European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/877

13.5.2025

RIALACHÁN (AE) 2025/877 ÓN gCOIMISIÚN

an 12 Bealtaine 2025

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le substaintí áirithe a aicmítear mar shubstaintí atá carcanaigineach, só-ghineach nó tocsaineach don atáirgeadh a úsáid i dtáirgí cosmaideacha

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le táirgí cosmaideacha (1), agus go háirithe Airteagal 15(1) agus Airteagal 15(2), an ceathrú fomhír, de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) déantar foráil maidir le haicmiú comhchuibhithe substaintí mar shubstaintí atá carcanaigineach, só-ghineach nó tocsaineach don atáirgeadh (CMR) bunaithe ar mheasúnú eolaíoch arna dhéanamh ag an gCoiste um Measúnú Riosca de chuid na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceán. Déantar na substaintí a aicmiú mar shubstaintí CMR de chatagóir 1A, de chatagóir 1B nó de chatagóir 2 ag brath ar an leibhéal fianaise i dtaca lena n-airíonna CMR.

(2)

Le hAirteagal 15 de Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009, foráiltear go gcuirfear toirmeasc ar shubstaintí atá aicmithe mar shubstaintí CMR de chatagóir 1A, 1B nó 2 faoi Chuid 3 d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 (substaintí CMR) a úsáid i dtáirgí cosmaideacha. Féadfar substaint CMR a úsáid i dtáirgí cosmaideacha, áfach, i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 15(1), an dara habairt, de Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009 nó in Airteagal 15(2), an dara fomhír, den Rialachán sin.

(3)

Chun an toirmeasc ar shubstaintí CMR a chur chun feidhme go haonfhoirmeach laistigh den mhargadh inmheánach, chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú, go háirithe le haghaidh oibreoirí eacnamaíocha agus údaráis inniúla náisiúnta, agus chun ardleibhéal cosanta do shláinte an duine a áirithiú, ba cheart gach substaint CMR a áireamh i liosta na substaintí a bhfuil toirmeasc orthu in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009 agus, i gcás inarb ábhartha, é a scriosadh ó na liostaí de shubstaintí srianta nó ceadaithe in Iarscríbhinní III go VI a ghabhann leis an Rialachán sin. I gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 15(1), an dara habairt, de Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009 nó in Airteagal 15(2), an dara fomhír, den Rialachán sin, ba cheart na liostaí de shubstaintí srianta nó ceadaithe in Iarscríbhinní III go VI a ghabhann leis an Rialachán sin a leasú dá réir.

(4)

Cumhdaítear leis an Rialachán seo na substaintí a aicmítear mar shubstaintí CMR de réir Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/197 ón gCoimisiún (3) (‘na substaintí ábhartha’). Beidh feidhm ag Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/197 ón 1 Meán Fómhair 2025.

(5)

Níor cuireadh isteach aon iarraidh maidir le húsáid na substaintí ábhartha i dtáirgí cosmaideacha mar eisceacht air sin.

(6)

Maidir leis an tsubstaint ‘ocsaíd défheinil(2,4,6-trímheitilbeansóil)foisfín’ (Uimh. CAS 75980-60-8), lena ngabhann an t-ainm ‘Ocsaíd Défheiniolfoisfín Trímheitilbeansóile’ faoi Ainmníocht Idirnáisiúnta na gComhábhar Cosmaideach, liostaítear í in iontráil 311 d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009 agus, dá bhrí sin, ceadaítear í le haghaidh úsáid ghairmiúil i gcórais ingne saorga ag uastiúchan de 5 %.

(7)

I bhfianaise ‘Ocsaíd Défheiniolfoisfín Trímheitilbeansóile’ a aicmiú mar shubstaint CMR de chatagóir 1B (Tocsaineach don Atáirgeadh), níor cheart an tsubstaint sin a cheadú i dtáirgí cosmaideacha a thuilleadh. Dá bhrí sin, ba cheart iontráil 311 d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009 a scriosadh agus ba cheart an tsubstaint a áireamh ar liosta na substaintí toirmiscthe in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán sin.

(8)

Maidir leis an tsubstaint ‘2-ciana-N-[(eitiolaimínea)carbóinil]-2-(meiteocsaimínea)aicéataimíd’ (CAS 57966-95-7), lena ngabhann an t-ainm ISO ‘ciamocsainil’, a aicmíodh mar shubstaint atá Tocsaineach don Atáirgeadh de Chatagóir 2, liostaítear í in iontráil 1580 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009 agus, dá bhrí sin, tá toirmeasc ar a húsáid i dtáirgí cosmaideacha. Mar sin féin, ní áirítear in iontráil 1580 an t-ainm ceimiceach breise ‘(2E)-2-ciana-N-[(eitiolaimínea)carbóinil]-2-(meatocsaimínea)aicéataimíd’ ná an uimhir CAS a bhaineann leis an ainm ceimiceach sin dá dtagraítear i Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/197. Ar mhaithe le soiléireacht agus deimhneacht dhlíthiúil, ba cheart iontráil 1580 a oiriúnú ionas go mbeidh an t-ábhar céanna inti agus atá san iontráil chomhfhreagrach i Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008.

(9)

Ní liostaítear aon cheann de na substaintí ábhartha eile faoi láthair i Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009. Dá réir sin, ba cheart iad a chur le liosta na substaintí a bhfuil toirmeasc orthu i dtáirgí cosmaideacha in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán sin.

(10)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009 a leasú dá réir.

(11)

Tá na leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009 bunaithe ar aicmithe na substaintí ábhartha mar shubstaintí CMR agus dá bhrí sin ba cheart feidhm a bheith acu ón dáta céanna a bheidh feidhm ag na haicmithe sin.

(12)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir le tuairim an Bhuanchoiste um Tháirgí Cosmaideacha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinní II agus III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Meán Fómhair 2025.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 12 Bealtaine 2025.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 342, 22.12.2009, lch. 59, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2009/1223/oj.

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán, lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Treoracha 67/548/CEE agus 1999/45/CE, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 (IO L 353, 31.12.2008, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2008/1272/oj).

(3)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/197 ón gCoimisiún an 19 Deireadh Fómhair 2023 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 a mhéid a bhaineann le haicmiú agus lipéadú comhchuibhithe substaintí áirithe (IO L, 2024/197, 5.1.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2024/197/oj).


IARSCRÍBHINN

Leasaítear Iarscríbhinní II agus III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009 mar a leanas:

(1)

leasaítear Iarscríbhinn II mar a leanas:

(a)

cuirtear isteach na hiontrálacha seo a leanas:

Uimhir thagartha

Céannacht na substaintí

Ainm ceimiceach/INN

Uimhir CAS

Uimhir CE

a

b

c

d

‘1731

ocsaíd défheanól(2,4,6-trímheitilbeansóil)foisfín

75980-60-8

278-355-8

1732

2,2’,6,6’-teitreabróma-4,4’-iseapróipilidéindéfheanól; teitreabrómaibisfeanól-A

79-94-7

201-236-9

1733

trasfhluaitrin (ISO); (1R,3S)-3-(2,2-déchlóraivinil)-2,2-démheitilcigleaprópáncarbocsaláit 2,3,5,6-teitreafluaraibeinsile

118712-89-3

405-060-5

1734

clóitiainidín (ISO); (E)-1-(2-clóra-1,3-tiasól-5-ilmeitil)-3-meitil-2-nítreaguainidín

210880-92-5

433-460-1

1735

beinsil(dé-eitiolaimín)défheinealfosfóiniam 4-[1,1,1,3,3,3-heicseafluara-2-(4-hiodrocsaifeinil)própáin-2-il]feanól

577705-90-9

479-100-5

1736

beinsiltrífheinealfosfóiniam, salann le 4,4’-[2,2,2-trífhluarai-1-(trífhluaraimeitil)eitilidéin]bis[feanól] (1:1)

75768-65-9

278-305-5

1737

mais imoibriúcháin de 4,4’-[2,2,2-trífhluara-1-(trífhluaraimeitil)eitilidéin]défheanól agus beinsil(dé-eitiolaimín)défheinealfosfóiniam 4-[1,1,1,3,3,3-heicseafluara-2-(4-hiodrocsaifeinil)própán-2-il]feanóláit (1:1)

1738

mais imoibriúcháin de 4,4’-[2,2,2-trífhluara-1-(trífhluaraimeitil)eitilidéin]défheanól agus beinsiltrífheinealfosfóiniam, salann le 4,4’-[2,2,2-trífhluara-1-(trífhluaraimeitil)eitilidéin]défheanól (1:1)

1739

próipiolfosfónáit démheitile

18755-43-6

242-555-3

1740

mailéáit débhúitiline

78-04-6

201-077-5

1741

ocsaíd débhúitiline

818-08-6

212-449-1

1742

mais imoibriúcháin de bhútáin 1-(2,3-eapocsaprópocsa)-2,2-bis ((2,3-eapocsaprópocsa)meitil) agus bútáin 1-(2,3-eapocsaprópocsa)-2-((2,3-eapocsaprópocsa)meitil)-2-hídreacsaimeitil

1743

4,4’-[2,2,2-trífhluarai-1-(trífhluaraimeitil)eitilidéin]bis[feanól]; bisfeanól AF

1478-61-1

216-036-7

1744

beanfluarailin (ISO); N- búitil-N-eitil-α,α,α-trífhluara-2,6-dénítrea-p-tolúidín

1861-40-1

217-465-2

1745

N,N-démheitil-p-tolúidín

99-97-8

202-805-4

1746

1,4-Beinséindé-aimín, N,N’-Ph measctha agus díorthaigh toilile.

68953-84-4

273-227-8

1747

4-nítreasamorfóilín

59-89-2

1748

défheanaconasól (ISO); 1-({2-[2-clóra-4-(4-clóraifeanocsa)feinil]-4-meitil-1,3-dé-ocsólán-2-il}meitil)-1H-1,2,4-trí-asól; éitear 3-clóra-4-[(2RS,4RS;2RS,4SR)-4-meitil-2-(1H-1,2,4-trí-asól-1-ilmeitil)-1,3-dé-ocsólán-2-il]feinile 4-clóraifeinile

119446-68-3

1749

4-meitilimiodasól

822-36-6

212-497-3

1750

dé-isicianáit 3,3’-démheitildéfheinil-4,4’-dé-ile

91-97-4

202-112-7

1751

foramsulfúrón (ISO); 2-{[(4,6-démheatocsaipirimidin-2-il)carbamóil]sulfamóil}-4-foramaimíde-N,N-démheitilbeansaimíd; 1-(4,6-démheatocsaipirimidin-2-il)-3-(2-démheitiolcarbaimil-5-foramaimídefeiniolsulfáinil)úiré

173159-57-4

—’

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontráil 1580:

Uimhir thagartha

Céannacht na substaintí

Ainm ceimiceach/INN

Uimhir CAS

Uimhir CE

a

b

c

d

‘1580

(2E)-2-ciana-N-[(eitiolaimínea)carbóinil]-2-(meiteocsaimínea)aicéataimíd; [2]

166900-80-7; [2]

261-043-0; [1]

ciamocsainil (ISO); 2-ciana-N-[(eitiolaimínea)carbóinil]-2-(meiteocsaimínea)aicéataimíd; [1]

57966-95-7; [1]

- [2]’

(2)

in Iarscríbhinn III, scriostar iontráil 311.


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/877/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)