European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/885

20.8.2025

RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2025/885 ÓN gCOIMISIÚN

an 29 Aibreán 2025

lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2023/1114 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear na socruithe, na córais agus na nósanna imeachta chun drochúsáid mhargaidh a chosc, a bhrath agus a thuairisciú, na teimpléid atá le húsáid chun drochúsáid mhargaidh amhrasta a thuairisciú, agus na nósanna imeachta comhordúcháin idir na húdaráis inniúla chun drochúsáid mhargaidh a bhrath agus smachtbhannaí a fhorchur ina leith i gcásanna drochúsáide margaidh trasteorann

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2023/1114 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2023 maidir le margaí i gcripteashócmhainní, agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010 agus (AE) Uimh. 1095/2010 agus Treoracha 2013/36/AE agus (AE) 2019/1937 (1), agus go háirithe Airteagal 92(2), an tríú fomhír, de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Ceanglais maidir leis na socruithe, na nósanna imeachta agus na córais atá le bheith i bhfeidhm ag daoine a shocraíonn nó a dhéanann idirbhearta go gairmiúil i gcripteashócmhainní chun orduithe, idirbhearta agus gnéithe eile d’fheidhmiú na teicneolaíochta mórleabhar dáilte (DLT) a thuairisciú, lena n-áirítear an sásra comhthola, i gcás ina bhféadfadh imthosca a bheith ann lena léirítear go ndearnadh drochúsáid mhargaidh, go bhfuil drochúsáid mhargaidh á déanamh nó gur dócha go ndéanfar drochúsáid mhargaidh. Tá na ceanglais sin ríthábhachtach agus ba cheart iad a bheith ina gcuidiú le drochúsáid mhargaidh a chosc agus a bhrath. Ba cheart na ceanglais sin a bheith ina gcuidiú freisin chun a áirithiú, i ndáil leis na tuairiscí a bhaineann le hamhras réasúnach ar orduithe, idirbhearta agus gnéithe eile d’fheidhmiú na teicneolaíochta mórleabhar dáilte (tuairisc ar ordú agus idirbheart amhrasach) arna gcur faoi bhráid na n-údarás inniúil, go mbeidh siad fóinteach, cuimsitheach agus úsáideach.

(2)

Chun a áirithiú go bhfuil cosc agus brath drochúsáide margaidh éifeachtach, ba cheart córais iomchuí a bheith i bhfeidhm chun faireachán a dhéanamh ar orduithe, ar idirbhearta agus ar ghnéithe eile d’fheidhmiú DLT, i gcomhréir le scála, méid agus cineál ghníomhaíocht ghnó an duine a shocraíonn nó a dhéanann idirbhearta go gairmiúil. Ba cheart foráil a dhéanamh sna córais sin maidir le hanailís dhaonna arna déanamh ag foireann atá oilte go hiomchuí bunaithe ar fhaisnéis oibiachtúil atá ar fáil don eintiteas tuairiscithe. Níor cheart don eintiteas sonraí pearsanta breise a bhailiú ach amháin chun anailís iomchuí dhaonna a áirithiú. Chun gur féidir tuilleadh anailíse a dhéanamh ar thrádáil chos istigh nó ar chúbláil margaidh a d’fhéadfadh a bheith ann nó ar iarracht ar thrádáil chos istigh nó ar chúbláil margaidh, ba cheart na córais chun faireachán a dhéanamh ar dhrochúsáid mhargaidh a bheith in ann foláirimh a dhéanamh i gcomhréir le paraiméadair shonraithe. Ba cheart an rochtain ar fholáirimh den sórt sin a thaifeadadh chun a áirithiú nach n-úsáidfear iad ach amháin chun drochúsáid mhargaidh a bhrath. Is dócha go mbeidh leibhéal éigin uathoibrithe ag teastáil ón bpróiseas iomlán.

(3)

Chun anailís a dhéanamh ar cé acu atá nó nach bhfuil na socruithe, na córais agus na nósanna imeachta iomchuí chun drochúsáid mhargaidh a chosc agus a bhrath, is gá measúnú a dhéanamh ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag an duine a shocraíonn nó a dhéanann idirbhearta go gairmiúil ar an margadh. Mar chuid den mheasúnú sin, ba cheart do na daoine sin a mheas an bhfuil suíomh suntasach nó ceannasach acu in aon deighleog sócmhainní sa mhargadh cripteashócmhainní, agus sa chás sin ba cheart na socruithe, na córais agus na nósanna imeachta sin a bheith comhréireach lena suíomh.

(4)

Chun drochúsáid mhargaidh a chosc agus a bhrath, is gá faireachán leanúnach a dhéanamh ar gach ordú agus idirbheart a shocraíonn nó a dhéanann daoine a shocraíonn nó a dhéanann idirbhearta go gairmiúil, gan beann ar cibé acu a fhorghníomhaítear na horduithe agus na hidirbhearta sin ar an mórleabhar dáilte (‘ar an slabhra’) nó lasmuigh den mhórleabhar dáilte (‘seachshlabhra’), lena n-áirítear aistrithe cripteashócmhainní chuig cuntais chliaint an tsoláthraí seirbhísí cripteashócmhainní chéanna nó ó chuntais chliaint an tsoláthraí seirbhísí cripteashócmhainní chéanna.

(5)

Chun cur chuige comhsheasmhach agus cleachtais chomhsheasmhacha a éascú agus a chur chun cinn ar fud an Aontais i ndáil le drochúsáid mhargaidh a chosc, a bhrath agus smachtbhannaí a fhorchur ina leith, is gá forálacha mionsonraithe a leagan síos lena gcomhchuibhítear ábhar orduithe agus idirbheart amhrasach, an teimpléad le haghaidh orduithe agus idirbhearta amhrasacha a thuairisciú agus uainiú an tuairiscithe sin agus gnéithe eile d’fheidhmiú DLT.

(6)

Chun acmhainní a chomhroinnt, chun córais faireacháin a fhorbairt agus a chothabháil go lárnach, agus chun saineolas a fhorbairt i gcomhthéacs faireachán a dhéanamh ar orduithe agus ar idirbhearta amhrasacha, ba cheart do dhaoine a shocraíonn nó a dhéanann idirbhearta go gairmiúil i gcripteashócmhainní a bheith in ann cosc agus brath orduithe, idirbheart agus gnéithe eile d’fheidhmiú DLT laistigh de ghrúpa a tharmligean, nó anailís sonraí agus giniúint foláireamh a tharmligean, faoi réir coinníollacha iomchuí. Le tarmligean den sórt sin níor cheart cosc a chur ar na húdaráis inniúla measúnú a dhéanamh, tráth ar bith, i dtaobh an bhfuil socruithe, córais agus nósanna imeachta an duine a dtarmligtear na feidhmeanna chuige ag teacht go héifeachtach leis an oibleagáid drochúsáid mhargaidh a chosc agus a bhrath. An oibleagáid tuairisciú a dhéanamh agus an fhreagracht an Rialachán seo agus Airteagal 92 de Rialachán (AE) 2023/1114 a chomhlíonadh, ba cheart an oibleagáid agus an fhreagracht sin a bheith ar an duine atá ag tarmligean i gcónaí.

(7)

Ba cheart rialacha trádála iomchuí a bheith ag soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní a oibríonn ardán trádála, ar rialacha iad a rannchuidíonn le drochúsáid mhargaidh a chosc. Ba cheart saoráidí a bheith ag na heintitis sin freisin chun an leabhar orduithe a léirshamhlú chun anailís a dhéanamh ar an ngníomhaíocht trádála.

Le teimpléad aonair comhchuibhithe chun tuairisc ar ordú agus idirbheart amhrasach a thíolacadh go leictreonach, ba cheart comhroinnt éifeachtúil faisnéise maidir le horduithe agus idirbhearta amhrasacha idir údaráis inniúla in imscrúduithe trasteorann a éascú.

(8)

Na réimsí faisnéise i dteimpléad tuairisce ar ordú agus idirbheart amhrasach den sórt sin, i gcás ina gcomhlánaítear go soiléir, go cuimsitheach, go hoibiachtúil agus go cruinn iad, ba cheart iad a bheith ina gcuidiú leis na húdaráis inniúla measúnú a dhéanamh go pras ar orduithe agus idirbhearta amhrasacha den sórt sin agus an beart is gá a dhéanamh. Dá bhrí sin, le teimpléad tuairisce ar ordú agus idirbheart amhrasach den sórt sin, ba cheart é a chur ar a gcumas do na daoine a bhfuil an tuairisc ar ordú agus idirbheart amhrasach á tíolacadh acu an fhaisnéis a sholáthar a mheasann na húdaráis inniúla a bheith ábhartha maidir le horduithe, idirbhearta nó gnéithe eile d’fheidhmiú na teicneolaíochta mórleabhar dáilte arna tuairisciú agus míniú a thabhairt ar na cúiseanna atá leis an amhras. Leis an teimpléad tuairisce ar ordú agus idirbheart amhrasach, ba cheart é a chur ar a gcumas do na daoine a bhfuil an tuairisc ar ordú agus idirbheart amhrasach á tíolacadh acu sonraí pearsanta a sholáthar freisin lena bhféadfaí na daoine a bhfuil baint acu leis an ngníomhaíocht amhrasach a shainaithint agus cuidiú leis na húdaráis inniúla ina n-imscrúduithe. Ba cheart faisnéis den sórt sin a sholáthar ag an tús, ionas nach gcuirfear sláine an imscrúdaithe i mbaol mar gheall ar an ngá a d’fhéadfadh a bheith ann d’údarás inniúil filleadh ar an duine a thíolaic an tuairisc ar ordú agus idirbheart amhrasach le linn imscrúdaithe. Maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil faoin Rialachán seo, ní mór é a dhéanamh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin. Ba cheart prionsabal an íoslaghdaithe sonraí a chomhlíonadh go háirithe i gcás ina mbailítear sonraí pearsanta chun comhlíonadh an Rialacháin seo a áirithiú.

(9)

Chun tíolacadh tuairisce ar ordú agus idirbheart amhrasach a éascú, ba cheart foráil a dhéanamh sa teimpléad maidir le ceangal na ndoiciméad agus na n-ábhar is gá chun tacú leis an bhfógra a dhéantar, lena n-áirítear i bhfoirm iarscríbhinne ina liostaítear na horduithe nó na hidirbhearta amhrasacha agus ina mionsonraítear a bpraghsanna agus a méideanna. Ina theannta sin, le teimpléad tuairisce ar ordú agus idirbheart amhrasach, ba cheart a bheith in ann iompraíochtaí amhrasach a bhaineann le feidhmiú DLT a thuairisciú.

(10)

Níor cheart do dhaoine a shocraíonn nó a dhéanann idirbhearta go gairmiúil i gcripteashócmhainní fógra a thabhairt faoi gach ordú a fhaightear ná faoi gach idirbheart a dhéantar a spreag foláireamh inmheánach. Bheadh ceanglas den sórt sin ar neamhréir leis an gceanglas measúnú a dhéanamh de réir an cháis cé acu atá nó nach bhfuil forais amhrais réasúnacha ann.

(11)

San anailís ar orduithe, ar idirbhearta nó ar ghnéithe eile d’fheidhmiú DLT, ba cheart a chur san áireamh nach amháin faisnéis inmheánach an duine a shocraíonn nó a dhéanann idirbhearta go gairmiúil i gcripteashócmhainní, ach an fhaisnéis uile atá ar fáil go poiblí, lena n-áirítear faisnéis faoi idirbhearta atá leabaithe i gcóras mórleabhar poiblí.

(12)

Ba cheart na tuairiscí ar orduithe agus idirbhearta amhrasacha a chur faoi bhráid an údaráis inniúil gan mhoill a luaithe a bheidh amhras réasúnach ann gur ann do dhrochúsáid mhargaidh. An anailís i dtaobh an bhfuil ordú nó idirbheart ar leith le meas mar ordú nó idirbheart amhrasach, ba cheart í a bheith bunaithe ar fhíorais seachas ar amhantraíocht nó ar thoimhde agus ba cheart í a dhéanamh chomh tapa agus is féidir go praiticiúil. Dá gcuirfí moill ar thíolacadh tuairisce chun orduithe, idirbhearta nó gnéithe eile amhrasacha d’fheidhmiú DLT a ionchorprú nó chun roinnt tuairiscí ar orduithe agus idirbhearta amhrasacha a charnadh, bheadh sé ar neamhréir leis an oibleagáid gníomhú gan mhoill, i gcás inar cruthaíodh amhras réasúnach cheana féin. I gcás ar bith, ba cheart do dhaoine a shocraíonn nó a dhéanann idirbhearta go gairmiúil i gcripteashócmhainní measúnú a dhéanamh de réir an cháis an bhféadfaí roinnt orduithe, idirbheart nó gnéithe eile d’fheidhmiú DLT a thuairisciú in aon tuairisc ar ordú agus idirbheart amhrasach amháin.

(13)

D’fhéadfadh imthosca a bheith ann ina dtagann amhras réasúnach chun cinn faoi dhrochúsáid mhargaidh tar éis don ghníomhaíocht amhrasta tarlú, mar gheall ar theagmhais ina dhiaidh sin nó ar fhaisnéis atá ar fáil. Níor cheart é sin a bheith ina chúis gan an ghníomhaíocht amhrasta a thuairisciú don údarás inniúil. Chun comhlíonadh na gceanglas tuairiscithe a léiriú sna himthosca sonracha sin, ba cheart don duine a bhfuil an tuairisc ar ordú agus idirbheart amhrasach á tíolacadh aige a bheith in ann údar a thabhairt leis an neamhréireacht ama idir tarlú na gníomhaíochta amhrasta agus cruthú amhrais réasúnaigh go ndearnadh drochúsáid mhargaidh, go bhfuil drochúsáid mhargaidh á déanamh nó gur dócha go ndéanfar drochúsáid mhargaidh.

(14)

Chun cúnamh a thabhairt do dhaoine a shocraíonn nó a dhéanann idirbhearta go gairmiúil i gcripteashócmhainní a mbreithiúnas a fheidhmiú agus orduithe nó idirbhearta amhrasacha ina dhiaidh sin á mbreithniú acu, ba cheart dóibh a bheith in ann an anailís ar thuairiscí ar orduithe agus idirbhearta amhrasacha a tíolacadh roimhe seo a mheabhrú agus a athbhreithniú, agus ar na horduithe, idirbhearta agus iompraíochtaí amhrasacha sin a bhaineann le feidhmiú DLT a ndearnadh anailís orthu, ach ar tháinig an t-údarás inniúil lena mbaineann ar an gconclúid ina leith nach raibh na forais amhrais réasúnach.

(15)

Chun drochúsáid mhargaidh a chosc a mhéid is féidir, ba cheart do dhaoine a shocraíonn nó a dhéanann idirbhearta go gairmiúil i gcripteashócmhainní a bheith in ann a gcórais faireachais a bheachtú agus patrúin iompraíochta a dhéantar arís agus arís eile a bhrath, a bhféadfadh amhras réasúnach faoi dhrochúsáid mhargaidh a bheith mar thoradh ar a gcomhiomlán, á mheas ina n-iomláine. Dá bhrí sin, ba cheart a cheangal ar na daoine sin anailís a dhéanamh ar orduithe, ar idirbhearta, ar iompraíochtaí amhrasacha agus ar ghnéithe eile a bhaineann le feidhmiú na teicneolaíochta mórleabhar dáilte nach raibh tuairisc ar ordú agus idirbheart amhrasach mar thoradh orthu agus anailísí den sórt sin a thaifeadadh. Ba cheart na taifid sin a bheith ina gcuidiú freisin leis na daoine sin comhlíonadh Airteagal 92 de Rialachán (AE) 2023/1114 a fhianú agus ba cheart comhlíonadh a bhfeidhmeanna maoirseachta, imscrúdaitheacha agus forfheidhmiúcháin ag údaráis inniúla faoi Airteagal 92 de Rialachán (AE) 2023/1114 a éascú leo.

(16)

Ós rud é gur margaí trasteorann go bunúsach iad margaí cripteashócmhainní, is gá nósanna imeachta comhordúcháin a shonrú idir na húdaráis inniúla chun drochúsáid mhargaidh a bhrath agus smachtbhannaí a fhorchur ina leith i gcás cásanna drochúsáide margaidh trasteorann. Ba cheart a áirithiú leis na nósanna imeachta comhordúcháin sin nach ann d’aon imscrúdú nó gníomhaíocht fhorfheidhmiúcháin atá ag teacht salach ar a chéile. Sa chomhthéacs sin, ba cheart a áireamh ar chásanna drochúsáide margaidh trasteorann cásanna ina ndéantar idirbhearta amhrasacha i mBallstát maidir le cripteashócmhainn a ligtear isteach chun a trádála i mBallstát eile agus cásanna ina bhfuil an soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní lena mbaineann ag feidhmiú i níos mó ná Ballstát amháin.

(17)

Is gá forálacha a leagan síos maidir le tarchur tuairiscí ar orduithe agus idirbhearta amhrasacha i measc na n-údarás inniúil. Tá ceanglais den sórt sin ríthábhachtach, in éagmais córas tuairiscithe idirbheart, chun maoirseacht agus forfheidhmiú éifeachtúil ar an margadh a áirithiú agus, ag an am céanna, cosc a chur ar tharchur sreafa ollmhóir faisnéise nach mbeadh úsáideach don údarás is faighteoir.

(18)

Tá an Rialachán seo bunaithe ar na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála arna gcur faoi bhráid an Choimisiúin ag an Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (‘ESMA’).

(19)

Reáchtáil ESMA comhairliúcháin phoiblí oscailte maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ar a bhfuil an Rialachán seo bunaithe, rinne sé anailís ar na costais agus ar na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ag baint leo agus d’iarr sé comhairle ar an nGrúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3),

(20)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 (4) agus thug sé a thuairim an 22 Eanáir 2025.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

1.

ciallaíonn ‘tuairisc ar ordú agus idirbheart amhrasach’ an tuairisc ar ordú nó idirbheart amhrasach, lena n-áirítear aon chealú nó modhnú orthu, agus gnéithe eile d’fheidhmiú DLT i gcás ina bhféadfadh imthosca a bheith ann lena léirítear go ndearnadh drochúsáid mhargaidh, go bhfuil drochúsáid mhargaidh á déanamh nó gur dócha go ndéanfar drochúsáid mhargaidh.

2.

ciallaíonn ‘modh leictreonach’ úsáid a bhaint as trealamh leictreonach mar mhodh chun sonraí a phróiseáil (lena n-áirítear comhbhrú digiteach), a stóráil agus a tharchur, agus úsáid á baint as sreanga, raidió, teicneolaíochtaí optúla nó aon mhodh leictreamaighnéadach eile;

3.

ciallaíonn ‘grúpa’ grúpa mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (11), de Threoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5);

4.

ciallaíonn ‘ordú’ gach uile ordú, lena n-áirítear gach uile luachan, is cuma más é an cuspóir atá leis ordú a chur isteach, a mhodhnú, a thabhairt cothrom le dáta nó a chealú ar dtús agus gan beann ar cén cineál ordaithe é;

Airteagal 2

Ceanglais ghinearálta

1.   Déanfaidh daoine a shocraíonn nó a dhéanann idirbhearta go gairmiúil i gcripteashócmhainní socruithe, córais agus nósanna imeachta a bhunú agus a choinneáil ar bun lena n-áiritheofar an méid seo a leanas:

(a)

faireachán éifeachtach agus leanúnach, chun orduithe agus idirbhearta a chosc, a bhrath agus a shainaithint i gcás ina bhféadfadh imthosca a bheith ann lena léirítear go ndearnadh drochúsáid mhargaidh, go bhfuil drochúsáid mhargaidh á déanamh nó gur dócha go ndéanfar drochúsáid mhargaidh, ar gach ordú a fuarthas agus tarchuireadh, agus ar gach idirbheart i gcripteashócmhainní a forghníomhaíodh;

(b)

faireachán éifeachtach agus leanúnach a dhéanamh ar ghnéithe d’fheidhmiú DLT chun gnéithe eile d’fheidhmiú na teicneolaíochta mórleabhar dáilte a bhrath agus a shainaithint, lena n-áirítear an tsásra comhthola, i gcás ina bhféadfadh imthosca a bheith ann lena léirítear go ndearnadh drochúsáid mhargaidh, go bhfuil drochúsáid mhargaidh á déanamh nó gur dócha go ndéanfar drochúsáid mhargaidh;

(c)

tarchur tuairisce ar ordú agus idirbheart amhrasach chuig údaráis inniúla i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo agus úsáid á baint as an teimpléad a leagtar amach san Iarscríbhinn.

2.   Beidh feidhm ag na hoibleagáidí dá dtagraítear i mír 1 maidir le horduithe, idirbhearta agus gnéithe eile d’fheidhmiú DLT a d’fhéadfadh a bheith ina ndrochúsáid mhargaidh agus beidh feidhm acu gan beann ar an méid seo a leanas:

(a)

an cháil ina ndéantar an t-ordú nó ina bhforghníomhaítear an t-idirbheart;

(b)

na cineálacha cliant lena mbaineann;

(c)

cibé acu a rinneadh na horduithe nó a forghníomhaíodh na hidirbhearta ar ardán trádála nó lasmuigh de.

3.   Déanfaidh daoine a shocraíonn nó a dhéanann idirbhearta go gairmiúil i gcripteashócmhainní a áirithiú go gcloíonn na socruithe, córais agus nósanna imeachta dá dtagraítear i mír 1 leis an méid seo a leanas:

(a)

tá siad iomchuí agus comhréireach maidir le scála, méid agus cineál a ngníomhaíochta gnó;

(b)

déantar iad a mheasúnú go rialta, trí iniúchadh agus athbhreithniú inmheánach a dhéantar go bliantúil ar a laghad, agus tugtar cothrom le dáta iad nuair is gá;

(c)

déantar iad a dhoiciméadú go soiléir i scríbhinn, lena n-áirítear aon athrú nó nuashonrú orthu, chun an Rialachán seo a chomhlíonadh, agus go gcoinneofar an fhaisnéis dhoiciméadaithe ar feadh tréimhse 5 bliana.

4.   Soláthróidh daoine a shocraíonn nó a dhéanann idirbhearta go gairmiúil i gcripteashócmhainní, arna iarraidh sin, an fhaisnéis don údarás inniúil maidir leis an measúnú dá dtagraítear i mír 3, lena n-áirítear faisnéis maidir leis an leibhéal uathoibrithe a cuireadh i bhfeidhm.

Airteagal 3

Cosc, faireachán agus brath

1.   Leis na socruithe, córais agus nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagal 92(1) de Rialachán (AE) 2023/1114, déanfar na nithe seo a leanas:

(a)

raon iomlán na ngníomhaíochtaí trádála arna ndéanamh ag na daoine a shocraíonn nó a dhéanann idirbhearta go gairmiúil i gcripteashócmhainní a chumhdach;

(b)

foláirimh a tháirgeadh lena léirítear gníomhaíochtaí a dteastaíonn tuilleadh anailíse ina leith chun drochúsáid mhargaidh a d’fhéadfadh a bheith ann a bhrath;

(c)

é a chur ar a gcumas do sholáthraithe seirbhísí cripteashócmhainní a oibríonn ardán trádála an méid seo a leanas a dhéanamh:

(i)

anailís a dhéanamh, go haonarach agus go comparáideach, ar gach idirbheart a fhorghníomhaítear, agus ar gach ordú a dhéantar, a mhodhnaítear, a chuirtear ar ceal nó a dhiúltaítear i gcórais an ardáin trádála;

(ii)

cosc a chur ar iompraíochtaí a fheictear arís agus arís eile ar an ardán trádála céanna;

(d)

a chur ar a gcumas do dhaoine a shocraíonn nó a dhéanann idirbhearta i gcripteashócmhainní anailís a dhéanamh, go haonarach agus go comparáideach, ar gach idirbheart a fhorghníomhaítear agus ar gach ordú a dhéantar, a mhodhnaítear, a chuirtear ar ceal nó a dhiúltaítear laistigh agus lasmuigh d’ardán trádála, gan beann ar cé acu a dhéantar nó nach ndéantar na horduithe agus a fhorghníomhaítear nó nach bhforghníomhaítear na hidirbhearta trí bhíthin an mhórleabhair dháilte, agus ar ghnéithe d’fheidhmiú DLT a d’fhéadfadh a bheith ina ndrochúsáid mhargaidh.

2.   Maidir le daoine a shocraíonn nó a dhéanann idirbhearta go gairmiúil i gcripteashócmhainní, cuirfidh siad socruithe agus nósanna imeachta i bhfeidhm agus coinneoidh siad ar bun iad lena n-áiritheofar leibhéal iomchuí anailíse daonna chun idirbhearta, orduithe agus gnéithe d’fheidhmiú na teicneolaíochta mórleabhar dáilte, a léiríonn dóchúlacht iompraíochtaí drochúsáide margaidh nó gur ann d’iompraíochtaí drochúsáide margaidh, a chosc, a bhrath, a shainaithint agus faireachán a dhéanamh orthu. Ní bhaileoidh daoine a shocraíonn nó a dhéanann idirbheart go gairmiúil i gcripteashócmhainní sonraí pearsanta breise, ach amháin chun leibhéal iomchuí anailíse daonna a áirithiú.

3.   Chun críocha Airteagal 92(1) de Rialachán (AE) 2023/1114, úsáidfidh daoine a shocraíonn nó a dhéanann idirbhearta go gairmiúil i gcripteashócmhainní córais TFC, a mhéid is iomchuí agus is comhréireach i ndáil le scála, méid agus cineál a ngníomhaíochta gnó.

Áireofar ar na córais TFC dá dtagraítear sa chéad fhomhír córais TFC lenar féidir léamh, léirshamhlú agus anailís uathoibrithe iarchurtha a dhéanamh ar shonraí leabhair orduithe. Beidh acmhainneacht leordhóthanach ag na córais sin oibriú i dtimpeallacht trádála algartamaí.

Chun críche an dara fomhír, ciallaíonn ‘trádáil algartamach’ trádáil i gcripteashócmhainní i gcás ina gcinnfear le halgartam ríomhaire paraiméadair aonair d’orduithe go huathoibríoch, lena n-áirítear cé acu a dhéanfar nó nach ndéanfar an t-ordú a thionscnamh, an t-uainiú, praghas nó méid an ordaithe nó conas an t-ordú a bhainistiú tar éis a thíolactha, agus idirghabháil dhaonna theoranta nó gan idirghabháil dhaonna ar bith, agus nach n-áirítear aon chóras nach n-úsáidtear ach amháin chun orduithe a ródú chuig ardán trádála amháin nó níos mó nó chun próiseáil orduithe nach mbaineann aon chinneadh paraiméadar trádála leo nó chun orduithe a dheimhniú nó chun an phróiseáil iar-thrádála a dhéanamh ar idirbhearta a forghníomhaíodh.

4.   Féadfaidh daoine a shocraíonn nó a dhéanann idirbhearta go gairmiúil i gcripteashócmhainní, trí chomhaontú i scríbhinn, na feidhmeanna a bhaineann le horduithe, idirbhearta nó gnéithe eile d’fheidhmiú DLT a d’fhéadfadh a bheith ina ndrochúsáid mhargaidh a chosc, faireachán a dhéanamh orthu, iad a bhrath agus a shainaithint, lena n-áirítear anailís ar shonraí, lena n-áirítear sonraí ordaithe agus idirbhirt, agus foláirimh a ghiniúint a sheachfhoinsiú chuig tríú páirtí nó a tharmligean chuig duine dlítheanach atá mar chuid den ghrúpa céanna, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (11), de Threoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), (‘soláthraithe’). Daoine a dhéanann na feidhmeanna sin a tharmligean nó a sheachfhoinsiú, leanfaidh siad de bheith lánfhreagrach as a n-oibleagáidí uile faoin Rialachán seo agus faoi Airteagal 92 de Rialachán (AE) 2023/1114 a chomhlíonadh. I gcás ina ndéantar na feidhmeanna sin a sheachfhoinsiú chuig tríú páirtí, comhlíonfaidh daoine a sheachfhoinsíonn na feidhmeanna sin na ceanglais seo a leanas i gcónaí:

(a)

an saineolas agus na hacmhainní is gá a choinneáil chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

(i)

meastóireacht a dhéanamh ar cháilíocht na seirbhísí a sholáthraítear agus ar leordhóthanacht eagraíochtúil na soláthraithe;

(ii)

maoirseacht a dhéanamh ar na seirbhísí seachfhoinsithe;

(iii)

na rioscaí a bhaineann le seachfhoinsiú na bhfeidhmeanna sin a bhainistiú ar bhonn leanúnach;

(b)

beidh rochtain dhíreach acu ar an bhfaisnéis ábhartha uile faoin anailís ar shonraí agus faoi fholáirimh a ghiniúint.

Sa chomhaontú i scríbhinn dá dtagraítear sa chéad fhomhír, tabharfar tuairisc ar chearta agus oibleagáidí an duine a dhéanann na feidhmeanna a tharmligean nó a sheachfhoinsiú agus ar chearta agus oibleagáidí an tsoláthraí. Leagfar amach ann freisin na forais ar ar a mbonn is féidir leis an duine a dhéanann na feidhmeanna a tharmligean nó a sheachfhoinsiú an comhaontú sin a fhoirceannadh.

5.   Mar chuid de na socruithe, córais agus nósanna imeachta dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus sa dara fomhír, coinneoidh daoine a shocraíonn nó a dhéanann idirbhearta go gairmiúil i gcripteashócmhainní an fhaisnéis ina ndéantar doiciméadú ar an anailís a rinneadh maidir le horduithe, idirbhearta agus gnéithe d’fheidhmiú DLT a d’fhéadfadh a bheith ina ndrochúsáid mhargaidh ar feadh tréimhse 5 bliana. Áireofar san fhaisnéis sin an anailís a rinneadh agus na cúiseanna le tuairisc ar ordú agus idirbheart amhrasach a thíolacadh nó gan é a thíolacadh. Soláthróidh daoine a shocraíonn nó a dhéanann idirbhearta go gairmiúil i gcripteashócmhainní an fhaisnéis sin don údarás inniúil arna iarraidh sin dó.

Airteagal 4

Oiliúint

Déanfaidh daoine a shocraíonn nó a dhéanann idirbhearta go gairmiúil i gcripteashócmhainní oiliúint éifeachtach chuimsitheach a eagrú agus a sholáthar do na baill foirne a bhfuil baint acu le horduithe, idirbhearta agus le gnéithe eile d’fheidhmiú DLT a chosc, faireachán a dhéanamh orthu, iad a bhrath agus a shainaithint, ar orduithe, idirbhearta agus gnéithe eile iad a d’fhéadfadh a léiriú go bhfuil drochúsáid mhargaidh ann, lena n-áirítear na baill foirne a bhfuil baint acu le próiseáil orduithe agus idirbheart nó atá i gceannas ar fheidhmiú DLT. Déanfar an oiliúint sin ar bhonn rialta agus beidh sí iomchuí agus comhréireach le scála, méid agus cineál an ghnó.

Airteagal 5

Tuairisc a thabhairt ar orduithe nó idirbhearta amhrasacha

1.   Maidir le daoine a shocraíonn nó a dhéanann idirbhearta go gairmiúil i gcripteashócmhainní, déanfaidh siad socruithe, córais agus nósanna imeachta éifeachtacha a bhunú agus a choinneáil ar bun, ar socruithe, córais agus nósanna imeachta iad lena gcuirfear ar a gcumas dóibh measúnú a dhéanamh, chun tuairisc ar ordú agus idirbheart amhrasach a thíolacadh, cibé acu i dtaca le hordú, idirbheart nó gnéithe eile de DLT i gcás ina bhféadfadh imthosca a bheith ann lena léirítear go ndearnadh drochúsáid mhargaidh, go bhfuil drochúsáid mhargaidh á déanamh nó gur dócha go ndéanfar drochúsáid mhargaidh. Áireofar leibhéal iomchuí anailíse daonna sna socruithe, sna córais agus sna nósanna imeachta sin.

2.   Tabharfaidh daoine a shocraíonn nó a dhéanann idirbhearta go gairmiúil i gcripteashócmhainní tuairisc ar ordú agus idirbheart amhrasach:

(a)

trí úsáid a bhaint as an teimpléad tuairisce ar ordú agus idirbheart amhrasach a leagtar amach san Iarscríbhinn agus na réimsí faisnéise atá ábhartha do na horduithe tuairiscithe, do na hidirbhearta tuairiscithe nó do ghnéithe eile d’fheidhmiú DLT a chomhlánú ar bhealach soiléir agus cruinn, lena n-áirítear aon doiciméid tacaíochta nó ceangaltáin;

(b)

trí úsáid a bhaint as na modhanna leictreonacha atá sonraithe ag an údarás inniúil sin.

Chun críocha phointe (b) den chéad fhomhír, sonróidh an t-údarás inniúil ar a shuíomh gréasáin na modhanna leictreonacha a bheidh le húsáid, agus áiritheoidh sé go gcoinneofar iomláine, sláine agus rúndacht na faisnéise le linn an tarchuir leis na modhanna leictreonacha sin.

Beidh an tuairisc ar ordú agus idirbheart amhrasach dá dtagraítear sa chéad fhomhír bunaithe ar fhíorais agus ar anailís, agus an fhaisnéis uile atá ar fáil do na daoine a shocraíonn nó a dhéanann idirbhearta go gairmiúil i gcripteashócmhainní á cur san áireamh.

3.   Déanfaidh daoine a shocraíonn nó a dhéanann idirbhearta go gairmiúil i gcripteashócmhainní rúndacht na faisnéise a leagtar síos sa tuairisc ar ordú agus idirbheart amhrasach a áirithiú agus a chothabháil agus áiritheoidh siad nach gcuirfear an duine ar tíolacadh an tuairisc ar ordú agus idirbheart amhrasach ina leith agus aon duine nach gceanglaítear air a bheith ar an eolas faoi thuairisc ar ordú agus idirbheart amhrasach a thíolacadh de bhua a fheidhme nó a phoist laistigh den tuairisciú ar an eolas faoi na nithe seo a leanas:

(a)

giniúint na bhfoláireamh dá dtagraítear in Airteagal 3(1), pointe (b);

(b)

an measúnú a bhféadfadh tíolacadh tuairisce ar ordú agus idirbheart amhrasach a bheith mar thoradh air;

(c)

an fíoras go gcomhlánóidh an duine tuairiscithe an tuairisc ar ordú agus idirbheart amhrasach gan iarrataí ar fhaisnéis a sheoladh chuig an duine a bhféadfar an tuairisc ar ordú agus idirbheart amhrasach a thíolacadh ina leith chun réimsí áirithe a chomhlánú;

(d)

tuairisc ar ordú agus idirbheart amhrasach a chur faoi bhráid an údaráis inniúil, nó é a bheith beartaithe ceann a chur faoi bhráid an údaráis inniúil.

Airteagal 6

Uainiú tuairiscí ar ordú agus idirbheart amhrasach

1.   Maidir le daoine a shocraíonn nó a dhéanann idirbhearta go gairmiúil i gcripteashócmhainní, áiritheoidh siad go mbeidh socruithe, córais agus nósanna imeachta éifeachtacha i bhfeidhm maidir le tíolacadh tuairisce ar ordú agus idirbheart amhrasach gan mhoill, a luaithe a bheidh amhras réasúnach ann faoi dhrochúsáid mhargaidh.

2.   Leis na socruithe, na córais agus na nósanna imeachta dá dtagraítear i mír 1, beidh an deis ann tuairiscí ar orduithe agus idirbhearta amhrasacha a chur isteach i ndáil le hidirbhearta, orduithe nó gnéithe eile d’fheidhmiú DLT a tharla san am a chuaigh thart, i gcás inar tháinig amhras chun cinn i bhfianaise imeachtaí nó faisnéise ina dhiaidh sin. I gcásanna den sórt sin, míneoidh daoine a shocraíonn nó a dhéanann idirbhearta go gairmiúil i gcripteashócmhainní sa tuairisc ar ordú agus idirbheart amhrasach an mhoill idir an sárú amhrasta agus an tuairisc ar ordú agus idirbheart amhrasach a chur isteach de réir imthosca sonracha an cháis.

3.   Déanfaidh daoine a shocraíonn nó a dhéanann idirbhearta go gairmiúil i gcripteashócmhainní aon fhaisnéis bhreise ábhartha a fhaigheann siad amach fúithi tar éis an tuairisc ar ordú agus idirbheart amhrasach a bheith tíolactha agus cuirfidh siad aon fhaisnéis nó doiciméad arna iarraidh ag an údarás inniúil ar fáil.

Airteagal 7

Malartú tuairiscí idir údaráis inniúla

1.   Déanfaidh na húdaráis inniúla tuairiscí ar orduithe agus idirbhearta amhrasacha a tharchur trí úsáid a bhaint as an bhfoirm chun faisnéis a sholáthar gan iarraidh a leagtar amach in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2545 ón gCoimisiún (7).

2.   Cuirfidh an t-údarás inniúil tarchuir na tuairiscí ar orduithe agus idirbhearta amhrasacha i gceangal leis an bhfoirm dá dtagraítear i mír 1, gan é a bheith de cheangal air é a aistriú go teanga an údaráis inniúil is faighteoir. Áireoidh an t-údarás inniúil tarchuir aon doiciméad breise arna soláthar sa tuairisc ar ordú agus idirbheart amhrasach, ina sonrófar an bunús dlí chun an fhaisnéis a sholáthar.

Airteagal 8

Nósanna imeachta comhordúcháin chun cásanna de dhrochúsáid mhargaidh trasteorann a bhrath agus smachtbhannaí a fhorchur ina leith

1.   Déanfaidh údarás inniúil a bhfuil amhras air gur tharla drochúsáid mhargaidh trasteorann, go bhféadfadh drochúsáid mhargaidh trasteorann tarlú, nó go bhféadfadh sé go bhfuil drochúsáid mhargaidh trasteorann ag tarlú, stádas a réamh-mheasúnaithe a thuairisciú do na húdaráis inniúla eile lena mbaineann gan moill mhíchuí, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, d’údaráis inniúla na n-ardán trádála ina ligtear an chripteashócmhainn isteach chun a trádála.

Nuair a bheidh siad ar an eolas faoi chásanna de dhrochúsáid mhargaidh trasteorann, roinnfidh na húdaráis inniúla is faighteoirí, gan moill mhíchuí, faisnéis faoi phleanáil nó faoi aon ghníomhaíocht mhaoirseachta nó aon bheart maoirseachta a bheith ann nó, i gcás inarb infheidhme agus i gcás ina mbeidh an fhaisnéis sin ar fáil don údarás inniúil glactha, faisnéis faoi imscrúdú coiriúil atá ann cheana maidir leis an gcás céanna;

2.   Déanfaidh na húdaráis inniúla lena mbaineann an méid seo a leanas:

(a)

a chéile a choinneáil ar an eolas go tréimhsiúil maidir le cásanna drochúsáide margaidh trasteorann;

(b)

a chéile a chur ar an eolas faoi fhorbairtí eatramhacha nach beag a bhaineann le cásanna drochúsáide margaidh trasteorann;

(c)

comhordú a dhéanamh ar a ngníomhaíochtaí maoirseachta agus forfheidhmiúcháin.

3.   Cuirfidh údarás inniúil a thionscain go foirmiúil imscrúdú, gníomhaíocht forfheidhmiúcháin nó, i gcás inarb infheidhme, atá ar an eolas faoi imscrúdú coiriúil, na húdaráis inniúla eile lena mbaineann ar an eolas faoi sin, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, údaráis inniúla na n-ardán trádála ina ligtear an chripteashócmhainn isteach chun a trádála. Féadfaidh an t-údarás inniúil tuairiscithe ESMA a chur ar an eolas;

4.   Féadfaidh údaráis inniúla a thionscain imscrúdú nó gníomhaíocht forfheidhmiúcháin nó a raibh baint acu le himscrúdú nó le gníomhaíocht forfheidhmiúcháin i gcomhthéacs cásanna trasteorann comhordú ESMA a iarraidh.

5.   Chun críocha an Airteagail seo, ciallóidh ‘cásanna drochúsáide margaidh trasteorann’ aon cheann de na cásanna seo a leanas:

(a)

cás ina bhfuil níos mó ná údarás inniúil amháin inniúil chun cás drochúsáide margaidh a d’fhéadfadh a bheith ann a bhrath, a imscrúdú nó smachtbhannaí a fhorchur ina leith;

(b)

cás ina bhfuil gá le comhar idir dhá údarás inniúla nó níos mó chun cás drochúsáide margaidh a d’fhéadfadh a bheith ann a bhrath, a imscrúdú nó smachtbhannaí a fhorchur ina leith.

Airteagal 9

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 29 Aibreán 2025.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 150, 9.6.2023, lch. 40, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/1114/oj.

(2)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/679/oj).

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/77/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 84, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2010/1095/oj).

(4)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (Téacs atá ábhartha maidir le LEE) (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1725/oj).

(5)  Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir leis na ráitis airgeadais bhliantúla, na ráitis airgeadais chomhdhlúite agus tuarascálacha gaolmhara cineálacha áirithe gnóthas, lena leasaítear Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 78/660/CEE agus Treoir 83/349/CEE ón gComhairle (IO L 182, 29.6.2013, lch. 19, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2013/34/oj).

(6)  Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir leis na ráitis airgeadais bhliantúla, na ráitis airgeadais chomhdhlúite agus tuarascálacha gaolmhara cineálacha áirithe gnóthas, lena leasaítear Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 78/660/CEE agus Treoir 83/349/CEE ón gComhairle (IO L 182, 29.6.2013, lch. 19, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2013/34/oj).

(7)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2545 ón gCoimisiún an 24 Meán Fómhair 2024 lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2023/1114 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le foirmeacha caighdeánacha, teimpléid chaighdeánacha agus nósanna imeachta caighdeánacha le haghaidh an chomhair agus an mhalartaithe faisnéise idir údaráis inniúla (IO L 2024/2545, 26.11.2024. ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/2545/oj).


IARSCRÍBHINN

Teimpléad tuairisce ar ordú agus idirbheart amhrasach

Tabhair do d’aire go bhfuil gach réimse i Ranna 1-4 éigeantach. I gcás nach féidir faisnéis a chur ar fáil le haghaidh réimse ar leith, luaigh ‘NB’ agus mínigh go hachomair na cúiseanna atá leis.

ROINN 1 — CÉANNACHT AN EINTITIS/AN DUINE A BHFUIL AN TUAIRISC AR ORDÚ AGUS IDIRBHEART AMHRASACH Á TÍOLACADH AIGE

Daoine a shocraíonn nó a dhéanann idirbhearta go gairmiúil i gcripteashócmhainní - Sonraigh i ngach cás:

Ainm an duine nádúrtha

[Céadainm/céadainmneacha agus sloinne/sloinnte an duine nádúrtha atá i gceannas ar an tuairisc ar ordú agus idirbheart amhrasach a thíolacadh laistigh den eintiteas a bhfuil tuairisc á tíolacadh aige.]

Post laistigh den eintiteas tuairiscithe

[Post an duine nádúrtha atá i gceannas ar an tuairisc ar ordú agus idirbheart amhrasach a thíolacadh laistigh den eintiteas a bhfuil tuairisc á tíolacadh aige.]

Ainm an eintitis tuairiscithe

[Ainm iomlán an eintitis tuairiscithe, lena n-áirítear le haghaidh daoine dlítheanacha:

an fhoirm dhlíthiúil dá bhforáiltear i gclár na tíre ar de bhun a dlí a ionchorpraítear í, i gcás inarb infheidhme, agus

cód an Aitheantóra Eintitis Dhlítheanaigh (LEI) i gcomhréir le cód LEI ISO 17442.]

Seoladh an eintitis tuairiscithe

[Seoladh iomlán (e.g. sráid, uimhir sráide, cód poist, cathair, stát/cúige) agus tír.]

Acmhainneacht ghníomhach an eintitis i ndáil leis na horduithe, na hidirbhearta nó na hiompraíochtaí a bhaineann le feidhmiú DLT a d’fheadfadh a beith ina ndrochúsáid mhargaidh

[Tuairisc ar an gcáil ina raibh an t-eintiteas tuairiscithe ag gníomhú i ndáil leis an ordú/na horduithe, leis an idirbheart/na hidirbhearta nó leis an iompraíocht/na hiompraíochtaí a bhaineann le feidhmiú na teicneolaíochta mórleabhar dáilte a d’fhéadfadh a léiriú gurb ann do dhrochúsáid mhargaidh, e.g. orduithe a fhorghníomhú thar ceann cliant, ardán trádála a oibriú...]

Cineál gníomhaíochta trádála (cruthú margaidh, arbatráiste etc.) agus cineál cripteashócmhainne arna trádáil ag an eintiteas tuairiscithe

[Tuairisc ar aon socrú corparáideach, conarthach nó eagraíochtúil nó ar aon imthosca nó caidreamh corparáideach, conarthach nó eagraíochtúil.]

An teagmhálaí le haghaidh iarratas breise ar fhaisnéis

[An duine laistigh den eintiteas tuairiscithe nach mór teagmháil a dhéanamh leis le haghaidh iarraidh bhreise ar fhaisnéis a bhaineann leis an tuairisc seo (e.g. oifigeach comhlíontachta) agus sonraí teagmhála ábhartha, murab ionann iad agus an duine atá i gceannas ar an tuairisc ar ordú agus idirbheart amhrasach a thíolacadh:

céadainm/céadainmneacha agus sloinne/sloinnte,

post an teagmhálaí laistigh den eintiteas tuairiscithe,

seoladh ríomhphoist gairmiúil,

uimhir theileafóin ghairmiúil.]

Ar tugadh tuairisc ar na fíorais d’údaráis phoiblí cheana féin?

Luaigh cé acu a tugadh tuairisc nó nár tugadh tuairisc ar na fíorais don údarás poiblí cheana féin (agus sa chás sin, sonraigh ainm an údaráis).

ROINN 2 — IDIRBHEART/ORDÚ/IOMPRAÍOCHT AGUS GNÉITHE EILE A BHAINEANN LE FEIDHMIÚ NA TEICNEOLAÍOCHTA MÓRLEABHAR DÁILTE

Tuairisc ar an gcripteashócmhainn:

Tabhair tuairisc ar an gcripteashócmhainn/na cripteashócmhainní is ábhar don tuairisc ar ordú agus idirbheart amhrasach, agus sonraigh an méid seo a leanas:

an t-ainm iomlán (lena n-áirítear Aitheantóir Comhartha Dhigitigh) i gcomhréir le ISO 24165-2 nó aitheantóir uathúil coibhéiseach dá dtagraítear in Airteagal 15 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/1140 ón gCoimisiún [C(2025)1206] (1) lena sonraítear taifid atá le coinneáil ar gach seirbhís, gníomhaíocht, ordú agus idirbheart cripteashócmhainní a dhéantar) nó tuairisc ar an gcripteashócmhainn in éagmais aitheantóra comhartha dhigitigh. I gcás ina bhfuil péire trádála i gceist leis an iompraíocht amhrasach, liostaigh an dá chripteashócmhainn sa phéire,

an cineál cripteashócmhainne (comhartha sócmhainn-tagartha, comhartha ríomh-airgid, cripteashócmhainn eile) agus le haghaidh comharthaí sócmhainn-tagartha agus comharthaí ríomh-airgid, an luach, an ceart nó an t-airgeadra oifigiúil (nó teaglaim díobh) a dtagraíonn an chripteashócmhainn dóibh chun luach cobhsaí a choinneáil.

Ainm/ainmneacha an mhórleabhair/na mórleabhar dáilte:

[Tabhair ainm iomlán/ainmneacha iomlána an mhórleabhair dháilte/na mórleabhar dáilte inar breathnaíodh an iompraíocht amhrasach]

Ardán trádála ina ndearnadh an t-ordú nó inar forghníomhaíodh an t-idirbheart

[Sonraigh ainm agus Cód Aitheantais Margaidh (MIC) i gcomhréir le ISO 10383 chun an t-ardán trádála inar cuireadh an t-ordú nó inar forghníomhaíodh an t-idirbheart a shainaithint.

I gcás nár sainaithníodh an t-ordú/an t-idirbheart ar ardán trádála, luaigh ‘lasmuigh d’ardán trádála’ agus LEI an tsoláthraí seirbhísí cripteashócmhainní a rinne an t-idirbheart i gcás inarb infheidhme.]

Suíomh (tír)

[Ainm iomlán na tíre agus cód tíre dhá charachtar ISO 3166-1.]

[Sonraigh:

an áit a dtugtar an t-ordú

an áit a bhforghníomhaítear an t-idirbheart,

an áit a dtarlaíonn an iompraíocht a bhaineann le feidhmiú na teicneolaíochta mórleabhar dáilte.]

Tuairisc ar an ordú, ar an idirbheart nó ar an iompraíocht amhrasach a bhaineann le feidhmiú DLT

[Tabhair tuairisc ar na saintréithe seo a leanas ar a laghad den ordú/de na horduithe nó den iompraíocht/de na hiompraíochtaí a tuairiscíodh:

dáta/dátaí agus am/amanna an ordaithe/na n-orduithe, an idirbhirt/na n-idirbheart nó na hiompraíochta/na n-iompraíochtaí. (Ba cheart na dátaí agus na hamanna a thuairisciú in AUL de réir na formáide in ISO 8601).

uimhir thagartha idirbhirt nó uimhir thagartha ordaithe nó hais idirbhirt.

dáta agus am socraíochta,

praghas ceannaigh/praghas díola,

méid/cainníocht na gcripteashócmhainní,

i gcás orduithe amháin, an cineál ordaithe (e.g. ‘ceannaigh le teorainn x EUR’)],

[I gcás ina bhfuil roinnt orduithe nó idirbheart ann a d’fhéadfadh a bheith ina ndrochúsáid mhargaidh, is féidir na mionsonraí maidir le praghsanna agus méideanna na n-orduithe agus na n-idirbheart sin a sholáthar don údarás inniúil in Iarscríbhinn a ghabhann leis an tuairisc ar ordú agus idirbheart amhrasach.]

Faisnéis faoi chealú nó athrú an ordaithe lena n-áirítear:

cineál an athraithe (e.g. athrú ar phraghas nó ar chainníocht) agus méid an athraithe,

[I gcás ina bhfuil roinnt orduithe nó idirbheart ann a d’fhéadfadh a bheith ina dtrádáil chos istigh, ina gcúbláil margaidh nó ina n-iarracht ar thrádáil chos istigh nó ar chúbláil margaidh, is féidir na mionsonraí maidir le praghsanna agus méideanna orduithe agus idirbheart den sórt sin a chur ar fáil don údarás inniúil in Iarscríbhinn a ghabhann leis an tuairisc ar ordú agus idirbheart amhrasach.]

na modhanna chun an t-ordú a athrú (e.g. trí ríomhphost, teileafón, etc.).

I gcás iompraíocht amhrasach a bhaineann le feidhmiú an mhórleabhair dháilte a thuairisciú, tabhair a oiread sonraí agus is féidir, lena n-áirítear an tionchar a bhí aige ar bhailíochtú idirbheart agus an modh a úsáidtear chun feidhmiú DLT a athrú.

ROINN 3 — TUAIRISC AR CHINEÁIL AN AMHRAIS

Cineál an amhrais

[Sonraigh an cineál sáraithe ar ar a bhonn a d’fhéadfadh an t-ordú/na horduithe tuairiscithe, an t-idirbheart/na hidirbhearta tuairiscithe, an iompraíocht/na hiompraíochtaí tuairiscithe a bhaineann le feidhmiú DLT, a bheith ina ndrochúsáid mhargaidh].

Cúiseanna atá leis an amhras

[Tuairisc ar an ngníomhaíocht (idirbhearta agus orduithe, bealach chun na horduithe a dhéanamh nó an t-idirbheart a fhorghníomhú agus saintréithe na n-orduithe agus na n-idirbheart a fhágann go bhfuil siad amhrasach, iompraíochtaí a bhaineann le feidhmiú DLT) agus conas a tháinig an t-ábhar ar aird an duine tuairiscithe agus sonraigh na cúiseanna leis an amhras.

I gcás cripteashócmhainní a ligtear isteach chun a dtrádála ar ardán trádála nó a thrádáiltear ar ardán trádála, tuairisc ar chineál idirghníomhaíochta/idirbhearta an leabhair orduithe a d’fhéadfadh a bheith ina ndrochúsáid mhargaidh.]

ROINN 4 — SAINAITHINT AN DUINE NÓ NA nDAOINE ATÁ FREAGRACH AS NA hORDUITHE, NA hIDIRBHEARTA AGUS AN IOMPRAÍOCHT A BHAINEANN LE FEIDHMIÚ NA TEICNEOLAÍCHTA MÓRLEABHAR DÁILTE A D’FHÉADFADH A BHEITH INA nDROCHÚSAID MHARGAIDH (‘DUINE ATÁ FAOI DHROCHAMHRAS)

Ainm

[I gcás daoine nádúrtha: an céadainm/na céadainmneacha agus an sloinne/na sloinnte.]

[I gcás daoine dlítheanacha: an t-ainm iomlán lena n-áirítear an fhoirm dhlíthiúil dá bhforáiltear i gclár na tíre ar de bhun na ndlíthe a ionchorpraíodh í, i gcás inarb infheidhme, agus an t-aitheantóir eintitis dhlítheanaigh (LEI) i gcomhréir le ISO 17442.]

Uimhir Aitheantais Náisiúnta

[Uimhir agus/nó téacs].

[I gcás nach infheidhme an Uimhir Aitheantais Náisiúnta nó nach eol í, tabhair dáta breithe (i gcás daoine nádúrtha amháin) i bhformáid ISO 8601]

Seoladh

[Seoladh iomlán (e.g. sráid, uimhir sráide, cód poist, cathair, stát/cúige) agus tír.]

Faisnéis faoin bhfostaíocht: — Áit — Post

[Faisnéis faoi fhostaíocht an duine atá faoi dhrochamhras, ó fhoinsí faisnéise atá ar fáil go hinmheánach don eintiteas tuairiscithe (e.g. doiciméadacht chuntais i gcás cliant, córas faisnéise foirne i gcás fostaí de chuid an eintitis tuairiscithe).]

Uimhir/uimhreacha cuntais agus seoladh/seoltaí tiachóige

[Uimhreacha an chuntais/na gcuntas airgid, aon chomhchuntas nó aon Chumhachtaí Aturnae ar an gcuntas atá ag an eintiteas/duine atá faoi dhrochamhras.

Seoladh/seoltaí tiachóige atá bainteach leis an idirbheart nó leis an iompraíocht faoi dhrochamhras]

Aitheantóir cliaint

[I gcás inar cliant de chuid an eintitis tuairiscithe é an duine atá faoi dhrochamhras.]

Caidreamh le heisitheoir na cripteashócmhainne lena mbaineann

[Tuairisc ar aon socrú corparáideach, conarthach nó eagraíochtúil nó ar aon imthoisc nó caidreamh corparáideach, conarthach nó eagraíochtúil.]

ROINN 5 — FAISNÉIS BHREISE

Faisnéis eile atá ábhartha don tuairisc, ag brath ar an ngníomhaíocht

[Is liosta táscach é an liosta seo a leanas agus ní liosta uileghabhálach é. Féadfar faisnéis eile a mheasann an duine tuairiscithe a bheith úsáideach a sholáthar don tuairisc ar ordú agus idirbheart amhrasach.]

post an duine atá faoi dhrochamhras (e.g. cliant miondíola, institiúidí),

cineál idirghabháil an eintitis/an duine faoi dhrochamhras thar ceann an duine féin, thar ceann cliaint, bailíochtóir idirbheart i gcóras mórleabhar dáilte, eile).

I gcás ina ndéantar an iompraíocht faoi dhrochamhras ar DLT, féadfar an méid seo a leanas a áireamh ar fhaisnéis ábhartha eile:

cé acu a cuireadh nó nár cuireadh an t-idirbheart trí scuaine (chriptithe) idirbheart poiblí nó príobháideach (i.e. mempool) sular bailíochtaíodh é ar DLT;

an bhfuil an DLT poiblí nó príobháideach;

idirghníomhaíochtaí a d’fhéadfadh a bheith ann le conarthaí cliste, lena n-áirítear sonraíocht sheoladh an chonartha agus na feidhme a glaodh;

méid phunann an eintitis/an duine atá faoi dhrochamhras,

an dáta a thosaigh an caidreamh gnó leis an gcliant más cliant de chuid an duine tuairiscithe/an eintitis tuairiscithe é an t-eintiteas/an duine atá faoi dhrochamhras,

cineál gníomhaíochta na deisce trádála, i gcás ina mbeidh sé ar fáil, de chuid an eintitis atá faoi dhrochamhras,

patrúin trádála an eintitis/an duine atá faoi dhrochamhras. Mar threoir, seo a leanas samplaí d’fhaisnéis a d’fhéadfadh a bheith úsáideach:

nósanna trádála an eintitis/an duine atá faoi dhrochamhras,

inchomparáideacht mhéid an ordaithe tuairiscithe/an idirbhirt tuairiscithe le meánmhéid na n-orduithe a cuireadh isteach/na n-idirbheart a rinne an t-eintiteas/an duine atá faoi dhrochamhras le 12 mhí anuas,

nósanna an eintitis/an duine atá faoi dhrochamhras maidir le cripteashócmhainní a thrádáil sé le 12 mhí anuas, go háirithe an mbaineann an t-ordú/an t-idirbheart tuairiscithe le cripteashócmhainn a bhí á trádáil ag an eintiteas/an duine atá faoi dhrochamhras le bliain anuas.

Eintitis/daoine eile is eol a bheith bainteach leis na horduithe nó leis na hidirbhearta a d’fhéadfadh a bheith ina ndrochúsáid mhargaidh:

ainmneacha,

gníomhaíocht (e.g. orduithe a fhorghníomhú thar ceann cliant, déileáil thar a cheann féin, ardán trádála a oibriú, idirbhearta a bhailíochtú.)

ROINN 6 — DOICIMÉADACHT CHEANGAILTE

[Liostaigh na ceangaltáin tacaíochta agus an t-ábhar a sholáthraítear in éineacht leis an tuairisc ar ordú agus idirbheart amhrasach].

[Samplaí de dhoiciméadacht den sórt sin is ea ríomhphoist, taifeadtaí ar chomhráite, taifid ar orduithe/idirbhearta, taifid ar theicneolaíocht mórleabhar dáilte, dearbhuithe, tuarascálacha bróicéara, doiciméid maidir le Cumhachtaí Aturnae, agus tráchtaireacht ó na meáin i gcás inarb ábhartha.

I gcás ina soláthraítear an fhaisnéis mhionsonraithe faoi na horduithe/na hidirbhearta/na hiompraíochtaí a bhaineann le feidhmiú na teicneolaíochta mórleabhar dáilte dá dtagraítear i Roinn 2 in iarscríbhinn ar leithligh, tabhair teideal na hiarscríbhinne sin le fios.]


(1)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/1140 an 27 Feabhra 2025 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2023/1114 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear taifid atá le coinneáil ar gach seirbhís, gníomhaíocht, ordú agus idirbheart cripteashócmhainní a dhéantar (IO L, 2025/1140, 10.6.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2025/1140/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2025/885/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)