![]() |
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
2025/874 |
12.5.2025 |
CINNEADH (AE) 2025/874 ÓN mBANC CEANNAIS EORPACH
an 24 Aibreán 2025
lena leasaítear Cinneadh (AE) 2022/1982 maidir le húsáid sheirbhísí Chóras Eorpach na mBanc Ceannais ag údaráis inniúla agus ag údaráis chomhoibritheach (BCE/2022/34) (BCE/2025/14)
Tá Comhairle Rialaithe an Bhainc Ceannais Eorpaigh,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe, Airteagal 127 agus Airteagal 132(1) de,
Ag féachaint do Reacht Chóras Eorpach na mBanc Ceannais agus an Bhainc Cheannais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 12.1 i gcomhar le hAirteagail 3.1 agus 12.3, agus Airteagal 34 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
De bhun Chinneadh (AE) 2022/1982 ón mBanc Ceannais Eorpach (BCE/2022/34) (1), féadfaidh údaráis inniúla úsáid a bhaint as sheirbhísí Chórais Eorpach na mBanc Ceannais (CEBC) chun críche comhoibriú le CEBC agus le chéile chun a gcúraimí a dhéanamh laistigh den Sásra Aonair Maoirseachta (SAM), arna bhunú de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 ón gComhairle. (2) |
(2) |
Cuirtear seirbhísí CEBC ar fáil do bhainc cheannais CEBC chun tacú le comhlíonadh a gcúraimí. Déanann banc ceannais CEBC amháin nó níos mó seirbhísí CEBC a fhorbairt, a reáchtáil agus a chothabháil agus is é Coiste Staidrimh an CEBC a stiúrann iad. |
(3) |
Is seirbhís staidrimh CEBC é Tionscadal Tascanna Oibríochtúla Foclóir Tuairiscithe Comhtháite na mBanc (Banks’ Integrated Reporting Dictionary Operational Tasks Project, BIRD OT) ina bhfuil samhail sonraí chomhtháite agus chomhchuibhithe agus foclóir tuairiscithe agus, dá réir sin, tá sé beartaithe feabhas suntasach a chur ar cháilíocht, ar chomhsheasmhacht agus ar chruinneas na sonraí a thuairiscítear do bhainc cheannais trí thuairisciú staidrimh. Chothódh úsáid BIRD OT comhar i réimse an tuairiscithe rialála, ós rud é go gcuirfidh gach gníomhaire tuairiscithe agus gníomhaire faoi mhaoirseacht a úsáideann BIRD OT samhail aonfhoirmeach sonraí agus foclóir tuairiscithe i bhfeidhm. Dá bhrí sin, rachadh BIRD OT chun tairbhe do na húdaráis inniúla uile a gceanglaítear tuarascálacha sonraí maoirseachta a chur faoina mbráid. Dá bhrí sin, ba cheart an liosta de sheirbhísí CEBC atá le cur ar fáil d’údaráis inniúla agus d’údaráis chomhoibríocha a leathnú chun BIRD OT a áireamh. |
(4) |
Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh (AE) 2022/1982 (BCE/2022/34) a leasú dá réir sin, |
TAR ÉÍS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasú
I gCinneadh (AE) 2022/1982 (BCE/2022/34), cuirtear an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo in ionad Iarscríbhinn I.
Airteagal 2
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar an bhfichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh in Frankfurt am Main, an 24 Aibreán 2025.
Uachtarán BCE
Christine LAGARDE
(1) Cinneadh (AE) 2022/1982 ón mBanc Ceannais Eorpach an 10 Deireadh Fómhair 2022 maidir le húsáid sheirbhísí Chóras Eorpach na mBanc Ceannais ag údaráis inniúla agus ag údaráis chomhoibritheacha, agus lena leasaítear Cinneadh BCE/2013/1 (BCE/2022/34) (IO L 272, 20.10.2022, lch. 29).
(2) Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 2013 lena dtugtar cúraimí sainiúla don Bhanc Ceannais Eorpach i dtaca le beartais a bhaineann le maoirseacht stuamachta institiúidí creidmheasa (IO L 287, 29.10.2013, lch. 63).
IARSCRÍBHINN
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Iarscríbhinn I de Chinneadh (AE) 2022/1982 (BCE/2022/34):
‘IARSCRÍBHINN I
Seirbhísí CEBC le cur ar fáil d’údaráis inniúla agus d’údaráis chomhoibríocha
— |
AnaCredit (AnaCredit) |
— |
Banks’ Integrated Reporting Dictionary Operational Tasks Project (BIRD OT) |
— |
Centralised Securities Database (CSDB) |
— |
CoreNet |
— |
Enterprise Service Bus (ESB) |
— |
ESCB Public Key Infrastructure (ESCB PKI) |
— |
ESCB Teleconference System |
— |
ESCB Performing Survey Initiative LimeSurvey-based Solution (EPSILON) |
— |
ENTM modelling tool and repository (ENTM) |
— |
Identity and Access Management Service (IAM) |
— |
Register of Institutions and Affiliates Database (RIAD) |
— |
Secure ESCB Email (SEE) |
— |
Securities Holdings Statistics Database (SHSDB) |
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/874/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)