|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/928 |
31.7.2025 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2025/928 ÓN gCOIMISIÚN
an 21 Bealtaine 2025
lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/125 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le trádáil in earraí áirithe a d’fhéadfaí a úsáid le haghaidh phionós an bháis, le haghaidh céastóireachta nó le haghaidh íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/125 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Eanáir 2019 maidir le trádáil in earraí áirithe a d’fhéadfaí a úsáid le haghaidh phionós an bháis, le haghaidh céastóireachta nó le haghaidh íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach (1), agus go háirithe an chéad mhír d’Airteagal 24 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
De bhun Rialachán (AE) 2019/125, toirmiscfear aon allmhairiú, onnmhairiú hó idirthuras earraí a liostaítear in Iarscríbhinn II, gan beann ar áit tionscnaimh na n-earraí sin. Is é atá in Iarscríbhinn II earraí nach bhfuil aon úsáid phraiticiúil acu seachas úsáid ar mhaithe le pionós an bháis nó ar mhaithe le céastóireacht agus íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach. |
|
(2) |
De bhun Rialachán (AE) 2019/125, i gcás aon onnmhairiú earraí a liostaítear in Iarscríbhinn III, beidh údarú ag teastáil ina leith, gan beann ar áit tionscnaimh na n-earraí sin. Is é atá in Iarscríbhinn III na hearraí a d’fhéadfaí a úsáid le haghaidh céastóireachta nó le haghaidh íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach, is é sin earraí a úsáidtear go príomha chun críocha fhorfheidhmiú an dlí, agus earraí a bhfuil baol ábhartha ann go n-úsáidfear iad le haghaidh céastóireachta nó le haghaidh íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach, agus dearadh agus gnéithe teicniúla na n-earraí sin á gcur san áireamh. |
|
(3) |
Ní mór liosta na n-earraí a leagtar amach in Iarscríbhinní II agus III a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/125 a choinneáil cothrom le dáta chun freagairt d’athruithe sa mhargadh slándála idirnáisiúnta ina dtarlaíonn forbairtí teicneolaíochta agus margaidh go minic agus d’athruithe ar úsáid agus ar mhí-úsáid trealaimh forfheidhmithe dlí. Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinní II agus III a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/125 a leasú. Chun ábhar tagartha do na húdaráis inniúla agus do na hoibreoirí eacnamaíocha a éascú, ba cheart Iarscríbhinní II agus III a ghabhann leis an Rialachán sin a ionadú. |
|
(4) |
Le hAirteagal 24 de Rialachán (AE) 2019/125 tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 29 chun na hIarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán a leasú. |
|
(5) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 2019/125 a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an téacs atá in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/125.
Cuirtear an téacs in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/125.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 21 Bealtaine 2025.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 30, 31.1.2019, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/125/oj.
IARSCRÍBHINN I
‘ IARSCRÍBHINN II
LIOSTA NA nEARRAÍ DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAIL 3 AGUS 4
Nótaí réamhráiteach:
Tagraíonn na ‘cóid Ainmníochta Comhcheangailte’ (cóid AC) san Iarscríbhinn seo do chóid a shonraítear i gCuid a Dó d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle (1).
I gcás ina dtagann ‘ex’ roimh an gcód AC, ní bheidh sna hearraí a chumhdaítear leis an Rialachán seo ach cuid de raon feidhme an chóid AC agus cinnfear iad leis an tuairisc a thugtar orthu san Iarscríbhinn seo agus le raon feidhme an chóid AC araon.
Nótaí:
|
1. |
Ítimí 1.3 agus 1.4 i Roinn 1 a bhaineann le hearraí atá ceaptha chun daoine a chur chun báis, ní chumhdaítear leo earraí míochaine-teicniúla. |
|
2. |
Níor cheart cuspóir na rialuithe atá san Iarscríbhinn seo a shárú mar gheall ar onnmhairiú aon earra neamhrialaithe (lena n-áirítear gléasraí) ina bhfuil comhpháirt rialaithe amháin nó níos mó nuair is í an chomhpháirt rialaithe nó nuair is iad na comhpháirteanna rialaithe príomheilimint na n-earraí agus nuair is féidir iad a bhaint nó a úsáid chun críoch eile.
|
|
Cód AC |
Tuairisc |
||||||
|
|
|
||||||
|
ex 4421 99 ex 8208 90 00 |
|
||||||
|
ex 8543 70 90 ex 9401 79 00 ex 9401 80 00 ex 9402 10 00 |
|
||||||
|
ex 9406 20 00 ex 9406 90 38 ex 9406 90 90 |
|
||||||
|
ex 8413 81 00 ex 9018 90 50 ex 9018 90 60 ex 9018 90 84 |
|
||||||
|
|
|
||||||
|
ex 8543 70 90 |
|
||||||
|
ex 7326 90 98 ex 7616 99 90 ex 8301 50 00 ex 3926 90 97 ex 4203 30 00 ex 4203 40 00 ex 4205 00 90 ex 4017 00 00 |
Nóta: Leis an ítim seo, áirítear glais dhéadacha agus neamhdhéadacha agus bíseanna déadacha agus neamhdhéadacha. |
||||||
|
ex 7326 90 98 ex 7616 99 90 ex 8301 50 00 ex 3926 90 97 ex 4203 30 00 ex 4203 40 00 ex 4205 00 90 ex 6217 10 00 ex 6307 90 98 ex 4017 00 00 |
Nótaí:
|
||||||
|
ex 7326 90 98 ex 7616 99 90 ex 8301 50 00 ex 3926 90 97 ex 4203 30 00 ex 4203 40 00 ex 4205 00 90 ex 6217 10 00 ex 6307 90 98 ex 7315 81 00 ex 7315 82 00 ex 7315 89 00 ex 4017 00 00 |
Nóta: Is é atá i gcuibhrigh bhuíne péirí iomadúla glas lámh, glas cos, slabhraí boilg, nó meascán díobh sin, ceangailte de shlabhra aonair (atá déanta as miotal de ghnáth), lena gcuirtear srian ar roinnt daoine le chéile i slabhra. |
||||||
|
ex 7326 90 98 ex 7616 99 90 ex 7315 81 00 ex 7315 82 00 ex 7315 89 00 |
Nóta: Is é atá i ngeimhle cos fáinní miotail neamh-inchoigeartaithe nó srianta miotail neamh-inchoigeartaithe eile, iad feistithe timpeall rúitíní príosúnaigh, trí shocrú boltaí nó scriúnna de ghnáth. Is féidir leo a bheith ar insí nó gan insí agus bíonn siad nasctha le slabhra de ghnáth. Tá siad éagsúil le glais cos is féidir a choigeartú ar rúitín an duine atá á choinneáil (Iarscríbhinn III, 1.3). |
||||||
|
ex 7326 90 98 ex 7616 99 90 ex 8301 50 00 ex 3926 90 97 ex 4203 30 00 ex 4203 40 00 ex 4205 00 90 ex 6217 10 00 ex 6307 90 98 ex 4017 00 00 |
|
||||||
|
ex 9401 61 00 ex 9401 69 00 ex 9401 71 00 ex 9401 79 00 ex 9401 80 00 ex 9402 10 00 |
Nóta: Leis an ítim seo, ní thoirmeasctar cathaoireacha nach bhfuil feistithe ach le strapaí nó criosanna |
||||||
|
ex 9402 90 00 ex 9403 20 80 ex 9403 50 00 ex 9403 60 00 ex 9403 89 00 |
Nóta: Leis an ítim seo, ní thoirmeasctar cláir agus leapacha nach bhfuil feistithe ach le strapaí nó criosanna |
||||||
|
ex 9402 90 00 ex 9403 50 00 ex 9403 60 00 ex 9403 70 00 ex 9403 89 00 |
|
||||||
|
ex 9402 90 00 ex 9403 20 20 ex 9403 50 00 ex 9403 60 90 ex 9403 70 00 ex 9403 89 00 |
|
||||||
|
ex 6505 00 10 ex 6505 00 90 ex 6506 91 00 ex 6506 99 10 ex 6506 99 90 ex 6217 10 00 ex 6307 90 98 |
Nóta: Ní áirítear leis an ítim seo cochaill frithsheile a rialaítear le hIarscríbhinn III 1.4. |
||||||
|
|
|
||||||
|
ex 9304 00 00 |
|
||||||
|
ex 7326 90 98 ex 4205 00 90 ex 6602 00 00 ex 7326 90 98 ex 7806 00 80 ex 4203 29 90 ex 4015 19 00 |
Nótaí:
|
||||||
|
ex 4421 91 00 ex 4421 99 99 ex 3926 90 97 ex 6602 00 00 |
Nóta: Is smachtíní fada solúbtha iad lathis (os cionn 1m ar fad), déanta as adhmad nó bambú go traidisiúnta (ach déantar as polacarbónáit iad freisin), den chineál a úsáideann póilíní mar arm. |
||||||
|
ex 3926 90 97 ex 7326 90 98 |
|
||||||
|
ex 3926 20 00 ex 7326 90 98 ex 7616 99 90 ex 4017 00 00 |
Nóta: Ní rialaítear leis an ítim seo armúr coirp ag a bhfuil córais iompartha ualaigh ina bhfuil páirteanna atá déanta as miotal nó ábhar crua eile a úsáidtear chun trealamh a cheangal nó a iompar. |
||||||
|
|
|
||||||
|
ex 6602 00 00 |
|
||||||
|
ex 6602 00 00 |
|
||||||
|
ex 6602 00 00 |
Nóta: Baineann an ítim seo le cineál fuipeanna troma, atá déanta go traidisiúnta as leathar, nó as ábhair eile, amhail plaisteach. Ní chumhdaítear leis an ítim seo ionstraimí a úsáidtear go traidisiúnta chun ainmhithe a thiomáint. |
||||||
|
|
|
||||||
|
ex 8424 20 00 ex 8424 89 70 ex 9304 00 00 |
Nóta: Tagraíonn an ítim seo do threalamh nó do ghairis den chineál a úsáidtear i bpríosúin agus in áiteanna coinneála eile. Ní chuireann sé toirmeasc ar threalamh suite atá deartha chun substaintí dallta (amhail gal uisce nó ceo) a scaipeadh, substaintí nach ndéanann dochar díreach fisiciúil a úsáidtear i spásanna iata tráchtála nó príobháideacha chun buirgléireacht a chosc. |
||||||
|
ex 9301 10 00 ex 9301 20 00 ex 9301 90 00 ex 9302 00 00 ex 9303 10 00 ex 9303 20 10 ex 9303 20 95 ex 9303 30 00 ex 9303 90 00 ex 9304 00 00 ex 9306 21 00 ex 9306 29 00 ex 9306 30 10 ex 9306 30 30 ex 9306 30 90 ex 9306 90 10 ex 9306 90 90 |
Nóta: Leis an ítim seo, ní rialaítear gránáidí deataigh agus ní rialaítear aerardáin iontu féin. Áirítear leis an ítim seo trealamh ina bhfuil an modh scaipthe míchruinn ó nádúr, nó inar féidir leis an trealamh nó na diúracáin méideanna oibreáin smachtaithe círéibe a scaipeadh atá díobhálach. |
(1) Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim (IO L 256, 7.9.1987, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/1987/2658/oj).
IARSCRÍBHINN II
‘IARSCRÍBHINN III
LIOSTA NA nEARRAÍ DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 11
Nótaí réamhráiteach:
Tagraíonn na ‘cóid Ainmníochta Comhcheangailte’ (Cóid AC) san Iarscríbhinn seo do chóid a shonraítear i gCuid a Dó d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87.
I gcás ina dtagann ‘ex’ roimh an gcód AC, ní bheidh sna hearraí a chumhdaítear leis an Rialachán seo ach cuid de raon feidhme an chóid AC agus cinnfear iad leis an tuairisc a thugtar orthu san Iarscríbhinn seo agus le raon feidhme an chóid AC araon.
Nótaí:
|
1. |
Níor cheart cuspóir na rialuithe atá san Iarscríbhinn seo a shárú mar gheall ar onnmhairiú aon earra neamhrialaithe (lena n-áirítear gléasraí) ina bhfuil comhpháirt rialaithe amháin nó níos mó nuair is í an chomhpháirt rialaithe nó nuair is iad na comhpháirteanna rialaithe príomheilimint na n-earraí agus nuair is féidir iad a bhaint nó a úsáid chun críoch eile.
|
|
2. |
I gcásanna áirithe, is de réir ainm agus uimhir CAS a liostaítear ceimiceáin. Tá feidhm ag an liosta maidir le ceimiceáin a bhfuil an fhoirmle struchtúrach chéanna acu (lena n-áirítear hiodráití) gan beann ar an ainm atá orthu ná ar an uimhir CAS atá acu. Léirítear na huimhreacha CAS ionas go bhféadfar ceimiceán áirithe nó meascán áirithe a shainaithint, gan beann ar ainmníocht. Ní féidir uimhreacha CAS a úsáid mar aitheantóirí uathúla toisc go bhfuil uimhreacha difriúla CAS ag foirmeacha áirithe de na ceimiceáin a liostaítear, agus toisc go bhféadfadh uimhreacha difriúla CAS a bheith ag meascáin ina bhfuil ceann de na ceimiceáin a liostaítear freisin. |
|
Cód AC |
Tuairisc |
||||||||||||||||||||||||||
|
|
|
||||||||||||||||||||||||||
|
ex 7326 90 98 ex 7616 99 90 ex 8301 50 00 ex 3926 90 97 ex 4203 30 00 ex 4203 40 00 ex 4205 00 90 ex 6217 10 00 ex 6307 90 98 ex 7315 81 00 ex 7315 82 00 ex 7315 89 00 ex 4017 00 00 |
Nótaí:
|
||||||||||||||||||||||||||
|
ex 7326 90 98 ex 7616 99 90 ex 8301 50 00 ex 3926 90 97 ex 4203 30 00 ex 4203 40 00 ex 4205 00 90 ex 6217 10 00 ex 6307 90 98 ex 4017 00 00 |
Nóta: Leis an ítim seo, áirítear srianta muiníl agus glais nó fáinní aonair eile atá feistithe le fearas glasála agus atá ceangailte de ghnáthghlais lámh le slabhra. |
||||||||||||||||||||||||||
|
ex 7326 90 98 ex 7616 99 90 ex 8301 50 00 ex 3926 90 97 ex 4203 30 00 ex 4203 40 00 ex 4205 00 90 ex 6217 10 00 ex 6307 90 98 ex 7315 81 00 ex 7315 82 00 ex 7315 89 00 ex 4017 00 00 |
Nótaí:
|
||||||||||||||||||||||||||
|
ex 6505 00 10 ex 6505 00 90 ex 6506 91 00 ex 6506 99 10 ex 6506 99 90 |
Nóta: Leis an ítim seo, áirítear cochaill frithsheile atá ceangailte de ghnáthghlais lámh le slabhra. |
||||||||||||||||||||||||||
|
|
|
||||||||||||||||||||||||||
|
ex 8543 70 90 ex 9304 00 00 |
Nótaí:
|
||||||||||||||||||||||||||
|
ex 8543 90 00 ex 9305 99 00 |
Nóta: Meastar gur comhpháirteanna riachtanacha na hearraí seo a leanas:
|
||||||||||||||||||||||||||
|
ex 8543 70 90 ex 9304 00 00 |
|
||||||||||||||||||||||||||
|
ex 9303 90 00 ex 9304 00 00 ex 9306 30 90 ex 9306 90 90 |
Nóta: Áirítear leis an ítim seo diúracáin ar a dtugtar piléir rubair nó phlaisteacha nó urchair imbhuailte de ghnáth, diúracáin imbhuailte greannaitheoirí ceimiceacha agus málaí pónairí. Ní mar an gcéanna iad cruth agus méid na gcineálacha uile liathróidí nó sorcóirí móra agus beaga, agus is féidir iad a dhéanamh as rubar, PVC, cúr dlúth, nó adhmad. Leis an ítim seo, ní rialaítear trealamh a rialaítear le hítimí ML1, 2 agus 12 ó Liosta Comhchoiteann Míleata an Aontais Eorpaigh. |
||||||||||||||||||||||||||
|
ex 9301 10 00 ex 9301 20 00 ex 9301 90 00 ex 9302 00 00 ex 9303 10 00 ex 9303 20 10 ex 9303 20 95 ex 9303 30 00 ex 9303 90 00 ex 9304 00 00 |
Nóta: Áirítear leis an ítim seo lainseálaithe ilbhairille a mbíonn idir 2 agus 36 bhairille acu de ghnáth, agus ar féidir leo a bheith neamhspleách nó suite ar fheithiclí, ar fheithiclí talún gan foireann, nó ar shoithí farraige. Is féidir na lainseálaithe a oibriú de láimh nó a oibriú trí chianrialú, rud a fhágann gur féidir muinisin imbhuailte chinéitigh nó greannaitheoirí ceimiceacha a scaoileadh ar bhonn aonair, ar bhonn seicheamhach nó ar bhonn comhuaineach, as a n-eascraíonn mearlámhach nó maidhmeanna lámhaigh. Leis an ítim seo, ní rialaítear trealamh a rialaítear le hítimí ML1 agus ML2 ó Liosta Comhchoiteann Míleata an Aontais Eorpaigh. |
||||||||||||||||||||||||||
|
ex 9306 21 00 ex 9306 29 00 ex 9306 30 10 ex 9306 30 30 ex 9306 30 90 ex 9306 90 10 ex 9306 90 90 |
Nóta: Áirítear leis an ítim seo armlón is féidir a dhéanamh as rubar, plaisteach nó adhmad, agus a d’fhéadfadh a bheith éagsúil ó thaobh méide, lín agus crutha de. Is féidir leis an líon a áirítear i ngach ceann acu a bheith idir líon beag liathróidí nó bloc móra agus na céadta millíní beaga. Leis an ítim seo, ní rialaítear trealamh a rialaítear le hítimí ML1 agus ML2 ó Liosta Comhchoiteann Míleata an Aontais Eorpaigh. |
||||||||||||||||||||||||||
|
|
|
||||||||||||||||||||||||||
|
ex 8424 20 00 ex 8424 89 70 ex 9304 00 00 |
Nótaí:
|
||||||||||||||||||||||||||
|
ex 2939 79 90 |
Nóta: Leis an ítim seo, ní rialaítear trealamh a rialaítear le hítim ML7(e) ó Liosta Comhchoiteann Míleata an Aontais Eorpaigh. |
||||||||||||||||||||||||||
|
ex 3301 90 30 ex 1302 19 70 |
Nóta: Leis an ítim seo, ní rialaítear trealamh a rialaítear le hítim ML7(e) ó Liosta Comhchoiteann Míleata an Aontais Eorpaigh. |
||||||||||||||||||||||||||
|
ex 3301 90 30 ex 3302 10 90 ex 3302 90 10 ex 3302 90 90 ex 3824 99 92 |
Nótaí:
|
||||||||||||||||||||||||||
|
ex 8424 20 00 ex 8424 89 70 ex 9304 00 00 |
Nótaí:
|
||||||||||||||||||||||||||
|
ex 9306 21 00 ex 9306 29 00 ex 9306 30 10 ex 9306 30 30 ex 9306 30 90 ex 9306 90 10 ex 9306 90 90 |
Nóta: Áirítear leis an ítim seo diúracáin ina bhfuil oibreáin smachtaithe círéibe, go háirithe OC agus PAVA ag a bhfuil calabra os cionn 56mm. Ní mór úsáid na n-ítimí sin a bheith comhsheasmhach le forálacha ábhartha an Choinbhinsiúin maidir le hAirm Cheimiceacha, go háirithe Airteagail 2.1 agus 2.9.d. |
||||||||||||||||||||||||||
|
ex 2934 99 90 ex 2930 90 95 ex 2933 99 20 ex 2921 29 00 ex 2830 90 85 ex 3824 99 92 ex 3824 99 93 ex 3824 99 96 |
Nóta:
|
(1) An leagan is déanaí arna ghlacadh ag an gComhairle an 19 Feabhra 2024 (IO C, C/2024/1945, 1.3.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/1945/oj).
(2) Féach go háirithe Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 lena leagtar síos nósanna imeachta Comhphobail maidir le húdarú agus maoirseacht táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine agus le haghaidh úsáid tréidliachta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Leigheasra Eorpach (IO L 136, 30.4.2004, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2004/726/oj) agus Treoir 2001/83/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Samhain 2001 maidir leis an gcód Comhphobail a bhaineann le táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine (IO L 311, 28.11.2001, lch. 67, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2001/83/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2025/928/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)