European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/903

14.5.2025

RIALACHÁN (AE) 2025/903 ÓN gCOMHAIRLE

an 13 Bealtaine 2025

lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 215 de,

Ag féachaint do Chinneadh 2014/145/CBES ón gComhairle an 17 Márta 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (1),

Ag féachaint don togra comhpháirteach ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 ón gComhairle (2), tugtar éifeacht do na bearta sriantacha dá bhforáiltear i gCinneadh 2014/145/CBES.

(2)

An 13 Bealtaine 2025, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2025/904 (3), lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES. Tugtar isteach le Cinneadh (CBES) 2025/904 critéar nua maidir le liostú chun daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí a bhí rannpháirteach in aistrithe úinéireachta, rialaithe nó tairbhe eacnamaíche leasanna gnó príomhphearsana gnó atá ag feidhmiú sa Rúis, nó a chuimsigh na haistrithe sin , a áireamh.

(3)

Leagtar amach freisin i gCinneadh (CBES) 2025/904 an dualgas cruthúnais is gá chun gur féidir leis an gComhairle príomhphearsana gnó a choinneáil san áireamh ar liosta na ndaoine nádúrtha nó dlítheanacha, na n-eintiteas nó na gcomhlachtaí atá faoi réir bearta sriantacha.

(4)

Tagann na bearta sin faoi raon feidhme an Chonartha ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus dá bhrí sin go háirithe d’fhonn a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm go haonfhoirmeach iad i ngach Ballstát, tá gá le gníomhaíocht rialála ar leibhéal an Aontais chun é a chur chun feidhme.

(5)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

I Rialachán (AE) Uimh. 269/2014, leasaítear Airteagal 3 mar a leanas:

(1)

i mír 1, cuirtear isteach an pointe seo a leanas:

‘(m)

daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí a bhí rannpháirteach in aistrithe úinéireachta, rialaithe nó tairbhe eacnamaíche leasanna gnó príomhphearsana gnó atá faoi réir bearta sriantacha an Aontaisde bhun na gcritéar a leagtar amach i bpointe (g) den mhír seo agus liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo, agus ar an gcaoi sin chur siad bac suntasach ar na bearta sin, cé is móite d’aistrthe a cheadaítear go sainráite de bhun maoluithe agus díolúintí arna leagan síos sa Rialachán seo nó i Rialachán (AE) Uimh. 833/2014, nó a chuimsigh na haistrithe sin ar shlí eile,’

;

(2)

cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

‘1b.   Príomhphearsana gnó atá ag feidhmiú sa Rúis a liostaítear in Iarscríbhinn I de bhun mhír 1, pointe (g), a mhaíonn gur aistrigh siad úinéireacht, rialú nó tairbhe eacnamaíoch a leasanna gnó an 24 Feabhra 2022 nó ina dhiaidh sin, measfar fós gur príomhphearsana gnó iad agus coinneofar sa liosta a leagtar amach in Iarscríbhinn I iad, ach amháin má léirítear le faisnéis leormhaith iontaofa, arb í an fhaisnéis is déanaí í, nach gcomhlíonann siad na critéir a leagtar amach i mír 1, pointe (g) a thuilleadh.’.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 13 Bealtaine 2025.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. DOMAŃSKI


(1)   IO L 78, 17.3.2014, lch. 16, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2014/145(1)/oj.

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 ón gComhairle an 17 Márta 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d'iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO L 78, 17.3.2014, lch. 6, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2014/269/oj).

(3)  Cinneadh (CBES) 2025/904 ón gComhairle an 13 Bealtaine 2025 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d'iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO L, 2025/904, 14.5.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/904/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/903/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)