|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/860 |
12.5.2025 |
CINNEADH (AE) 2025/860ÓN gCOMHAIRLE
an 14 Aibreán 2025
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh ag Comhdháil na bPáirtithe a ghabhann le Coinbhinsiún Rotterdam ar an nós imeachta um thoiliú feasach a chur in iúl roimh ré le haghaidh ceimiceáin ghuaiseacha agus lotnaidicídí áirithe sa trádáil idirnáisiúnta a mhéid a bhaineann le leasuithe áirithe ar an gCoinbhinsiún sin agus ar Iarscríbhinn III a ghabhann leis, agus ar na Rialacha Nós Imeachta le haghaidh Chomhdháil na bPáirtithe sa Choinbhinsiún
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 192(1) agus Airteagal 207(4), an chéad fhomhír, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Tháinig Coinbhinsiún Rotterdam maidir leis an nós imeachta um thoiliú feasach a chur in iúl roimh ré le haghaidh ceimiceáin ghuaiseacha agus lotnaidicídí áirithe sa trádáil idirnáisiúnta (1) (‘an Coinbhinsiún’) i bhfeidhm an 24 Feabhra 2004 agus thug an tAontas i gcrích é trí bhíthin Chinneadh 2006/730/CE ón gComhairle (2). |
|
(2) |
De bhun Airteagal 7 den Choinbhinsiún, tugtar de chumhacht do Chomhdháil na bPáirtithe sa Choinbhinsiún (‘Comhdháil na bPáirtithe’) cinntí a ghlacadh chun ceimiceáin a liostú in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an gCoinbhinsiún (‘Iarscríbhinn III’). |
|
(3) |
Ag a 12ú cruinniú, táthar ag súil go bhfuil Comhdháil na bPáirtithe le cinntí a ghlacadh maidir le tuilleadh ceimiceán in Iarscríbhinn III, eadhon, haicéiteaclór, carbasulfán, clóirpireafos, aispeist chrisitíle, feintión (foirmlíochtaí toirte ultra-ísle (ULV) ag 640 g de chomhábhar gníomhach/L nó os a chionn sin), iopróidhé-ón, foirmlíochtaí leachtacha (tiúchán ineiblithe agus tiúchán intuaslagtha) ina bhfuil déchlóiríd pharacuat ag 276 g/L nó os a chionn sin, atá comhfhreagrach le hian paracuat ag 200 g/L nó os a chionn sin, mearcair, bróimíd mheitile agus paracuat a liostú. |
|
(4) |
Chun freagracht chomhroinnte agus iarrachtaí comhair a chur chun cinn i measc na bPáirtithe sa Choinbhinsiún sa trádáil idirnáisiúnta i gceimiceáin ghuaiseacha áirithe, ionas go ndéantar sláinte an duine agus an comhshaol a chosaint ar aon díobháil a d’fhéadfadh a bheith ann agus chun rannchuidiú ionas go n-úsáidfear na ceimiceáin sin ar dhóigh a rachaidh chun fónaimh don chomhshaol, is gá tuilleadh ceimiceán a liostú in Iarscríbhinn III a bhfuarthas amach ina leith go gcomhlíonann siad na critéir ábhartha uile. Is iomchuí, dá bhrí sin, tacú le haicéiteaclór, carbasulfán, clóirpireafos, aispeist chrisitíle, feintión (foirmlíochtaí toirte ultra-ísle (ULV) ag 640 g de chomhábhar gníomhach/L nó os a chionn sin), iopróidhé-ón, foirmlíochtaí leachtacha (tiúchán ineiblithe agus tiúchán intuaslagtha) ina bhfuil déchlóiríd pharacuat ag 276 g/L nó os a chionn sin atá comhfhreagrach le hian paracuat ag 200 g/L nó os a chionn sin, mearcair, bróimíd mheitile agus paracuat a liostú in Iarscríbhinn III. |
|
(5) |
De bhun na Rialacha Nós Imeachta le haghaidh Chomhdháil na bPáirtithe, aon mhír ar an gclár oibre gnáthchruinnithe de Chomhdháil na bPáirtithe nár tugadh an breithniú uirthi chun críche le linn an chruinnithe, ba cheart í a áireamh go huathoibríoch ar chlár oibre sealadach an chéad ghnáthchruinnithe eile, mura gcinnfidh Comhdháil na bPáirtithe a mhalairt. Tá sé curtha in iúl ag Páirtí sa Choinbhinsiún go bhfuil sé d’aidhm aige na Rialacha Nós Imeachta le haghaidh Chomhdháil na bPáirtithe a athrú ionas nach ndéanfar an plé maidir le tuilleadh ceimiceán a liostú in Iarscríbhinn III nach bhfuil tugtha i gcrích ag cruinniú, a áireamh go huathoibríoch sa chlár oibre don chéad chruinniú eile de Chomhdháil na bPáirtithe. |
|
(6) |
Maidir leis an moladh ó roinnt Páirtithe sa Choinbhinsiún chun airteagal an Choinbhinsiúin i ndáil le cúnamh teicniúil a leasú, lena mbeartaítear an raon feidhme a leathnú trí aghaidh a thabhairt freisin ar chúnamh airgeadais, go háirithe cúnamh ó Chiste Iontaobhais Áise do Thimpeallacht na Cruinne agus cúnamh airgeadais ó na Páirtithe, agus é mar chuspóir tacaíocht a thabhairt, go háirithe, do thíortha i mbéal forbartha, is cosúil nach bhfuil gá leis, ós rud é gur cheart do na Páirtithe sa Choinbhinsiún uile an cur chuige comhtháite maidir le maoiniú a chur chun feidhme, tugann an Ciste Iontaobhais Áise do Thimpeallacht na Cruinne aghaidh cheana féin ar ghnéithe den Choinbhinsiún agus is féidir leis na Páirtithe ranníocaíochtaí a sholáthar cheana féin do chiste iontaobhais deonach an Choinbhinsiúin chun tacú le cúnamh teicniúil a thabhairt do Pháirtithe ar tíortha i mbéal forbartha iad. |
|
(7) |
Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag an 12ú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe a leagan síos, ós rud é go mbeidh na cinntí ceangailteach ar an Aontas nó go bhféadfaidís tionchar cinntitheach a imirt ar ábhar dhlí an Aontais, is é sin Rialachán (AE) 649/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Is é an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag an 12ú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe sa Choinbhinsiún Rotterdam ar an Nós Imeachta um thoiliú feasach a chur in iúl roimh ré le haghaidh ceimiceáin agus lotnaidicídí guaiseacha áirithe sa trádáil idirnáisiúnta (‘Comhdháil na bPáirtithe’) go dtacófar le glacadh na leasuithe ar Iarscríbhinn III a ghabhann leis an gCoinbhinsiún a mhéid a bhaineann le háireamh aicéiteaclóir, carbasulfáin, clóirpireafos, aispeiste crisitíle, feintióin (foirmlíochtaí toirte ultra-ísle (ULV) ag 640 g de chomhábhar gníomhach/L nó os a chionn sin), iopróidhé-óin, foirmlíochtaí leachtacha (tiúchán ineiblithe agus tiúchán intuaslagtha) ina bhfuil déchlóiríd pharacuat ag 276 g/L nó os a chionn sin, atá comhfhreagrach le hian paracuat ag 200 g/L nó os a chionn sin, mearcair, bróimíd mheitile agus paracuat.
Airteagal 2
Má bheartaíonn Páirtí sa Choinbhinsiún Riail 16 de na Rialacha Nós Imeachta le haghaidh Chomhdháil na bPáirtithe a leasú chun foráil a dhéanamh nach ndéanfar aon mhír ar an gclár oibre, ar mír í nach mbeidh an breithniú uirthi tugtha chun críche ag gnáthchruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe, a áireamh go huathoibríoch sa chlár oibre sealadach don chéad ghnáthchruinniú eile, mura gcinnfidh Comhdháil na bPáirtithe a mhalairt, is é an seasamh a bheidh le glacadh thar ceann an Aontais nach dtacófar le leasú den sórt sin.
Airteagal 3
Is é an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag an 12ú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe nach dtacófar leis an togra chun Airteagal 16 den Choinbhinsiún maidir le cúnamh teicniúil a leasú trí thagairt do Chiste Iontaobhais Áise do Thimpeallacht na Cruinne agus do thacaíocht airgeadais arna deonú ag na Páirtithe a chur leis.
Airteagal 4
Féadfaidh ionadaithe an Aontais, i gcomhairle leis na Ballstáit, na seasaimh dá dtagraítear in Airteagail 1, 2 agus 3 a mhionchoigeartú, i bhfianaise na bhforbairtí a rinneadh ag an 12ú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe, le linn cruinnithe maidir le comhordú ar an láthair gan cinneadh breise ón gComhairle.
Airteagal 5
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 14 Aibreán 2025.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
K. KALLAS
(1) IO L 63, 6.3.2003, lch. 27, ELI: http://data.europa.eu/eli/convention/2003/106/oj.
(2) Cinneadh 2006/730/CE ón gComhairle an 25 Meán Fómhair 2006 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh, Choinbhinsiún Rotterdam maidir leis an nós imeachta um thoiliú feasach a chur in iúl roimh ré le haghaidh ceimiceáin ghuaiseacha agus lotnaidicídí áirithe sa trádáil idirnáisiúnta (IO L 299, 28.10.2006, lch. 23, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2006/730/oj).
(3) Rialachán (AE) Uimh. 649/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le ceimiceáin ghuaiseacha a onnmhairiú agus a allmhairiú (IO L 201, 27.7.2012, lch. 60, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2012/649/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/860/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)