوري شيبمانجمينت ش.ذ.م.م-منطقة حرة

Seoladh: Business Center 1, M Floor, The Meydan Hotel, Nad Al Sheba, Dubai, Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha

An cineál eintitis: Cuideachta faoi Dhliteanas Teoranta

Áit chlárúcháin: Dubai, Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha

Uimhir sa chlár eacnamaíoch: 12415926

Uimhir cheadúnais áitiúil: 2420576.01

Uimhir IMO: 0011359

Is cuideachta loingseoireachta atá lonnaithe in Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha é Moonlight Ship management L.L.C – FZ, ar a dtugtaí Avebury Ship Management L.L.C – FZ roimhe seo, a bhainistíonn tancaeir a iompraíonn amhola na Rúise, lena n-áirítear chun críoch onnmhairithe.

Tá tancaeir éagsúla atá á mbainistiú ag Moonlight Ship management L.L.C –FZ mar chuid den “scáthchabhlach”, mar a thugtar air, agus tá baint acu le cleachtais loingseoireachta ardriosca, mar shampla bearta a dhéanamh d’aon ghnó chun brath long a sheachaint trína dtrasfhreagróirí AIS a ionramháil agus gan árachas dliteanais leordhóthanach a choinneáil, agus amhola mhuiriompartha Rúiseach á hiompar ag an am céanna. Go háirithe, bainistíonn sé tancaeir a bhí á mbainistiú ag grúpa Sovcomflot roimhe seo, ar nós na soithí Vega (IMO 9316127) agus Capella (IMO 9341079) agus Atlas (9413573) roimhe sin.

Dá bhrí sin, tá Moonlight Ship management L.L.C – FZ i bhfeighil ar shoithí a iompraíonn amhola nó táirgí peitriliam, ar de thionscnamh na Rúise nó a onnmhairítear ón Rúis iad, agus bainistíonn sé na soithí sin, agus cleachtais loingseoireachta neamhrialta ardriosca á ndéanamh acu mar a leagtar amach i rún A.1192(33) ó Chomhthionól Ginearálta na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta.

20.5.2025

587.

Joint Stock Company “Research and Production Enterprise ‘Polet’”

Rúisis: Акционерное Общество “Научно-Производственное Предприятие ‘Полет’”

ar a dtugtar freisin AO “NPP ‘Polet’”

ar a dtugtar freisin JSC Research and Production Enterprise “Polet”

Seoladh: Nizhny Novgorod, pl Komsomolskaya d 1, Cónaidhm na Rúise

An cineál eintitis: Cuideachta Comhstoic

Áit chlárúcháin: Cónaidhm na Rúise

Dáta clárúcháin: 29.12.2011

Uimhir chlárúcháin: 1115258007688

Uimhir Aitheantais Chánach: 5258100129

KPP: 525801001

Tá JSC Research and Production Enterprise “Polet” ar cheann de na príomhfhorbróirí agus na príomhmhonaróirí trealaimh cumarsáide raidió eitlíochta le haghaidh comhlachtaí míleata. D’fhorbair sé uirlisí cumarsáide digití a mhéadaíonn an chosaint ar chur isteach agus a mhéadaíonn faisnéis maidir le cumarsáid córais ar bord. Thairis sin, monaraíonn an chuideachta RITM-POLYOT, gléas spreagtha bithrithim le haghaidh téarnaimh, a mbaineann fórsaí míleata na Rúise úsáid ghníomhach as, lena n-áirítear i gcogadh foghach na Rúise ar an Úcráin. Soláthraíonn an chuideachta a cuid táirgí do Stát na Rúise, lena n-áirítear an Aireacht Tionscail agus Trádála agus an Aireacht Cosanta.

Dá bhrí sin, tá JSC Research and Production Enterprise “Polet” ag tacú le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin.

20.5.2025

588.

Joint Stock Company “Experimental Design Bureau ‘Crystal’”

Rúisis: Акционерное Общество “Опытное Конструкторское бюро ‘Кристалл’”

ar a dtugtar freisin JSC Experimental Design Bureau “Crystal”

ar a dtugtar freisin JSC “OKTB ‘Kristall’”

ar a dtugtar freisin АО “ОКТБ Кристалл”

Seoladh: Moscó, Entuziastov Ave., 15, Room 67, Cónaidhm na Rúise

An cineál eintitis: Cuideachta Comhstoic

Áit chlárúcháin: Cónaidhm na Rúise

Dáta clárúcháin: 24.9.2002

Uimhir Chlárúcháin: 1027739249009

Uimhir Cánach Aonair: 5258100129

KPP: 525801001

Is cuideachta tionscail mhíleata é JSC “Experimental Design Bureau ‘Crystal’”. Monaraíonn sé comhpháirteanna mótarfheithiclí agus aerárthaí (lena n-áirítear caidéil bhreosla le haghaidh córais breosla aerárthaí, córais rialaithe innill uathoibríocha, agus tiomántáin ailtéarnóra), lena n-áirítear le haghaidh córais aerárthaí a úsáideann fórsaí míleata na Rúise ina chogadh foghach ar an Úcráin, comhpháirteanna d’aerárthaí Su agus MiG, mar shampla.

Dá bhrí sin, tá JSC “Experimental Design Bureau ‘Crystal’” ag tacú go hábharach le Rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine agus, thairis sin, tá sé ag tacú go hábharach le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin.

20.5.2025

589.

Open Joint Stock Company “Special Design Bureau of Instrument Engineering and Automation”

Rúisis: Открытое Акционерное общество “Специальное конструкторское бюро приборостроения и автоматики”

ar a dtugtar freisin OJSC “SKB PA”

ar a dtugtar freisin OJSC “Special Design Bureau of Instrument Engineering and Automation”

ar a dtugtar freisin OАО “СКБ ПА”

Seoladh: 55 Krupskoi Street, 601903 Kovrov, Cónaidhm na Rúise

An cineál eintitis: Cuideachta Comhstoic Oscailte

Áit chlárúcháin: Cónaidhm na Rúise

Dáta clárúcháin: 3.3.1995

Uimhir chlárúcháin: 1023301951045

Príomháit ghnó: Cónaidhm na Rúise

Uimhir Aitheantais Chánach: 3305016642

Is cuideachta é OJSC Special Design Bureau of Instrument Engineering and Automation (OJSC “SKB PA”) atá mar chuid de choimpléasc míleata agus tionsclaíoch na Rúise, atá speisialaithe i bhforbairt agus cruthú córas leictrihiodrálach, leictrimheicniúil, loingseoireachta agus rialuithe le haghaidh trealamh soghluaiste sibhialta agus sainchuspóireach. Tá ceadúnais ag OJSC “SKB PA” chun rúin stáit a láimhseáil agus trealamh míleata a fhorbairt.

Oibríonn OJSC “SKB PA” i gcomhar le KEMZ JSC chun ard-theicneolaíochtaí míleata a fhorbairt agus a tháirgeadh. Áirítear ar teicneolaíochtaí den sórt sin córais róbatacha mhóibíleacha mar shampla “Vezdekhod TM3”, “Vezdekhod TM5” agus “Varan”, a cheaptar chun cabhrú le fórsaí speisialta míleata.

Mar chuid de “NPO High-Precision Systems” faoi State Corporation Rostec, chuir OJSC “SKB PA” a nuálaíochtaí i láthair ag an bhfóram “Army-2024”, a fheidhmíonn mar ardán chun conarthaí a dhéanamh idir cuideachtaí san earnáil mhíleata-chosanta agus ionadaithe rialtais.

Trína chuid táirgí a sholáthar d’fhórsaí míleata na Rúise san Úcráin, tacaíonn OJSC “SKB PA” le cogadh foghach na Rúise ar an Úcráin, glacann sé páirt in orduithe cosanta stáit agus bíonn sé ag gabháil do thaighde agus forbairt. Anuas air sin, fuair OJSC “SKB PA” gradaim stáit as ucht an rannchuidiú a thug sé don teicneolaíocht mhíleata.

Dá bhrí sin, tá OJSC “SKB PA” ag tacú le Rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine, agus baineann sé tairbhe as an méid sin.

20.5.2025

590.

Joint Stock Company “61st Armored Vehicle Repair Plant”

Rúisis: Акционерное общество “61 Бронетанковый ремонтный завод”

ar a dtugtar freisin JSC “61st Armored Vehicle Repair Plant”

ar a dtugtar freisin JSC “61 Аrmored repair plant”

ar a dtugtar freisin АО “61 Бронетанковый ремонтный завод”

ar a dtugtar freisin АО “61 БТРЗ”

Seoladh: 198515, Cathair Pheadair, Strelna, 11 Zavodskaya dor., Cónaidhm na Rúise

An cineál eintitis: Cuideachta Comhstoic

Áit chlárúcháin: Cónaidhm na Rúise

Dáta clárúcháin: 6.5.2009

Uimhir chlárúcháin: 1097847131678

Uimhir Aitheantais Chánach: 7819310752

KPP: 781901001

Suíomh gréasáin: 61btrz.ru

Rphost: 61baza@mail.ru

Eintitis chomhlachaithe: JSC “Research and Production Corporation ‘Uralvagonzavod’”

Is cuideachta tionscail mhíleata de chuid na Rúise é JSC “61st Armored Vehicle Repair Plant” atá speisialaithe i dtáirgeadh feithiclí míleata comhraic agus i ndeisiú agus cothabháil tancanna (lena n-áirítear tancanna T-80) a úsáidtear i gcogadh foghach na Rúise ar an Úcráin. Dá bhrí sin, tá JSC “61st Armored Vehicle Repair Plant” ag tacú le rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine.

Ina theannta sin, tá JSC “61st Armored Vehicle Repair Plant” á bhainistiú ag JSC “Research and Production Corporation ‘Uralvagonzavod’” agus, dá bhrí sin, tá baint aige leis.

20.5.2025

591.

Open Joint Stock Company “Biysk Production Association ‘Sibpribormash’”

Rúisis: Открытое акционерное общество “Бийское производственное объединение ‘Сибприбормаш’”

ar a dtugtar freisin OJSC BPO SIBPRIBORMASH

ar a dtugtar freisin OAO “Бийское производственное объединение ‘Сибприбормаш’”

Seoladh: 659300, Altai Territory, Biysk, Biysk, Eduard Geidek Street, building. 3, room. H-1, Cónaidhm na Rúise

An cineál eintitis: Cuideachta Comhstoic Oscailte

Áit chlárúcháin: Cónaidhm na Rúise

Dáta clárúcháin: 1.11.2011

Uimhir chlárúcháin: 1112204004769

Uimhir Aitheantais Chánach: 2204056679

KPP: 220401001

Is cuideachta thionsclaíoch mhíleata é OJSC “Biysk Production Association ‘Sibpribormash’” (OJSC BPO SIBPRIBORMASH) atá faoi choimirce State Corporation Rostec. Forbraíonn an chuideachta trealamh míleata agus airm, lena n-áirítear fiúsanna le haghaidh córais armlóin agus comhpháirteanna le haghaidh córais ilteilgthe roicéad. Dá bhrí sin, tá OJSC BPO SIBPRIBORMASH ag tacú le coimpléasc tionsclaíoch agus míleata na Rúise agus Rialtas Chónaidhm na Rúise, rialtas atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine. Anuas air sin, tá OJSC BPO SIBPRIBORMASH ag tacú go hábharach le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin.

20.5.2025

592.

Federal State Enterprise “Samara Plant ‘Kommunar’”

Rúisis: Федеральное Казенное Предприятие “Самарский Завод ‘Коммунар’”

Seoladh: Samara Region, Volzhsky District, Pp Petra Dubrava, Kommunarov Street, 3, Cónaidhm na Rúise

An cineál eintitis: Fiontar Stáit Cónaidhme

Áit chlárúcháin: Cónaidhm na Rúise

Dáta clárúcháin: 28.1.2003

Uimhir chlárúcháin: 1036302392356

Uimhir Aitheantais Chánach: 6367080065

OKPO: 07506501

Tá an Federal State Enterprise “Samara Plant ‘Kommunar’”, ar cuid de State Corporation Rostec é, ar cheann de na príomhsholáthróirí de phúdair ghunna d’Fhórsaí Armtha Chónaidhm na Rúise. Mar chuideachta tionscail mhíleata agus fiontar stáit cónaidhme, tá sé ceadúnaithe ag Aireacht Tionscail agus Trádála Chónaidhm na Rúise chun armlón a fhorbairt, a tháirgeadh, a thástáil, a stóráil, a dhíol agus a dhiúscairt.

Dá bhrí sin, tá Federal State Enterprise “Samara Plant ‘Kommunar’” ag tacú go hábharach le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin. Anuas air sin, tá an chuideachta sin ag tacú mar sin le coimpléasc tionsclaíoch agus míleata na Rúise agus Rialtas Chónaidhm na Rúise, rialtas atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine.

20.5.2025

593.

Joint Stock Company “Luch Plant”

Rúisis: Aкционерное общество “Завод ‘Луч’”

ar a dtugtar freisin JSC “Luch Plant”

ar a dtugtar freisin АО “Завод ‘Луч’”

Seoladh: 172735, Tver region, Ostashkov, Sovetsky street, d. 15., Cónaidhm na Rúise

An cineál eintitis: Cuideachta Comhstoic

Áit chlárúcháin: Cónaidhm na Rúise

Dáta clárúcháin: 7.7.1998 (in eintiteas eile cheana), 27.11.2002

Uimhir chlárúcháin: 1026901811881

Príomháit ghnó: Cónaidhm na Rúise

Uimhir Aitheantais Chánach: 6913005680

KPP: 691301001

Suíomh gréasáin: http://luchost.ru/

Teileafón: + 7 (48235) 5-14-48

Is cuideachta tionscail mhíleata de chuid na Rúise é JSC “Luch Plant”. Cruthaíonn sé teicneolaíocht chumarsáide agus monaraíonn sé córais chumarsáide le haghaidh clogad tanc. Faoi chuimsiú an ordaithe cosanta stáit, soláthraíonn an chuideachta clogaid tanc d’fhórsaí armtha na Rúise, atá comhoiriúnach leis na tancanna atá in úsáid faoi láthair i gcogadh foghach na Rúise ar an Úcráin. Dá bhrí sin, tá JSC “Luch Plant” ag tacú le coimpléasc tionsclaíoch agus míleata na Rúise agus Rialtas Chónaidhm na Rúise, rialtas atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine.

20.5.2025

594.

Minsk Wheel Tractor Plant

Bealarúisis: ААТ “Мінскі завод колавых цягачоў”

Rúisis: ОАО “Минский завод колёсных тягачей”

ar a dtugtar freisin MZKT OJSC

ar a dtugtar freisin ААТ “МЗКЦ”

ar a dtugtar freisin ОАО “МЗКТ”

Seoladh: Partizanski ave, 150, 220021, Mionsc, an Bhealarúis

An cineál eintitis: Cuideachta Comhstoic

Dáta clárúcháin: 26.3.1991

Áit chlárúcháin: an Bhealarúis

Uimhir chlárúcháin: 100534485

Is cuideachta tionscail mhíleata de chuid na Bealarúise é Minsk Wheel Tractor Plant a fhorbraíonn feithiclí míleata d’Fhórsaí Armtha na Rúise agus atá ag tacú le cumais chosanta na Rúise. In 2024 amháin, ba é 306 vaigín de threalamh míleata méid iomlán onnmhairí na cuideachta, a soláthraíodh den chuid is mó d’fhiontair Rúiseacha a bhaineann le coimpléasc tionsclaíoch agus míleata Chónaidhm na Rúise. Lean an chuideachta de threalamh míleata a onnmhairiú chuig Cónaidhm na Rúise in 2025.

Dá bhrí sin, tá Minsk Wheeled Tractor Plant ag tacú go hábharach le coimpléasc tionsclaíoch agus míleata na Rúise agus Rialtas Chónaidhm na Rúise, rialtas atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine.

20.5.2025

595.

Cape Gemi Isletmeciligi AS

Seoladh: Daire 55, Kat 15, Beybi Giz Plaza, Maslak Meydan Sokak, Maslak Mah, 1, Sariyer, Iostanbúl, an Tuirc

Áit chlárúcháin: an Tuirc

Uimhir IMO: 6477894

Is cuideachta é Cape Gemi Isletmeciligi AS atá lonnaithe sa Tuirc agus atá ar cheann de na honnmhaireoirí is mó de tháirgí ola na Rúise in 2025. Bainistíonn sé roinnt long a ghlac páirt i gcleachtais chontúirteacha ar muir agus ola ar de thionscnamh na Rúise nó a onnmhairítear ón Rúis í á hiompar acu, mar shampla bearnaí AIS agus aistrithe ardriosca long-go-long. Dá bhrí sin, bainistíonn Cape Gemi Isletmeciligi AS soithí a iompraíonn amhola nó táirgí peitriliam, ar de thionscnamh na Rúise nó a onnmhairítear ón Rúis iad, agus bainistíonn sé na soithí sin agus cleachtais loingseoireachta neamhrialta ardriosca á ndéanamh acu mar a leagtar amach i rún A.1192(33) ó Chomhthionól Ginearálta na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta.

20.5.2025

596.

Prominent Ship management Ltd

Seoladh: Unit 615, 6th Floor, LT Tower, 31, Chong Yip Street, Kwun Tong, Kowloon, Hong Cong

Áit chlárúcháin: Hong Cong

Dáta clárúcháin: 19.10.2022

Uimhir chlárúcháin ghnó: 74520161

Uimhir sa chlár trádála: 3199991

Uimhir IMO: 6378969

Bhí an chuideachta Prominent Ship management Ltd, atá lonnaithe i Hong Cong, ar cheann de na honnmhaireoirí ola Rúisí ba mhó i mí na Nollag 2024. Bainistíonn sé roinnt long a ghlac páirt i gcleachtais chontúirteacha ar muir agus ola ar de thionscnamh na Rúise nó a onnmhairítear ón Rúis í á hiompar acu, mar shampla bearnaí AIS, aistrithe ardriosca long-go-long agus cumarsáid faoi bhréagriocht AIS. Dá bhrí sin, bainistíonn Prominent Ship management Ltd soithí a iompraíonn amhola nó táirgí peitriliam, ar de thionscnamh na Rúise nó a onnmhairítear ón Rúis iad, agus bainistíonn sé na soithí sin agus cleachtais loingseoireachta neamhrialta ardriosca á ndéanamh acu mar a leagtar amach i rún A.1192(33) ó Chomhthionól Ginearálta na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta.

20.5.2025

597.

Limited Liability Company “Radioline”

Rúisis: Общество с ограниченной

ответственностью “Радиолайн”

ar a dtugtar freisin LLC Radioline

ar a dtugtar freisin ООО “Радиолайн”

Seoladh: PR-KT Volgogradskii, D. 42, K. 5, Floor 2, Pom. I, Kom. 1, 109316 Moscó, Cónaidhm na Rúise

An cineál eintitis: Cuideachta faoi Dhliteanas Teoranta

Áit chlárúcháin: Cónaidhm na Rúise

Dáta clárúcháin: 28.2.2011

Uimhir chlárúcháin: 1117746143228

Príomháit ghnó: Cónaidhm na Rúise

Uimhir Aitheantais Chánach: 7718837905

Sholáthair LLC Radioline trealamh teicneolaíochta a bhfuil luach suntasach air, lena n-áirítear trealamh de thionscnamh na Gearmáine, don chuideachta Rúiseach Special Technology Center Ltd, atá faoi réir bearta sriantacha cheana féin ag an Aontas agus a bhfuil aithne air as aerárthaí gan foireann a tháirgeadh. Baintear úsáid as na haerárthaí gan foireann sin i gcogadh foghach na Rúise ar an Úcráin. Dá bhrí sin, tá LLC Radioline ag tacú le coimpléasc tionsclaíoch agus míleata na Rúise.

20.5.2025

598.

Texel F.C.G, Technology Ltd

Seoladh: Building 2, 7 Haeshel Street, 30889 Caesairia, Iosrael

An cineál eintitis: Cuideachta faoi Dhliteanas Teoranta

Áit chlárúcháin: Iosrael

Dáta clárúcháin: 17.10.1994

Uimhir chlárúcháin: 512036625

Príomháit ghnó: Iosrael

Is cuideachta é Texel F.C.G. Technology Ltd atá lonnaithe in Iosrael agus atá á reáchtáil ag Mark Blatt, duine aonair a éascaíonn teacht timpeall ar smachtbhannaí trí leictreonaic íogair eachtracha a chur ar fáil do thionscal cosanta agus slándála na Rúise, lena n-áirítear trealamh de thionscnamh an Aontais, a úsáidtear chun airm a fhorbairt a úsáidtear i gcogadh foghach na Rúise ar an Úcráin. Dá bhrí sin, tá Texel F.C.G. Technology Ltd ag cur bac suntasach ar na forálacha i gcoinne teacht timpeall ar fhorálacha Chinneadh 2014/512/CBES agus Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 agus tá sé ag tacú le coimpléasc tionsclaíoch agus míleata na Rúise.

20.5.2025

599.

Limited Liability Company “Molot-Oruzhie”

Rúisis: Oбщество с ограниченной ответственностью “Молот-Оружие”

ar a dtugtar freisin LLC “Molot-Oruzhie”

ar a dtugtar freisin OOO “Молот-Оружие”

ar a dtugtar freisin OPJC “Vyatsko-Polyanskiy Machine-Buildingplant ‘Molot’”

Seoladh: 612960, Kirov region, Vyatskopolyansky district, Vyatskie Polyany, st. Lenina, 135, Cónaidhm na Rúise

An cineál eintitis: Cuideachta faoi Dhliteanas Teoranta

Dáta clárúcháin: 26.6.2009

Uimhir chlárúcháin: 1094307000633

Uimhir Aitheantais Chánach: 4307012765

Is cuideachta Rúiseach é LLC “Molot-Oruzhie” a dhearann agus a mhonaraíonn airm, go háirithe gránghunnaí de shraith Vepr-12, d’Fhórsaí Armtha Chónaidhm na Rúise, a mbaintear úsáid astu i gcogadh foghach na Rúise ar an Úcráin. Táirgeann an chuideachta modhnuithe éagsúla ar an meaisínghunna RPK 74 agus ar an lainseálaí gránáide uathoibríoch ASG-17, a úsáidtear i gcogadh foghach na Rúise ar an Úcráin.

Dá bhrí sin, tá LLC “Molot-Oruzhie” ag tacú go hábharach le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin. Thairis sin, mar sholáthraí trealaimh d’fhórsaí míleata Chónaidhm na Rúise, tá LLC “Molot-Oruzhie” ag tacú le Rialtas na Rúise, atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine.

20.5.2025

600.

Joint Stock Company “Feodosia Optical Plant”

Rúisis: Aкционерное общество “Феодосийский Оптический Завод”

ar a dtugtar freisin JSC “Feodosia Optical Plant”

ar a dtugtar freisin JSC “FOZ”

ar a dtugtar freisin АО “ФОЗ”

Seoladh: 298112, an Chrimé, Feodosia, Kerchensky Lane, 8, an Úcráin

An cineál eintitis: Cuideachta Comhstoic

Áit chlárúcháin: an Chrimé, an Úcráin

Dáta clárúcháin: 5.7.2018

Uimhir chlárúcháin: 1189112030931

Príomháit ghnó: an Chrimé, an Úcráin

Is táirgeoir feistí optúla agus optaileictreonacha é JSC “Feodosia Optical Plant”. Chomh maith leis sin, táirgeann sé comhpháirteanna (lena n-áirítear feistí amharcthreorach agus raonaimsitheoirí) a úsáidtear i dtrealamh míleata, mar shampla fearais atá mar chuid de threoracha raonaimsitheora 1A40 agus 1A40-1, atá suiteáilte ar thancanna T-72 a úsáideann fórsaí míleata na Rúise. Dá bhrí sin, tá JSC “Feodosia Optical Plant” ag tacú go hábharach le coimpléasc tionsclaíoch agus míleata na Rúise atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine.

20.5.2025’.


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/933/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)