|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/870 |
5.5.2025 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2025/870 ÓN gCOIMISIÚN
an 28 Feabhra 2025
lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann leis na tagairtí d’fhorálacha Choinbhinsiún Chicago
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2018 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta de chuid an Aontais Eorpaigh, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005, Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008, Rialachán (AE) Uimh. 996/2010, Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 agus Treoir 2014/30/AE agus Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 552/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CEE) Uimh. 3922/91 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 19(3) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Ba cheart aerárthaí, cé is moite d’aerárthaí gan foireann, maille lena n-innill, liáin, páirteanna agus trealamh neamhshuiteáilte, na ceanglais maidir le cosaint an chomhshaoil a chomhlíonadh. I Rialachán (AE) 2018/1139 déantar foráil dóibh trí thagairt a dhéanamh d’fhorálacha sonracha Choinbhinsiún Chicago, ina bhfuil na ceanglais sin. |
|
(2) |
An 20 Márta 2023 ag an gcúigiú cruinniú den 228ú Seisiún de Chomhairle ICAO, ghlac sí Leasú 14 ar Imleabhar I, ‘Torann Aerárthaí’, d’Iarscríbhinn 16 a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago, Leasú 11 ar Imleabhar II, ‘Astaíochtaí Innill Aerárthaí’, d’Iarscríbhinn 16 a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago, agus Leasú 2 ar Imleabhar III, ‘Astaíochtaí CO2 Eitleán’, d’Iarscríbhinn 16 a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago. Tháinig na leasuithe sin i bhfeidhm an 1 Eanáir 2024. |
|
(3) |
Dá bhrí sin, ba cheart na tagairtí d’fhorálacha Choinbhinsiún Chicago a thabhairt cothrom le dáta agus ba cheart Rialachán (AE) 2018/1139 a leasú dá réir. |
|
(4) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo bunaithe ar Thuairim Uimh. 2/2024 a d’eisigh Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh (EASA) i gcomhréir le hAirteagal 76(1) de Rialachán (AE) 2018/1139, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
In Airteagal 9(2) de Rialachán (AE) 2018/1139, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:
‘A mhéid a bhaineann le torann agus le hastaíochtaí, comhlíonfaidh na haerárthaí sin agus a n-innill, a liáin, a bpáirteanna agus a dtrealamh neamhshuiteáilte na ceanglais maidir le cosaint an chomhshaoil atá i Leasú 14 ar Imleabhar I, i Leasú 11 ar Imleabhar II, agus i Leasú 2 ar Imleabhar III, de réir mar is infheidhme iad ar fad an 1 Eanáir 2024, d’Iarscríbhinn 16 a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago.’.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 28 Feabhra 2025.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 212, 22.8.2018, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1139/oj.
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2025/870/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)