|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/878 |
8.5.2025 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2025/878 ÓN gCOIMISIÚN
an 3 Feabhra 2025
lena leasaítear na caighdeáin theicniúla rialála a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2059, Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2060 agus Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1577 a mhéid a bhaineann le mionsonraí teicniúla na gceanglas cúltástála agus na gceanglas sannta brabúis agus caillteanais, na critéir chun measúnú a dhéanamh ar insamhaltaitheacht fachtóirí riosca, agus láimhseáil an riosca malairte eachtraí agus an riosca tráchtearraí sa leabhar neamhthrádála
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta le haghaidh institiúidí creidmheasa agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (1), agus go háirithe Airteagal 325(9), an tríú fomhír, Airteagal 325be(3), an tríú fomhír, Airteagal 325bf(9), an tríú fomhír, agus Airteagal 325bg(4), an cúigiú fomhír, de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán (AE) 2024/1623 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), leasaíodh roinnt forálacha de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, chun líon beag riachtanais CBMB nár cuireadh chun feidhme sa phacáiste baincéireachta roimhe sin agus roinnt soiléirithe ar na riachtanais atá ann cheana a thabhairt isteach. Dá bhrí sin, ba cheart na leasuithe sin a léiriú i Rialacháin Tarmligthe (AE) 2022/2059 (3), (AE) 2022/2060 (4) agus (AE) 2023/1577 ón gCoimisiún (5), lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. |
|
(2) |
Chun ailíniú níos soiléire le caighdeáin idirnáisiúnta CBMB agus le leasuithe breise a tugadh isteach i ndlí an Aontais trí Rialachán (AE) 2024/1623 a áirithiú, is gá Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2059 a leasú chun a shonrú gur cheart deasca creasa ghlais, mar a aicmítear iad i gcomhréir leis an Rialachán sin, a mheas mar dheasca a bhfuil athruithe teoiriciúla agus hipitéiseacha ar luach na punainne acu atá gar dá chéile, agus deasca trádála buí a mheas mar dheasca a bhfuil athruithe teoiriciúla agus hipitéiseacha ar luach na punainne acu atá gar go leor, ach nach bhfuil gar dá chéile. Ba cheart deasca creasa dheirg agus oráiste a mheas, ina ionad sin, mar dheasca a bhfuil athruithe teoiriciúla agus hipitéiseacha ar luach na punainne acu nach bhfuil gar dá chéile ná gar go leor dá chéile. |
|
(3) |
Is gá Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2059 a leasú chun an fhoirmle chomhiomlánaithe a bhaint, a leagtar síos faoi láthair in Airteagal 16 den Rialachán Tarmligthe sin, agus a leagtar síos anois in Airteagal 325ba(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. |
|
(4) |
Chun tacú leis na húdaráis inniúla agus measúnú á dhéanamh acu ar cé acu ba cheart nó nár cheart dóibh cead a thabhairt d’institiúidí úsáid a bhaint as sonraí margaidh a sholáthraíonn díoltóirí tríú páirtí sa mheasúnú ar insamhaltaitheacht fachtóirí riosca i gcomhréir le hAirteagal 325be(1), an dara fomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, is gá na ceanglais doiciméadachta a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2060 a choigeartú. |
|
(5) |
Chun soiléireacht bhreise ar ríomh na gceanglas cistí dílse le haghaidh riosca margaidh maidir le suíomhanna leabhair neamhthrádála a áirithiú, ba cheart d’institiúidí beartais shoiléire a bheith acu lena leagtar amach cé hiad na deasca trádála atá i gceannas ar bhainistiú na suíomhanna sin, agus ba cheart dóibh a bheith in ann a shainaithint mura mbaineann na suíomhanna malairte eachtraí ach leis an riosca aistriúcháin. Dá bhrí sin, is gá Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1577 a leasú chun a áirithiú go mbainfear na cuspóirí sin amach. |
|
(6) |
Tá an Rialachán seo bunaithe ar na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a chuir an tÚdarás Baincéireachta Eorpach faoi bhráid an Choimisiúin. |
|
(7) |
Rinne an tÚdarás Baincéireachta Eorpach comhairliúcháin phoiblí oscailte a reáchtáil maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ar a bhfuil an Rialachán sin bunaithe, rinne sé anailís ar na costais agus ar na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ag baint leo ann agus d’iarr sé comhairle ar an nGrúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán(AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6). |
|
(8) |
Na cumhachtuithe atá in Airteagal 325(9), an tríú fomhír, Airteagal 325be(3), an tríú fomhír, Airteagal 325bf(9), an tríú fomhír, agus Airteagal 325bg(4), an tríú fomhír de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, is é is aidhm dóibh na heilimintí teicniúla atá le húsáid ag na bainc i ríomh a gceanglas cistí dílse le haghaidh riosca margaidh faoi chur chuige na samhlacha inmheánacha malartacha a shonrú a thuilleadh. Ós rud go bhfuil na cumhachtuithe sin nasctha go dlúth le chéile trína n-ábhar, soláthraítear leis na leasuithe a mholtar sa Rialachán seo léargas iomlán ar na hathruithe uile is gá a dhéanamh ar shamhlacha inmheánacha malartacha tar éis ghlacadh Rialachán (AE) 2024/1623 agus dá bhrí sin, ba cheart iad a chuachadh sa Rialachán seo, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2059 mar a leanas:
|
(1) |
In Airteagal 6, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1: ‘1. Chun críocha Airteagal 325bg de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, comhéifeacht comhghaolúcháin Spearman a leagtar síos in Airteagal 7 den Rialachán seo, agus méadrach tástála Kolmogorov-Smirnov a leagtar síos in Airteagal 8 den Rialachán seo, déanfaidh institiúidí iad a ríomh le haghaidh punann deisce trádála ar leith, agus cuirfidh siad na critéir dá dtagraítear in Airteagal 9 den Rialachán seo i bhfeidhm, i bhfianaise thorthaí na ríomhanna sin.’ |
|
(2) |
Leasaítear Airteagal 9 mar a leanas:
|
|
(3) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 10: ‘Airteagal 10 Ríomh an cheanglais cistí dílse breise dá dtagraítear in Airteagal 325bg(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 1. Beidh an ceanglas cistí dílse breise dá dtagraítear in Airteagal 325bg(2) cothrom le:
I gcás inarb amhlaidh:
2. Chun críocha mhír 1, ríomhfar an chomhéifeacht k i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas:
I gcás inarb amhlaidh:
|
|
(4) |
Scriostar Airteagal 16. |
Airteagal 2
Leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2060 mar a leanas:
|
(1) |
In Airteagal 2, scriostar mír 4; |
|
(2) |
In Airteagal 7(1), cuirtear an fhomhír seo a leanas leis: ‘I gcás ina n-áirítear díoltóirí tríú páirtí i bhfoinsí faisnéise institiúide faoi phraghsanna infhíoraithe dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír, déanfaidh an institiúid, i gcás gach díoltóra tríú páirtí, an líon fachtóirí riosca a aicmíodh mar fhachtóir riosca insamhaltaithe ar bhonn na bpraghsanna infhíoraithe a sholáthar an díoltóir tríú páirtí sin, agus measúnú ábharthachta na bhfactóirí riosca sin, a dhoiciméadú.’. |
Airteagal 3
Leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1577 mar a leanas:
|
(1) |
in Airteagal 1, cuirtear an mhír 6 seo a leanas leis: ‘6. Agus na ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca margaidh ar bhonn comhdhlúite á ríomh, i gcomhréir le hAirteagal 325b de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, maidir leis na suíomhanna a áirítear i neamhchosaint na hinstitiúide ar riosca malairte eachtraí mar gheall ar an riosca aistriúcháin a bhíonn ann nuair a aistrítear suíomhanna gach institiúide nó gnóthais den ghrúpa go dtí an t-airgeadra tuairiscithe céanna i gcomhréir leis an Airteagal sin, beidh institiúidí in ann na suíomhanna sin a shainaithint ina gcórais bainistithe riosca.’ |
|
(2) |
in Airteagal 3, cuirtear isteach na míreanna 7 agus 8 seo a leanas: ‘7. Mar chuid de na beartais inmheánacha dá dtagraítear in Airteagal 325bi de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, déanfaidh institiúidí doiciméadú i dtaobh cé acu a shanntar suíomhanna sa leabhar neamhthrádála atá faoi réir riosca malairte eachtraí do dheasc thrádála lena mbainistítear suíomhanna sa leabhar neamhthrádála amháin i gcomhréir le hAirteagal 104b(6) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, nó do dheasc thrádála lena mbainistítear suíomhanna sa leabhar trádála agus sa leabhar neamhthrádála araon. I gcás ina sanntar roinnt suíomhanna atá faoi réir riosca malairte eachtraí sa leabhar neamhthrádála do dheasc thrádála lena mbainistítear suíomhanna sa leabhar neamhthrádála amháin i gcomhréir le hAirteagal 104b(6) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, agus ina sanntar roinnt suíomhanna eile do dheasc thrádála lena mbainistítear suíomhanna sa leabhar trádála agus sa leabhar neamhthrádála araon, sonrófar sna beartais inmheánacha na critéir agus an réasúnacht a bhaineann le suíomh a shannadh do dheasc thrádála lena mbainistítear suíomhanna sa leabhar neamhthrádála amháin nó do dheasc lena mbainistítear suíomhanna sa leabhar trádála agus sa leabhar neamhthrádála araon. 8. Agus na ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca margaidh ar bhonn comhdhlúite á ríomh, i gcomhréir le hAirteagal 325b de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, maidir leis na suíomhanna a áirítear i neamhchosaint na hinstitiúide ar riosca malairte eachtraí mar gheall ar an riosca aistriúcháin a bhíonn ann nuair a aistrítear suíomhanna gach institiúide nó gnóthais den ghrúpa go dtí an t-airgeadra tuairiscithe céanna i gcomhréir leis an Airteagal sin, beidh institiúidí in ann na suíomhanna sin a shainaithint ina gcórais bainistithe riosca.’ |
|
(3) |
in Airteagal 4, cuirtear an mhír 4 seo a leanas leis: ‘4. Mar chuid de na beartais inmheánacha dá dtagraítear in Airteagal 325bi de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, déanfaidh institiúidí doiciméadú i dtaobh cé acu a shanntar suíomhanna sa leabhar neamhthrádála atá faoi réir riosca tráchtearraí nó faoi réir riosca tráchtearraí agus riosca malairte eachtraí araon do dheasc thrádála lena mbainistítear suíomhanna sa leabhar neamhthrádála amháin i gcomhréir le hAirteagal 104b(6) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, nó do dheasc thrádála lena mbainistítear suíomhanna sa leabhar trádála agus sa leabhar neamhthrádála araon. I gcás ina sanntar roinnt suíomhanna atá faoi réir riosca malairte eachtraí sa leabhar neamhthrádála do dheasc thrádála lena mbainistítear suíomhanna sa leabhar neamhthrádála amháin i gcomhréir le hAirteagal 104b(6) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, agus ina sanntar roinnt suíomhanna eile do dheasc thrádála lena mbainistítear suíomhanna sa leabhar trádála agus sa leabhar neamhthrádála araon, sonrófar sna beartais inmheánacha na critéir agus an réasúnacht a bhaineann le suíomh a shannadh do dheasc thrádála lena mbainistítear suíomhanna sa leabhar neamhthrádála, nó do dheasc lena mbainistítear suíomhanna sa leabhar trádála agus sa leabhar neamhthrádála araon.’ |
Airteagal 4
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 3 Feabhra 2025.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 176, 27.6.2013, lch. 1.
(2) Rialachán (AE) 2024/1623 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2024 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a mhéid a bhaineann le ceanglais le haghaidh riosca creidmheasa, riosca maidir le coigeartú luachála creidmheasa, riosca oibriúcháin, riosca margaidh agus an t-íosráta aschuir (IO L, 2024/1623, 19.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1623/oj).
(3) Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2059 ón gCoimisiún an 14 Meitheamh 2022 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear mionsonraí teicniúla na gceanglas cúltástála agus na gceanglas sannta brabúis agus caillteanais faoi Airteagal 325bf agus Airteagal 325bg de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 (IO L 276, 26.10.2022, lch. 47, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2022/2059/oj).
(4) Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2060 ón gCoimisiún an 14 Meitheamh 2022 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear na critéir chun measúnú a dhéanamh ar insamhaltaitheacht fachtóirí riosca faoi chur chuige na samhlacha inmheánacha (IMA) agus lena sonraítear minicíocht an mheasúnaithe sin faoi Airteagal 325be(3) den Rialachán sin (IO L 276, 26.10.2022, lch. 60, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2022/2060/oj).
(5) Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1577 ón gCoimisiún an 20 Aibreán 2023 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála maidir le ríomh na gceanglas cistí dílse le haghaidh riosca margaidh i gcás suíomhanna leabhair neamhthrádála atá faoi riosca malairte eachtraí nó riosca tráchtearraí agus maidir le láimhseáil na suíomhanna sin chun críocha na gceanglas maidir le cúltástáil agus sannadh brabúis agus caillteanais faoi chur chuige malartach na samhlacha inmheánacha (IO L 193, 1.8.2023, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2023/1577/oj).
(6) Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach) lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 12, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2010/1093/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2025/878/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)